An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL III Iascach a Fheabhsú) Ar Aghaidh (CAIBIDIL V Boird Choimeádaithe agus an tIontaobhas Iascaigh Intíre a Dhíscaoileadh)

1 1980

AN tACHT IASCAIGH, 1980

CAIBIDIL IV

Forálacha Ilghnéitheacha a bhaineann leis an bPríomh-Bhord agus le Boird Réigiúnacha

ROINN 1

Tuarascálacha, Airgeadas, Etc.

Tuarascálacha bliantúla agus faisnéis don Aire.

19. —(1) Tabharfaidh an Príomh-Bhord, a luaithe is féidir tar éis tús gach bliana, tuarascáil don Aire ar a imeachtaí an bhliain roimhe sin agus ar imeachtaí gach boird réigiúnaigh an bhliain sin, de réir na tuarascála a bheidh tugtha don Phríomh-Bhord faoi fho-alt (2) den alt seo, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh bord réigiúnach, tráth nach déanaí ná an lú lá d'Aibreán gach bliain, tuarascáil don Phríomh-Bhord ar a imeachtaí i gcaitheamh na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig roimhe sin.

(3) Féadfaidh an tAire ó am go ham a cheangal ar an bPríomh-Bhord nó ar bhord réigiúnach cibé faisnéis a thabhairt a bhaineann lena fheidhmeanna agus a shonróidh an tAire.

Meastacháin.

20. —(1) Ullmhóidh an Príomh-Bhord agus gach bord réigiúnach, maidir le gach bliain, meastachán ar a chaiteachas agus a fháltas iomlán, agus beidh na meastacháin sin i cibé foirm a cheanglóidh an tAire.

(2) Cuirfidh an Príomh-Bhord chuig an Aire cóip de gach meastachán a d'ullmhaigh an Príomh-Bhord ag comhlíonadh an ailt seo.

(3) Cuirfidh bord réigiúnach chuig an bPríomh-Bhord cóip de gach meastachán a d'ullmhaigh an bord sin ag comhlíonadh an ailt seo agus cuirfidh an Príomh-Bhord an meastachán sin chuig an Aire mar aon le tuairimí an Phríomh-Bhoird ar an meastachán sin.

(4) (a) I gcás a bhfaighidh an tAire meastachán a ullmhaíodh chun críocha an ailt seo féadfaidh sé an meastachán a dhaingniú, modhnaithe nó gan mhodhnú, nó diúltú an meastachán a dhaingniú.

(b) I gcás a ndiúltóidh an tAire meastachán a ullmhaíodh amhlaidh a dhaingniú, féadfaidh sé a cheangal ar an bPríomh-Bhord, nó i gcás ar bord réigiúnach a d'ullmhaigh an meastachán, féadfaidh sé a cheangal ar an mbord réigiúnach áirithe, meastachán nua ar a chaitheachas agus a fháltas don bhliain lenar bhain an meastachán nár daingníodh a ullmhú agus a chur faoina bhráid chun críocha an ailt seo.

(c) I gcás a ndéanfaidh an tAire ceanglas faoin alt seo, comhlíonfaidh an Príomh-Bhord nó an bord réigiúnach áirithe, de réir mar is iomchuí, agus a luaithe is féidir, an ceanglas sin, agus bainfidh fo-alt (2) nó (3) den alt seo, de réir mar is iomchuí, le meastacháin a ullmhaíodh de bhun cheanglas faoin bhfo-alt seo mar a bhaineann sé le meastacháin a ullmhaíodh de bhun fho-alt (1) den alt seo.

(5) (a) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, a ordú go ndéanfar, go ginearálta nó maidir le bliain áirithe, meastacháin a éilítear leis an alt seo a ullmhú a chur chuige faoin alt seo tráth nach déanaí ná dáta sonraithe in aon bhliain, nó, de réir mar is iomchuí, ná dáta áirithe a shonrófar, agus féadfar an dáta céanna a shonrú amhlaidh maidir leis na meastacháin go léir den sórt sin nó féadfar dátaí éagsúla a shonrú amhlaidh i ndáil le dhá aicme nó níos mó de na meastacháin sin.

