An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Imeachtaí Dlí, Pionóis, etc.) Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach)

1 1980

AN tACHT IASCAIGH, 1980

CUID V

Dobharshaothrú agus Tobhach Bradán

Dobharshaothrú.

54. —(1) (a) Ní dleathach d'aon duine gabháil do dhobharshaothrú in aon áit ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnas oiliúna éisc, cheadúnas leaba oisrí, cheadúnas arna dheonú ag an Aire de bhun an ailt seo nó ordú um iascach oisrí.

(b) Aon duine a ghabhfaidh do dhobharshaothrú contrártha don fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(2) (a) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, féadfaidh an tAire le hordú limistéar a bheidh sonraithe san ordú a ainmniú mar limistéar ina mbeidh sé dleathach gabháil do dhobharshaothrú de bhun agus de réir cheadúnas arna dheonú ag an Aire faoin alt seo.

(b) Ní dhéanfar, gan toiliú an Aire Turasóireachta agus Iompair, ordú faoin alt seo a ainmneoidh limistéar ar limistéar farraige é go hiomlán nó go páirteach, ná ordú ag leasú ordú den sórt sin faoin alt seo.

(c) Féadfaidh sé gurb é a bheidh go hiomlán nó go páirteach i limistéar a shonrófar in ordú faoin bhfo-alt seo aon uiscí a fhéadfar, de bhua alt 10(9) den Acht seo, a áireamh i réigiún iascaigh.

(3) Aon uair a bheartóidh an tAire ordú faoin alt seo a dhéanamh nó ordú den sórt sin a leasú beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) taiscfidh sé agus coimeádfaidh sé ar taisce, i cibé áit nó i ngach ceann de na háiteanna a chinnfidh sé ar feadh cibé tréimhse (is tréimhse nach lú ná trí sheachtain dar tosach dáta foilsithe an fhógra dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo) a chinnfidh sé, cibé plean nó pleananna nó doiciméid eile a thaispeánfaidh go soiléir an limistéar agus na huiscí ann lena mbainfidh an t-ordú atá beartaithe;

(b) foilseoidh sé san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát fógra faoin gcineál ordaithe atá beartaithe, agus i dteannta an méid sin roimhe seo déarfar san fhógra sin—

(i) go bhféadfar uiríolla agus agóidí maidir leis an ordú atá beartaithe a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i rith na tréimhse sin (agus údaraítear leis seo uiríolla agus agóidí den sórt sin a dhéanamh), agus

(ii) go bhféadfar cóipeanna de na doiciméid a thaiscfear de bhun an ailt seo a iniúchadh aon tráth réasúnach i rith na tréimhse sin, agus cad é an áit nó cad iad na háiteanna ina bhféadfar na doiciméid sin a iniúchadh.

(4) (a) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, ag féachaint d'aon uiríolla nó agóidí a dhéanfar faoi fho-alt (3) den alt seo, duine a cheapadh chun fiosrúchán a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt dó i scríbhinn maidir leis an ordú atá beartaithe.

(b) I gcás a gceapfaidh an tAire duine faoin bhfo-alt seo chun fiosrúchán a dhéanamh, beidh gach duine a dhéanfaidh agóid nó uiríoll maidir leis an ordú atá beartaithe i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil (go pearsanta nó trí abhcóide nó aturnae) ag an éisteacht.

(5) (a) Más rud é, tar éis don Aire ceanglais fho-alt (3) den alt seo a chomhlíonadh agur tar éis dó aon tuarascáil a bhreithniú a tugadh dó faoi fho-alt (4) den alt seo, nó i gcás nár tugadh aon tuarascáil den sórt sin, ar aon uiríolla a rinneadh faoin bhfo-alt sin (3) agus ar aon agóidí a rinneadh amhlaidh agus nár tarraingíodh siar, gurb é a thuairim, d'ainneoin aon cheart a bheith ag an bpobal iascaireacht a dhéanamh sna huiscí lena mbainfeadh an t-ordú beartaithe dá ndéanfaí é, gur le leas an phobail é dá ndéanfaí ordú faoin alt seo, féadfaidh sé ordú den sórt sin a dhéanamh san fhoirm a beartaíodh i dtosach nó fara cibé athrú nó leasú a mheasfaidh sé is iomchuí in imthosca an cháis.

(b) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát á rá go ndearna sé an t-ordú.

