An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Aisghairm) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Maoin a Aistrítear chun an Phríomh-Bhoird le hAlt 9)

1 1980

AN tACHT IASCAIGH, 1980

AN DARA SCEIDEAL

Ailt 7 (2) agus 10 (7).

CUID I

An Príomh-Bhord Iascaigh

1. Beidh an Príomh-Bhord Iascaigh ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh nó cearta i dtalamh nó in uisce nó thairis nó faoi a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

2. Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, nó is ionadaí de thuras na huaire i dtionól na gComhphobal Eorpach, beidh sé dícháilithe chun a cheaptha mar chomhalta den Phríomh-Bhord faoi Airteagal 5 den Chuid seo.

3. (1) Is iad a bheidh ar an bPríomh-Bhord líon nach lú ná ceathrar comhaltaí ná nach mó ná seisear comhaltaí arna gceapadh faoi Airteagal 5 den Chuid seo agus cibé daoine eile is comhaltaí den Phríomh-Bhord de bhua mhír (2) den Airteagal seo.

(2) Beidh duine a bheidh i seilbh oifig chathaoirleach boird réigiúnaigh ina chomhalta den Phríomh-Bhord.

(3) Nuair a scoirfidh duine de bheith i seilbh oifig chathaoirleach boird réigiúnaigh scoirfidh sé an tráth céanna de bheith ina chomhalta den Phríomh-Bhord.

4. (1) Déanfaidh an tAire ó am go ham, de réir mar is gá, comhalta den Phríomh-Bhord a cheapadh ina chathaoirleach ar an mbord sin.

(2) Faoi réir mhíreanna (4) agus (5) den Airteagal seo, beidh cathaoirleach an Phríomh-Bhoird i seilbh oifige go dtí go rachaidh a thréimhse oifige mar chomhalta den Phríomh-Bhord in éag.

(3) Íocfar le cathaoirleach an Phríomh-Bhoird cibé luach saothair (más ann) a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Féadfaidh cathaoirleach an Phríomh-Bhoird éirí as a oifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí litir a sheolfar chun an Aire, agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht, mura mbeidh sé tarraingthe siar roimhe sin i scríbhinn, i dtosach an chéad chruinnithe den Phríomh-Bhord a thionólfar tar éis don Aire an t-éirí-as a chur in iúl don Phríomh-Bhord.

(5) Féadfaidh an tAire aon tráth comhalta den Phríomh-Bhord a chur as oifig chathaoirleach an Phríomh-Bhoird más dealraitheach don Aire gur gá é a chur as oifig amhlaidh le gur éifeachtaí a chomhlíonfaidh an Phríomh-Bhord a fheidhmeanna.

(6) I gcás a scoirfidh cathaoirleach an Phríomh-Bhoird le linn a théarma oifige mar chathaoirleach de bheith ina chomhalta den Phríomh-Bhord, scoirfidh sé an tráth sin freisin de bheith ina chathaoirleach ar an bPríomh-Bhord.

5. Is é an tAire a cheapfaidh gach comhalta den Phríomh-Bhord, seachas duine is comhalta amhlaidh de bhua Airteagal 3 (2) den Chuid seo, agus nuair a bheidh an tAire ag ceapadh comhalta den sórt sin socróidh sé téarma oifige an chomhalta sin is téarma nach faide ná cúig bliana agus, faoi réir an méid sin roimhe seo agus Airteagal 7 den Chuid seo, beidh an comhalta sin i seilbh a oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

6. Íocfaidh an Príomh-Bhord le comhalta den Phríomh-Bhord as airgead a bheidh faoina réir aige cibé caiteachais taistil agus liúntais chothabhála a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

7. Féadfaidh an tAire aon chomhalta den Phríomh-Bhord, seachas duine is comhalta den sórt sin de bhua Airteagal 3 (2) den Chuid seo, a chur as oifig ar é a bheith éirithe éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach nó a mhí-iompair é féin mar a bheidh sonraithe, nó ar dealraitheach don Aire gur gá é a chur as oifig le gur éifeachtaí a chomhlíonfaidh an Príomh-Bhord a fheidhmeanna.