(b) I gcás ordachán faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, comhlíonfaidh an Príomh-Bhord (má bhaineann sin leis), agus aon bhord réigiúnach lena mbaineann, an t-ordachán.

(6) Ní thabhóidh an Príomh-Bhord ná bord réigiúnach, gan cead ón Aire, aon chaiteachas seachas caiteachas a bheidh ar áireamh i meastachán faoin alt seo arna dhaingniú faoin alt seo ag an Aire.

Deontais don Phríomh-Bhord agus do bhoird réigiúnacha.

21. —(1) Féadfar, faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leis an Aire, deontas nó deontais a íoc leis an bPríomh-Bhord—

(a) gach bliain as airgead a sholáthróidh an tOireachtas,

(b) ó am go ham as an gCiste Caomhanta Bradán,

ina mbeidh cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an bPríomh-Bhord; ar choinníoll nach dtabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo as airgead a sholáthróidh an tOireachtas gan toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Féadfaidh an Príomh-Bhord deontais ina mbeidh cibé méid a shocróidh an Príomh-Bhord le ceadú an Aire a íoc le bord réigiúnach.

(3) Ní úsáidfear airgead a thabharfar don Phríomh-Bhord faoin alt seo ach amháin chun caiteachais a thabhaigh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach a íoc.

Cuntais agus iniúchadh.

22. —(1) Coimeádfaidh an Príomh-Bhord agus, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, gach bord réigiúnach, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair nó a chaith sé, lena n-áirítear go háirithe na cuntais speisialta go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Déanfar an méid a fuair bord réigiúnach ar chuntas na suibscríobhanna is iníoctha faoi alt 58 den Acht seo a thaispeáint mar mhír ar leith sna cuntais a choimeádfaidh an bord sin de bhun an ailt seo.

(3) Beidh cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo le cur gach bliain ag an mbord a choimeádann iad faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, cuirfidh an bord sin cóip de na cuntais agus d'aon chuntais a choimeádfar de bhun ordachán ón Aire, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais—

(a) i gcás ar cuntais atá á gcoimeád ag an bPríomh-Bhord na cuntais, chuig an Aire,

(b) i gcás ar cuntais atá á gcoimeád ag bord réigiúnach na cuntais, chuig an bPríomh-Bhord.

(4) A luaithe is féidir tar éis don Phríomh-Bhord na cuntais a bhaineann le bliain áirithe a fháil ó na boird réigiúnacha go léir, cuirfidh an Príomh-Bhord cóip de na cuntais chuig an Aire mar aon le cibé tuairimí ar na cuntais sin (más ann) a mheasfaidh an Príomh-Bhord is iomchuí.

(5) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais a thíolaic an Príomh-Bhord dó faoin alt seo, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Iasachtaí.

23. —(1) Féadfaidh an Príomh-Bhord agus, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh aon bhord réigiúnach, le toiliú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, airgead a fháil ar iasacht trí rótharraingt bainc nó eile.

(2) Is tríd an bPríomh-Bhord a dhéanfaidh bord réigiúnach iarratas ar thoiliú an Aire leis an mbord sin d'fháil iasachtaí (agus féadfaidh an Príomh-Bhord, más cuí leis é, a thuairimí ar an iarratas a thabhairt don Aire).

ROINN II

Comhaltaí a Chur as Oifig

Comhaltaí den Phríomh-Bhord nó de bhord réigiúnach a chur as oifig.

