|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 35 de 1980 | ||
[EN] |
AN tACHT GÁIS (LEASÚ), 1980 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA GÁIS, 1976 . [16 Nollaig, 1980] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||
[EN] |
Leasú ar alt 23 den Acht Gáis, 1976 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 23 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe an Bhoird iasachtaí a fháil) den Acht Gáis, 1976 , trí “£30,000,000” a chur in ionad “£25,000,000” i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||
| ||||||
[EN] |
Leasú ar alt 25 den Acht Gáis, 1976 . |
2. —Leasaítear leis seo alt 25 (a bhaineann le ráthaíochtaí i ndáil leis an mBord d'fháil iasachtaí) den Acht Gáis, 1976 , trí “£30,000,000” a chur in ionad “£25,000,000” i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||
| ||||||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht Gáis (Leasú), 1980 , a ghairm den Acht seo. | ||||
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht Gáis, 1976 , agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Gáis, 1976 agus 1980, a ghairm díobh le chéile. | |||||
|