(6) Ní chúlghairfidh an tAire ordú a rinneadh faoin alt seo mura deimhin leis gur le leas an phobail sin a dhéanamh.

(7) Aon duine arb éagóir leis ordú a rinneadh faoin alt seo féadfaidh sé, laistigh den tréimhse ocht lá is fiche dar tosach an lá a rinneadh fógra á rá go ndearnadh an t-ordú a fhoilsiú de bhun an ailt seo san Iris Oifigiúil, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh an ordaithe agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar an achomharc sin agus ní bheidh sé inachomhairc.

(8) Tiocfaidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm—

(a) i gcás gan aon achomharc ina leith a dhéanamh faoin alt seo, ar bheith caite don tréimhse ina bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh,

(b) i gcás achomharc den sórt sin a dhéanamh, an lá tar éis an lae a dhaingneofar an t-ordú de dhroim achomhairc, nó i gcás an t-achomharc a tharraingt siar, ar bheith caite don tréimhse a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó an lá díreach tar éis an lae a tharraingeofar siar an t-achomharc, cibé acu is déanaí.

(9) (a) Faoi réir fho-alt (10) den alt seo féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is cuí leis, ar an táille fhorordaithe (más ann) a bheith íoctha leis, le ceadúnas (ar a dtugtar “ceadúnas dobharshaothraithe” san alt seo) údarás a thabhairt, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis agus a shonróidh sé sa cheadúnas, do dhuine a shonrófar sa cheadúnas cibé oibríochtaí i ndáil le dobharshaothrú a shonrófar amhlaidh a sheoladh in áit nó in uiscí a shonrófar amhlaidh, ar áit é nó ar uiscí iad atá laistigh de limistéar ainmnithe, agus i dteannta a bhfuil ráite anseo roimhe seo féadfaidh an tAire, más cuí leis, teorainneacha na háite nó na n-uiscí a bhfuil an ceadúnas deonaithe ina leith a shonrú, trí léarscáil nó ar shlí eile, i gceadúnas dobharshaothraithe.

(b) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, táillí is iníoctha i leith cheadúnais arna ndeonú ag an Aire faoin alt seo (seachas ceadúnais faoi fho-alt (15)) a fhorordú.

(c) Déanfar gach táille a gheobhaidh an tAire faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste, agus a chur chun tairbhe don Státchiste, i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(10) (a) Ní dheonófar ceadúnas dobharshaothraithe chun gabháil do dhobharshaothrú laistigh de theorainneacha aon leaba oisrí nó aon iascaigh oisrí is leaba oisrí nó iascach oisrí a thuairiscítear in alt 245 (2) (b) den Phríomh-Acht nó ceann lena mbaineann ceadúnas leaba oisrí nó ordú um iascach oisrí, gan toiliú ón duine a bhfuil teideal tairbhiúil aige de thuras na huaire chun na leapa oisrí nó, de réir mar a bheidh, chun an iascaigh oisrí.

(b) Ní dheonófar ceadúnas dobharshaothraithe chun gabháil do dhobharshaothrú laistigh de theorainneacha iascaigh eisiataigh ach amháin—

(i) d'úinéir an iascaigh sin, nó

(ii) le toiliú i scríbhinn ón úinéir sin.

(c) Ní fhorléireofar ceadúnas dobharshaothraithe mar ní a chealaíonn nó a chúngaíonn aon cheart ar aon chuid nó chuig aon chuid nó thar aon chuid den chladach atá ar sealúchas ag aon duine in aon slí a thuairiscítear in alt 267 den Phríomh-Acht nó aon cheart iascaigh eisiataigh, gan toiliú an duine a bhfuil teideal tairbhiúil aige chun an chirt.

(d) I gcás a ndeonófar ceadúnas dobharshaothraithe le toiliú aon úinéara agus go sonrófar tréimhse sa toiliú sin, is ar feadh na tréimhse sin amháin a fhanfaidh an ceadúnas i bhfeidhm.