8. Féadfaidh comhalta den Phríomh-Bhord, seachas duine is comhalta den sórt sin de bhua Airteagal 3 (2) den Chuid seo, éirí as a oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a sheolfar chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht, mura dtarraingeofar siar roimhe sin é i scríbhinn, i dtosach an chéad chruinnithe den Phríomh-Bhord a thionólfar tar éis don Aire an t-éirí-as a chur in iúl don Phríomh-Bhord.

9. (1) I gcás a ndéanfar comhalta den Phríomh-Bhord a bheidh ceaptha ag an Aire faoi Airteagal 5 den Chuid seo a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach, nó i gcás a gceapfar é faoi alt 15 d'Acht 1977 chun folúntas sa Tionól sin a líonadh, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Phríomh-Bhord ar é do ghlacadh lena ainmniú mar chomhalta den sórt sin nó ar é a ainmniú lena thoghadh amhlaidh, de réir mar a bheidh.

(2) I gcás, maidir le duine a bheidh ceaptha ag an Aire chun bheith ina chomhalta den Phríomh-Bhord,—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach é nó go ndéanfaidh sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó

(b) nach ndéanfaidh sé aon ráta iascaigh is iníoctha aige i gcóir sheirbhís bliana airgeadais áitiúla a íoc roimh dheireadh na bliana sin, nó

(c) go gciontófar é i gcion faoi na hAchtanna Iascaigh nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi na hAchtanna sin, nó

(d) go dtiocfaidh sé chun bheith dícháilithe le bheith ina chomhalta den Phríomh-Bhord faoi fhorálacha arna ndéanamh faoi Airteagal 19 den Chuid seo,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den sórt sin.

10. Cathaoirleach ar an bPríomh-Bhord nó comhalta den Phríomh-Bhord a bheidh ceaptha ag an Aire faoin gCuid seo agus a rachaidh a théarma oifige in éag ar dhóigh seachas de dhroim é a chur as oifig, beidh sé inathcheaptha.

11. I gcás a dtarlóidh corrfholúntas i measc comhaltaí an Phríomh-Bhoird a bheidh ceaptha ag an Aire, féadfaidh an tAire, más cuí leis, cibé bearta is gá a dhéanamh chun an folúntas a líonadh; ach má tharlaíonn de thuras na huaire de thoradh an fholúntais sin gur lú ná ceathrar líon na gcomhaltaí sin den Phríomh-Bhord, líonfar an folúntas faoin Airteagal seo agus sin a luaithe is féidir.

12. Tionólfaidh an Príomh-Bhord ceithre chruinniú ar a laghad gach bliain a thosóidh tar éis an lae cheaptha.

13. Socróidh an tAire dáta, am agus ionad chéad-chruinniú an Phríomh-Bhoird.

14. Is é Cathaoirleach an Phríomh-Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar chruinniú den Phríomh-Bhord, ach mura mbeidh cathaoirleach an Phríomh-Bhoird i láthair ag cruinniú nó má bhíonn oifig an chathaoirligh sin folamh, ansin déanfaidh na comhaltaí den Phríomh-Bhord a bheidh i láthair ag an gcruinniú duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

15. Ceathrar is córam do chruinniú den Phríomh-Bhord.

16. Beidh vóta ag gach comhalta den Phríomh-Bhord ag cruinniú den bhord sin.

17. Is le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh a chinnfear gach ceist ag cruinniú den Phríomh-Bhord agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh vóta réitigh ag an gcathaoirleach.

18. Faoi réir córam a bheith i láthair, féadfaidh an Príomh-Bhord gníomhú d'ainneoin folúntas i measc a chomhaltaí.

19. Faoi réir fhorálacha an Achta seo, rialóidh an Príomh-Bhord a nós imeachta agus a ghnó, agus gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, forálfaidh sé, le buan-orduithe nó ar mhodh eile, maidir le comhaltaí den Phríomh-Bhord arna gceapadh ag an Aire, má mhainníonn agus aon uair a mhainneoidh siad freastal ar líon sonraithe de chruinnithe comhleanúnacha den Phríomh-Bhord nó ar gach cheann de na cruinnithe sin a thionólfar le linn tréimhse sonraithe, go mbeidh siad dícháilithe chun leanúint de bheith ina gcomhaltaí den Phríomh-Bhord.

