36 1980


Uimhir 36 de 1980


AN tACHT UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN, 1980.

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BORD (DÁ nGAIR-FEAR BORD SCANNÁN NA hÉIREANN) A BHUNÚ CHUN CABHRÚ AGUS NEARTÚ LE FORBAIRT TION-SCAIL SCANNÁN SA STÁT, DÁ CHUMASÚ DON BHORD INFHEISTÍOCHTAÍ, DEONTAIS, IASACHTAÍ AGUS RÁTHAÍOCHTAÍ IASACHTAÍ A SHOLÁTHAR CHUN SCANNÁIN A DHÉANAMH SA STÁT, DO SHAINIÚ A CHUMHACHTAÍ AGUS A FHEIDHMEANNA EILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [17 Nollaig, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Bord Scannán na hÉireann a bhunaítear le halt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “scannán” pictiúr reatha;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta.

(2) Tagairt san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn sí, i ndáil le cumhachtaí, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí sin.

An lá bunaithe.

2. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An Bord a bhunú.

3. —(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, ar an lá bunaithe, bord dá ngairfear Bord Scannán na hÉireann.

(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe.

Feidhmeanna ginearálta an Bhoird.

4. —(1) I dteannta aon fheidhmeanna sonracha a thugtar don Bhord leis an Acht seo agus gan dochar dóibh, cabhróidh agus neartóidh an Bord in aon slí is iomchuí leis le scannáin a dhéanamh sa Stát agus le tionscal a fhorbairt sa Stát chun scannáin a dhéanamh, agus féadfaidh sé gabháil d'aon ghníomhaíocht eile (lena n-áirítear cartlann náisiúnta scannán a bhunú) a gcumasaítear dó leis an Acht seo gabháil di.

(2) Beidh aird ag an mBord, a mhéid is iomchuí leis, ar a riachtanaí atá sé an tsaíocht náisiúnta a léiriú trí bhíthin scannáin a dhéanamh.

(3) Beidh ag an mBord na cumhachtaí go léir is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh nó a bhaineann lena gcomhlíonadh.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (3) den alt seo, beidh cumhacht ag an mBord páirt a ghlacadh i dtionscadail chomhoibritheacha idirnáisiúnta agus páirteachas iontu a spreagadh de réir aon fheidhme dá chuid faoin Acht seo agus, más iomchuí, comhaontuithe a dhéanamh le comhlachtaí dá samhail lasmuigh den Stát, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus, más iomchuí, faoi réir é do dhul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha.

Deontais don Bhord.

5. —Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt don Bhord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun a chumasú dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus a chaiteachais riaracháin agus a chaiteachais i gcoitinne a íoc.

Cúnamh ón mBord chun scannáin a dhéanamh sa Stát.

6. —(1) Féadfaidh an Bord infheistiú i scannán a dhéanfar ar fad nó go páirteach sa Stát, nó iasacht nó deontas a thabhairt chun costas scannán den sórt sin a dhéanamh a íoc go hiomlán nó go páirteach.

(2) Is faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an mBord, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha i ndáil le haon airgead a d'íoc an Bord a aisíoc leis agus an t-ús ar aon airgead den sórt sin a íoc, a dhéanfar infheistiú nó a thabharfar iasacht nó deontas faoin alt seo.

Ráthaíochtaí ón mBord maidir le scannáin a dhéanfar sa Stát.

7. —(1) Féadfaidh an Bord a ráthú go n-aisíocfar go cuí príomhshuim aon airgid a gheofar ar iasacht chun scannán a dhéanamh ar sa Stát a dhéanfar é ar fad nó go páirteach nó go n-aisíocfar an t-ús ar an airgead sin, nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús sin, agus féadfaidh sé, de réir a fheidhmeanna ginearálta a shonraítear in alt 4 den Acht seo, ráthaíochtaí airgeadais eile a sholáthar maidir le scannán den sort sin a dhéanamh.

(2) Beidh ráthaíocht faoin alt seo i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonrófar i scéim ghinearálta a rialaíonn ráthaíochtaí den sórt sin a thabhairt a bheidh ceadaithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Íocfar as deontais a thabharfar don Bhord faoi alt 5 den Acht seo an t-airgead a theastóidh ón mBord faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha ag an mBord faoi ráthaíocht.

Deontais ón mBord le haghaidh oiliúna agus gníomhaíochtaí eile.

8. —(1) Féadfaidh an Bord deontais a thabhairt, faoi réir cibé téarmaí is cuí leis, a úsáidfear chun an costas a íoc go hiomlán nó go páirteach a thabhófar chun oiliúint a sholáthar do dhaoine i ngach gné de dhéanamh scannán.

