An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Léasanna Frithdhílse)

10 1980

AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1980

CUID II

Ceart chun Tionóntachta nua.

Feidhm Chuid II.

[Nua. cf. 1931, a. 19]

13. —(1) Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le tionóntán tráth ar bith más rud é—

(a) go raibh an tionóntán, ar feadh iomlán na tréimhse trí bliana dar chríoch an tráth sin, á áitiú go leanúnach ag an duine arbh é an tionónta é díreach roimh an tráth sin nó ag a réamhtheachtaithe i dteideal agus á úsáid bona fide go hiomlán nó go páirteach chun gnó a sheoladh, nó

(b) go raibh an tionóntán, ar feadh iomlán na tréimhse fiche bliain dar chríoch an tráth sin, á áitiú go leanúnach ag an duine arbh é an tionónta é díreach roimh an tráth sin nó ag a réamhtheachtaithe i dteideal, nó

(c) go mbeidh feabhsúcháin déanta ar an tionóntán agus go mbeadh an tionónta, mura mbeadh feidhm ag an gCuid seo maidir leis an tionóntán, i dteideal cúiteamh a fháil as na feabhsúcháin sin faoi Chuid IV agus nach 1ú ná leath de luach ligin an tionóntáin an tráth sin an méid is inchurtha i leith na bhfeabhsúchán sin.

(2) Chun críche fho-alt (1) (a) déanfar neamhshuim de bhearna shealadach in úsáid an tionóntáin má mheasann an Chúirt gur réasúnach neamhshuim a dhéanamh de.

Cuid II do bhaint le háitreabh gnó a dírialaíodh leis an Acht Srianta Cíosa, 1960 .

[1960, a.54 i bpt.]

14. —(1) Baineann an Chuid seo freisin le háitreabh arbh éard é, díreach roimh thosach feidhme an Achta Srianta Cíosa, 1960 , áitreabh gnó rialaithe faoin Acht Srianta Cíosa, 1946 , nárbh éard a ligean—

(a) ligean a rinneadh agus a deir é a bheith déanta mar shaoráid shealadach don tiarna talún nó don tionónta agus (más tar éis Acht 1931 a rith a rinneadh é) a insíonn cad é an cineál saoráide sealadaí é, nó

(b) ligean a rinneadh in aghaidh na tréimhse a leanfadh an tionónta in aon oifig, fostaíocht nó ceapachán nó ligean a bhraitheann ar an tionónta sin do leanúint amhlaidh.

(2) I gcás an t-áitreabh a bheith, díreach roimh thosach feidhme an Achta Srianta Cíosa, 1960 , ar teachtadh faoi thionóntacht reachtúil, ansin, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, measfar an t-áitreabh a bheith ar teachtadh ag an tionónta faoin tionóntacht sin ón tiarna talún faoi thionóntacht ar aon téarmaí agus ar aon choinníollacha leis an tionóntacht reachtúil ach amháin go bhféadfaidh an tiarna talún, trí fhógra fágála trí mhí ar a laghad (a rachaidh in éag aon lá a shonrófar chuige sin san fhógra) a sheirbheálfar ar an tionónta, an tionóntacht a fhoirceannadh.

Cuid II do bhaint le teaghaisí a dírialaíodh leis an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 .

[ 1967, Uimh. 10 , a. 13 i bpt.]

15. —(1) Baineann an Chuid seo freisin le teaghais is teach nó árasán glanscartha ar leithligh arbh éard í díreach roimh an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 , a rith teaghais rialaithe ar mó a luacháil inrátaithe—

(a) más i gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire di, ná £40 (más teach í) nó £30 (más árasán í), agus

(b) in aon chás eile, ná £30 (más teach í) nó £20 (más árasán í) , agus nárbh éard a ligean—

(i) ligean a rinneadh agus a deir é a bheith déanta mar shaoráid shealadach don tiarna talún nó don tionónta agus (más tar éis dáta Acht 1931 a rith a rinneadh é) a insíonn cad é an cineál saoráide sealadaí é, nó

(ii) ligean a rinneadh in aghaidh na tréimhse a leanfadh an tionónta in aon oifig, fostaíocht nó ceapachán nó ligean a bhraitheann ar an tionónta sin do leanúint amhlaidh.

