Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

27 1979


Uimhir 27 de 1979


ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA dTITHE, 1966 GO 1970, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE I nDÁIL LE TITHÍOCHT. [1 Lúnasa, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “cumann foirgníochta” cumann atá corpraithe faoin Acht Cumann Foirgníochta, 1976 ;

ciallaíonn “deimhniú um luach réasúnach” deimhniú arna dheonú faoi alt 18 den Acht seo;

folaíonn “teach” aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais agus aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta agus forléireofar “tithíocht” dá réir sin;

folaíonn “oibreacha feabhsúcháin”, i ndáil le teach, soláthar uisce príobháideach nó saoráidí séarachais príobháideacha a chur ar fáil agus a chur isteach sa teach agus aon oibreacha a dhéanfar ar an teach (chun é a leathnú, a mhéadú, a fheabhsú, a dheisiú nó a athrú) is gá le réasún, i dtuairim an Aire, chun an teach a dhéanamh níos oiriúnaí mar áit chónaithe do dhaoine, ach ní fholaíonn sé maisiú;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na dTithe, 1966 .

(2) Forléireofar tagairtí sa Phríomh-Acht, arna leasú, do dheontas, d'iasacht nó do ranníoc faoin Acht sin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí, faoi seach, do dheontas, d'iasacht nó d'fhóirdheontas faoin Acht seo.

Riarachán deontas tithe a chineachadh.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, a údarú d'údaráis tithíochta ainmnithe an fheidhm a chomhalladh thar a cheann arb éard í deontais a íoc de cheann amháin nó níos mó, de réir mar a shonrófar sna rialacháin, de na cineálacha deontas a chumhachtaítear don Aire a íoc faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo.

(2) Sula ndéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus le hAire na Seirbhíse Poiblí agus le húdarás tithíochta lena mbainfidh na rialacháin.

(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo cibé forálacha a bheith iontu a mheasfaidh an tAire is gá nó is fóirsteanach chun críocha an ailt, lena n-áirítear forálacha i ndáil leis an dliteanas costais riaracháin a íoc a thabhaigh údarás tithíochta faoin alt.

Deontais ón Aire le haghaidh caiteachais comhlachtaí áirithe.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith chaiteachais riaracháin agus chaiteachais ghinearálta comhlacht lena mbaineann an t-alt seo agus a bheidh ceadaithe ag an Aire chun críocha an ailt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le comhlacht a dhéanann ionadaíocht do chomhar-ghrúpaí nó do chomhlachais shaorálacha ar cuspóir dóibh tithe a sholáthar nó a thionscnaíonn foirmiú na ngrúpaí nó na gcomhlachas sin.

(3) Beidh deontas faoin alt seo faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire tráth an deontais a cheadú.

(4) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1979.

Deontais ón Aire chun tithe nua a sholáthar.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas le duine a sholáthróidh teach nua más rud é—

(a) i gcás an duine do cheannach an tí, nach ndearnadh conradh don cheannach roimh an 27ú lá de Bhealtaine, 1977, agus

(b) i gcás an duine do thógáil an tí, nach raibh an dúshraith críochnaithe roimh an 27ú lá de Bhealtaine, 1977.

(2) Féadfar, go háirithe, le rialacháin faoin alt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, socrú a dhéanamh i ndáil le gach ní nó le haon ní nó nithe díobh seo a leanas:

(a) méid deontais,

(b) achar urláir iomlán theach is ábhar do dheontas, arna thomhas i cibé slí a chinnfidh an tAire ó am go ham,

(c) ceanglas, i gcás teach a sholáthar lena dhíol de réir bhrí alt 18 den Acht seo, nach n-íocfar deontas i leith an tí mura ndeonófar deimhniú um luach réasúnach faoin alt sin i leith an díola sin agus go gcomhlíonfar na coinníollacha ar faoina réir a tugadh an deimhniú,

(d) áitiú an tí,

(e) ceanglas nach ndearna an duine a bhfuil an deontas á íoc leis ná céile an duine sin, go leithleach nó i bpáirt le chéile, teach eile a cheannach nó a thógáil roimhe sin lena áitiú aige féin nó acu féin,

(f) ceanglais i ndáil le himthosca airgeadais agus teaghlaigh an duine a bhfuil an deontas á íoc leis, agus

(g) ceanglais i ndáil le haon deontas nó fóirdheontas eile a íoc i leith an tí faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo).

(3) Ní íocfar deontas faoin alt seo mura gcomhlíonfaidh an teach is ábhar don deontas cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire ó am go ham chun críocha an ailt seo i ndáil le caighdeáin fhoirgníochta tithe agus an soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile iontu.

