An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II An Príomh-Bhord Iascaigh agus Boird Iascaigh Réigiúnacha) Ar Aghaidh (CAIBIDIL III Iascach a Fheabhsú)

1 1980

AN tACHT IASCAIGH, 1980

CAIBIDIL II

Réigiúin Iascaigh agus Boird Réigiúnacha

Réigiúin iascaigh agus boird réigiúnacha.

10. —(1) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo agus faoi réir ceanglas fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire le hordú cibé réigiúin (a ngairtear “réigiún iascaigh” de gach ceann díobh san Acht seo) is dóigh leis is iomchuí ag féachaint do chríocha an Achta seo a chruthú trí nascadh, foroinnt nó ar dhóigh eile agus sonróidh an t-ordú sin ainm gach réigiúin iascaigh a cruthaíodh amhlaidh.

(b) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, seachas an t-ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, gan toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(2) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith déanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt seo ag cruthú seacht, agus gan ach seacht, réigiún iascaigh sa Stát agus is é an t-ordú sin an chéad ordú a dhéanfar faoin alt seo agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá ceaptha.

(3) I gcás a ndéanfar ordú faoin alt seo, bunófar, de bhua an ordaithe, i ndáil le haon réigiún iascaigh a chruthófar leis an ordú bord (dá ngairtear “bord réigiúnach” san Acht seo) agus “Bord Réigiúnach Iascaigh_____________” (cuirfear isteach ainm an réigiúin iascaigh) a thabharfar ar an mbord sin agus comhlíonfaidh sé na feidhmeanna a shanntar do bhord réigiúnach leis an Acht seo maidir leis an réigiún iascaigh ar i ndáil leis a cruthaíodh é.

(4) (a) Is é a bheidh ar bhord réigiúnach cibé líon comhaltaí a shonrófar san ordú ag bunú an réigiúin iascaigh iomchuí agus—

(i) a ndéanfar cibé líon díobh a shonrófar amhlaidh a thoghadh de bhun alt 12 den Acht seo agus a ndéanfar cibé comhalta nó comhaltaí (más ann) díobh a shonrófar amhlaidh a thoghadh ag aicmí nó ag cibé aicmí toghthóirí a shonrófar amhlaidh, agus

(ii) a ndéanfaidh an tAire, faoi réir fho-ailt (5) agus (6) den alt seo, cibé líon díobh a shonrófar amhlaidh a cheapadh tar éis cibé comhairle is iomchuí leis a ghlacadh.

(b)   (i) Faoi réir fho-alt (11) (b) den alt seo, alt 24 den Acht seo agus Airteagal 11 de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, beidh gach comhalta tofa de bhord réigiúnach i seilbh oifige, mura túisce a éireoidh sé as oifig nó a thiocfaidh sé faoi dhícháilíocht, ón lá díreach tar éis dáta a thofa go dtí meán oíche ar an lá a dhearbhófar toradh an chéad toghcháin eile do chomhaltaí tofa an bhoird a dhéanfar de bhun alt 12 den Acht seo.

(ii) Socróidh an tAire téarma oifige comhalta de bhord réigiúnach a cheapfar faoin bhfo-alt seo tráth an cheapacháin a dhéanamh agus, faoi réir an fho-ailt sin (11) (b), an ailt sin 24 agus an Airteagail sin 11, is tréimhse nach faide ná cúig bliana an téarma oifige sin.

(c) Beidh comhalta de bhord réigiúnach a cheapfar nó a chomhthoghfar faoi fho-alt (4) nó (5) den alt seo nó faoi Airteagal 5 de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i dteideal a ainmnithe mar iarrthóir agus a thofa i dtoghchán a dhéanfar faoin Acht seo.

(5) (a) D'ainneoin aon ní dá mhalairt san Acht seo, déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a dhéanamh agus faoi réir fho-alt (6) den alt seo, tar éis cibé comhairle is iomchuí leis a ghlacadh, maidir leis an mbord réigiúnach, nó, de réir mar is iomchuí, maidir le gach ceann de na boird réigiúnacha, a bunaíodh leis an ordú, cibé líon daoine a bheidh sonraithe san ordú a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den bhord.

(b) Faoi réir fho-alt (11) (b) den alt seo, alt 24 den Acht seo agus Airteagal 11 den Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, beidh duine a cheapfar ina chomhalta de bhord réigiúnach faoi mhír (a) den fho-alt seo i seilbh oifige ar feadh na tréimhse dar tosach dáta a cheaptha agus dar críoch an lá díreach roimh an lá a thosóidh téarma oifige na gcomhaltaí a thoghfar i gcéaduair faoin Acht seo ina gcomhaltaí den bhord.