24. —(1) Más deimhin, agus aon uair is deimhin, leis an Aire—

(a) nach ndearna an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach, i ndáil le hordachán a thug an tAire faoi alt 8 (1) (b) den Acht seo, ceanglais alt 8 nó 11 (1) (c) den Acht seo, cibé acu é, a chomhlíonadh, nó

(b) tar éis fiosrúchán a dhéanamh faoi alt 50 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 65 den Acht seo, i dtaobh chomhlíonadh na bhfeidhmeanna a sannadh don Phríomh-Bhord nó do bhord réigiúnach leis an Acht seo nó faoi, nach bhfuil na feidhmeanna a sannadh amhlaidh á gcomhlíonadh go cuí agus go héifeachtach ag an bPríomh-Bhord nó ag bord réigiúnach, nó nach bhfuil na feidhmeanna a sannadh amhlaidh á gcomhlíonadh go sásúil i gcoitinne ag aon bhord den sórt sin,

féadfaidh sé le hordú comhaltaí uile an bhoird (lena n-áirítear an cathaoirleach) a chur as oifig.

(2) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, ceapfaidh sé cibé duine nó daoine is cuí leis chun feidhmeanna an bhoird lena mbaineann an t-ordú a chomhlíonadh agus féadfaidh sé ó am go ham duine nó daoine a bheidh ceaptha faoin bhfo-alt seo a chur as oifig agus duine nó daoine eile a cheapadh ina ionad nó ina n-ionad.

(3) (a) Is i scríbhinn a bheidh ceapachán faoin alt seo agus sonrófar ann an lá ar a mbeidh agus óna mbeidh éifeacht leis an gceapachán agus, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, an tréimhse ina mbeidh éifeacht leis ar a feadh, agus fad a fhanfaidh an ceapachán i bhfeidhm oibreoidh sé chun a chumasú don duine nó do na daoine a cheapfar dá dhroim na feidhmeanna de chuid an bhoird ar i ndáil leo a rinneadh an ceapachán a chomhlíonadh.

(b) Féadfaidh ceapachán faoin alt seo dualgas agus luach saothair an duine nó na ndaoine lena mbaineann sé a shocrú.

(4) Déanfar luach saothair na ndaoine go léir a cheapfar faoi fho-alt (2) den alt seo le feidhmeanna an Phríomh-Bhoird nó boird réigiúnaigh a chomhlíonadh a íoc as ioncam an bhoird ar ina leith a rinneadh an ceapachán mar chuid de na caiteachais a bhaineann lena fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(5) I gcás a ndéanfar duine atá ag fónamh sa Státseirbhís a cheapadh faoi fho-alt (2) den alt seo chun dualgais an Phríomh-Bhoird nó boird réigiúnaigh a chomhlíonadh, aisíocfar leis an Státchiste, i cibé slí a ordóidh Aire na Seirbhíse Poiblí, as airgead faoi urláimh an bhoird ar ina leith a rinneadh an ceapachán, tuarastal an duine sin mar aon le cibé muirir i leith aoisliúntais agus cibé liúntais agus aiscí eile is iníoctha faoin Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976 , leis an duine sin nó ina leith de réir mar a chinnfidh Aire na Seirbhíse Poiblí is cuí.

(6) Aon uair tar éis comhaltaí de bhord réigiúnach a chur as oifig le hordú faoin alt seo, féadfaidh an tAire, más cuí leis é agus nuair is cuí leis é, a chur faoi deara le hordú toghchán nua ar chomhaltaí den bhord sin a dhéanamh.

(7) Cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh toghchán nua ar chomhaltaí de bhord réigiúnach de bhun ordú faoi fho-alt (6) den alt seo, déanfar an chéad toghchán eile dá éis sin ar chomhaltaí den bhord sin ar an gcéad ócáid eile ar a mbeadh sé de cheangal de réir dlí toghchán ar chomhaltaí den sórt sin a dheanamh dá mba nár díscaoileadh an bord sin.

(8) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú gach uile ní agus gach uile rialachán a dhéanamh is dóigh leis is gá chun lánéifeacht a thabhairt d'aon ordú a bheidh déanta aige faoi fho-alt (6) den alt seo.

ROINN III

Foireann

Foirne an Phríomh-Bhoird agus bord réigiúnach.

25. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo agus ailt 29 agus 30 den Acht seo, féadfaidh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach, faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh ó am go ham chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh dó.

(2) (a) Faoi réir ailt 27 agus 28 den Acht seo, déanfaidh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach an príomh-oifigeach don Phríomh-Bhord nó do bhord réigiúnach (cibé acu is Príomh-Oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin) a cheapadh le comhthoiliú an Aire.