(4) I gcás tine, pléascadh nó foiche Dé do dhéanamh damáiste do theach agus gur réasúnaí, i dtuairim an Aire, d'úinéir an tí teach nua a sholáthar ná na hoibreacha feabhsúcháin ba ghá ar an teach chéadluaite a dhéanamh agus go mba ábhar cruatain mhíchuí don úinéir nó dá bhanchéile é dá ndiúltódh an tAire deontas a íoc faoin alt seo chun teach nua a sholáthar, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'ainneoin nár comhlíonadh ceanglas de chuid rialacháin faoin alt seo i ndáil le nithe a shonraítear i bhfo-alt (2) (e) den alt seo, deontas faoin alt seo a íoc i leith an tsoláthair sin dá mbeadh deontas iníoctha amhlaidh ar dhóigh eile.

Deontais ón Aire chun tithe a fheabhsú.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le duine (lena n-áirítear údarás tithíochta) a dhéanfaidh oibreacha feabhsúcháin ar theach.

(2) Féadfar, go háirithe, le rialacháin faoin alt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, socrú a dhéanamh i ndáil le gach ní nó le haon ní nó nithe díobh seo a leanas:

(a) méid deontais,

(b) ceanglais i ndáil le hoiriúnacht an tí áirithe le haghaidh feabhsúcháin,

(c) áitiú an tí,

(d) ceanglais i ndáil le cineál agus cuspóir na n-oibreacha feabhsúcháin,

(e) ceanglais in ndáil le himthosca airgeadais agus teaghlaigh an duine a bhfuil an deontas á íoc leis, agus

(f) ceanglais i ndáil le haon deontas nó fóirdheontas eile a íoc i leith an tí faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo).

(3) Ní íocfar deontas faoin alt seo mura gcomhlíonfaidh an teach is ábhar don deontas, ar na hoibreacha áirithe a bheith críochnaithe, cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire ó am go ham chun críocha an ailt seo i ndáil le caighdeáin fhoirgníochta tithe agus an soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile iontu.

Deontais agus cabhair eile ó údaráis tithíochta chun tithe nua a sholáthar agus chun tithe a fheabhsú.

6. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a íoc le duine a sholáthróidh teach nua nó a dhéanfaidh oibreacha feabhsúcháin ar theach.

(2) Féadfaidh údarás tithíochta, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, cúnamh comhchineáil (i modh ábhair thógála nó saothair nó aon chúnaimh eile) a thabhairt do dhuine i leith oibreacha feabhsúcháin a bheidh á ndéanamh ag an duine.

(3) Féadfar, go háirithe, le rialacháin faoin alt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, socrú a dhéanamh i ndáil le gach ní nó le haon ní nó nithe dá dtagraítear in ailt 4 (2) agus 5 (2) den Acht seo.

(4) Ní dhéanfar, gan toiliú an Aire, rialacháin faoin alt seo, a mhéid a bhaineann siad le deontas a íocfaidh údarás tithíochta i leith teach ar íoc Aire na Gaeltachta deontas ina leith roimhe sin.

(5) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, ranníoc a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i leith aon chaiteachas a thabhóidh an t-údarás tithíochta faoin alt seo.

(6) Ní íocfaidh údarás tithíochta deontas ná ní thabharfaidh sé aon chabhair eile, faoin alt seo, mura gcomhlíonfaidh an teach nó na hoibreacha is ábhar don deontas nó don chabhair, ar bheith críochnaithe dó nó dóibh, cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire ó am go ham chun críocha an ailt seo i ndáil le caighdeáin fhoirgníochta tithe agus an soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile iontu.

(7) Féadfaidh údarás tithíochta cibé coinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur i ndáil le deontas a íoc nó cabhair eile a thabhairt faoin alt seo.

(8) Bainfidh alt 38 den Phríomh-Acht (trínar féidir deontais áirithe a íoc d'ainneoin nár comhlíonadh forálacha a rinneadh de réir nó faoi réim reachtaíochta) le deontas nó le haon chúnamh ó údarás tithíochta faoin alt seo mar a bhaineann sé le deontas dá dtagraítear san alt sin.

Deontais ón Aire le haghaidh tithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine eile.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le comhlacht a bheidh ceadaithe ag an Aire, a sholáthróidh (trí thógáil, ceannach, oibreacha feabhsúcháin nó comhshó) teach amháin nó níos mó mar chóiríocht do dhaoine scothaosta, nó mar chóiríocht, chun bheith ina maighne, do dhuine a sholáthraíonn seirbhísí leasa nó airígh do dhaoine scothaosta den sórt sin.

(2) Féadfar, go háirithe, le rialacháin faoin alt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, socrú a dhéanamh i ndáil le gach ní nó le haon ní nó nithe dá dtagraítear in ailt 4 (2) agus 5 (2) den Acht seo.