(2) Baineann an Chuid seo freisin le teaghais, is teach ar mó ná £10 a luacháil inrátaithe, ar teach é a bhfuil fear nó bean neamhphósta os cionn 21 bliain agus faoi bhun 65 bliana d'aois tar éis teacht chun bheith ina thionónta uirthi tar éis an tAcht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 , a rith agus ar theaghais rialaithe í díreach sular tháinig sé nó sí chun bheith ina thionónta uirthi.

(3) I gcás teaghais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith, díreach roimh an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 , a rith, ar teachtadh faoi thionóntacht reachtúil, measfar, ó dháta an Achta sin a rith, an teaghais a bheith ar teachtadh ag an tionónta faoin tionóntacht sin ón tiarna talún faoi thionóntacht ar aon téarmaí agus ar aon choinníollacha leis an tionóntacht reachtúil ach amháin go bhféadfaidh an tiarna talún, trí fhógra fágála trí mhí ar a laghad (a rachaidh in éag aon lá a shonrófar chuige sin san fhógra) a sheirbheálfar ar an tionónta, an tionóntacht a fhoirceannadh.

(4) I gcás teaghais dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a bheith, díreach roimh an am a tháinig an duine dá dtagraítear san fho-alt sin chun bheith ina thionónta ar an teaghais sin, ar teachtadh faoi thionóntacht reachtúil, measfar, ón am sin, an teaghais a bheith ar teachtadh ag an duine sin ón tiarna talún faoi thionóntacht ar aon téarmaí agus ar aon choinníollacha leis an tionóntacht reachtúil ach amháin go bhféadfaidh an tiarna talún, trí fhógra fágála trí mhí ar a laghad (a rachaidh in éag aon lá a shonrófar chuige sin san fhógra) a sheirbheálfar ar an tionónta, an tionóntacht a fhoirceannadh.

(5) (a) An fheidhm a thugtar de bhua an ailt seo don Chuid seo maidir le teaghais scoirfidh sí ar an tiarna talún a theacht i seilbh na teaghaise.

(b) I mír (a) ciallaíonn “seilbh” seilbh iarbhír, agus ní mheasfar tiarna talún a theacht i seilbh de bhíthin amháin athrú tionóntachta a rinneadh lena thoiliú.

Ceart ag tionónta chun tionóntachta nua.

[1931, a. 20]

16. —Faoi réir fhorálacha an Achta seo, i gcás ina mbaineann an Chuid seo le tionóntán, beidh teideal ag an tionónta chun tionóntachta nua sa tionóntán a thosóidh ar fhoirceannadh na tionóntachta a bhí aige roimhe sin agus is ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar idir an tionónta agus an duine nó na daoine a dheonóidh an tionóntacht nua nó a bheidh uamtha ina deonú nó, mura gcomhaontófar amhlaidh, ar cibé téarmaí a shocróidh an Chúirt, a bheidh an tionóntacht nua.

Srianta leis an gceart chun tionóntachta nua.

[Nua i bpt. cf. 1931, aa. 21, 22 i bpt.; 1963, a. 79(2)]

17. —(1) (a) Ní bheidh teideal ag tionónta chun tionóntachta nua faoin gCuid seo más rud é—

(i) go ndearnadh an tionóntacht a fhoirceannadh mar gheall ar neamhíoc cíosa, cibé acu a leagadh amach na himeachtaí mar eisiachtain i leith neamhíoc cíosa, mar eisiachtain i leith rósheilbhe nó mar eisiachtain ar an teideal bunaithe ar fhorghéilleadh, nó

