Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

41 1979


Uimhir 41 de 1979


AN tACHT LEITHREASA, 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN 31ú LÁ DE NOLLAIG, 1977, AGUS DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [26 Nollaig, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

DEONTAS AS AN bPRÍOMH-CHISTE

£22,435 a eisiúint as an bPríomh-Chiste le haghaidh na bliana 1977.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim fiche is dhá mhíle, ceithre chéad tríocha is cúig phunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1977.

DEONTAIS A LEITHREASU

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £2,734,766,505, a leithreasú.

2. —(1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , agus a dheonaítear leis an Acht seo chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim dhá mhíle seacht gcéad tríocha is ceithre mhilliún, seacht gcéad seasca is sé mhíle, cúig chéad is cúig phunt agus atá comhdhéanta den tsuim fiche is dhá mhíle, ceithre chéad tríocha is cúig phunt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1977, agus suim dhá mhíle seacht gcéad tríocha is ceithre mhilliún, seacht gcéad daichead is ceithre mhíle is seachtó punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1979, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim dhá chéad tríocha is aon mhilliún, naoi gcéad is seachtó míle, cúig chéad is aon phunt déag a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1979 , a ghairm den Acht seo.