(3) Ní íocfar deontas faoin alt seo mura gcomhlíonfaidh an teach nó na hoibreacha is ábhar don deontas, ar bheith críochnaithe dó nó dóibh, cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire ó am go ham chun críocha an ailt seo i ndáil le caighdeáin fhoirgníochta tithe agus an soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile iontu.

Iasachtaí ó údaráis tithíochta chun tithe a fheabhsú.

8. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, iasacht a thabhairt do dhuine a dhéanfaidh oibreacha feabhsúcháin ar theach.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, déanfar aisíoc iasachta faoin alt seo i leith tí a urrú—

(a) le hionstraim ag dílsiú úinéireacht an tí don údarás tithíochta faoi réir ceart fuascailte a bheith ag an iasachtaí,

(b) tríd an teach a mhuirearú faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , le haisíoc na hiasachta (mar aon leis an ús is iníoctha uirthi),

(c) tríd an deimhniú talún a eisíodh faoin Acht sin i ndáil leis an teach a thaisceadh leis an údarás tithíochta, nó

(d) i gcás ina mbeidh an úinéireacht sin dílsithe cheana féin do dhuine seachas an t-iasachtaí faoi réir ceart fuascailte a bheith ag an iasachtaí, trí ionstraim mhuirir bhreise ag muirearú aisíoc na hiasachta (mar aon leis an ús is iníoctha uirthi) faoin alt seo ar an teach agus ag cur an chirt fhuascailte sin freisin faoi réir aisíoc na hiasachta (mar aon leis an ús is iníoctha uirthi) faoin alt seo.

(3) Mura mó iasacht atá le tabhairt faoin alt seo ná cibé méid a fhorordófar ó am go ham chun críocha an fho-ailt seo, féadfaidh an luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo a iarraidh.

(4) Féadfar, go háirithe, le rialacháin faoin alt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, socrú a dhéanamh i ndáil le gach ní nó le haon ní nó nithe díobh seo a leanas:

(a) méid iasachta,

(b) ceanglais i ndáil le hoiriúnacht an tí áirithe lena fheabhsú,

(c) áitiú an tí,

(d) ceanglais i ndáil le cineál agus cuspóir na n-oibreacha feabhsúcháin, agus

(e) ceanglais i ndáil le himthosca airgeadais agus teaghlaigh an duine a bhfuil an iasacht á tabhairt dó.

(5) Ní thabharfar iasacht faoin alt seo mura gcomhlíonfaidh an teach is ábhar don iasacht, ar na hoibreacha áirithe a bheith críochnaithe, cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire ó am go ham chun críocha an ailt seo i ndáil le caighdeáin fhoirgníochta tithe agus an soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile iontu.

(6) Aon suim a bheidh dlite do údarás tithíochta ó aon duine i leith iasacht a tugadh faoin alt seo féadfaidh an t-údarás, gan dochar d'aon chumhacht eile chuige sin, í a ghnóthú ón duine sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(7) San alt seo, ciallaíonn “úinéireacht” an leas sin nó an cónasc leasanna sin i dteach a thugann gur leas feo simplí i seilbh é nó gur leas léasach (lena n-áirítear deontas feofheirme) i seilbh é ar feadh an méid sin blianta a bheidh gan chaitheamh ar an dáta a ndéanfaidh an t-údarás tithíochta an iasacht faoin alt seo i leith an tí a údarú agus is comhionann leis an téarma nó is mó ná an téarma a shocrófar chun an iasacht a aisíoc.

Fóirdheontais ón Aire d'údaráis tithíochta chun láithreáin do thithe príobháideacha a sholáthar.

9. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, fóirdheontas ina mbeidh cibé méid a chinnfidh sé a íoc le húdarás tithíochta, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i leith na muirear iasachtaí bliantúil a thabhaigh an t-údarás ag soláthar láithreáin chun teach a thógáil (seachas ag údarás tithíochta nó d'údarás tithíochta).

Fóirdheontais ón Aire le haghaidh tithe a sholáthraigh údaráis tithíochta lena ligean.

10. —(1) (a) Féadfaidh an tAire, i leith na tréimhse dar thosach an 1ú lá d'Aibreán, 1973, agus dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1976, le toiliú an Aire Airgeadais, fóirdheontas ina mbeidh cibé méid a chinnfidh sé a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith an chaiteachais a thabhaigh údarás tithíochta—

(i) maidir le hairgead a fuair an t-údarás ar iasacht chun teach a sholáthar lena ligean is teach nár íocadh deontas ina leith faoi alt 15 den Phríomh-Acht, agus

(ii) maidir le cothabháil, bainistí agus feabhsú tí den sórt sin.