(6) Duine a bheidh i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, nó ar ionadaí é de thuras na huaire i dTionól na gComhphobal Eorpach, ní bheidh sé i dteideal a cheaptha faoin alt seo ag an Aire le bheith ina chomhalta de bhord réigiúnach.

(7) Beidh feidhm ag na forálacha i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le bord réigiúnach agus chun na forálacha sin a chur chun feidhme i ndáil le bord réigiúnach áirithe déanfar aon tagairt sa Sceideal sin don Bhord a fhorléiriú mar thagairt don bhord réigiúnach áirithe sin.

(8) Aon uair a chruthóidh an tAire réigiún iascaigh le hordú faoin alt seo déanfaidh sé teorainneacha an réigiúin iascaigh sin a cheapadh faoi threoir léarscáil a bheidh sonraithe san ordú.

(9) (a) Féadfaidh réigiún iascaigh aon cheann de na huiscí seo a leanas a bheith ann, is é sin le rá, aon uiscí atá i limistéar ar cheantar iascaigh é díreach roimh thosach feidhme an ordaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus aon uiscí eile—

(i) in aon limistéar farraige chun a bhfeitheann uiscí inmheánacha nó uiscí intíre an Stáit de bhua alt 5 den Acht um Dhlínse Mhuirí, 1959.

(ii) sa chuid den fharraige atá idir an bhunlíne chun críocha an Achta sin agus an líne a bhfuil gach pointe di ar thaobh na farraige agus fad dhá mhíle dhéag farraige ón bpointe is neasa ar an mbunlíne sin.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú tagairt don uimhir de mhílte farraige a bheidh sonraithe san ordú a chur in ionad na tagartha do dhá mhíle dhéag farraige i mír (a) (ii) den fho-alt seo.

(c) i gcás ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar mír (a) (ii) den fho-alt seo agus bheidh éifeacht léi ionann is dá gcuirfí tagairt don uimhir de mhílte farraige a bheidh sonraithe san ordú in ionad na tagartha atá inti do dhá mhíle dhéag farraige.

(d) I gcás uiscí a bheith ar áireamh i réigiún iascaigh a cruthaíodh faoin alt seo agus go scoirfidh na huiscí sin mar gheall ar ordú a dhéanamh nó a chúlghairm faoin bhfo-alt seo de bheith ina n-uiscí a thuairiscítear i bhfomhír (ii) d'fho-alt (9) (a) den alt seo, ansin, fad a leanfaidh na huiscí réamhráite sin de bheith ina n-uiscí nach uiscí den sórt a thuairiscítear amhlaidh, beidh éifeacht leis an ordú ag cruthú an réigiúin iascaigh faoi réir na modhnuithe seo a leanas, is é sin le rá, go measfar dá réir sin nach uiscí laistigh den réigiún iascaigh na huiscí a bheidh ar áireamh amhlaidh agus go measfar go ndearnadh an léarscáil iomchuí a d'ullmhaigh an tAire de bhun fho-alt (8) den alt seo a mhodhnú oiread ba ghá chun na huiscí a bhí ar áireamh amhlaidh a shuíomh lasmuigh de na teorainneacha a ceapadh leis an ordú.

(10) Féadfaidh an tAire le hordú teorainneacha réigiúin iascaigh a athrú agus taispeánfaidh ordú faoin bhfo-alt seo, faoi threoir léarscáil a bheidh sonraithe san ordú, teorainneacha an réigiúin nó na réigiún iascaigh iomchuí mar a athraíodh leis an ordú iad.

(11) (a) Féadfaidh an tAire le hordu líon na gcomhaltaí a bheidh ar bhord réigiúnach a athrú, agus i gcás a ndéanfaidh an tAire ordú den sórt sin, sonróidh an t-ordú an líon comhaltaí den bhord réigiúnach a bheidh le ceapadh ag an Aire agus an líon de na comhaltaí sin a bheidh le toghadh faoin Acht seo.

(b) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé leis an ordú líon na gcomhaltaí a laghdú a bheidh ar aon bhord réigiúnach seachas an bord a cruthaíodh leis an ordú, agus d'ainneoin fho-alt (4) (b) (i) den alt seo féadfaidh ordú den sort sin a fhoráil go ndéanfar téarma oifige comhaltaí sonraithe (cibé acu a toghadh nó a ceapadh iad) de chuid an bhoird réigiúnaigh eile sin a fhoirceannadh ar dhóigh shonraithe.