(2) Féadfaidh an Bord airgead a sholáthar, faoi réir cibé téarmaí is cuí leis, le haghaidh gníomhaíochtaí ginearálta de réir a fheidhmeanna ginearálta a shonraítear in alt 4 den Acht seo.

Sárú ar théarma nó ar choinníoll maidir le hinfheistiú, iasacht, deontas nó ráthaíocht.

9. —I gcás téarma nó coinníoll ar faoina réir a rinne nó a thug an Bord infheistiú, deontas, iasacht nó ráthaíocht faoin Acht seo a shárú ag an duine ar dó nó thar a cheann a rinneadh nó a tugadh an t-infheistiú, an deontas, an iasacht nó an ráthaíocht, measfar, maidir le haon mhéid a bheidh dlite don Bhord i ndáil leis an infheistiú, an deontas, an iasacht nó an ráthaíocht (mar aon leis an ús is iníoctha ar an gcéanna), má iarrann an Bord go n-aisíocfar an méid go léir nó cuid de, gur fiach é, go feadh na hiarrata, is iníoctha láithreach leis an mBord, agus féadfaidh an Bord, go feadh an méid sin, é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Méid uasta na n-infheistíochtaí, na n-iasachtaí, na ndeontas, etc. ón mBord.

10. —Ní mó ná £4,100,000 comhiomlán aon infheistíochtaí, iasachtaí, deontas nó airgid a sholáthróidh an Bord faoi ailt 6 agus 8 den Acht seo, i dteannta chomhiomlán na príomhshuime agus an úis a dhlífidh an Bord aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta faoi alt 7 den Acht seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, i dteannta méid na príomhshuime agus an úis (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an mBord ar scór aon ráthaíocthaí agus nach mbeidh aisíoctha leis an mBord.

An Bord d'fháil airgid ar iasacht go sealadach.

11. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil uaidh le soláthar a dhéanamh do chaiteachas reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí nó ar shlí eile.

Comhaltaí an Bhoird.

12. —(1) Ceapfaidh an tAire comhaltaí an Bhoird, le toiliú an Aire Airgeadais, go ceann cibé tréimhse nach faide ná ceithre bliana a chinnfidh an tAire agus ní mó ná seachtar an líon comhaltaí a bheidh ann.

(2) Féadfar comhalta den Bhord a athcheapadh ar a thréimhse do dhul in éag le himeacht aimsire.

(3) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig trí litir a sheolfar chun an Aire, agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht, mura dtarraingeofar siar roimhe sin é i scríbhinn, nuair a thosóidh an cruinniú den Bhord is túisce a thionólfar tar éis don Aire an t-éirí-as a chur in iúl don Bhord.

(4) Íocfar le comhalta den Bhord, as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé luach saothair agus liúntais le haghaidh caiteachas a chinnfidh an tAire le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(5) Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má thugann cúirt dlínse inniúla breith air.

(6) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le toiliú an Aire Airgeadais, comhalta den Bhord a chur as oifig.

Cathaoirleach an Bhoird.

13. —(1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham de réir mar a theastóidh, le toiliú an Aire Airgeadais, comhalta den Bhord a cheapadh ina chathaoirleach ar an mBord.

(2) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí litir a sheolfar chun an Aire, agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht, mura dtarraingeofar siar roimhe sin é i scríbhinn, nuair a thosóidh an cruinniú den Bhord is túisce a thionólfar tar éis don Aire an t-éirí-as a chur in iúl don Bhord.

(3) Má scoireann cathaoirleach an Bhoird de bheith ina chomhalta den Bhord le linn a théarma oifige mar chathaoirleach, scoirfidh sé freisin de bheith ina chathaoirleach ar an mBord.

Séala an Bhoird.

14. —(1) Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

(2) Déanfar séala an Bhoird, nuair a chuirfear le doiciméad é, a fhianú le síniú beirt chomhalta den Bhord nó le síniú comhalta den Bhord agus síniú oifigigh nó seirbhísigh don Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) an Bhoird agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

15. —(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(2) Tionólfar an chéad chruinniú den Bhord a luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe.

(3) Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh cathaoirleach an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Cinnfear gach ceist ag cruinniú den Bhord le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(5) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

(6) Faoi réir an Achta seo, rialóidh an Bord a nós imeachta le rialacha nó ar shlí eile.

(7) Triúr is córam do chruinniú den Bhord mura n-ordóidh an tAire a mhalairt.

Coistí de chuid an Bhoird.

16. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham coistí a bhunú chun comhairle a chur air i ndáil lena fheidhmeanna a chomhlíonadh agus chun aon fheidhm de chuid an Bhoird a fheidhmiú is fearr agus is caothúla a d'fhéadfaí, i dtuairim an Bhoird, a fheidhmiú ag coiste agus a shannfaidh an Bord do choiste.