(b) Beidh fóirdheontas faoin bhfo-alt seo faoi réir cibé coinníollacha, más ann, a shonróidh an tAire agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh go mbeidh ar áireamh na gcionníollacha coinníollacha i ndáil le cíos, ceannach an tí áirithe, caighdeáin fhoirgníochta, ranníocaí ón údarás tithíochta áirithe i leith an chaiteachais a bheidh i gceist agus i leith an chaiteachais ar chothabháil, bainistí agus feabhsú an tí áirithe.

(2) Féadfaidh an tAire, maidir leis an mbliain airgeadais 1977 agus blianta airgeadais dá éis sin, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, fóirdheontas a íoc le húdarás tithíochta, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, nach mó ná méid is ionann agus méid na muirear iasachtaí bliantúil a thabhaigh an t-údarás—

(a) maidir le teach a sholáthar lena ligean agus le fo-oibreacha i ndáil leis an teach sin,

(b) maidir le talamh a fháil chun an t-údarás do sholáthar tithe lena ligean ag an údarás, agus

(c) maidir le hoibreacha a rinneadh i ndáil le tithe críochnaithe a soláthraíodh faoi alt 56 den Phríomh-Acht, agus ar oibreacha iad, ag féachaint do na himthosca eisceachtúla a thug gur ghá iad, a cheadaigh an tAire an 31ú lá de Nollaig, 1977, nó roimh an lá sin.

(3) Féadfar, go háirithe, le rialacháin faoin alt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, socrú a dhéanamh i ndáil le gach ní nó le haon ní nó nithe díobh seo a leanas:

(a) cíos an tí áirithe,

(b) ceannach an tí agus an t-údarás tithíochta d'úsáid fáltas an cheannaigh sin,

(c) ranníocaí ón údarás tithíochta i leith an chaiteachais áirithe,

(d) caiteachas ar chothabháil, bainistí agus feabhsú an tí, agus

(e) ceanglais i ndáil le haon deontas nó fóirdheontas eile a íoc i leith an tí faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo).

(4) Ní íocfar fóirdheontas faoin alt seo mura gcomhlíonfaidh an teach nó na hoibreacha is ábhar don fhóirdheontas, ar bheith críochnaithe dó nó dóibh, cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire ó am go ham chun críocha an ailt seo i ndáil le caighdeáin fhoirgníochta tithe agus oibreacha agus an soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile i dtithe.

(5) Féadfar, le toiliú an Aire Airgeadais, fóirdheontas faoi fho-alt (2) den alt seo a thabhairt don údarás tithíochta áirithe nó don duine a thug an iasacht ar tabhaíodh na táillí iasachta áirithe ina leith.

(6) Féadfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, le toiliú an Aire Airgeadais, airgead a dhíscríobh is iníoctha leis na Coimisinéirí ag údaráis tithíochta i leith iasachtaí a thug na Coimisinéirí do na húdaráis chun tithe a sholáthar.

Fóirdheontais ón Aire agus ó údaráis tithíochta chun tithe a cheannach nó a fhoirgniú

11. —(1) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, fóirdheontas a íoc le húdarás tithíochta as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i gcás an t-údarás—

(i) do thabhairt iasacht faoi alt 39 den Phríomh-Acht, nó

(ii) do dhíol tí faoi alt 90 den Phríomh-Acht le duine nach é tionónta an tí é i gcás an t-airgead ceannaigh a bheith iníoctha i dtráthchodanna.

(b) I gcás an tAire d'íoc fóirdheontais faoin bhfo-alt seo le húdarás tithíochta, déanfaidh an t-údarás méid aisíocaíochtaí na hiasachta áirithe nó tráthchodanna iomchuí an airgid cheannaigh áirithe, cibé acu é, a laghdú méideanna arb ionann a n-iomlán agus méid an fhóirdheontais.

(2) (a) I gcás údarás tithíochta—

(i) do thabhairt iasacht faoi alt 39 den Phríomh-Acht, nó

(ii) do dhíol tí faoi alt 90 den Phríomh-Acht le duine nach é tionónta an tí é agus go mbeidh an t-airgead ceannaigh iníoctha i dtráthchodanna,

féadfaidh an t-údarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, fóirdheontas forlíontach nach mó ná méid fóirdheontais faoi fho-alt (1) den alt seo a íoc leis an duine a dtabharfar an deontas dó nó a ndíolfar an teach leis, cibé acu é, i leith an chaiteachais a thabhaigh sé i ndáil leis an idirbheart lena mbaineann an iasacht nó an díol.

(b) Íocfar fóirdheontas faoin bhfo-alt seo trí aisíocaíochtaí iomchuí na hiasachta áirithe nó tráthchodanna iomchuí an airgid cheannaigh áirithe, cibé acu é, a laghdú méideanna arb ionann a n-iomlán agus méid an fhóirdheontais.