(12) (a) Cuirfidh an tAire faoi deara go n-ullmhófar léarscáileanna a thaispeánfaidh, ar cibé modh is cuí leis an Aire agus a chuirfidh sé in iúl orthu, teorainneacha gach ceann ar leith de na réigiúin iascaigh éagsúla a bheidh ann de thuras na huaire.

(b) Beidh feidhm ag míreanna (b) go (e) d'alt 19 (3) den Phríomh-Acht i ndáil le léarscáileanna a ullmhófar faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le léarscáileanna a ullmhaíodh faoin alt sin agus chun críocha a bhfuil ráite roimhe seo déanfar gach ceann de na tagairtí sna míreanna sin do na léarscáileanna oifigiúla a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do léarscáil a ullmhófar faoin bhfo-alt seo.

(13) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le hordú faoin alt seo ag cruthú réigiúin iascaigh (trí nascadh, foroinnt nó ar dhóigh eile):

(a) féadfaidh an tAire a fhoráil leis an ordú—

(i) maidir leis an maoin go léir nó le haon chuid shonraithe den mhaoin (seachas maoin dá dtagraítear in alt 9(1) den Acht seo), réadach nó pearsanta (lena n-áirítear aon cheart chun aon ráta a ghnóthú agus aon ábhar eile i gcaingean), a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ordaithe, dílsithe d'aon cheann díobh seo a leanas nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha do—

(A) bord coimeádaithe a dhíscaoiltear faoi alt 34 den Acht seo agus a bheidh sonraithe san ordú, nó

(B) duine a scoirfidh de bhua an ailt sin 34 de bheith arna cheapadh faoi alt 51 den Phríomh-Acht, agus a bheidh sonraithe amhlaidh, nó

(C) bord réigiúnach do réigiún iascaigh lena mbaineann an t-ordú agus a bheidh sonraithe amhlaidh,

agus, maidir leis na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, go dtiocfaidh siad chun bheith agus go mbeidh siad ar an tosach feidhme sin, gan aon tíolacadh ná sannadh, ach faoi réir a n-aistrithe i gcás ar gá sin i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dílsithe do cibé bord réigiúnach a bheidh sonraithe san ordú nó ina maoin dá chuid nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó (de réir mar is gá sa chás),

(ii) maidir le gach conradh nó aon chonradh sonraithe a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ordaithe idir bord coimeádaithe den sórt sin, nó duine arna cheapadh amhlaidh, nó bord réigiúnach agus aon duine eile go leanfaidh sé i bhfeidhm ar an tosach feidhme sin nó dá éis, ach go bhforléireofar é agus go mbeidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an bord a bhunófar de bhua an ordaithe sa chonradh in ionad an bhoird nó an duine a ceapadh amhlaidh agus a rinne an conradh agus dá réir sin go mbeidh an conradh sin infheidhmithe ag an mbord, nó in aghaidh an bhoird, a bhunófar amhlaidh,

(iii) maidir le gach fiach nó le haon fhiach sonraithe nó maidir le gach dliteanas nó le haon dliteanas eile (lena n-áirítear aon dliteanas neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha ach gan aon dliteanas a áireamh a aistríodh chuig an bPríomh-Bhord de bhua alt 9(3) den Acht seo), a bheidh, díreach roimh an tosach feidhme sin, dlite de bhord coimeádaithe den sórt sin, de dhuine a cheapfar amhlaidh nó de bhord réigiúnach agus gan íoc aige nó tabhaithe agus gan ghlanadh aige, go dtiocfaidh sé chun bheith agus go mbeidh sé, ar an tosach feidhme sin, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mbord a bhunófar de bhua an ordaithe agus go n-íocfaidh nó go nglanfaidh an bord sin é agus go bhféadfar é a ghnóthú ón mbord sin nó a fheidhmiú ina aghaidh dá réir sin.

(iv) i gcás maoin a aistreofar leis an ordú a bheith, díreach roimh an tosach feidhme sin, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, go ndéanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an mbord a bhunófar de bhua an ordaithe á iarraidh sin aon tráth tar éis an tosach feidhme sin, í a aistriú chun ainm an bhoird sin.