20. Féadfaidh an Príomh-Bhord aon fheidhm dá chuid a chomhlíonadh trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh nó trí aon duine eile a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an bPríomh-Bhord, ach ní fhorléireofar aon ní san Airteagal seo mar ní a chuireann ar chumas aon duine aon doiciméad a fhorghníomhú faoi shéala thar ceann an Phríomh-Bhoird.

21. Soláthróidh an Príomh-Bhord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

22. Fíordheimhneofar séala an Phríomh-Bhoird le síniú chathaoirleach an Phríomh-Bhoird, nó le síniú comhalta éigin eile den Phríomh-Bhord a bheidh údaraithe ag an bPríomh-Bhord gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don Phríomh-Bhord a bheidh údaraithe ag an bPríomh-Bhord gníomhú chuige sin.

23. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Phríomh-Bhoird, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Príomh-Bhord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir Airteagal 22 den Chuid seo) an Phríomh-Bhoird agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.

24. (1) Féadfaidh an Príomh-Bhord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Príomh-Bhord bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna an Phríomh-Bhoird.

25. Is i cibé áit a bheidh sonraithe de thuras na huaire ag an Aire a bheidh ceanncheathrú an Phríomh-Bhoird.

CUID II

Boird Iascaigh Réigiúnacha

1. Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt agus cearta i dtalamh nó in uisce, nó thairis nó faoi, a fháil agus a fhorghníomhú.

2. I gcás a ndéanfar comhalta den Bhord a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach, nó i gcás a gceapfar é faoi alt 15 d'Acht 1977 chun folúntas sa Tionól a líonadh, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord ar é do ghlacadh lena ainmniú mar chomhalta den sórt sin nó ar é a ainmniú lena thoghadh amhlaidh, de réir mar a bheidh.

3. (a) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig aon uair trí litir a sheolfar chuig Cathaoirleach an Bhoird agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht, mura dtarraingeofar siar roimhe sin é, i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a thionólfar tar éis don chathaoirleach sin an litir sin a fháil.

(b) Féadfar éirí-as faoin Airteagal seo a tharraingt siar trí litir a sheolfar chuig cathaoirleach an Bhoird agus a bheidh faighte aige roimh an gcéad chruinniú eile den Bhord a thionólfar tar éis don chathaoirleach sin an t-éirí-as a fháil.

4. Comhalta den Bhord a rachaidh a théarma oifige in éag ar dhóigh seachas de dhroim é a chur as oifig, beidh sé intofa, inatofa, incheaptha nó inathcheaptha.

5. (1) Faoi réir mhír (3) den Airteagal seo, i gcás corrfholúntas tarlú, de bhua Airteagal 7 nó 11 den Chuid seo nó ar dhóigh eile, i measc comhaltaí tofa an Bhoird, féadfaidh an Bord duine a chomhthoghadh leis an bhfolúntas a líonadh.

(2) I gcás corrfholúntas den sórt sin tarlú i measc comhaltaí ceaptha an Bhoird, déanfaidh an tAire cibé bearta is gá leis an bhfolúntas a líonadh a luaithe is féidir.

(3) (a) I gcás corrfholúntas tarlú de bhua Airteagal 11 den Chuid seo i measc comhaltaí tofa an Bhoird, ní dhéanfaidh an Bord, i rith an méid a bheidh fágtha den tréimhse a mbeadh an comhalta is cionsiocair leis an bhfolúntas, dá leanfadh sé de bheith ina chomhalta, i seilbh oifige ar a feadh, an duine sin a chomhthoghadh chun an Bhoird.