(b) Faoi réir alt 29 den Acht seo agus fho-alt (4) den alt seo, íocfar le príomh-oifigeach den sórt sin cibé luach saothair agus liúntais le haghaidh caiteachas agus beidh sé i seilbh a fhostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh an tAire le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, agus féadfar téarmaí agus coinníollacha éagsúla a chinneadh faoin mír seo i ndáil le hoifig phríomh-oifigeach an Phríomh-Bhoird, le hoifig phríomh-oifigeach aon bhoird réigiúnaigh, agus le hoifig phríomh-oifigeach aon bhoird réigiúnaigh is d'aicme nó de thuairisc áirithe.

(3) Faoi réir ailt 29 agus 30 den Acht seo, íocfar le hoifigigh, seachas an príomh-oifigeach, agus le seirbhísigh an Phríomh-Bhoird nó boird réigiúnaigh cibé luach saothair agus liúntais agus beidh siad i seilbh a bhfostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an bord áirithe le ceadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) I gcás a ndéanfar duine is oifigeach (lena n-áirítear an príomhoifigeach) nó seirbhíseach don Phríomh-Bhord, nó do bhordréigiúnach, a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach, nó a cheapadh faoi alt 15 d'Acht 1977 chun folúntas sa Tionól sin a líonadh, beidh sé ar iasacht óna fhostaíocht agus ní íocfar leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé, aon luach saothair ná liúntais i leith na fostaíochta sin—

(a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,

(b) i gcás é a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin nó chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin, nó ina ionadaí sa Tionól sin, nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí,

(c) i gcás é a cheapadh amhlaidh chun folúntas den sórt sin a líonadh, in aghaidh na tréimhse dar tosach dáta a cheaptha agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina ionadaí den sórt sin,

agus i dteannta a bhfuil anseo roimhe seo ní bheidh sé i dteideal iomlán na tréimhse sin ná aon chuid di a ríomh le haghaidh aon sochair is iníoctha faoi aon scéim faoi alt 33 den Acht seo.

(5) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, nó is ionadaí de thuras na huaire i dTionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach (lena n-áirítear an príomh-oifigeach) nó ina sheirbhíseach don Phríomh-Bhord nó do bhord réigiúnach.

Ionstraimí ceapacháin chun críocha Chuid XVIII den Phríomh-Acht.

26. —Déanfar gach ionstraim lena gceapfaidh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach oifigeach nó duine eile chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha Chuid XVIII den Phríomh-Acht—

(a) a ullmhú agus a chló san fhoirm fhorordaithe, agus

(b) a shéalú le séala an bhoird.

agus beidh gach doiciméad a airbheartaíonn gur ionstraim den sórt sin é nó go bhfuil sé séalaithe le séala an bhoird sin de réir mar is iomchuí sna himthosca inghlactha in aon imeachtaí dlí mar fhianaise prima facie ar an gceapachán sin.

Oifigí áirithe, etc. a líonadh tríd an gCoimisiún um Cheapacháin Áitiúla.

27. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, baineann an t-alt seo leis na hoifigí agus na fostaíochtaí seo a leanas, is é sin le rá:

(a) an phríomh-oifig faoin bPríomh-Bhord,

(b) an phríomh-oifig faoi bhord réigiúnach,

(c) gach oifig agus gach fostaíocht, seachas fostaíocht pháirtaimsire nó fostaíocht shealadach, faoin bPríomh-Bhord nó faoi bhord réigiúnach ar cáilíochtaí gairmiúla go hiomlán nó go páirteach na cáilíochtaí lena haghaidh,

(d) aon oifig nó fostaíocht eile faoin bPríomh-Bhord nó faoi bhord réigiúnach a ndearbhóidh an tAire ó am go ham, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí agus na gCoimisinéirí, gur oifig nó fostaíocht í lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Ní fhorléireofar an t-alt seo mar alt a bhaineann le haistriú arna dhéanamh le halt 29 nó 30 den Acht seo ná le cás—