(v) go bhféadfaidh an bord a bhunófar amhlaidh, tar éis an tosach feidhme sin, maidir le haon ábhar i gcaingean a aistreofar leis an ordú, agairt ina leith, é a ghnóthú nó a fheidhmiú ina ainm féin, agus nach gá don bhord sin fógra faoin aistriú a dhéanfar leis an ordú a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin,

(vi) más rud é díreach roimh an tosach feidhme sin go mbeidh ar feitheamh—

(A) i gcás arb é an t-ordú an t-ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, aon imeachtaí dlí arna dtionscnamh de bhua alt 309 den Phríomh-Acht ag oifigeach nó ag fostaí de chuid bhord coimeádaithe den sórt sin nó de chuid duine a bheidh ceaptha amhlaidh, nó aon imeachtaí dlí eile arna dtionscnamh ag duine thar ceann, nó arna dtionscnamh in aghaidh duine thar ceann, bhord den sórt sin nó duine a bheidh ceaptha amhlaidh,

(B) i gcás aon ordú eile faoin alt seo, aon imeachtaí dlí ar páirtí iontu bord réigiúnach lena mbaineann an t-ordú,

go gcuirfear ainm an bhoird a bheidh bunaithe amhlaidh in ionad ainm an bhoird choimeádaithe sin, nó an duine a bheidh ceaptha amhlaidh nó an bhoird réigiúnaigh (de réir mar is gá sa chás) agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin,

(vii) nach gcuirfidh déanamh an ordaithe ó bhail dlí aon ordú íoca nó seic ná aon údarás a tugadh chun méid aon ordaithe íoca nó seic a íoc ná nach ndéanfaidh sé difear don chéanna agus go ndéanfaidh bord réigiúnach a bheidh sonraithe san ordú socruithe go n-íocfar méid orduithe agus seiceanna is d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh ar iad a thíolacadh go cuí laistigh d'am réasúnach tar éis an bord sin a bhunú,

(b) féadfaidh an tAire leis an ordú foráil den Acht seo a mhodhnú a mhéid, agus gan ach a mhéid, atá riachtanach chun éifeacht a thabhairt don ordú.

(14) I gcás a gcruthóidh an tAire le hordú faoin alt seo réigiún iascaigh trí dhá réigiún iascaigh nó níos mó a nascadh, beidh gach ceann de na boird réigiúnacha do na réigiúin iascaigh a nascfar amhlaidh arna ndíscaoileadh ar thosach feidhme an ordaithe.

(15) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir, (i dteannta a chur faoi deara fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil i dtaobh an ordaithe a dhéanamh) fógra den sórt sin a fhoilsiú i gceann amháin nó níos mó de na nuachtáin a léitear in aon réigiún iascaigh a bheidh cruthaithe leis an ordú nó lena mbaineann an t-ordú ar dhóigh eile, agus

(b) cuirfidh sé faoi deara go dtaiscfear cóip den ordú leis an gCláraitheoir Contae do gach contae agus le Cléireach Cúirte Dúiche gach Dúiche Cúirte Dúiche, ina bhfuil an réigiún iascaigh, nó aon chuid den réigiún iascaigh, a bheidh cruthaithe leis an ordú.

Feidhmeanna bord réigiúnach agus forálacha eile a bhaineann leo.

11. —(1) (a) Déanfaidh bord réigiúnach maidir lena réigiún iascaigh—

(i) faoi réir fhorálacha an Achta seo, na hiascaigh sa réigiún sin a chosaint agus na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, a chur i bhfeidhm go ginearálta ann,

(ii) laistigh de thréimhse dhá bhliain dar tosach an lá ceaptha (nó de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe), clár forbartha iascaigh intíre a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Phríomh-Bhoird lena mheas.

(b) I gcás a mbeidh clár forbartha ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Phríomh-Bhoird faoin bhfo-alt seo ag bord réigiúnach, déanfaidh sé ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, agus uair amháin ar a laghad gach cúig bliana tar éis an dáta a cuireadh an clár faoi bhráid an Phríomh-Bhoird, an clár a athbhreithniú agus aon chlaochlú is cuí leis a dhéanamh air trína athrú nó trí ábhar a chur leis nó a scriosadh as agus cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe faoi bhráid an Phríomh-Bhoird lena meas.