(3) Féadfar, go háirithe, le rialacháin faoin alt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, socrú a dhéanamh i ndáil le gach ní nó le haon ní nó nithe díobh seo a leanas:

(a) méid fóirdheontais faoi fho-alt (1) den alt seo,

(b) toirmeasc a chur le híoc fóirdheontais faoin alt seo le duine a ndearnadh fóirdheontas faoin alt seo a íoc roimhe sin leis féin nó lena chéile,

(c) ceanglas á chur faoi deara—

(i) ar theach a dhíol ag duine ar tugadh iasacht dó nó a ndearnadh díol leis i leith an tí sin is iasacht nó díol a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo,

(ii) ar theach dá dtagraítear san alt seo a léasú, a ligean nó a aistriú chuig duine seachas céile, tuismitheoir, mac nó iníon duine den sórt sin mar a dúradh, nó

(iii) ar iasacht faoi alt 39 den Phríomh-Acht a fhuascailt nó ar an airgead ceannaigh, i ndáil le díol faoi alt 90 den Phríomh-Acht, a íoc,

laistigh de thréimhse shonraithe tar éis fóirdheontas faoin alt seo a íoc i ndáil leis an iasacht nó leis an díol áirithe, cibé acu é, go n-íocfaidh an duine leis an údarás tithíochta suim shonraithe nach mó ná méid an fhóirdheontais nó na bhfóirdheontas, agus go n-íocfaidh an t-údarás leis an Aire suim shonraithe nach mó ná méid an fhóirdheontais a íocadh faoi fho-alt (1) den alt seo.

Fóirdheontais ón Aire i leith iasachtaí áirithe arna ráthú ag údaráis tithíochta.

12. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, fóirdheontas a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le cumann foirgníochta i leith ús is iníoctha d'aon tréimhse dar tosach an 1ú lá de Mheitheamh, 1977, nó aon lá dá éis, ar iasacht a thug nó a thabharfaidh an cumann chun teach a sholáthar agus a bhí nó atá ráthaithe ag údarás tithíochta faoi alt 42 den Phríomh-Acht.

Dualgas ar údaráis tithíochta in imthosca áirithe tithe a chur i ndeisriocht déanmhais.

13. —(1) I gcás a mbeartóidh údarás tithíochta ordú dílseacháin a dhéanamh faoi alt 17 d'Acht na Sclábhaithe, 1936 , nó ordú aistriúcháin a dhéanamh faoi alt 90 den Phríomh-Acht ag dílsiú tí do thionónta an tí sin i bhfeo simplí agus nach mbeidh an teach i ndeisriocht déanmhais, déanfaidh an t-údarás, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, sula ndéanfaidh sé an t-ordú, cibé oibreacha a dhéanamh is gá chun an teach a chur i ndeisriocht déanmhais.

(2) I gcás a mbeartóidh údarás tithíochta ordú a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo a dhéanamh agus nach mbeidh an teach áirithe i ndeisriocht déanmhais, féadfaidh an t-údarás an t-ordú a dhéanamh gan cibé oibreacha is gá a dhéanamh chun an teach a chur i ndeisriocht déanmhais má bhíonn comhaontú i scríbhinn déanta ag an údarás agus ag tionónta an tí—

(a) go ndéanfaidh an tionónta, nó go gcuirfidh sé faoi deara go ndéanfar, laistigh d'am sonraithe tar éis an t-ordú a dhéanamh, oibreacha sonraithe i ndáil leis an teach, ar oibreacha iad is gá, i dtuairim an údaráis agus an tionónta, chun an teach a chur i ndeisriocht déanmhais,

(b) go n-íocfaidh an t-údarás leis an tionónta suim shonraithe nach mó ná an méid a measfaidh an t-údarás gurb é costas na n-oibreacha sonraithe é, ar na hoibreacha a bheith críochnaithe chun sástacht an údaráis laistigh den am sonraithe nó de cibé am breise, más ann, a cheadóidh an t-údarás,

(c) go dtabharfaidh an t-údarás, ar bheith sásta dóibh gur críochnaíodh na hoibreacha sonraithe go cuí, deimhniú don tionónta á rá go bhfuil siad sásta amhlaidh,

(d) má mhainníonn an tionónta na hoibreacha sonraithe a chríochnú chun sástacht an údaráis laistigh den am sonraithe, nó de cibé am breise, más ann, a cheadóidh an t-údarás, go ndéanfaidh an t-údarás na hoibreacha nó cibé cuid díobh nach mbeidh déanta agus go mbainfidh siad as an tsuim a bheadh, mura mbeadh sin, le híoc acu leis an tionónta de bhun mhír (b) den fho-alt seo costais réasúnacha aon oibreacha den sórt sin a rinne siad,