(ii) go ndearnadh an tionóntacht a fhoirceannadh trí eisiachtain, trí fhógra fágála nó ar shlí eile mar gheall ar gur sháraigh an tionónta ceann de chúnaint na tionóntachta, nó

(iii) go ndearna an tionónta an tionóntacht a fhoirceannadh trí fhógra géillte nó ar shlí eile, nó

(iv) go ndearnadh an tionóntacht a fhoirceannadh trí fhógra fágála ón tiarna talún ar chúis leormhaith, nó

(v) gur fhoirceann an tionóntacht ar shlí seachas trí fhógra fágála agus gur dhiúltaigh an tiarna talún í a athnuachan ar chúis leormhaith nó go mbeadh cúis leormhaith aige diúltú í a athnuachan dá n-iarrfaí air sin a dhéanamh.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “cúis leormhaith” cúis a eascraíonn as gníomh nó iompar éigin ar thaobh an tionónta nó a tharlaíonn dá dhroim sin nó is inchurtha ina leith agus arb é tuairim na Cúirte, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, gur cúis leormhaith í chun an tionóntacht a fhoirceannadh nó diúltú í a athnuachan (cibé acu é).

(2) (a) Ní bheidh tionónta i dteideal tionóntachta nua faoin gCuid seo más dóigh leis an gCúirt—

(i) go bhfuil ar intinn ag an tiarna talún nó go bhfuil comhaontaithe aige na foirgnimh nó aon chuid de na foirgnimh atá ar áireamh sa tionóntán a leagan agus a atógáil nó a athfhoirgniú agus go bhfuil cead pleanála aige le haghaidh na hoibre, nó

(ii) go bhfuil seilbh ghlan ag teastáil ón tiarna talún chun scéim forbartha maoine, ar cuid di an tionóntán, a chur i gcrích agus go bhfuil cead pleanála aige le haghaidh na scéime, nó

(iii) gurb amhlaidh, agus an tiarna talún ina údarás pleanála, gurb é áit a bhfuil an tionóntán nó aon chuid de i limistéar a dtaispeánann an plean forbartha ina leith cuspóirí chun é a fhorbairt nó a athnuachan mar limistéar a dtarlaíonn dó a bheith ina limistéar neamhfhóinteach, nó

(iv) gurb amhlaidh, agus an tiarna talún ina údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , go mbeidh seilbh ag teastáil uaidh, faoi cheann tréimhse cúig bliana ón tionóntacht láithreach foirceannadh, chun aon chríche dá bhfuil an t-údarás áitiúil i dteideal maoin a fháil go héigeantach, nó

(v) ar chúis ar bith nach mbeadh bunú tionóntachta nua ag cur le dea-bhainistí eastáit.

(b) I gcás teaghaisí agus áitribh ghnó áirithe lena mbaineann an fo-alt seo tá an tionónta i dteideal cúiteamh i ndíshocraíocht a fháil faoi Chuid IV.

(3) Más deimhin leis an gCúirt—

(a) go mbeadh tionónta i dteideal tionóntachta nua murach fomhír (i), (ii), (iii), nó (iv) d'fho-alt (2) (a), agus

(b) nach mbeidh seilbh ag teastáil ón tiarna talún chun na gcríocha a luaitear san fhomhír iomchuí go mbeidh tréimhse sé mhí ar a laghad caite,

féadfaidh an Chúirt, má iarrann an tionónta é, an tionóntacht láithreach a bhuanú go dtí go bhfoirceannfaidh an tiarna talún í chun na gcríocha sin trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil sé mhí roimh ré, ach sin ar an gcoinníoll go mbeidh buanú na tionóntachta gan dochar do cheart an tionónta chun faoisimh faoin Acht seo ar an tionóntacht bhuanaithe foirceannadh.