(c) Maidir le bord réigiúnach—

(i) áiritheoidh sé go ndéanfar aon iascach atá ina sheilbh nó ar áitiú ag an mbord nó aon iascach, gorlann nó feirm éisc atá de bhua alt 8(2) den Acht seo faoi chúram agus faoi bhainistí an bhoird, a bhainistí, a chaomhnú, a chosaint, a fhorbairt agus a fheabhsú, nó go ndéileálfar leis ar dhóigh eile, de réir an chláir forbartha reatha a bheidh ullmhaithe ag an mbord faoin alt seo agus aon ordachán a bheidh tugtha ag an Aire faoi alt 8(1) (b) den Acht seo agus a mbeidh feidhm aige de thuras na huaire,

(ii) cothóidh agus spreagfaidh sé, de réir an chláir forbartha sin, bainistí, caomhnú, cosaint, forbairt agus feabhsú na n-iascach ina réigiún iascaigh nach bhfuil i seilbh ná ar áitiú amhlaidh,

(iii) áiritheoidh sé go ndéanfar aon iascach oisrí nó aon iascach maoracha eile ina réigiún iascaigh a chosaint de réir na bhforálacha sin de chuid aon ordachán den sórt sin a bhaineann le hiascach den chineál sin, agus

(iv) spreagfaidh, cothóidh agus forbróidh sé duánacht ar bhradán, ar bhreac, ar gharbhiasc agus ar iasc mara, agus, chun críocha aon cheann nó gach ceann de na cineálacha sin duánachta, soláthróidh sé cibé saoráidí agus aosáidí (más ann) is cuí leis an mbord réigiúnach.

(2) Féadfaidh bord réigiúnach, faoi réir cibé táillí a chinnfidh sé a íoc leis, cibé seirbhísí is cuí leis a sholáthar a bhaineann le bainistí, caomhnú, cosaint nó feabhsú iascach, nó le cibé ní eile a bhaineann le hiascaigh.

(3) (a) Faoi réir Airteagal 1 (b) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, déantar an chumhacht faoi Chuid V den Phríomh-Acht chun ráta a leagan ar iascaigh, a mhéid a bhí sí, roimh thosach feidhme an ailt seo, infheidhmithe ag bord coimeádaithe, agus na cumhachtaí faoin gCuid sin chun ráta den sórt sin a leasú, a bhailiú agus a ghnóthú, a shannadh leis seo, a mhéid a bhaineann siad le ceantar iascaigh, don bhord réigiúnach lena mbaineann.

(b) I gcás a leagfaidh bord réigiúnach ráta ar iascaigh, beidh aird ag an Aire, le linn dó bheith á bhreithniú an ndaing neoidh sé an ráta fara modhnú nó gan mhodhnú nó an bhfeidhmeoidh sé an chumhacht a thugtar dó le halt 55 den Phríomh-Acht chun ráta a leagan, ar aon mholadh iomchuí ón bPríomh-Bhord faoi alt 8 (1) (d) den Acht seo.

(4) Beidh na cumhachtaí faoin bPríomh-Acht chun ceadúnais a eisiúint d'iascaireacht bradán nó eascanna (seachas gnáth-cheadúnais slaite bradán (lá agus fiche)) agus chun ceadúnais iascaireachta oisrí a eisiúint a bhí, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, infheidhmithe ag bord coimeádaithe, infheidhmithe, an lá ceaptha agus dá éis, ag bord réigiúnach.

(5) Beidh éifeacht leis na leasuithe ar an bPríomh-Acht nó ar Acht 1962 a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo amhail ar an agus ón lá ceaptha.

(6) (a) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, a údarú do bhord réigiúnach gabháil do phróiseáil agus margaíocht cibé speiceas éisc a bheidh sonraithe san údarás.

(b)   (i) Féadfaidh an tAire le hordú a fhoráil go n-eiseoidh aon bhord réigiúnach, ar cibé dleacht (más ann) a bheidh sonraithe san ordú a íoc, ceadúnais le haghaidh iascaireachta de cibé aicme nó tuairisc a shonrófar san ordú.

(ii) I gcás a bhforálfaidh ordú faoin alt seo go n-eiseofar ceadúnais le haghaidh iascaireachta le hinnill nach innill sceidealta, ansin, fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas, is é sin le rá, go measfar, chun críocha alt 65 den Phríomh-Acht, gur inneall sceidealta aon inneall is de chineál a thuairiscítear san ordú agus go measfar chun na gcríocha sin gur gnáth-cheadúnas iascaireachta aon cheadúnas den sórt sin.

