An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT IASCAIGH, 1980) Ar Aghaidh (CUID II An Príomh-Bhord Iascaigh agus Boird Iascaigh Réigiúnacha)

1 1980

AN tACHT IASCAIGH, 1980

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh, 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980 a ghairm de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1978, agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1976, an tAcht Iascaigh (Leasú), 1978 , agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht Iascaigh (Leasú), 1962 ;

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 ;

ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 3;

tá le “an t-eadránaí” an bhrí a shanntar dó le halt 44 (2);

ciallaíonn “bord”, ach amháin i gCuid II den Dara Sceideal nó mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach;

tá le “an Príomh-Bhord” an bhrí a shanntar dó le halt 7 (1);

tá le “foireann aistrithe an Phríomh-Bhoird” an bhrí a shanntar dó le halt 29 (1);

ciallaíonn “na Coimisinéirí”, ach amháin in ailt 27 agus 28, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

folaíonn “éasúint” profit á prendre agus aon cheart in uisce nó thar uisce;

ciallaíonn “bliain toghcháin”, faoi réir alt 15 (2), an bhliain a shocróidh an tAire faoi alt 12 (5) agus gach cúigiú bliain chomhleanúnach dá éis sin;

ciallaíonn “na Comhphobail Eorpacha” Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach;

tá le “réigiún iascaigh” an bhrí a shanntar dó le halt 10;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 ;

ciallaíonn “an fothionóntán beartaithe” an talamh thar a ngabhann conair chead slí nó cheart slí a thaispeántar ar phlean dá dtagraítear in alt 37 (3) nó alt 39 (2);

tá le “Clár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara” an bhrí a shanntar dó le halt 58 (1);

tá le “an ceart slí a éilítear” an bhrí a shanntar dó le halt 39 (1);

tá le “bord réigiúnach” an bhrí a shanntar dó le halt 10 (3);

tá le “foireann aistrithe an bhoird réigiúnaigh” an bhrí a shanntar dó le halt 30 (1);

ciallaíonn “an Ciste Caomhanta Bradán” an ciste a thuairiscítear in alt 49 den Phríomh-Acht;

ciallaíonn “ilchromán” aon ghléas nó deis tromaithe is féidir a úsáid, le slat agus dorú nó ar dhóigh eile, chun iasc a fheallgheafáil;

ciallaíonn “an tIontaobhas” an tIontaobhas Iascaigh Intíre Ioncorportha (The Inland Fisheries Trust Incorporated).

(2) Ar leith ó alt 8 (1) (b), sa mhéid go gcuireann sé ar chumas an Aire ordacháin a thabhairt chun maoracha a chosaint, ó alt 8 (1) (g) agus ó fhomhíreanna (iii) agus (iv) d'alt 11 (1) (c) den Acht seo, ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a chuireann ar chumas an Aire ordacháin a thabhairt i ndáil le hiasc mara nó le stoic d'iasc mara nó mar ní a shannann don Phríomh-Bhord nó do bhord réigiúnach aon fheidhm i ndáil le hiasc mara nó le stoic d'iasc mara.

An lá ceaptha.

3. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh le bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo.

An bhliain iascaigh.

4. —(1) Féadfaidh an tAire a shonrú le hordú go ndéanfar aon tagairt do bhliain iascaigh sa Phríomh-Acht a fhorléiriú, cibé 31ú lá de Nollaig a shonrófar san ordú agus dá éis amach, mar thagairt do thréimhse atá ar chomhréim leis an mbliain féilire agus go mbeidh éifeacht léi amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire, maidir le haon fhoráil dá bhfuil sa Phríomh-Acht a bhaineann le rátaí iascaigh a chinneadh, a ghearradh, a thobhach, a bhailiú nó a ghnóthú agus a bhfuil baint aici leis an ordú a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo nó a ndéanann an t-ordú sin difear di, go díreach nó go neamhdhíreach, an fhoráil a oiriúnú, a mhodhnú, nó a leasú ar shlí eile ar cibé dóigh a mheasann sé is iomchuí ag féachaint don fhoráil.

(3) I gcás ordú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht leis faoi réim agus de réir fhorálacha an ordaithe.

Orduithe.

5. —(1) Faoi réir ailt 10 (1) (b) agus 54 (6) den Acht seo agus fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a rinneadh faoi alt 8 (3) (b), 10, 11, 15, 24 (6), 54, 55, 56 nó 57 den Acht seo, faoin bhfo-alt seo nó faoi alt 81 (3) nó 159 (6) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hailt 68 agus 69, faoi seach, den Acht seo) a leasú nó a chúlghairm.

(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire le hordú—

(i) ordú a rinneadh faoi alt 37, 38, 39 nó 42 den Acht seo a leasú,

(ii) ordú a rinneadh faoi fhomhír (i) den mhír seo a leasú.

