31 1979


Uimhir 31 de 1979


AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1978 . [5 Nollaig, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1978 .

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir cheadú an Aire, féadfaidh an Chorparáid airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a chruinniú nó a fháil ar iasacht ar aon mhodh is oiriúnach léi ach ní rachaidh an méid airgid a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht agus a bheidh gan íoc aon tráth áirithe thar £600,000,000.”.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) a fheidhmiú i slí gur mó ná £600,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i dteannta an méid (más aon mhéid é) príomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh íoctha ag an gCorparáid leis an Aire.”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1978 agus 1979, a ghairm díobh le chéile.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Cairde Talmhaíochta, 1978

1978, Uimh. 2