(iii) I gcás ordú faoin mír seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire is cumhachtaí i dteannta na gcumhachtaí a thugtar do bhoird réigiúnacha le fo-alt (4) den alt seo na cumhachtaí a thugtar leis an ordú do na boird sin agus ní cumhachtaí in ionad na gcumhachtaí sin iad.

(c) Féadfaidh an tAire le hordú cibé feidhmeanna is cuí leis agus a bhaineann le hiascaigh (ar feidhmeanna iad i dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar leis an Acht seo) a shannadh—

(i) do bhoird réigiúnacha i gcoitinne.

(ii) do bhoird réigiúnacha d'aicme nó de thuairisc áirithe,

(iii) do bhord réigiúnach áirithe nó do bhoird réigiúnacha áirithe.

(d) Déanfar dleachtanna is iníoctha i leith ceadúnais a eiseofar de bhua an ailt seo a íoc leis an mbord réigiúnach a eiseoidh an ceadúnas.

(e) San Acht seo folóidh “ceadúnas iascaireachta”, nuair a úsáidtear gan cháiliú é, ceadúnas a eiseofar de bhun ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo.

Comhaltaí de bhoird réigiúnacha a thoghadh.

12. —(1) Déanfar, gach bliain toghcháin, toghcháin ar chomhaltaí de bhord réigiúnach, seachas comhaltaí a cheapfaidh an tAire faoi alt 10 den Acht seo, de réir an Achta seo maidir le gach réigiún iascaigh agus seolfar gach toghchán den sórt sin de réir an Achta seo agus de réir rialachán faoin alt seo.

(2) (a) I gcás duine a bheith de thuras na huaire ina shealbhóir ar dhá cheadúnas nó níos mó a eisíodh faoin Acht seo agus go mbeadh teideal aige faoin Acht seo, ar leith ón bhfo-alt seo, mar gheall ar aon cheann díobh a shealbhú, vótáil i dtoghchán ar chomhaltaí de bhord réigiúnach áirithe, beidh teideal aige, d'ainneoin gur sealbhóir den sórt sin é, vótáil uair amháin agus gan ach uair amháin sa toghchán.

(b) I gcás ar rát-íocóir de thuras na huaire duine agus go bhfuil teideal aige vótáil i dtoghchán ar chomhaltaí de bhord réigiúnach áirithe agus—

(i) gur sealbhóir é ar aon cheadúnas a éisíodh faoi na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, agus go mbeadh teideal aige faoin Acht seo, ar leith ón bhfo-alt seo, mar gheall ar é a shealbhú, vótáil i dtoghchán ar chomhaltaí den bhord réigiúnach sin, agus/nó

(ii) go bhfuil sé cláraithe i gClár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara agus go bhfuil teideal vótála aige dá chionn sin,

beidh teideal aige, d'ainneoin é a bheith ina rát-íocóir amhlaidh agus ina shealbhóir amhlaidh, nó de réir mar a bheidh, ina shealbhóir amhlaidh agus cláraithe amhlaidh, vótáil uair amháin, agus gan ach uair amháin, sa toghchán.

(c) I gcás duine a bheith de thuras na huaire cláraithe i gClár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara agus gur sealbhóir é ar cheadúnas a eisíodh faoi na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, agus go mbeadh teideal aige, mar gheall ar é a shealbhú, vótáil i dtoghchán ar chomhaltaí an bhoird réigiúnaigh sin, beidh teideal aige, d'ainneoin é a bheith cláraithe amhlaidh, vótáil uair amháin, agus gan ach uair amháin, sa toghchán.

(3) (a) Féadfaidh an tAire cibé rialacháin is cuí leis a dhéanamh i ndáil le toghcháin faoin alt seo ar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo foráil a dhéanamh—

(i) go n-ainmneofar aicmí éagsúla iarrthóirí lena dtoghadh mar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha agus gur aicmí éagsúla toghthóirí a thoghfaidh iarrthóirí den sórt sin,

(ii) go ndéanfar post-vótáil i dtoghcháin ar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha faoin alt seo.

(4) I gcás rialacháin faoin alt seo a bhfuil feidhm acu de thuras na huaire d'fhoráil go n-ainmneofar aicmí éagsúla iarrthóirí lena dtoghadh mar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha, beidh teideal ag duine, faoi réir fhorálacha an Achta seo ar leith ón bhfo-alt seo, go n-ainmneofaí é mar iarrthóir d'aicme amháin, agus gan ach d'aicme amháin, i dtoghchán lena mbaineann na rialacháin.