(b) I gcás corrfholúntas tarlú i measc comhaltaí tofa an Bhoird agus gur ag vótaíocht toghlachta d'aicme áirithe a shonraítear i rialacháin faoi alt 12 den Acht seo a toghadh an comhalta is cionsiocair leis an bhfolúntas, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le líonadh an fholúntais:

(i) i gcás nach raibh ach iarrthóir amháin ann nár éirigh leis sa toghchán iomchuí, déanfaidh an Bord an duine arb é an t-iarrthóir sin é a chomhthoghadh faoi réir an duine sin d'aontú leis sin,

(ii) i gcás beirt iarrthóirí nó níos mó den sórt sin a bheith ann sa toghchán sin, déanfaidh an Bord an duine a fuair, mar iarrthóir den sórt sin, an líon ba mhó vótaí sa toghchán a chomhthoghadh faoi réir an duine sin d'aontú leis sin (agus i gcás comhionannas vótaí cinnfear an cheist trí chrannchur), agus

(iii) i gcás nach féidir ceanglais na bhforálacha sin roimhe seo den fhomhír seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Bord aon iarrthóir eile den sórt sin nó comhalta den toghlacht sin a chomhthoghadh faoi réir an duine sin d'aontú leis.

(4) Beidh duine a chomhthoghfar nó a cheapfar faoin Airteagal seo chun corrfholúntas a líonadh i seilbh oifige, faoi réir Airteagail 7 agus 11 den Chuid seo, ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse a mbeadh an duine is cionsiocair leis an bhfolúntas, dá leanfadh sé de bheith ina chomhalta, i seilbh oifige ar a feadh.

6. (1) I gcás ar deimhin leis an mBord go bhfuil an duine is cathaoirleach ar an mBord de thuras na huaire éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a dhualgais mar chomhalta den Phríomh-Bhord a chomhlíonadh go héifeachtach, féadfaidh an Bord, faoi réir fhorálacha an Airteagail seo, comhalta den Bhord a ainmniú le rún chun gníomhú in ionad an chathaoirligh sin mar chomhalta den Phríomh-Bhord.

(2) (a) Ní rithfear rún faoin Airteagal seo ach amháin sa chás nach lú an líon a vótálfaidh i bhfabhar an rúin ná an líon sin de chomhaltaí a bheidh i láthair ag an gcruinniú a bheidh socraithe de thuras na huaire chun críocha an Airteagail seo ag an Aire agus is cruinniú a mbeidh i láthair aige líon nach lú ná líon comhaltaí a bheidh socraithe amhlaidh de thuras na huaire.

(b) Féadfaidh an tAire chun críocha an Airteagail seo an líon comhaltaí a shocrú i ndáil le—

(i) boird réigiúnacha i gcoitinne,

(ii) boird réigiúnacha d'aicme nó de thuairisc áirithe,

(iii) bord réigiúnach áirithe.

(3) Sonróidh rún faoin Airteagal seo—

(i) an duine ar ritheadh an rún mar gheall ar a bhreoiteacht agus an duine a ainmníodh leis an rún, agus

(ii) an tréimhse (ar tréimhse í nach faide ná sé mhí dar tosach dáta an rúin a rith) a bhfanfaidh an rún i bhfeidhm ar a feadh.

(4) Fad a fhanfaidh rún faoin Airteagal seo i bhfeidhm beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(i) ní comhalta den Phríomh-Bhord an duine ar mar gheall ar a easláinte a ritheadh an rún,

(ii) is comhalta den Phríomh-Bhord an duine a ainmníodh leis an rún,

(iii) forléireofar Airteagal 3 (2) de Chuid I den Sceideal seo agus beidh éifeacht leis i ndáil leis an mBord ionann is dá gcuirfí tagairt don duine a ainmníodh leis an rún in ionad na tagartha atá san Airteagal sin do dhuine a shealbhaíonn oifig chathaoirleach boird réigiúnaigh.

7. I gcás, maidir le comhalta den Bhord,—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach é nó go ndéanfaidh sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe. nó

(b) nach ndéanfaidh sé aon ráta iascaigh is iníoctha aige i gcóir sheirbhís bliana airgeadais áitiúla a íoc roimh dheireadh na bliana sin,

(c) go gciontófar é i gcion faoi na hAchtanna Iascaigh nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi na hAchtanna sin, nó

(d) go dtiocfaidh sé chun bheith dícháilithe le bheith ina chomhalta den Bhord faoi fhorálacha arna ndéanamh faoi Airteagal 17 den Chuid seo,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den sórt sin.