(b) I gcás a mbeartóidh an tAire ordú faoi alt 37, 38 nó 39 den Acht seo nó faoin bhfo-alt seo a leasú, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(i) tabharfaidh an tAire a luaithe is féidir fógra i scríbhinn don Eadránaí á rá go bhfuil ar intinn aige an t-ordú a leasú agus cuirfidh an tEadránaí faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh intinn sin an Aire a fhoilsiú i cibé nuachtáin agus ar cibé dóigh a chinnfidh an tEadránaí.

(ii) tabharfaidh an tAire fógra i scríbhinn i dtaobh na hintinne sin aige d'aon duine a rinne achomharc faoin Acht seo i ndáil leis an ordú a bheartaítear a leasú, nó, i gcás ar ordú faoi fhomhír (ii) de mhír (a) den fho-alt seo an t-ordú, d'aon duine a rinne achomharc amhlaidh i ndáil leis an ordú bunaidh faoi alt 37, 38 nó 39 den Acht seo nó i ndáil le haon ordú faoin mír sin (a) a bhaineann leis an ordú bunaidh sin, nó, más rud é i gceachtar cás go mbeidh aon duine den sórt sin éagtha, dá ionadaí pearsanta,

(iii) ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú mura mbeidh dréacht de curtha faoi bhráid an Eadránaí agus ceadaithe aige faoin mír seo,

(iv) ní dhéanfaidh an tEadránaí cinneadh maidir le hiarratas ón Aire faoin mír seo go dtí go mbeidh tréimhse tríocha lá caite dar tosach an lá a fhoilseofar an fógra iomchuí de bhun na fomhíre seo, nó i gcás a ndéanfar an foilsiú sin ar laethanta éagsúla an lá a fhoilseofar é amhlaidh i gcéaduair,

(v) féadfaidh aon duine nó daoine díobh seo a leanas, laistigh den tréimhse tríocha lá sin nó de cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an tEadránaí, fógra a sheirbheáil ar an Aire á rá go bhfuil ar intinn aige iarratas a dhéanamh chun an Eadránaí i ndáil leis an ordú atá beartaithe, eadhon:

(I) aon duine a rinne achomharc den sórt sin amhlaidh, nó i gcás an duine sin a bheith éagtha, a ionadaí pearsanta, nó

(II) an duine arbh é, díreach sula ndearnadh an t-ordú a bheartaítear a leasú, úinéir an iascaigh nó na talún a fuarthas leis an ordú sin nó comharba i dteideal an duine sin é, nó, má fuarthas aon cheart leis an ordú sin, an duine a bhí, díreach sula ndearnadh an t-ordú sin, i dteideal an ceart sin a theachtadh nó comharba i dteideal an duine sin, nó, más faoi alt 39 den Acht seo a rinneadh an t-ordú sin, úinéir an fhothionóntáin iomchuí,

(vi) i gcás a seirbheálfar fógra ar an Aire de bhun na míre seo tabharfaidh an tEadránaí, sula gcinnfidh sé an t-ordú atá beartaithe a cheadú nó gan é a cheadú, caoi don duine a sheirbheáil an fógra éisteacht a fháil (i bpearsa nó trí abhcóide nó aturnae), agus

(vii) féadfaidh an tEadránaí nuair a bheidh an t-ábhar á chinneadh aige dréacht an ordaithe a cheadú san fhoirm a bheidh molta ag an Aire nó an dréacht sin a cheadú faoi réir cibé leasuithe a shonróidh an tEadránaí nó feadfaidh sé diúltú an dréacht a cheadú.

(3) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí le hordú faoina séala ordú a rinne siad faoi alt 40 den Acht seo a leasú.

(b) Féadfaidh Coimisiún Talún na hÉireann le hordú faoina séala ordú a rinne siad faoi alt 41 den Acht seo a leasú.

(4) Más rud é, i ndáil le hiarratas faoi fho-alt (2) (b) den alt seo, gur deimhin leis an Eadránaí tar éis fiosrú dúthrachtach a dhéanamh nach féidir duine a gceanglaítear ar an Aire le fo-alt (2) (b) (ii) den alt seo fógra a thabhairt dó a fháil ná a fhionnadh, féadfaidh an tEadránaí an t-iarratas a chinneadh, d'ainneoin nach féidir an duine sin a fháil ná a fhionnadh.

(5) Beidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 68 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Iascaigh (Leasú), 1976 ) maidir le hordú faoin alt seo lena mbeartaítear ordú a rinneadh faoi alt 81 (3) nó 159 (6) den Phríomh-Acht (a chuirtear isteach le hailt 68 agus 69, faoi seach, den Acht seo), a leasú mar atá feidhm aige maidir le hordú faoi alt 68 den Phríomh-Acht.

Aisghairm.

6. —(1) Aisghairtear leis seo an Príomh-Acht a mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) I bhfomhír (i) d'alt 33 (b) d'Acht 1962 aisghairtear leis seo na focail “(ar choinníoll nach giorra ná trí bliana roimhe sin ó socraíodh í)”.

(3) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo, ach amháin a mhéid a leasaíonn sé alt 163 den Phríomh-Acht agus a aisghaireann sé clásal (b) de mhír 2 (1) den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, i bhfeidhm an lá ceaptha.