(5) Déanfaidh an tAire le hordú an bhliain a shocrú ina mbeidh toghcháin ar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha le déanamh i gcéaduair faoin Acht seo.

An toghlacht do thoghchán ar chomhaltaí tofa de bhoird réigiúnacha.

13. —(1) (a) Faoi réir alt 12 (2) den Acht seo, gach duine is sealbhóir ar ghnáth-cheadúnas iascaireachta nó ar cheadúnas iascaireachta oisrí a bheidh bailí do bhliain toghcháin áirithe agus a mbeidh gnáthchónaí air sa Stát ar an dáta a bheidh socraithe faoin Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh i dtoghchán a bheidh le déanamh faoin Acht seo an bhliain sin, beidh sé i dteideal vótáil sa toghchán a bheidh le déanamh an bhliain sin maidir leis an mbord réigiúnach a d'eisigh an ceadúnas.

(b)  (i) Faoi réir alt 12 (2) den Acht seo agus fhomhír (ii) den mhír seo, gach duine a bheidh cláraithe de thuras na huaire i gClár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara (seachas duine atá cláraithe amhlaidh mar dhuine nach bhfuil ag vótáil) agus a mbeidh gnáthchónaí air sa Stát ar an dáta a bheidh socraithe faoin Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh i dtoghchán a bheidh le déanamh faoin Acht seo maidir leis an mbord réigiúnach a bhfuil an clár á choinneáil aige, beidh sé i dteideal vótáil sa toghchán.

(ii) Beidh duine i dteideal vótáil de bhun na míre seo i dtoghchán faoin Acht seo i gcás nach é an toghchán é a bheidh á dhéanamh i gcéaduair maidir le bord réigiúnach, más rud é, agus amháin más rud é, go mbeidh sé cláraithe sa chlár a bheidh á choinneáil ag an mbord lenar bhain an toghchán ar feadh tréimhse leanúnaí nach lú ná trí bliana dar críoch an lá a bheidh socraithe faoin Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh sa toghchán.

(2) Gach duine is sealbhóir ar cheadúnas áitiúil speisialta a bheidh bailí do bhliain toghcháin áirithe agus a mbeidh gnáthchónaí air sa Stát ar an dáta a bheidh socraithe faoin Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh i dtoghchán a bheidh le déanamh faoin Acht seo an bhliain sin, beidh sé, faoi réir alt 12 (2) den Acht seo, i dteideal vótáil an bhliain toghcháin sin i dtoghchán ar chomhaltaí tofa an bhoird réigiúnaigh ar ina réigiún iascaigh atá na huiscí taoide speisialta lena mbaineann an ceadúnas.

(3) I gcás duine is áititheoir rátaithe ar iascach do ch8omhlíonadh, de thuras na huaire, maidir leis an iascach, na gceanglas (más ann) i dtaobh rátaí iascaigh a íoc a bheidh i rialacháin a rinne an tAire chun críche an fho-ailt seo, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) faoi réir alt 12 (2) den Acht seo, beidh an duine sin, nó a ghníomhaire a bheidh ceaptha go cuí faoi alt 328 den Phríomh-Acht, i dteideal vótáil i dtoghchán ar chomhaltaí tofa an bhoird réigiúnaigh ar ina réigiún iascaigh atá an t-iascach, agus

(b) i gcás rialacháin a rinneadh chun críocha an fho-ailt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, is leorfhianaise go bhfuil de cheart ag an duine sin nó ag a aturnae nó ag a ghníomhaire vótáil sa toghchán sin an admháil ar an ráta iascaigh iomchuí a thabhairt ar aird.

(4) Déanfar tagairtí san Acht seo do thoghlacht réigiúin iascaigh do bhliain toghcháin a fhorléiriú mar thagairtí do na daoine atá, de bhua an ailt seo, i dteideal vótáil sa toghchán ar chomhaltaí tofa an bhoird réigiúnaigh don réigiún sin a bheidh le déanamh an bhliain sin.

Cáilíocht maidir le comhaltaí tofa de bhoird réigiúnacha.