(2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith, más oiriúnach leis an mBord, ina gcomhaltaí de choiste a bhunófar faoin alt seo.

(3) Beidh ceapadh duine chun gníomhú mar chomhalta de choiste a bhunófar faoin alt seo faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le téarma agus seilbh oifige an chomhalta) is oiriúnach leis an mBord a fhorchur le linn é a cheapadh.

(4) Féadfaidh an Bord comhalta de choiste a bhunófar faoin alt seo a chur as oifig tráth ar bith.

(5) Féadfaidh an Bord tráth ar bith coiste a ceapadh faoin alt seo a dhíscaoileadh.

(6) Beidh gníomhartha choiste a bhunófar faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an mBord mura ndéanfaidh an Bord an riachtanas le daingniú a ligean thar ceal.

(7) Féadfaidh an Bord nós imeachta coistí a bhunófar faoin alt seo a rialáil, ach, faoi réir aon rialála den sort sin, feadfaidh coistí a bhunófar faoin alt seo a nós imeachta fein a rialáil.

Comhalta den Bhord nó de choiste do nochtadh leasa.

17. —(1) Comhalta den Bhord a ndéanfar difear, go díreach nó go neamhdhíreach, dá leasanna le cinneadh ón mBord i ndáil le haon ní a bheidh faoi bhráid an Bhoird, nochtfaidh sé don Bhord, sula bpléifidh an Bord an ní sin, go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é agus déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an Bhoird.

(2) Comhalta de choiste arna bhunú ag an mBord a ndéanfar difear, go díreach nó go neamhdhíreach, dá leasanna le cinneadh ón gcoiste i ndáil le haon ní a bheidh faoi bhráid an choiste, nochtfaidh sé don choiste, sula bpléifidh an coiste an ní sin, go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é agus déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an choiste.

Gan eolas a nochtadh.

18. —Ní dhéanfaidh comhalta den Bhord ná oifigeach nó seirbhíseach don Bhord ná comhalta de choiste arna bhunú ag an mBord aon eolas a fuair sé agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna a nochtadh ach amháin a mhéid is gá chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh.

Daoine údaraithe do dhéanamh conarthaí thar ceann an Bhoird.

19. —Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa aonair a dhéanfadh nó a d'fhorghníomhódh é féadfaidh aon duine é a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Bhoird a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an mBord chuige sin.

Cuntais agus iniúchadh.

20. —(1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an Bord nó a chaithfidh sé, agus, go háirithe, coimeádfaidh sé san fhoirm sin na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham leis an toiliú sin.

(2) Déanfaidh an Bord cuntais a choimeádfar faoin alt seo a chur gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh cibé tráth a ordóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, agus beidh siad ina n-ábhar do thuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

(3) A luaithe is féidir tar éis cuntais an Bhoird a iniúchadh faoin alt seo déanfar na cuntais arna n-iniúchadh amhlaidh agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire, agus cuirfidh seisean faoi deara cóip de na cuntais arna n-iniúchadh amhlaidh agus den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil agus eolas don Aire.

21. —(1) Tabharfaidh an Bord, gach bliain, cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil ar imeachtaí an Bhoird i gcaitheamh an dá mhí dhéag roimhe sin dar críoch an dáta sin, agus déanfaidh an Bord, laistigh de 90 lá tar éis an dáta sin nó laistigh de cibé tréimshe is faide ná sin a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, an tuarascáil a thabhairt don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé eolas a iarrfaidh sé ó am go ham.

Cumhacht chun sainchomhairleoirí agus comhairleoirí a fhruiliú.

22. —Féadfaidh an Bord cibé sainchomhairleoirí agus comhairleoirí a fhruiliú a mheasfaidh sé is cuí chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo.

Deonacháin.

23. —(1) Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an duine a thabharfaidh an bronntanas.

(2) Ní ghlacfaidh an Bord aon bhronntanas má bhíonn na coinníollacha a chuirfidh an deontóir ag gabháil lena ghlacadh ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.

(3) Féadfaidh an Bord aon chistí dá chuid ar bronntanas iad nó arb iad na fáltais iad ó aon bhronntanas a tugadh dó a infheistiú, faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha a bheidh ag gabháil leis an mbronntanas, in aon slí ina dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

Infheistiú ag an mBord.

24. —Féadfaidh an Bord aon chuid dá chistí (seachas na cistí dá dtagraítear in alt 23 den Acht seo) a infheistiú in aon slí ina dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

Brabúis etc. a dhiúscairt ag an mBord.

25. —Déanfar aon bhrabúis nó airgead eile a gheobhaidh an Bord i bhfeidhmiú a chumhachtaí a dhiúscairt i cibé slí (lena n-áirítear a bhfeidhmiú chun sochair an Státchiste) a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Talamh a fháil agus a dhiúscairt agus oifigí a sholáthar.