(e) Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo, is ceadúnas suthain nó ceadúnas infhoirceanta, de réir mar a shonrófar ann, ceadúnas dobharshaothraithe, agus beidh sé ina cheangal ar an Stát agus ar gach uile dhuine agus oibreoidh sé chun go mbeidh ar chumas an duine dá ndeonófar é, a oidhrí, a sheiceadóirí, a riarthóirí agus a shannaithe, cibé oibríochtaí a bheidh sonraithe ann a sheoladh dá réir, saor ó gach uile cheart, teideal, eastát nó leas (más ann) tosaíochta nó eile, agus i dteannta an méid sin roimhe seo, beidh ag an duine a bhfuil teideal aige, de thuras na huaire, chun sochar an cheadúnais teideal, laistigh de na teorainneacha a bheidh sonraithe sa cheadúnas, an ceart eisiatach chun na hoibríochtaí a bheidh sonraithe amhlaidh a sheoladh agus i bhfeidhmiú an chirt sin féadfaidh sé, faoi réir aon choinníoll a bheidh sonraithe chuige sin sa cheadúnas—

(i) aon ní a thaisceadh, a shíolrú, a bhailiú nó a thógáil in aon séasúr,

(ii) aon ní a thógáil nó a aistriú agus é a thaisceadh nó a chur in aon áit is cuí leis, agus

(iii) aon ní a dhéanamh, a cheapadh nó a chothabháil i leith nó chun críocha aon oibríochta den sórt sin.

(f) Féadfaidh an tAire aon cheadúnas dobharshaothraithe a leasú chun éifeacht a thabhairt d'aon chomhaontú nó gealltanas arna thabhairt nó arna dhéanamh, tar éis dáta an cheadúnais, ag aon duine nó thar ceann aon duine a bhfuil teideal aige chun sochar an cheadúnais le haon duine eile.

(g) Bainfidh ailt 263 agus 264 den Phríomh-Acht, modhnaithe mar is gá, le haon oibríocht a sheolfar de bhun ceadúnas faoin alt seo mar a bhaineann siad le hiascach oisrí a deonaíodh faoi ordú um iascach oisrí.

(h) Ní dheonóidh an tAire, tar éis tosach feidhme an ailt seo, ceadúnas leaba oisrí (Acht 1959) ná ní dhéanfaidh sé, tar éis an tosach feidhme sin, ordú um iascach oisrí (Acht 1959) agus forléireofar ailt 245 (1) agus 256 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht leo faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den mhír seo.

(11) D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht nó in aon ionstraim faoi, féadfaidh ceadúnaí agus aon duine ag gníomhú faoi ordacháin ceadúnaí, faoi réir na gcoinníollacha a bheidh sonraithe sa cheadúnas, aon cheann de na nithe a údaraítear leis an gceadúnas a dhéanamh.

(12) (a) Faoi réir fho-alt (14) den alt seo, féadfaidh an tAire ceadúnas dobharshaothraithe a chúlghairm nó a leasú má mheasann sé gur le leas an phobail sin a dhéanamh.

(b) Féadfaidh an tAire, gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo (ach faoi réir fho-alt (14) den alt seo), ceadúnas dobharshaothraithe a chúlghairm más deimhin leis go bhfuil sárú déanta ar aon choinníoll a shonraítear sa cheadúnas nó nach bhfuil an t-iascach dobharshaothraithe lena mbaineann an ceadúnas á chothabháil i gceart.

(13) I gcás a mbeartóidh an tAire ordú faoin alt seo a dhéanamh, féadfaidh duine, i rith na tréimhse a shonrófar i bhfógra a fhoilseofar de bhun fho-alt (3) den alt seo, aon doiciméad a bheidh taiscthe de bhun an fho-ailt sin (3) i ndáil leis an ordú atá beartaithe a iniúchadh aon tráth réasúnach.

(14) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le ceadúnas dobharshaothraithe a leasú nó a chúlghairm—

(a) Ní leasóidh ná ní chúlghairfidh an tAire an ceadúnas mura mbeidh agus go dtí go mbeidh fógra scríofa ocht lá is fiche ar a laghad tugtha aige leis an bpost don cheadúnaí á rá go bhfuil leasú nó cúlghairm, cibé acu é, ar an gceadúnas á bhreithniú ag an Aire,

(b) déarfaidh an fógra freisin—

(i) i gcás a luafar ann go bhfuil leasú an cheadúnais á bhreithniú ag an Aire, cad é an leasú sonraithe atá á bhreithniú agus cad iad na forais ar a bhfuil sé á bhreithniú amhlaidh, nó