(4) Más rud é, i gcás inar diúltaíodh d'iarratas ar thionóntacht nua ar fhoras a luaitear i bhfomhír (i) nó (ii) d'fho-alt (2) (a), gur dóigh leis an gCúirt nach bhfuil an tiarna talún, laistigh de thráth réasúnta, tar éis beart a dhéanamh de réir na hintinne, an chomhaontaithe nó na críche, cibé acu é, ar ar diúltaíodh don iarratas sin, féadfaidh an Chúirt a ordú don tiarna talún cibé suim is cuí léi a íoc leis an tionónta mar dhamáistí pionósacha.

Forálacha a bhaineann le tionóntacht nua a dhámhachtain.

[1931, a.27 i bpt.]

18. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina mbreithneoidh an Chúirt, ar iarratas ar thionóntacht nua faoin gCuid seo, go bhfuil an tionónta i dteideal tionóntachta nua.

(2) Socróidh an Chúirt téarmaí na tionóntachta nua agus déanfaidh sí ordú á cheangal ar an tiarna talún agus ar aon uastiarna talún is gá a uamadh tionóntacht nua a dheonú nó uamadh ina deonú agus á cheangal ar an tionónta glacadh leis an tionóntacht nua dá réir sin.

(3) Deonóidh an duine nó na daoine sin conradh tionóntachta nua i scríbhinn i leith an tionóntáin nó uamfaidh sé nó siad ina dheonú agus glacfaidh an tionónta leis ar na téarmaí a shonrófar san ordú, ag tosú le foirceannadh na tionóntachta a bhí ann.

(4) Ní bheidh an tionónta i dteideal cúitimh i leith foirceannadh na tionóntachta a bhí aige.

(5) Má tharlaíonn díospóid, faillí nó ceist ar bith i gcomhlíonadh an ordaithe féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann, cibé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais.

Forálacha i gcás nach mbeidh tionónta i dteideal tionóntachta nua.

[1931, a.27 i bpt.]

19. —Má bhreithníonn an Chúirt, de dhroim iarratais ar thionóntacht nua faoin gCuid seo, nach bhfuil an tionónta i dteideal tionóntachta nua—

(a) i gcás go mbeidh éileamh mar mhalairt ar chúiteamh san fhógra go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh, déanfaidh an Chúirt an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh agus socróidh sí méid aon chúitimh.

(b) i gcás nach mbeidh éileamh mar mhalairt ar chúiteamh san fhógra go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón tionónta, más cuí leis an gCúirt sin a dhéanamh ag féachaint d'imthosca uile an cháis, an fógra a leasú i cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt trí éileamh mar mhalairt ar chúiteamh a chur isteach ann agus leis sin déileáil leis an éileamh sin de réir mhír (a).

Fógra go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh.

[Nua i bpt. cf. 1931, a.24; 1960, a.54 (2)(iv), (vi); 1967, Uimh. 10 , a. 13 (3)(iii), (vi)]

20. —(1) Ní shaothrófar éileamh ar thionóntacht nua faoin gCuid seo mura seirbheálfaidh an t-éilitheoir, laistigh den teorainn ama atá leagtha amach i bhfo-alt (2), ar gach duine a bhfuiltear leis an éileamh a dhéanamh ina choinne, fógra san fhoirm fhorordaithe go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh.

(2) Féadfar fógra go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh a sheirbheáil—

(a) i gcás tionóntacht foirceannadh trí théarma blianta nó trí thréimhse cinnte eile a bheith caite nó trí aon teagmhas cinnte eile—

(i) roimh fhoirceannadh na tionóntachta, nó

(ii) tráth ar bith dá éis sin ach sula mbeidh trí mhí caite tar éis don tiarna talún fógra san fhoirm fhorordaithe i dtaobh an téarma nó an tréimhse a bheith caite nó i dtaobh an teagmhas a bheith tar éis tarlú a sheirbheáil (tráth nach luaithe ná trí mhí roimh fhoirceannadh na tionóntachta) ar an éilitheoir;