(a) ina ndéantar duine a aistriú—

(i) ó oifig nó ó fhostaíocht faoin bPríomh-Bhord chuig oifig nó fostaíocht faoi bhord réigiúnach, nó

(ii) ó oifig nó ó fhostaíocht faoi bhord réigiúnach chuig oifig nó fostaíocht faoin bPríomh-Bhord, nó

(iii) ó oifig nó ó fhostaíocht faoi bhord réigiúnach amháin chuig oifig nó fostaíocht faoi bhord réigiúnach eile.

agus

(b) ina bhfuil na dualgais a ghabhann leis an oifig nó leis an bhfostaíocht óna ndéanfar an duine a aistriú amhlaidh cosúil nó ar aon dul leis na dualgais a ghabhann leis an oifig nó leis an bhfostaíocht chun a n-aistreofar an duine amhlaidh.

(3) Gach ceist nó díospóid—

(a) i dtaobh oifig nó fostaíocht áirithe a bheith nó gan a bheith ina hoifig nó ina fostaíocht lena mbaineann an t-alt seo, nó,

(b) i dtaobh aistriú a bheith nó gan a bheith ina aistriú lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo,

cinnfidh an tAire í tar éis dó dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí.

(4) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, i gcás a mbeartóidh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach ceapachán a dhéanamh chun oifig nó fostaíocht lena mbaineann an t-alt seo, iarrfaidh an bord ar na Coimisinéirí i dtosach duine a mholadh dó lena cheapadh chun na hoifige nó na fostaíochta sin agus déanfaidh na Coimisinéirí, más cuí leo é, tar éis dóibh an iarraidh sin a fháil, duine a roghnú agus a mholadh faoi réim agus de réir Acht 1926 don bhord lena cheapadh chun an phoist sin, agus déanfaidh an bord, tar éis dó an moladh sin a fháil ó na Coimisinéirí, faoi réir an cheadaithe a cheanglaítear le halt 25 (1) den Acht seo, an duine a mhol na Coimisinéirí amhlaidh a cheapadh chun na hoifige nó na fostaíochta sin.

(5) Íocfaidh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach leis na Coimisinéirí as airgead a bheidh faoina réir aige cibé caiteachais a shocróidh na Coimisinéirí i leith an roghnaithe agus na moltaí a rinne na Coimisinéirí faoin alt seo chun oifigí nó fostaíochtaí faoin mbord a líonadh.

(6) Gach suim a gheobhaidh na Coimisinéirí faoin alt seo measfar, chun críocha alt 12 (2) (b) d'Acht 1926, gur táille í a íocadh leis na Coimisinéirí faoin Acht sin.

(7) San alt seo agus in alt 28 den Acht seo ciallaíonn “Acht 1926” Acht na nÚdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 ;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla.

Príomh-oifigeach an Phríomh-Bhoird nó boird réigiúnaigh a cheapadh i gcéaduair.

28. —(1) An duine a bheidh le ceapadh i gcéaduair tar éis dáta an Achta seo a rith le bheith—

(a) ina phríomh-oifigeach faoin bPríomh-Bhord,

(b) ina phríomh-oifigeach do bhord réigiúnach áirithe,

(cibé acu is Príomh-Oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin), is é an tAire, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, a cheapfaidh chun na hoifige sin é.

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) d'alt 27 den Acht seo i ndáil leis an Aire d'fheidhmiú na cumhachta a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo mar atá feidhm acu i ndáil leis an bPríomh-Bhord nó le bord réigiúnach do dhéanamh ceapachán chun oifigí nó fostaíochtaí lena mbaineann an t-alt sin 27, agus d'fhonn éifeacht a thabhairt don méid sin roimhe seo deánfar gach ceann de na tagairtí sna fo-ailt sin don Phríomh-Bhord (nó don bhord) a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don Aire agus mar thagairt atá faoi réir cibé modhnuithe eile is gá.