(ii) i gcás a luafar ann go bhfuil cúlghairm an cheadúnais á bhreithniú ag an Aire, cad iad na forais ar a bhfuil an chúlghairm sin á bhreithniú amhlaidh,

(c) breithneoidh an tAire aon uiríoll i ndáil leis an leasú nó leis an gcúlghairm sin, cibé acu é, a dhéanfaidh an ceadúnaí chuige roimh dhul in éag don fhógra,

(d) i gcás a ndéanfaidh an tAire, de bhun fho-alt (12) (a) den alt seo, ceadúnas dobharshaothraithe a chúlghairm, beidh teideal ag an gceadúnaí go n-íocfaidh an tAire cúiteamh leis mar gheall ar aon chaillteanas a bhain dó mar gheall ar an gcúlghairm, agus déanfar, cheal comhaontú, méid an chúitimh sin a chinneadh faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(15) (a) Féadfaidh duine a bhí, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, ag gabháil do dhobharshaothrú ceadúnas a iarraidh ar an Aire faoin bhfo-alt seo agus déanfaidh an tAire, más deimhin leis go raibh an duine ag gabháil dó go dleathach, faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh an tAire is iomchuí agus a shonróidh sé sa cheadúnas, a údarú don duine na hoibríochtaí i ndáil leis an dobharshaothrú ar deimhin leis an Aire i ndáil leo go raibh an duine sin ag gabháil dóibh amhlaidh (agus sonrófar na hoibríochtaí sin amhlaidh) a sheoladh san áit nó sna huiscí ina raibh an dobharshaothrú á sheoladh amhlaidh (agus sonrófar an áit sin nó na huiscí sin sa cheadúnas).

(b)   (i) Bainfidh fo-alt (10) (a) den alt seo le ceadúnas faoin bhfo-alt seo mar a bhaineann sé le ceadúnas dobharshaothraithe.

(ii) Bainfidh fo-alt (10) (e) den alt seo le ceadúnas faoin bhfo-alt seo ach chun críocha a bhfuil anseo roimhe seo forléireofar é ionann is dá gcuirfí “Is ceadúnas suthain ceadúnas faoi fho-alt (15) den alt seo” in ionad “Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo is ceadúnas suthain nó ceadúnas infhoirceanta, de réir mar a shonrófar ann, ceadúnas dobharshaothraithe”.

(c) Aon duine arb éagóir leis cinneadh an Aire maidir le ceadúnas faoin alt seo féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis an lae a rinneadh an cinneadh, fógra a sheirbheáil ar an Aire i dtaobh achomharc chun an Eadránaí in aghaidh an chinnidh, agus féadfaidh an tEadránaí, de dhroim an achomhairc sin, an cinneadh a dhaingniú, modhnaithe nó gan mhodhnú, nó féadfaidh sé an cinneadh a fhreaschur.

(16) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, ansin, fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm, ní dheonóidh an tAire aon cheadúnas oiliúna éisc maidir le haon áit laistigh den limistéar a bheidh sonraithe san ordú.

(17) I gcás—

(a) a ndéanfaidh duine trí fhoghail, iascaireacht nó eile, cur isteach ar ní a bheidh déanta de bhun ceadúnais dobharshaothraithe, agus

(b) gur gan cead ón gceadúnaí a dhéantar an cur isteach sin,

d'ainneoin aon cheart iascaireachta a bheith ag an bpobal beidh an duine a bheidh ag cur isteach amhlaidh ciontach i gcion agus dlífear—

(c) ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná £500, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

(d) ar é a chiontú ann ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(18) Tiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm cibé lá a shocróidh an tAire chuige sin le hordú.

(19) San alt seo—

ciallaíonn “dobharshaothrú”, ach amháin in “ceadúnas dobharshaothraithe” oiliúint aon speiceas éisc, dobharainmhí inveirteabrach is cuma cad é a ghnáthóg nó dobharfhoirm aon bhia atá oiriúnach chun iasc a chothú;

ciallaíonn “ceadúnas dobharshaothraithe” ceadúnas arna dheonú ag an Aire faoin alt seo;

ciallaíonn “limistéar ainmnithe” limistéar arna ainmniú de thuras na huaire le hordú faoin alt seo;

ciallaíonn “ceadúnas oiliúna éisc” ceadúnas arna dheonú faoi alt 15 den Phríomh-Acht;

ciallaíonn “ceadúnaí” an duine a ndeonófar ceadúnas faoin alt seo dó nó an duine ag a bhfuil teideal, de thuras na huaire, de bhua fho-alt (10) (e) den alt seo, chun sochar an cheadúnais;

ciallaíonn “ceadúnas leaba oisrí” ceadúnas leaba oisrí de réir bhrí Chuid XIV den Phríomh-Acht;

tá le “ordú um iascach oisrí (Acht 1959)”, “ceadúnas leaba oisrí (Acht 1959)” agus “ordú um iascach oisrí” na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, le Cuid XIV den Phríomh-Acht.