(e) go bhféadfaidh an tionónta, tráth nach luaithe ná tosach feidhme an chomhaontaithe agus nach déanaí ná deireadh na tréimhse 21 lá dar tosach an lá a thabharfaidh an t-údarás íocaíocht don tionónta faoin alt seo, agus faoi réir fho-alt (8) den alt seo, a iarraidh ar an Aire cinneadh a dhéanamh i ndáil le haon amhras, díospóid nó ceist i dtaobh téarmaí an chomhaontaithe a bheith comhlíonta ag an údarás, agus déanfaidh an tAire an t-amhras, an díospóid nó an cheist a chinneadh, agus

(f) go gcomhlíonfaidh an t-údarás cibé ordacháin, más ann, a shonróidh an tAire i gcinneadh faoi mhír (e) den fho-alt seo i ndáil le téarmaí an chomhaontaithe a bheith comhlíonta ag an údarás.

(3) Má bhíonn comhaontú faoi fho-alt (2) den alt seo déanta ag údarás tithíochta i ndáil le teach, ní dhéanfaidh an t-údarás, gan dochar d'aon chumhacht eile toiliú a choimeád siar, i gcás nach féidir an teach a choimhthiú gan toiliú an údaráis, a dtoiliú a thabhairt leis an teach a choimhthiú mura mbeidh deimhniú mar a thuairiscítear i mír (c) den fho-alt sin tugtha acu i ndáil leis an teach nó mura mbeidh cinnte ag an Aire, i bhfeidhmiú a chumhachta faoi mhír (e) den fho-alt sin, go bhfuil na hoibreacha sonraithe críochnaithe go cuí.

(4) Ní íocfar deontas faoi alt 5 nó 6 den Acht seo chun oibreacha a shonraítear i gcomhaontú faoi fho-alt (2) den alt seo a dhéanamh.

(5) I gcás údarás tithíochta do dhéanamh ordú den sórt a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo, tabharfaidh siad, a luaithe is féidir tar éis an t-ordú a dhéanamh, fógra don cheannaitheoir áirithe á rá go ndearnadh an t-ordú agus, i gcás comhaontú faoi fho-alt (2) den alt seo gan a bheith déanta, tabharfar sonraí san fhógra sin i dtaobh cearta an cheannaitheora faoi fho-alt (6) den alt seo.

(6) I gcás údarás tithíochta do dhéanamh ordú den sórt a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo, agus nach mbeidh comhaontú déanta ag an údarás agus ag an gceannaitheoir áirithe faoi fho-alt (2) den alt seo i ndáil leis an teach áirithe, féadfaidh an ceannaitheoir, tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse 21 lá dar tosach an lá a tugadh fógra dó faoi fho-alt (5) den alt seo á rá go ndearnadh an t-ordú, a iarraidh ar an Aire cinneadh a dhéanamh i ndáil le haon amhras, díospóid nó ceist i dtaobh an teach a bheith nó gan a bheith i ndeisriocht déanmhais agus cinnfidh an tAire an t-amhras, an díospóid nó an cheist.

(7) Má chinneann an tAire faoi fho-alt (6) den alt seo nach bhfuil teach i ndeisriocht déanmhais, sonróidh sé na hoibreacha a mheasfaidh sé is gá leis an teach a chur i ndeisriocht déanmhais, agus déanfaidh an t-údarás tithíochta na hoibreacha a shonrófar amhlaidh agus ní mheasfar gur cosc ar na hoibreacha a dhéanamh ordú den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a bheith déanta i ndáil leis an teach ná téarmaí an ordaithe.

(8) Beidh táille ina mbeidh cibé méid a fhorordófar ó am go ham chun críocha an ailt seo ag gabháil le hiarratas faoi fho-alt (2) nó (6) den alt seo ag lorg cinneadh ón Aire.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

14. —Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht maidir le rialacháin a dhéanfar tar éis tosach feidhme an ailt seo tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(4) Féadfaidh rialacháin faoin Acht seo é a bheith sainráite iontu go bhfuil feidhm acu go ginearálta nó maidir le limistéir shonraithe nó le limistéir, tithe, iasachtaí, daoine, oibreacha nó nithe eile d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe agus féadfaidh forálacha éagsúla de chuid rialacháin den sórt sin é a bheith sainráite iontu go bhfuil feidhm acu i ndáil le limistéir éagsúla nó le haicmí éagsúla limistéar, tithe, iasachtaí, daoine, oibreacha nó nithe eile.”.

Leasú ar alt 33 den Phríomh-Acht.