(3) An tsuim a gheobhaidh na Coimisinéirí faoi alt 27 (5) den Acht seo, arna fheidhmiú leis an alt seo, measfar chun críocha alt 12 (2) (b) d'Acht 1926 gur táille í arna híoc leis na Coimisinéirí faoin Acht sin.

Foireann a aistriú chuig an bPríomh-Bhord, etc.

29. —(1) Gach duine a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, i bhfostaíocht lánaimsire an Iontaobhais, déanfar, an lá sin, é a aistriú chuig an bPríomh-Bhord agus beidh sé ina oifigeach nó ina sheirbhíseach, de réir mar is iomchuí, don Phríomh-Bhord, agus na daoine go léir a bheidh aistrithe amhlaidh beidh siad, fad a fhanfaidh siad i bhfostaíocht an Phríomh-Bhoird, ina gcomhaltaí d'fhoireann aistrithe an Phríomh-Bhoird agus “foireann aistrithe an Phríomh-Bhoird” a ghairtear díobh san Acht seo.

(2) (a) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, fad a bheidh comhalta d'fhoireann aistrithe an Phríomh-Bhoird i seirbhís an Phríomh-Bhoird ní lú an luach saothair a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse a mbeidh sé faoina réir ná an luach saothair a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir, díreach sular aistríodh é de bhua an ailt seo, sa tseirbhís ónar aistríodh é.

(b) Comhalta d'fhoireann boird réigiúnaigh a aistreoidh ó sheirbhís an bhoird sin chuig seirbhís an Phríomh-Bhoird agus a bhí, díreach roimh an aistriú sin, ina chomhalta d'fhoireann aistrithe an bhoird réigiúnaigh, fad a bheidh sé i seirbhís an Phríomh-Bhoird ní lú an luach saothair a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse a mbeidh sé faoina réir ná an luach saothair a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir i seirbhís an bhoird réigiúnaigh díreach sular aistríodh é.

(c) Go dtí go dtiocfaidh scéim foirne i ngníomh a bhainfidh le comhalta áirithe d'fhoireann aistrithe an Phríomh-Bhoird agus a bheidh ceadaithe ag an Aire faoi alt 32 den Acht seo, leanfaidh na coinníollacha seirbhíse, na sriantachtaí, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh an comhalta faoina réir díreach sular aistríodh é chun seirbhís an Phríomh-Bhoird do bhaint leis agus féadfaidh an Príomh-Bhord nó a phríomh-oifigeach, de réir mar is iomchuí, iad a fheidhmiú nó a fhorchur fad a bheidh sé i seirbhís an Phríomh-Bhoird.

(3) (a) Féadfaidh an Príomh-Bhord, faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus alt 31 (1) den Acht seo agus tar éis comhairle a ghlacadh le haon chomhlachais foirne nó ceardchumainn aitheanta lena mbaineann—

(i) athdháileadh nó athchóiriú a dhéanamh ar na dualgais a bheidh le comhlíonadh ag comhaltaí d'fhoireann aistrithe an Phríomh-Bhoird nó ag daoine lena mbaineann fo-alt (2) (b) den alt seo agus atá fostaithe i ngrád nó in aicme áirithe fostaíochta agus beidh de cheangal ar gach comhalta nó duine den sórt sin na dualgais a chuirfear air in aon athdháileadh nó athchóiriú den sórt sin a chomhlíonadh,

(ii) a cheangal ar aon chomhalta nó duine den sórt sin aistriú, ar cibé modh a shonróidh an Príomh-Bhord, chuig seirbhís bhord réigiúnach a shonrófar amhlaidh, agus beidh de cheangal ar gach comhalta nó duine den sórt sin aistriú de réir an cheanglais.

(b) Ní mheasfar gur cur as oifig ná díothú oifige chun críche aon scéim nó achtachán a bhaineann le haoisliúntais nó le cúiteamh i leith cailleadh oifige athdháileadh ná athchóiriú dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo.

Foireann a aistriú chuig boird réigiúnacha, etc.

