|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL IV Forálacha Ilghnéitheacha a bhaineann leis an bPríomh-Bhord agus le Boird Réigiúnacha) | Ar Aghaidh (CUID III Iascaigh a Fháil agus a Aistriú, etc.) |
AN tACHT IASCAIGH, 1980
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDIL V Boird Choimeádaithe agus an tIontaobhas Iascaigh Intíre a Dhíscaoileadh | |
[EN] |
Boird choimeádaithe a dhíscaoileadh agus ceapacháin áirithe a fhoirceannadh. |
34. —(1) Díscaoiltear leis seo gach ceann de na boird choimeádaithe a bunaíodh le halt 21 den Phríomh-Acht agus a bhí ar bun díreach roimh thosach feidhme an ailt seo. |
[EN] | (2) Foirceanntar leis seo aon cheapachán faoi alt 51 den Phríomh-Acht a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo. | |
[EN] | (3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear do bhailíocht aon cheadúnais nó deimhnithe a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo. | |
[EN] | (4) Déanfar aon tagairt do bhord coimeádaithe in aon achtachán ar leith ó na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, a fhorléiriú mar thagairt do bhord réigiúnach. | |
[EN] | (5) Tiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm an lá ceaptha. | |
[EN] |
An tIontaobhas a dhíscaoileadh agus a chuid maoine, etc., a aistriú. |
35. —(1) Tiocfaidh an tIontaobhas chun bheith díscaoilte de bhua an ailt seo an lá ceaptha. |
[EN] | (2) An mhaoin go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe don Iontaobhas nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá ceaptha, gan aon tíolacadh ná sannadh, ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dílsithe don Phríomh-Bhord nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó (de réir mar is gá sa chás). | |
[EN] | (3) An mhaoin go léir a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm an Iontaobhais, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar an bPríomh-Bhord á iarraidh sin aon tráth an lá ceaptha nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an Phríomh-Bhoird. | |
[EN] | (4) Gach ábhar i gcaingean a bheidh aistrithe leis an alt seo féadfaidh an Príomh-Bhord, an lá ceaptha nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Phríomh-Bhord fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin. | |
[EN] | (5) Gach fiach agus dliteanas eile (lena n-áirítear aon dliteanas neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha) a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dlite den Iontaobhas agus gan íoc aige nó tabhaithe agus gan ghlanadh aige tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá ceaptha, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an bPríomh-Bhord agus íocfaidh nó glanfaidh an Príomh-Bhord é agus féadfar é a ghnóthú ón bPríomh-Bhord nó a fheidhmiú ina aghaidh dá réir sin. | |
[EN] | (6) Gach conradh a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha idir an tIontaobhas agus aon duine leanfaidh sé i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an Príomh-Bhord ann in ionad an Iontaobhais agus beidh sé infheidhmithe dá réir sin ag an bPríomh-Bhord nó ina aghaidh. | |
[EN] | (7) I gcás a mbeidh, díreach roimh an lá ceaptha, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu an tIontaobhas cuirfear ainm an Phríomh-Bhoird in ionad ainm an Iontaobhais agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin. | |
[EN] | (8) Ní chuirfidh díscaoileadh an Iontaobhais leis an alt seo ó bhail dlí aon ordú íoca nó seic a d'eisigh an tIontaobhas agus nár tíolacadh chun a íoctha roimh an lá ceaptha, ná aon údarás a thug an tIontaobhas chun méid aon ordaithe íoca nó seic a íoc, ná ní dhéanfaidh sé difear don chéanna, agus déanfaidh an Príomh-Bhord socruithe chun méid gach ordaithe nó seic den sórt sin a íoc ar é a thíolacadh go cuí laistigh d'am réasúnach tar éis an lae sin. | |
[EN] | (9) D'aineoinn fho-alt (1) den alt seo, leanfaidh gach ceann de na scéimeanna seo a leanas de bheith i bhfeidhm, is é sin le rá, Scéim Aoisliúntais Fhoireann an Iontaobhais Iascaigh Intíre, dar dáta an 4ú lá d'Iúil, 1966, Scéim Pinsean Ranníocach Baintreach agus Leanaí do Bhuan-Oifigigh an Iontaobhais Iascaigh Intíre Ioncorportha, dar dáta an 18ú lá de Shamhain, 1974, agus Scéim Aoisliúntais an Iontaobhais Iascaigh Intíre Ioncorportha (Gnáth-Fhoireann Pá), 1975, agus, faoi réir alt 31 den Acht seo, féadfaidh an Príomh-Bhord í a chúlghairm nó a leasú ionann is dá mba faoi alt 33 den Acht seo a rinneadh í. | |
[EN] |
Cosaint maidir le cearta áirithe de chuid ghnáthchomhaltaí suibscríofa an Iontaobhais. |
36. —Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a fhoirceannann aon cheart, nó a dhéanann difear d'aon cheart, chun iascaireachta a bhí ar teachtadh ag aon duine díreach sular díscaoileadh an tIontaobhas toisc gur ghnáth-chomhalta suibscríofa den Iontaobhas é an tráth sin, agus beidh teideal ag duine den sórt sin leanúint den cheart sin a theachtadh agus a fheidhmiú ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse lena mbainfeadh, mura mbeadh an díscaoileadh sin, an suibscríobh bliantúil is deireanaí a d'íoc sé leis an Iontaobhas, agus ar feadh an achair sin amháin. |