15. —(1) Más rud é, maidir le teach nua—

(a) (i) gur thug nó go dtabharfaidh an tAire deimhniú an 1ú d'Eanáir, 1976, nó aon lá dá éis, á rá nár mhó an chomaoin i leith díol an tí ná an méid is dóigh leis an Aire gur luach réasúnach é chun críocha alt 35 (2) (a) (ii) den Phríomh-Acht, nó d'eile

(ii) gur thug nó go dtabharfaidh an tAire deimhniú ar an dáta sin nó dá éis ag ligean thar ceal ceanglas de chuid an Aire a deir nach foláir deimhniú den sórt dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír seo a bheith ann i ndáil leis an teach,

agus

(b) gur thug nó go dtabharfaidh an tAire deimhniú á rá go raibh nó go bhfuil an teach críochnaithe go sásúil,

beidh feidhm, agus measfar go raibh feidhm riamh, ag alt 33 (1) den Phríomh-Acht i ndáil le luacháil athscrúdaithe an tionóntáin arb éard é nó ar cuid de an teach d'ainneoin nár íocadh deontas dá dtagraítear san alt sin i leith an tí.

(2) I gcás ar íocadh nó a n-íocfar deontas faoi alt 6 den Acht seo i leith oibreacha feabhsúcháin ar theach mar chóiríocht do dhuine atá faoi mhíchumas coirp nó faoi mhór-éislinn meabhrach, beidh feidhm, agus measfar go raibh feidhm riamh, ag alt 33 (4) den Phríomh-Acht i ndáil le luacháil an tionóntáin arb éard é nó ar cuid de an teach.

Leasú ar alt 60 den Phríomh-Acht.

16. —Leasaítear leis seo alt 60 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Féadfaidh scéim faoin alt seo a shonrú—

(a) go dtabharfar tosaíochtaí áirithe d'aicmí áirithe daoine nuair a bheidh teaghaisí áirithe á ligean;

(b) d'fonn a chinneadh cén t-ord tosaíochta a bheidh le leanúint le linn teaghaisí a bheith á ligean chun daoine de réir na scéime, go bhfaighidh an t-údarás tithíochta tuarascáil ó dhochtúir oifigiúil sláinte an bhord sláinte a bunaíodh faoin Acht Sláinte, 1970 , ar ina limistéar feidhme atá limistéar feidhme an údaráis tithíochta, agus go mbeidh aird acu ar an tuarascáil sin—

(i) nuair a bheidh gach uile ligean den sórt sin á dhéanamh, nó

(ii) nuair a bheidh gach uile ligean den sórt sin á dhéanamh a n-éilítear, i ndáil lena dhéanamh, tosaíocht ar fhoras arb éard é, nó ar a n-áirítear, foras liachta.”.

Leasú ar alt 90 den Phríomh-Acht.

17. —(1) Féadfaidh an tAire—

(a) ordachán a thabhairt d'údarás tithíochta teach de chuid an údaráis de cibé aicme a shonrófar san ordachán a thairiscint chun a dhíola faoi alt 90 den Phríomh-Acht,

(b) ordachán a thabhairt d'údarás tithíochta gan teach de chuid an údaráis de cibé aicme a shonrófar san ordachán a dhíol,

(c) ordachán faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(2) Beidh feidhm, agus measfar go raibh feidhm riamh, ag alt 90 den Phríomh-Acht maidir le foirgneamh arb éard é teach agus siopa, mar aon le haon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta.

Deimhnithe um luach réasúnach.

18. —(1) (a) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tAire, ar iarratas i scríbhinn ó dhuine is dóigh leis an Aire a bheith ag soláthar tí nua chun a dhíola, ach an duine do chomhlíonadh forálacha an ailt seo, deimhniú (ar a dtabharfar deimhniú um luach réasúnach agus dá ngairtear “deimhniú” san alt seo) a dheonú don duine i leith díol an tí á rá gur dóigh leis an Aire tráth an deimhnithe a dheonú agus ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil ag an Aire an tráth sin gur luach réasúnach ar an teach an méid a bheidh sonraithe sa deimhniú agus sonrófar ann cibé nithe eile, más ann, is iomchuí leis an Aire.

(b) Féadfaidh an tAire, ar iarratas i scríbhinn ó dhuine i ndáil le teach nua, más dóigh leis an Aire nach bhfuil an teach á sholáthar lena dhíol, deimhniú (ar a dtabharfar deimhniú díolúine) a dheonú don duine sin á rá gur dóigh sin leis an Aire.

(c) Beidh táille ina mbeidh cibé méid a fhorordófar ó am go ham chun críocha an fho-ailt seo ag gabháil le hiarratas faoin bhfo-alt seo.

(2)  (a) Féadfaidh rialacháin chun críocha an fho-ailt seo na hiasachtaí lena mbaineann an fo-alt seo a shonrú, agus féadfaidh an sonrú baint le gach uile iasacht nó le hiasachtaí nach mó ná méid sonraithe nó le hiasachtaí nach lú ná méid sonraithe nó le hiasachtaí nach mó ná méid sonraithe agus nach lú ná méid sonraithe eile.

