An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHOSAINT MHÁITHREACHAIS D'FHOSTAITHE, 1981) Ar Aghaidh (Cuid II Saoire Mháithreachais)

2 1981

AN tACHT UM CHOSAINT MHÁITHREACHAIS D'FHOSTAITHE, 1981

Cuid I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —Féadfar an tAcht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981 , a ghairm den Acht seo, agus tiocfaidh sé i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1981.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977 ;

tá le “saoire mháithreachais bhreise” an bhrí a shanntar dó le halt 14;

ciallaíonn “fostaí”, ach amháin i gCuid IV, duine atá i bhfostaíocht atá sonraithe de thuras na huaire i gCuid I nó faoi Chuid I (seachas mír 7) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , nach fostaíocht í atá sonraithe i gCuid II nó faoi Chuid II den Sceideal sin;

Ní fholaíonn “fostóir”, i ndáil le fostaí, fostóir a fhostaíonn an fostaí sin—

(a) ar buan-fhoras ar feadh tréimhse is 1ú ná 18 n-uaire an chloig gach seachtain, nó

(b) faoi chonradh fostaíochta, nó eile, ar feadh téarma shocraithe is 1ú ná 26 sheachtain nó ar 1ú ná 26 sheachtain an méid de atá le rith fós;

tá le “saoire mháithreachais” an bhrí a shanntar dó le halt 8;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

tá le “an comharba” an bhrí a shanntar dó le halt 20.

(2) San Acht seo aon tagairt do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Daoine lena mbaineann Codanna II agus III.

3. —(1) Baineann Codanna II agus III le banfhostaithe.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, arna dhéanamh le toiliú an Aire Leasa Shóisialaigh, fo-alt (1) a leasú chun feidhmiú Chuid II nó Chuid III a athrú.

Orduithe agus rialacháin.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, i ndáil le haon fhoráil de chuid an Achta seo a bhaineann le fógra (nó fógra a dhaingniú), aon fhoráil den sórt sin a athrú le hordú.

(2) Féadfaidh ordú faoin Acht seo cibé forálacha iarmhartacha, forlíontacha agus coimhdeacha a bheith ann, lena n-áirítear aon fhorálacha a mhodhnaíonn aon fhoráil den Acht seo, a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach nó oiriúnach.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin Acht seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(4) I gcás a mbeartófar ordú a dhéanamh faoin Acht seo leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.

(5) Sula ndéanfaidh an tAire ordú nó rialacháin faoin Acht seo rachaidh sé i gcomhairle le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine a fheidhmíonn ar son fostóirí agus le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine a fheidhmíonn ar son ceardchumann nó comhlachtaí ar comhchineál le ceardchumainn a mheasfaidh sé is cuí.

(6) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Forálacha áirithe i gcomhaontuithe ar neamhní nó modhnaithe.

5. —(1) Is foráil ar neamhní foráil in aon chomhaontú (cibé acu is conradh fostaíochta é nó nach ea, agus cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é), a mhéid a airbheartaíonn sí feidhm aon fhorála den Acht seo a eisiamh nó a theorannú, nó a mhéid atá sí ar neamhréir le haon fhoráil den Acht seo.

(2) Maidir le foráil in aon chomhaontú (cibé acu is conradh fostaíochta é nó nach ea, agus cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) ar foráil í is 1ú fabhar nó a thiocfaidh chun bheith ina foráil is lú fabhar i ndáil le fostaí lena mbaineann Cuid II nó Cuid III ná teideal den tsamhail chéanna nó teideal comhréire a thugtar di le ceachtar de na Codanna sin, measfar í a bheith modhnaithe ar shlí nach lú fabhar don fhostaí í.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a thoirmisceann aon chomhaontú dá dtagraítear san alt seo ó aon fhoráil a bheith ann is fabhraí d'fhostaí lena mbaineann Cuid II nó Cuid III ná aon fhoráil i gceachtar de na Codanna sin.

(4) Déanfar tagairtí san alt seo don Acht seo (seachas na tagairtí do thosach feidhme an Achta seo) nó do Chuid a fhorléiriú mar thagairtí don Acht seo nó don Chuid arna leasú nó arna leathnú leis an Acht seo nó faoi nó le haon Acht eile nó faoi.

Caiteachais.

6. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.