38 1979


Uimhir 38 de 1979


AN tACHT UM THÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ), 1979

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1973 GO 1977. [26 Nollaig, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973 .

Méadú ar mhéid na ráthaíochta ar iasachtaí do Chomharchumann an Bhord Bainne Teoranta.

2. —Ní dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta na cumhachtaí a thugtar dó le hailt 6(1) agus 6(2) den Phríomh-Acht a fheidhmiú i slí gur mó ná £90,000,000 méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi na hailt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, i dteannta méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag Comharchumann an Bhord Bainne Teoranta agus, dá réir sin, forléireofar alt 6(3) den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ann.

Ráthaíochtaí faoi alt 6 den Phríomh-Acht a fhadú.

3. —Rachaidh gach ráthaíocht faoi alt 6 den Phríomh-Acht in éag an 31ú la de Nollaig, 1983, mura gcúlghairfear nó mura múchfar roimhe sin í.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

4. —(1) Cuirtear, leis seo, na fo-ailt seo a leanas in ionad ailt 6(2) agus 6(5) den Phríomh-Acht:

“(2) Aon uair a ráthóidh an tAire iasacht faoin alt seo, féadfaidh sé ráthaíocht a thabhairt i cibé foirm agus slí agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chead óidh an tAire Airgeadais, go n-aisíocfaidh an Cumann go cuí príomhshuim na hiasachta nó go n-íocfar ús ar an iasacht, nó go ndéanfar an phríomhshuim sin a aisíoc agus an t-ús sin a íoc.

(5) Úsáidfidh an Cumann an t-airgead a gheobhaidh sé ar scór iasachta arna ráthú faoin alt seo d'aontoisc chun táirgí déiríochta a fháil, a iompar, a stóráil agus a chur faoi árachas i gcúrsa ‘a ghnáth-ghnó.”.

(2) Cuirtear, leis seo, an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fho-alt (11) d'alt 6 den Phríomh-Acht:

“(12) I ndáil le ráthaíocht faoin alt seo in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(a) measfar maidir le gach ceann de na tagairtí do phríomhshuim i bhfo-ailt (3) agus (7) gur tagairt í do choibhéis, in airgead reatha an Stáit, na príomhshuime iarbhír, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth na ráthaíochta a thabhairt;

(b) measfar maidir leis an tagairt d'airgead i bhfo-alt (9) gur tagairt í do chostas, in airgead reatha an Stáit, an airgid iarbhír a íocadh.”.

Aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo an tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1976 , agus an tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1977 .

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973 agus 1979, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973

1973, Uimh. 21

An tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1976

1973, Uimh. 19

An tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1977

1977, Uimh. 23