26. —Féadfaidh an Bord chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh—

(a) aon talamh nó aon éasúint cead slí nó ceart eile i leith talún a fháil trí chomhaontú,

(b) aon talamh atá dílsithe dó agus nach bhfuil ag teastáil uaidh níos mó a dhiúscairt, agus

(c) oifigí nó áitreabh eile a sholáthar, a threalmhú agus a chothabháil.

Oifigigh agus seirbhísigh.

27. —(1) Ceapfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine le bheith mar oifigigh agus mar sheirbhísigh don Bhord is cuí leis an mBord ó am go ham.

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham.

(3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais is oiriúnach leis an mBord agus sin, i gcás a phríomh-oifigigh (cibé acu is príomh-oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin) faoi réir thoiliú an Aire arna thabhairt le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur ó bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach dó.

Aoisliúntais d'oifigigh agus do sheirbhísigh an Bhoird.

28. —(1) Ullmhóidh an Bord agus cuirfidh faoi bhráid an Aire scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha le pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé oifigigh nó seirbhísigh lánaimsire de chuid an Bhoird is cuí leis an mBord, nó a dheonú ina leith, ar scor nó ar bhás dóibh.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith ar scor dóibh faoin scéim agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire do leasú scéim a cuireadh faoina bhráid agus a ceadaíodh roimhe sin faoin alt seo.

(4) Déanfaidh an Bord scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéim faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun Aire na Seirbhíse Poiblí í, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadhsan.

(6) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh faoin scéim.

(7) Ní dheonófar aon phinsean, aisce ná liúntas eile d'oifigigh nó do sheirbhísigh an Bhoird ná ní dhéanfar aon chomhshocraíocht eile chun pinsean, aisce nó liúntas eile a chur ar fáil do na daoine sin ar scor dóibh d'oifig a shealbhú, ach amháin de réir scéim nó scéimeanna a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo.

Comhaltas cheachtar Tí den Oireachtas.

29. —(1) I gcás a ndéanfar comhalta den Bhord a ainmniú mar iarrthóir lena thogadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann scoirfidh sé ar é a ainmniú de bheith ina chomhalta den Bhord.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin bheidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

(3) I gcás a ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht an Bhoird agus ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin;

(b) i gcás é a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir is iomchuí.

(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin bheidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.

(5) I gcás duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, beidh sé, fad a bheidh sé ina chomhalta amhlaidh nó fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun tréimhse an chomhaltais nó tréimhse an teidil a áireamh le haghaidh aon sochair aoisliúntas is iníoctha faoi scéim nó scéimeanna a rinneadh de réir alt 28 den Acht seo.

Comhaltas Thionó na gComhphobal Eorpach.

30. —(1) I gcás a ndéanfar comhalta den Bhord a ainmniú mar iarrthóir lena thoghadh chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó a cheapadh chun bheith ina chomhalta de, scoirfidh sé ar é a ainmniú nó ar é a cheapadh amhlaidh, de réir mar is iomchuí, de bheith ina chomhalta den Bhord.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire ina chomhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

(3) I gcás a ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a ainmniú mar iarrthóir lena thoghadh chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó a cheapadh chun bheith ina chomhalta de, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht an Bhoird agus ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás é a ainmniú mar iarrthóir lena thoghadh chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Tionól sin nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí;

(b) i gcás a ndéanfar é a cheapadh chun bheith ina chomhalta den Tionól sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a cheaptha agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den sórt sin.

(4) Duine a bheidh de thuras na huaire ina chomhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.

(5) I gcás duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord a theacht chun bheith ina chomhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé ina chomhalta amhlaidh, dícháilithe chun tréimhse an chomhaltais a áireamh le haghaidh sochair aoisliúntais is iníoctha faoi scéim nó scéimeanna a rinneadh de réir alt 28 den Acht seo.

Treoracha ón Aire don Bhord.

31. —Féadfaidh an tAire cibé treoracha ginearálta is cuí leis a thabhairt ó am go ham don Bhord maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird agus comhlíonfaidh an Bord na treoracha.

(2) Ní bheidh baint ag treoir faoin alt seo le haon ghné ealaíonta de scannán.

Oifigigh nó seirbhísigh don Bhord do chomhlíonadh feidhmeanna an Bhoird.

32. —Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid a chomhlíonadh trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an mBord.

Díolúine ó dhleacht stampa.

33. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon tíolacas, aistriú nó ionstraim eile a fhorghníomhófar chun maoin nó aon leas i maoin a dhílsiú don Bhord.

Caiteachais.

34. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

35. —Féadfar an tAcht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 , a ghairm den Acht seo.