Tobhach bradan.

55. —(1) San alt seo—

ní fholaíonn “céad-díolachán nó aon-díolachán” céad-díolachán nó aon-díolachán ag an gceadúnaí faoi cheadúnas iascaireachta a dhéantar bona fide le duine chun a úsáide pearsanta;

tá le “Limistéar Bhun an Phobail” an bhrí a shanntar do “Líomatáiste Mhagh Bhile” le hAcht Iascaigh an Fheabhail, 1952 ;

ní fholaíonn “bradán” bradán atá leasaithe agus ar coimeád i stáin, i mbuidéil, i searróga nó i gcoimeádáin dá samhail ina mbeidh codanna d'iasc nó táirgí éisc.

(2) (a) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú a fhoráil go n-íocfar leis an Aire tobhach de réir an ráta fhorordaithe ar gach céad-díolachán nó ar gach aon-díolachán bradán.

(b) Ríomhfar an tobhach sin de réir an ráta fhorordaithe agus measúnófar é ar an bpraghas a fuarthas ar an gcéaddíolachán nó ar an aon-díolachán nó i cibé slí eile a fhorordófar.

(c) Sa mhír sin roimhe seo den fho-alt seo déanfar an tagairt don phraghas ar an gcéad-díolachán nó ar an aon-díolachán a fhorléiriú, i gcás ar ceannaitheoir lasmuigh den Stát an ceannaitheoir, mar thagairt don phraghas atá, de réir na rialachán faoi fho-alt (3) den alt seo, inchurtha i leith an díolacháin sin.

(d) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, beidh an tobhach faoin alt seo le híoc—

(i) i gcás arb é an ceadúnaí faoi cheadúnas iascaireachta a dhéanfaidh an chéad-díolachán nó an t-aondíolachán le déileálaí ceadúnaithe bradán nó le dílseánach aon óstán, teach aíochta, proinnteach nó áitreabh nó áit eile sa Stát ina gcuirtear cothú agus iostas nó béilí ar fáil ar luaíocht, ag an déileálaí nó ag an dílseánach sin, agus

(ii) in aon chás eile, ag an duine arb é an díoltóir é ar an gcéad-díolachán nó ar an aon-díolachán.

(3) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais, an ráta a bheidh le híoc faoin alt seo ar gach céad-díolachán nó ar gach aondíolachán bradán agus modh an íoca agus, i gcás díolacháin inar ceannaitheoir lasmuigh den Stát an ceannaitheoir, na praghsanna is inchurtha i leith na ndíolachán sin, a fhorordú le rialacháin.

(b) Féadfar rátaí éagsúla tobhaigh faoin alt seo a fhorordú i gcóir tréimhsí éagsúla agus, i gcás díolacháin inar ceannaitheoir lasmuigh den Stát an ceannaitheoir, i gcóir aicmí éagsúla díolachán.

(c) Féadfar modhanna éagsúla measúnachta faoin alt seo a fhorordú i gcóir aicmí éagsúla díolachán i gcás nach ceannaitheoir lasmuigh den Stát an ceannaitheoir.

(d) Nuair a bheidh an tAire ag ullmhú rialacháin a bheidh le déanamh faoin alt seo d'fhorordú praghsanna is inchurtha i leith díolachán cuirfidh sé san áireamh na margadhphraghsanna a bheidh ar rith an tráth sin sa Stát ar chéad-díolacháin nó ar aon-díolacháin bradán.

(4) Íocfar isteach sa Chiste Caomhanta Bradán aon airgead a gheobhaidh an tAire faoi fho-alt (2) den alt seo.

(5) (a) Mura ndéarfaidh ordú faoin alt seo go sainráite gur le céad-díolacháin nó le haon-díolacháin bradán i limistéar Bhun an Phobail a bhaineann sé, ní fhorléireofar an t-ordú mar ordú a bhaineann amhlaidh.