(b) i gcás tionóntacht foirceannadh trí thitim saoil nó trí aon teagmhas neamhchinnte eile—tráth ar bith ach sula mbeidh trí mhí caite tar éis don tiarna talún fógra san fhoirm fhorordaithe go bhfuil an teagmhas tar éis tarlú a sheirbheáil ar an éilitheoir;

(c) i gcás tionóntacht is infhoirceanta trí fhógra fágála—tráth ar bith ach sula mbeidh trí mhí (nó, i gcás áitribh lena mbaineann alt 14 nó 15, sé mhí) caite tar éis an fógra a sheirbheáil;

(d) i gcás tionóntacht lena mbaineann alt 29—laistigh de shé mhí tar éis thosach feidhme an Achta seo.

(3) Féadfaidh éileamh mar mhalairt ar chúiteamh a bheith san fhógra.

Iarratas ar fhaoiseamh.

[Nua. cf. 1931, a. 25]

21. —(1) Aon duine a sheirbheálfaidh fógra go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh féadfaidh sé, tráth ar bith nach luaithe ná mí dá éis sin, a iarraidh ar an gCúirt cinneadh a dhéanamh maidir lena cheart chun faoisimh agus (de réir mar a bheidh) méid an chúitimh nó téarmaí na tionóntachta nua a mbreithneofar teideal a bheith aige chuici a shocrú.

(2) Mura ndéanfaidh sé amhlaidh laistigh de thrí mhí tar éis an fógra a sheirbheáil, féadfaidh aon duine ar ar seirbheáladh an fógra a iarraidh ar an gCúirt cinneadh a dhéanamh maidir leis na hábhair lena mbaineann an fógra.

(3) Féadfar iarratas faoin alt seo a dhéanamh, a éisteacht agus a chinneadh roimh fhoirceannadh na tionóntachta agus ina oirchill nó dá éis.

An tiarna talún do thairiscint tionóntacht nua in ionad cúitimh.

[1931, a. 28]

22. —(1) I gcás ina seirbheálfaidh an tionónta fógra ar an tiarna talún go bhfuiltear chun cúiteamh a éileamh faoi Chuid IV i leith feabhsúchán, féadfaidh an tiarna talún, aon uastiarna talún nó aon bheirt nó níos mó ná beirt díobh sin, fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil laistigh de dhá mhí ar an tionónta ag tairiscint tionóntacht nua dó sa tionóntán ar théarmaí a shonrófar san fhógra nó ar théarmaí a shocróidh an Chúirt.

(2) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) ag tairiscint tionóntacht nua don tionónta ar théarmaí a shonrófar san fhógra—

(a) féadfaidh an tionónta, laistigh de mhí, fógra san fhoirm fhorordaithe ag glacadh leis an tionóntacht nua a sheirbheáil ar an duine nó ar na daoine a sheirbheáil an fógra;

(b) sa chás sin, déanfaidh an duine nó na daoine sin conradh nua tionóntachta i scríbhinn i leith an tionóntáin a dheonú láithreach ar na téarmaí a bheidh sonraithe san fhógra a sheirbheáladh ar an tionónta, ag tosú le foirceannadh na tionóntachta a bhí ann agus glacfaidh an tionónta leis an gconradh sin láithreach;

[Nua i bpt.]

(c) féadfaidh an tionónta, ina ionad sin, fógra ag diúltú don tionóntacht nua a sheirbheáil ar an duine nó ar na daoine sin laistigh de mhí;

(d) sa chás sin féadfaidh an tionónta dul ar aghaidh lena iarratas ar fhaoiseamh i modh cúitimh i leith feabhsúchán, ach—

(i) ar an iarratas a éisteacht féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi go bhfuil an tionónta i dteideal an fhaoisimh sin, in ionad an faoiseamh sin a dhámhachtain, ordú a dhéanamh á cheangal ar an duine riachtanach nó ar na daoine riachtanacha tionóntacht nua sa tionóntán a dheonú agus á cheangal ar an tionónta glacadh léi ar cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt (faoi réir fhorálacha an Achta seo) agus a shonróidh sí san ordú, agus

(ii) ar an ordú sin a dhéanamh déanfaidh an duine riachtanach nó na daoine riachtanacha conradh tionóntachta i scríbhinn i leith an tionóntáin a dheonú láithreach ar na téarmaí a shonrófar san ordú agus glacfaidh an tionónta leis an gconradh láithreach.