30. —(1) Gach duine a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, i bhfostaíocht lánaimsire boird choimeádaithe nó dhuine arna cheapadh faoi alt 51 den Phríomh-Acht, déanfar, an lá sin, é a aistriú chuig cibé bord réigiúnach a chinnfidh an tAire agus beidh sé ina oifigeach nó ina sheirbhíseach, de réir mar is iomchuí, don bhord réigiúnach sin, agus na daoine go léir a aistreofar amhlaidh chuig bord réigiúnach áirithe beidh siad ina gcomhaltaí d'fhoireann aistrithe an bhoird réigiúnaigh sin, agus i ndáil leis an mbord sin “foireann aistrithe an bhoird réigiúnaigh” a ghairtear díobh san Acht seo.

(2) Duine atá fostaithe ag bord réigiúnach agus ar comhalta é d'fhoireann aistrithe an bhoird réigiúnaigh, fad a bheidh sé i seirbhís an bhoird réigiúnaigh ní lú an luach saothair a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse a mbeidh sé faoina réir ná an luach saothair a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir, díreach sular aistríodh é de bhua an ailt seo, sa tseirbhís ónar aistríodh é.

(3) Comhalta d'fhoireann boird réigiúnaigh a aistreoidh (de bhun cheanglas faoi alt 29 (3) den Acht seo nó eile), tar éis dó a bheith i bhfostaíocht an Phríomh-Bhoird ó sheirbhís leis an bPríomh-Bhord go dtí seirbhís boird réigiúnaigh agus a bhí, díreach sular aistríodh é, ina chomhalta d'fhoireann aistrithe an Phríomh-Bhoird, fad a bheidh sé i seirbhís an bhoird réigiúnaigh ní lú an luach saothair a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse a mbeidh sé faoina réir ná an luach saothair a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir i seirbhís an Phríomh-Bhoird díreach sular aistríodh é.

(4) (a) Féadfaidh bord réigiúnach, faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus tar éis comhairle a ghlacadh le haon chomhlachais foirne nó ceardchumainn aitheanta lena mbaineann, athdháileadh nó athchóiriú a dhéanamh ar na dualgais a bheidh le comhlíonadh ag comhaltaí d'fhoireann aistrithe an bhoird nó ag daoine lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo atá fostaithe i ngrád nó in aicme áirithe fostaíochta agus beidh de cheangal ar gach comhalta nó duine den sórt sin na dualgais a chuirfear air in aon athdháileadh nó athchóiriú den sórt sin a chomhlíonadh.

(b) Ní mheasfar gur cur as oifig ná díothú oifige chun críche aon scéim nó achtachán a bhaineann le haoisliúntas nó le cúiteamh i leith cailleadh oifige athdháileadh nó athchóiriú dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo.

(c) Go dtí go dtiocfaidh scéim foirne i ngníomh a bhainfidh le comhalta áirithe d'fhoireann aistrithe boird réigiúnaigh agus a bheidh ceadaithe ag an Aire faoi alt 32 den Acht seo, leanfaidh na coinníollacha seirbhíse, na sriantachtaí, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh an comhalta faoina réir díreach sular aistríodh é chuig seirbhís an bhoird réigiúnaigh do bhaint leis agus féadfaidh an bord réigiúnach nó a phríomh-oifigeach, de réir mar is iomchuí, iad a fheidhmiú nó a fhorchur fad a bheidh sé i seirbhís an bhoird réigiúnaigh.

Aoisliúntais foirne aistrithe.

31. —(1) Ní bheidh comhalta d'fhoireann aistrithe an Phríomh-Bhoird ná duine lena mbaineann alt 29 (2) (b) den Acht seo, fad a bheidh sé i seirbhís an Phríomh-Bhoird, faoi réir coinníollacha is lú fabhar i ndáil le haoisliúntais (i modh cnapshuime, pinsin nó aisce nó cúiteamh i leith cailleadh oifige) a dheonú ná na coinníollacha (más ann) a bhain leis díreach sular aistríodh chuig seirbhís an Phríomh-Bhoird é.