(b) Maidir le hordú faoin alt seo ina bhfuil an fhoráil dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, féadfaidh sé, más cuí leis an Aire, foráil a bheith ann freisin do cheachtar ní nó don dá ní seo a leanas:

(i) go n-íocfar le duine forordaithe airgead is iníoctha ar scór tobhaigh faoin alt seo agus a bhaineann le céaddíolacháin nó le haon-díolacháin bradán i limistéar Bhun an Phobail,

(ii) go ndéanfar aon airgead den sórt sin, ar é a fháil go cuí, a dhiúscairt ar shlí fhorordaithe.

(c) I gcás ordú faoin alt seo a bhaineann le céad-díolacháin nó le haon-díolacháin bradán i limistéar Bhun an Phobail a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar forálacha an ailt seo agus beidh éifeacht leo, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, faoi réir cibé modhnuithe (más ann) is gá ag féachaint do théarmaí an ordaithe.

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal ar aon duine a bhfuil tobhach faoin alt seo iníoctha aige, nó ar aon duine is d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe—

(a) taifid a choimeád sa tslí fhorordaithe ar an meáchan bradán a láimhsíodh i gcúrsa a ghnó agus ina theannta sin—

(i) i gcás ar cheannaigh sé na bradáin sin, taifid ar an bpraghas a d'íoc sé orthu, agus

(ii) i gcás nár cheannaigh sé na bradáin sin amhlaidh, taifid ar an bpraghas a fuair sé orthu, agus

(iii) i gceachtar cás den sórt sin, cibé sonraí eile (más ann) a fhorordófar,

(b) cibé saoráidí a thabhairt chun na taifid sin a iniúchadh agus cibé tuairisceáin a fhorordófar a thabhairt don Aire nó do cibé duine eile a fhorordófar.

(7) I gcás—

(a) nach deimhin leis an Aire maidir le praghas a taifeadadh i ndáil le bradáin áirithe i gcomhlíonadh airbheartaithe rialacháin faoin alt seo nach é an praghas é a fuarthas ar chéad-díolachán nó ar aon-díolachán na mbradán, agus

(b) go gcreideann sé le réasún go bhféadfaí praghas is airde ná an praghas a taifeadadh amhlaidh a fháil ar an díol sin, féadfaidh sé an praghas is airde sin a chinneadh i scríbhinn,

agus i gcás a gcinnfear praghas is airde den sórt sin, ansin chun críocha an ailt seo measfar gurb é an praghas is airde a cinneadh amhlaidh an praghas a fuarthas ar chéad-díolachán nó ar aon-díolachán na mbradán lena mbaineann an cinneadh.

(8) Aon duine a sháróidh, le gníomh nó le faillí, aon rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(9) Gach suim is iníoctha ag duine i gcóir nó ar chuntas tobhaigh faoin alt seo is fiach conartha shimplí í a bheidh dlite den duine sin don duine lenarb iníoctha í faoin alt seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo agus beidh sí inghnóthaithe dá réir sin in aon chúirt dlínse inniúla.

(10) In aon imeachtaí dlí in aghaidh duine mar gheall ar aon airgead a éilítear a bheith dlite den duine i leith tobhach faoin alt seo, beidh deimhniú faoi shéala an Aire nó, i gcás ar i leith bradáin a díoladh i limistéar Bhun an Phobail atá an tobhach iníoctha, faoi láimh nó faoi shéala an duine a bheidh forordaithe ag an Aire de bhun fho-alt (5) (b) (i) den alt seo, á dheimhniú gur dhligh an duine tobhach de mhéid sonraithe a íoc faoin alt seo agus go bhfuil suim shonraithe dlite den duine agus gan íoc aige ar scór an tobhaigh, mar aon le deimhniú faoin láimh nó faoin séala sin á dheimhniú nach bhfuil an tsuim íoctha ag an duine, ina bhfianaise prima facie maidir leis an tobhach a bheith dlite agus maidir lena mhéid agus maidir leis an tsuim atá dlite den duine agus gan íoc aige ina leith.

(11) Is forálacha i dteannta, agus ní forálacha in ionad, fhorálacha alt 163 den Phríomh-Acht forálacha fho-alt (6) den alt seo.