(3) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) ag tairiscint tionóntacht nua ar théarmaí a bheidh le socrú ag an gCúirt—

(a) féadfaidh an duine nó na daoine a sheirbheáil an fógra nó féadfaidh an tionónta a iarraidh ar an gCúirt ordú a dhéanamh ag socrú téarmaí na tionóntachta nua,

(b) ar an ordú sin a dhéanamh, déanfaidh an duine riachtanach nó na daoine riachtanacha conradh tionóntachta i scríbhinn i leith an tionóntáin a dheonú láithreach ar na téarmaí a shonrófar san ordú, agus glacfaidh an tionónta leis an gconradh láithreach.

(4) I gcás ina gceanglófar leis an alt seo nó le hordú faoin alt seo ar aon duine nó ar aon daoine agus ar an tionónta tionóntacht nua a dheonú agus glacadh léi, faoi seach, ní bheidh an tionónta i dteideal cúitimh mar gheall ar a thionóntacht foirceannadh roimh an tionóntacht nua.

(5) I gcás ina gceanglófar leis an alt seo nó le hordú faoin alt seo, ar aon duine nó ar aon daoine agus ar an tionónta tionóntacht nua a dheonú agus glacadh léi, faoi seach, agus i gcás go dtarlóidh díospóid, faillí nó ceist ar bith faoi dheonú na tionóntachta agus faoi ghlacadh léi, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann, cibé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais.

An Chúirt do shocrú téarmaí na tionóntachta nua.

[Nua i bpt. cf. 1931, a. 29]

23. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina socróidh an Chúirt téarmaí tionóntachta nua faoin gCuid seo.

(2) Socróidh an Chúirt gur cúig bliana is tríocha nó cibé téarma is lú ná sin a ainmneoidh an tionónta ré na tionóntachta.

(3) Ní bheidh an cíos is iníoctha ag an tionónta faoin tionóntacht nua níos lú (faoi mar is gá sa chás) ná an cíos is iníoctha ag an tiarna talún i leith an tionóntáin nó cibé cionúireacht den chíos is iníoctha ag an tiarna talún i leith an tionóntáin agus maoine eile i gcás ar cionúireacht í is dóigh leis an gCúirt bheith inchurtha go cóir i leith an tionóntáin.

(4) Faoi réir fho-alt (3), is é a bheidh sa chíos an cíos comhlán arna laghdú, mar is cuí, de mhéid an lamháltais i leith feabhsúchán dá bhforáiltear le fo-alt (6).

(5) Is é a bheidh sa chíos comhlán an cíos is dóigh leis an gCúirt a thabharfadh léasaí toilteanach nach bhfuil ag áitiú cheana féin agus a ghlacfadh léasóir toilteanach ar an tionóntán, i ngach cás ar an bhforas go dtabharfaí seilbh ghlan, ag féachaint do théarmaí eile na tionóntachta agus do luachanna ligin tionóntán dá shamhail agus i limistéar inchomhórtais leis an limistéar ina bhfuil an tionóntán, ach gan féachaint d'aon cháilmheas a ghabhann leis an tionóntán.

(6) Is é a bheidh sa lamháltas i leith feabhsúchán an chionúireacht sin den chíos comhlán is dóigh leis an gCúirt is inchurtha i leith feabhsúcháin a rinne an tionónta nó a réamhtheachtaithe i dteideal agus a mbeadh an tionónta i dteideal cúitimh i leith feabhsúchán maidir leo dá mba rud é (cibé acu é) nach raibh feidhm ag an gCuid seo maidir leis an tionóntán nó nár bunaíodh an tionóntacht nua.