14. —Ní bheidh duine i dteideal a thofa faoin Acht seo le bheith ina chomhalta de bhord réigiúnach más rud é ar an lá a bheidh socraithe faoin Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh sa toghchán—

(a) go mbeidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin,

(b) go mbeidh sé ina ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach,

(c) nach mbeidh sé i dteideal vótáil sa toghchán,

(d) go mbeidh sé ina fhéimheach neamhurscaoilte,

(e) go mbeidh sé tar éis imshocraíocht a dhéanamh lena chreidiúnaithe sa tréimhse trí bliana dar críoch an lá sin,

(f) go mbeifear tar éis é a chiontú i gcion faoi na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, sa tréimhse seacht mbliana dar críoch an lá sin.

Toghcháin ar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha a iarchur.

15. —(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo féadfar toghcháin ar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha de bhun an Achta seo a dhéanamh bliain is déanaí ná an bhliain a mbeadh na toghcháin le déanamh ar leith ón alt seo, agus ar bliain í a shocróidh an tAire, más cuí leis é, le hordú.

(2) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, déanfar toghcháin ar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha de bhun an Achta seo, seachas na toghcháin lena mbaineann an t-ordú, gach cúigiú bliain chomhleanúnach tar éis na bliana a shocrófar leis an ordú.

(3) I gcás a mbeartófar ordú faoin ált seo a dhéanamh, cuirfidh an tAire faoi deara dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag alt 36 d'Acht 1962 maidir le hordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo.

Gan comhaltaí tofa de bhord réigiúnach a thoghadh.

16. —(1) Mura ndéanfaidh an toghlacht do réigiún iascaigh aon chomhaltaí tofa a thoghadh faoi alt 12 den Acht seo aon bhliain toghcháin, fanfaidh comhaltaí tofa an bhoird réigiúnaigh áirithe a bhí ann cheana in oifig agus measfar gur toghadh iad mar chomhaltaí tofa den sórt sin an bhliain toghcháin sin.

(2) Más rud é i dtoghchán faoin Acht seo go dtoghfaidh an toghlacht do réigiún iascaigh líon is lú de chomhaltaí tofa ná an líon a d'fhéadfaí a thoghadh sa toghchán, ansin measfar gur tharla díreach tar éis an chéad chruinniú den bhord réigiúnach áirithe a tionóladh tar éis an toghcháin—

(a) i gcás ar mó de dhuine amháin líon na gcomhaltaí a d'fhéadfaí a thoghadh amhlaidh ná an líon comhaltaí a toghadh amhlaidh, corrfholúntas,

(b) i gcás ar mó de bheirt nó de bhreis ar bheirt líon na gcomhaltaí a d'fhéadfaí a thoghadh amhlaidh ná an líon comhaltaí a toghadh amhlaidh, corrfholúntais ar comhlíon leis an mbreis.

Comhalta de bhord réigiúnach nach bhfreastalóidh ar chruinnithe a bheith dícháilithe.

17. —(1) Aon chomhalta de bhord réigiúnach a fhanfaidh as láthair ar feadh tréimhse sé mhí as a chéile ó chruinnithe uile an bhoird beidh sé dícháilithe chun leanúint de bheith ina chomhalta den bhord sin agus, i gceann coicíse tar éis deireadh na tréimhse sin, tiocfaidh a ionad ar an mbord sin chun bheith, agus beidh sé, folamh, faoi réir fho-alt (2) den alt seo.

(2) (a) Aon uair a bheidh comhalta de bhord réigiúnach ar thob, nó tar éis, a dhícháilithe faoi fho-alt (1) den alt seo chun leanúint de bheith ina chomhalta den bhord sin, féadfaidh an bord sin, faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, tráth nach déanaí ná coicís tar éis deireadh na tréimhse a luaitear san fho-alt sin (1) agus más deimhin leis an mbord gur cheart don bhord, mar gheall ar imthosca speisialta an cháis, sin a dhéanamh, cibé tréimhse bhreise is cuí leis an mbord a chur mar fhadú leis an tréimhse sin, agus air sin beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin (1) sa chás áirithe sin ionann is dá gcuirfí an tréimhse fhadaithe sin in ionad na tréimhse sin sé mhí as a chéile, ach ní dhéanfar aon tréimhse sé mhí as a chéile den sórt sin a fhadú níos mó ná uair amháin faoin bhfo-alt seo.

(b) Ní fhadóidh bord réigiúnach tréimhse faoin bhfo-alt seo mura rud é—

(i) go mbeidh dhá thrian ar a laghad de chomhaltaí an bhoird i láthair ag an gcruinniú iomchuí den bhord ag a gcinnfear an cheist, agus

(ii) go gcaithfidh dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí sin a bheidh i láthair vóta i bhfabhar an fhadaithe.