(2) Ní bheidh duine a aistreofar de bhua alt 29 den Acht seo ná duine lena mbaineann alt 30 den Acht seo, fad a bheidh sé i seirbhís an bhoird réigiúnaigh ar aistríodh chuige amhlaidh é, faoi réir coinníollacha is lú fabhar i ndáil le haoisliúntais (i modh cnapshuime, pinsin nó aisce nó cúiteamh i leith cailleadh oifige) a dheonú ná na coinníollacha (más ann) a bhain leis díreach sular aistríodh amhlaidh é.

Scéimeanna foirne.

32. —(1) A luaithe is caothúil tar éis tosach feidhme an ailt seo, déanfaidh an Príomh-Bhord, faoi réir ailt 29 agus 30 den Acht seo agus tar éis comhairle a ghlacadh le gach ceann de na boird réigiúnacha agus le haon chomhlachais foirne nó ceardchumainn aitheanta lena mbaineann, scéim foirne nó scéimeanna foirne a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire á shocrú—

(a) go ndéanfar rialáil, rialú agus bainistí—

(i) ar fhoireann an Phríomh-Bhoird,

(ii) ar fhoirne na mbord réigiúnach,

(b) go ndéanfar idirmhalartú foirne go réidh idir aon dá cheann de na boird réamhráite,

agus á thaispeáint maidir leis na gráid éagsúla foirne (i gcoitinne nó go leithleach, de réir mar is iomchuí) cad iad an luach saothair, an tseilbh oifige agus na cáilíochtaí i gcóir ceapacháin agus na coinníollacha seirbhíse.

(2) Déanfaidh an bord nó na boird lena mbaineann scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, an scéim a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(3) Féadfaidh an Príomh-Bhord, tar éis comhairle a ghlacadh le gach ceann de na boird réigiúnacha agus le haon chomhlachais foirne nó ceardchumainn aitheanta lena mbaineann, scéim faoin alt seo a leasú tráth ar bith le ceadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Aoisliúntais foirne i gcoitinne.

33. —(1) Déanfaidh an Príomh-Bhord, faoi réir alt 31 den Acht seo, scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun aoisliúntais i modh pinsin, cnapshuime nó aisce a dheonú do cibé fostaithe lánaimsire nó i leith cibé fostaithe lánaimsire—

(a) de chuid an Phríomh-Bhoird,

(b) de chuid aon bhoird réigiúnaigh,

is cuí leis an bPríomh-Bhord; ar choinníoll nach ndéanfaidh an Príomh-Bhord scéim faoin alt seo a bhaineann le foireann boird réigiúnaigh a chur faoi bhráid an Aire gan comhairle a ghlacadh roimh ré leis an mbord sin agus ar choinníoll freisin go ndéanfaidh an Príomh-Bhord, a luaithe is caothúil tar éis tosach feidhme an ailt seo, cibé scéim nó scéimeanna faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire is gá chun cibé liúntais a dheonú dá réir do gach duine nó i leith gach duine a bheidh fostaithe de thuras na huaire i gcáil lánaimsire ag aon bhord réigiúnach.

(2) Déanfaidh an bord nó na boird lena mbaineann scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, an scéim a chur i grích de réir a téarmaí.

(3) Féadfaidh an Príomh-Bhord tráth ar bith, le ceadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim faoin alt seo a leasú; ar choinníoll má bhaineann scéim den sórt sin le haon bhord réigiúnach nach leasófar an scéim faoin bhfo-alt seo ach amháin tar éis comhairle a ghlacadh leis an mbord réigiúnach nó, de réir mar is iomchuí, le gach ceann de na boird réigiúnacha, lena mbaineann.

(4) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire lena cinneadh ach sin faoi réir chomhaontú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(6) Ní dheonóidh an Príomh-Bhord ná bord réigiúnach aon phinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht eile do chomhalta ná i leith comhalta dá fhoireann lena mbaineann scéim faoin alt seo, ná ní dhéanfaidh aon bhord den sórt sin aon chomhshocraíochtaí eile chun pinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht eile den sórt sin a chur ar fáil ar chomhalta den sórt sin dá fhoireann d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, ach amháin de réir na scéime.

(7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.