(7) Féadfaidh an Chúirt, mar cheann de théarmaí na tionóntachta nua, a cheangal ar an tionónta ceaptha suim shonraithe airgid a chaitheamh, laistigh de cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt, ag déanamh deisiúcháin shonraithe (lena n-áirítear péinteáil le haghaidh buanchoimeád ach nach n-áirítear péinteáil le haghaidh maisiú amháin) ar an tionóntán agus féadfaidh sí a údarú deonú na tionóntachta nua a chur siar go dtí go gcomhlíonfar an ceanglas.

(8) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an tionónta ceaptha ceanglas faoi fho-alt (7) a chomhlíonadh beidh de chumhacht ag an gCúirt a dhearbhú go bhfuil sé tar éis a cheart chun tionóntachta nua a fhorghéilleadh agus aon ordú á dheonú sin dó a urscaoileadh.

(9) Beidh an tionóntacht nua faoi réir cibé cúnaint ar a gcomhaontóidh na páirtithe nó, cheal comhaontú, de réir mar a chinnfidh an Chúirt.

Cíos a athbhreithniú.

[Nua]

24. —(1) I gcás tionóntacht nua faoin gCuid seo arb í an Chúirt a shocraigh a téarmaí—

(a) beidh an tiarna talún nó an tionónta i dteideal a iarraidh ar an gCúirt an cíos a athbhreithniú tráth ar bith tar éis cúig bliana a bheith caite ón dáta ar socraíodh na téarmaí;

(b) féadfaidh an tiarna talún nó an tionónta athbhreithniú eile ar an gcíos a iarraidh tráth ar bith tar éis cúig bliana a bheith caite ón gcéad athbhreithniú nó ó aon athbhreithniú dá éis sin.

(2) Déanfaidh an duine a bheidh ag lorg an athbhreithnithe fógra míosa a sheirbheáil ar an bpáirtí eile go bhfuiltear chun athbhreithniú ar an gcíos a iarraidh.

(3) Cheal comhaontú ar an gcíos, beidh an duine a bheidh ag lorg an athbhreithnithe i dteideal a iarraidh ar an gCúirt, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an fógra a sheirbheáil, an cíos a athbhreithniú.

(4) Cheal comhaontú, beidh an cíos a shocrófar ar an athbhreithniú sin iníoctha cibé dáta acu seo a leanas is déanaí—

(a) an chéad lá gála tar éis an fógra a sheirbheáil go bhfuiltear chun athbhreithniú a iarraidh, nó

(b)   (i) i gcás gan athbhreithniú a bheith déanta roimhe sin ar an gcíos, an chéad lá gála tar éis an athbhreithnithe,

(ii) i gcás athbhreithniú a bheith déanta roimhe sin ar an gcíos, cúig bliana tar éis an chéad lá gála i ndiaidh an athbhreithnithe a rinneadh roimhe sin.

Modhnú ar ailt 23 agus 24 i gcás teaghaisí lena mbaineann alt 15.

[ 1967, Uimh. 10 , a. 13(3)(viii)]

25. —(1) I gcás teaghais lena mbaineann alt 15, beidh feidhm ag ailt 23 agus 24 faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(2) Mura mbeidh téarmaí tionóntachta nua don teaghais socraithe ar aon ócáid roimhe sin ag an gCúirt faoi Acht 1931 nó faoin gCuid seo agus gur deimhin leis an gCúirt gur chúis chruálachta don tionónta íoc an chíosa a shocrófaí ar leithligh ón bhforáil seo, socróidh an Chúirt an cíos is iníoctha ag an tionónta faoin tionóntacht nua ar shuim (nach lú ná an cíos láithreach) is deimhin leis an gCúirt, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, lena n-áirítear aon chruálacht ar an tiarna talún, is ceart a cheangal ar an tionónta a íoc agus beidh éifeacht ag alt 23(2) ionann is dá gcuirfí “deich mbliana ar a mhéid” in ionad “cúig bliana is tríocha nó cibé téarma is lú ná sin a ainmneoidh an tionónta” agus ní bheidh feidhm ag alt 24 maidir leis an gcíos a shocrófar amhlaidh.