8. (1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire dáta, am agus ionad a shocrú do chéadchruinniú an Bhoird.

9. Féadfaidh aon triúr comhaltaí nó níos mó den Bhord cruinniú speisialta den Bhord a ghairm ar choinníoll—

(a) go ndéanfar fógra i dtaobh ionad, dáta agus uair an chruinnithe arna shíniú ag triúr nó níos mó de na comhaltaí sin a fhoilsiú deich lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe don chruinniú in dhá nuachtán ar a laghad a léitear i réigiún iascaigh an Bhoird, nó

(b) go dtabharfar fógra deich lá ar a laghad agus é sínithe amhlaidh do gach comhalta den Bhord i dtaobh ionad, dáta agus uair an chruinnithe.

10. Íocfaidh an Bord le comhalta den Bhord as airgead a bheidh faoina réir aige cibé caiteachais taistil agus liúntais chothabhála a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

11. Féadfaidh an tAire aon chomhalta den Bhord a chur as oifig ar é a bheith éirithe éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach nó a mhí-iompair é féin mar a bheidh sonraithe, nó ar dealraitheach don Aire gur gá é a chur as oifig le gur éifeachtaí a chomhlíonfaidh an Bord a fheidhmeanna.

12. Is é is córam do chruinniú den Bhord cibé líon a bheidh, de thuras na huaire, sonraithe i scríbhinn ag an Aire.

13. Beidh vóta ag gach comhalta den Bhord ag cruinniú den Bhord.

14. (1) (a) Déanfaidh an Bord ó am go ham duine dá chomhaltaí a thoghadh le bheith ina chathaoirleach ar an mBord agus nuair a bheidh cathaoirleach á thoghadh aige socróidh sé a théarma oifige.

(b) Is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar chruinniú den Bhord, ach mura mbeidh cathaoirleach an Bhoird i láthair ag cruinniú nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair ag an gcruinniú duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(c) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí litir a sheolfar chun an Bhoird agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht, mura mbeidh sé tarraingthe siar roimhe sin, i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a thionólfar tar éis don Bhord an litir sin a fháil.

(d) Féadfar éirí-as faoin Airteagal seo a tharraingt siar trí litir a sheolfar chuig an mBord agus a bheidh faighte aige roimh an gcéad chruinniú den Bhord a thionólfar tar éis don Bhord an litir faoin éirí-as a fháil.

(2) Íocfar le cathaoirleach an Bhoird cibé luach saothair (más ann) a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

15. Faoi réir alt 17 (2) (b) den Acht seo agus Airteagal 6 (2) (a) den Chuid seo, is le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh a chinnfear gach ceist ag cruinniú den Bhord agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh vóta réitigh ag an gcathaoirleach.

16. Faoi réir córam a bheith i láthair, féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas a measc a chomhaltaí.

17. Faoi réir fhorálacha an Achta seo, rialóidh an Bord a nós imeachta agus a ghnó.

18. Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid a chomhlíonadh trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh nó trí aon duine eile a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an mBord, ach ní fhorléireofar aon ní san Airteagal seo mar ní a chuireann ar chumas aon duine aon doiciméad a fhorghníomhú faoi shéala thar ceann an Bhoird.

19. Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

20. Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird nó le síniú comhalta éigin eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin, agus le síniú oifigigh don Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.

21. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheidh séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir Airteagal 20 den Chuid seo) an Bhoird agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.

22. (1) Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Bord bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.

23. Is i cibé áit a bheidh sonraithe de thuras na huaire ag an Aire a bheidh ceanncheathrú an Bhoird.

CUID III

Léiriú (an Dara Sceideal)

Sa Sceideal seo ciallaíonn “na hAchtanna Iascaigh” na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile seachas an tAcht seo.