(3) In aon chás eile, beidh éifeacht le halt 23(6) ionann is dá gcuirfí “(roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis nó roimh Acht 1931 nó an tAcht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 , a rith nó dá éis) a chuireann, tráth an iarratais chun na-Cúirte, le luach ligin an tionóntáin agus atá oiriúnach dó,” in ionad “agus a mbeadh an tionónta i dteideal cúitimh i leith feabhsúchán maidir leo dá mba rud é (cibé acu é) nach raibh feidhm ag an gCuid seo maidir leis an tionóntán nó nár bunaíodh an tionóntacht nua”.

Tionóntacht a fhoirceannadh tar éis ordú a dhéanamh do thionóntacht nua.

[Nua]

26. —Má tharlaíonn tar éis ordú a dhéanamh faoin gCuid seo nó faoi Acht 1931 do thionóntacht nua, go ndéanfar an tionóntacht láithreach a fhoirceannadh i slí nach mbeadh an tionónta i dteideal tionóntachta nua faoi alt 17(1), ansin—

(a) mura mbeidh an tionóntacht nua deonaithe, scoirfidh an oibleagáid í a dheonú, agus

(b) má bhíonn sí deonaithe, beidh sí ar neamhní.

Tionóntachtaí láithreacha a bhuanú.

[1931, a. 35]

27. —I gcás tionóntacht a bhuanú nó a athnuachan nó tionóntacht nua a bhunú faoin gCuid seo, beidh an tionóntacht bhuanaithe, athnuaite nó nua, nó measfar í bheith, chun críocha an Achta seo, ina buanú ar an tionóntacht a bhí ann roimhe sin agus measfar chun gach críche gur greamacht í ar an tionóntacht sin agus beidh an leas a bheidh ag an tionónta fúithi faoi réir aon chearta nó cothromais a thiocfaidh as í bheith ina greamacht amhlaidh.

Ceart ag tionónta leanúint ag áitiú go dtí go ndéanfar cinneadh.

[1931, a.38]

28. —I gcás iarratas ar thionóntacht nua nó chun téarmaí tionóntachta nua a shocrú a bheith ar feitheamh faoin gCuid seo agus gur foirceannadh an tionóntacht a bhí ann roimhe sin seachas trí eisiachtain nó trí fhorghéilleadh, féadfaidh an tionónta, más mian leis é, leanúint ag áitiú an tionóntáin ó fhoirceannadh na tionóntachta go dtí go ndéanfaidh an Chúirt nó, i gcás achomhairc, an chúirt achomhairc dheiridh an t-iarratas a chinneadh agus fad a leanfaidh sé ag áitiú amhlaidh beidh an tionónta faoi réir théarmaí (lena n-áirítear cíos a íoc) na tionóntachta sin ach sin gan dochar do cibé aisíoc agus athchoigeartú is gá i gcás tionóntacht nua a dheonú le tosú ón bhfoirceannadh sin.

Foirceannadh tionóntachta roimh thosach feidhme an Achta seo.

[1931, a.39]

29. —Más rud é, ar thionóntacht tionóntáin a bheith foirceanta roimh thosach feidhme an Achta seo, go mbeidh an tionónta ar an tosach feidhme sin i seilbh an tionóntáin faoi thionóntacht is intuigthe ó ghníomhartha na bpáirtithe nó faoi thionóntacht reachtúil faoi na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, nó mar thionónta ar thoil nó ar shlí eile, gan tionóntacht nua a fháil, measfar, chun críocha an Achta seo, an tionóntacht a bheith arna foirceannadh díreach tar éis an tosach feidhme sin agus beidh feidhm ag an Acht seo dá réir sin.