(b) Má bhíonn, agus aon uair a bheidh, rialacháin chun críocha an fho-ailt seo lena sonrófar na hiasachtaí lena mbaineann an fo-alt seo i bhfeidhm, ní thabharfaidh cuideachta árachais, banc, cumann foirgníochta ná eagraíocht thionscail nó thráchtála eile ná údarás tithíochta (dá ngairtear “an t-iasachtóir” anseo feasta) iasacht a shonrófar amhlaidh i leith tí nua mura dtabharfaidh an duine a d'iarr an iasacht deimhniú i leith díol an tí, nó deimhniú díolúine i leith an tí, don iasachtóir, agus mura gcomhlíonfar forálacha aon rialacháin chun críche an fho-ailt seo.

(c) Duine a sháróidh mír (b) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Ní dheonóidh an tAire deimhniú i leith díol tí—

(a) más mó méid chomaoin an díola (dá ngairtear “an praghas” dá éis seo san alt seo) ná an méid is mó ar luach réasúnach é, i dtuairim an Aire, ar an teach, nó

(b) más mó an praghas ná méid a bheidh forordaithe de thuras na huaire faoi fho-alt (9) (g) den alt seo, nó

(c) má bhíonn an díol críochnaithe roimh an dáta a gheobhaidh an tAire iarratas ar an deimhniú, nó

(d) más mó méid chostas nó luach láithreán an tí a áirítear sa phraghas ná méid a bheidh forordaithe de thuras na huaire faoi fho-alt (9) (h) den alt seo.

(4)  (a) Féadfaidh an tAire diúltú deimhniú a dheonú in aon chás ar mó méid chostas nó luach láithreán tí a áirítear sa phraghas ná an méid ar luach réasúnach é, i dtuairim an Aire, ar an láithreán.

(b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire, ar iarratas i scríbhinn ó dhíoltóir nó ó cheannaitheoir láithreán tí, a thabhairt le fios i scríbhinn, roimh iarratas ar dheimhniú a fháil, an dóigh nó nach dóigh leis an Aire gur luach réasúnach méid áirithe a bheartaítear a bheith ar áireamh sa phraghas mar chostas nó mar luach ar an láithreán.

(5)  (a) I gcás a gcinnfidh an tAire faoi fho-alt (3) (a) nó (4) (a) den alt seo gan deimhniú a dheonú, cuirfidh sé a chinneadh in iúl i scríbhinn don duine a d'iarr an deonú sin agus féadfaidh an duine sin, laistigh de thréimhse 21 lá dar tosach an dáta a chuirfear an cinneadh in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda in aghaidh an chinnidh agus féadfaidh an Chúirt sin, ar an achomharc a éisteacht, de réir mar is cuí léi, an cinneadh a dhaingniú nó a ordú don Aire an deimhniú a dheonú.

(b) Tabharfar fógra i dtaobh achomharc faoin alt seo don Aire agus beidh oifigeach don Aire i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil nuair a bheidh an t-achomharc á éisteacht.

(c) Ní bheidh aon ábhar achomhairc in aghaidh cinneadh ón gCúirt Chuarda ar achomharc a dhéanamh faoin bhfo-alt seo.

(6) Féadfaidh an tAire, ar iarratas i scríbhinn ó dhuine dar deonaíodh deimhniú faoi fho-alt (1) (a) den alt seo, nó ó aon duine eile ar dóigh leis an Aire, tráth an iarratais a dhéanamh, go bhfuil teach dá dtagraítear i ndeimhniú á sholáthar aige, an deimhniú a chúlghairm agus deimhniú eile a dheonú i dtéarmaí atá éagsúil leis an deimhniú céadluaite i leith an díola lenar bhain an deimhniú céadluaite.

(7) (a) Mar thaca le hiarratas chun an Aire á iarraidh air deimhniú nó deimhniú díolúine a dheonú tabharfar cibé faisnéis a éileoidh an tAire chun críocha a fheidhmeanna faoin alt seo i ndáil leis an deonú.

(b) Duine a thabharfaidh don Aire faoin alt seo faisnéis atá bréagach nó míthreorach beidh sé ciontach i gcion.

(8) (a) Beidh de dhualgas ar dhuine a ndeonófar deimhniú dó i leith díol tí a áirithiú nach ísle na caighdeáin, ná nach lú luach na gcaighdeán, i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) dearadh, sonraíocht, foirgniú agus bailchríoch an tí,

(ii) cineál agus cáilíocht na n-ábhar a úsáideadh ag foirgniú an tí agus ag cur bailchríoch air,

(iii) achar urláir iomlán an tí, arna dtomhas ar cibé slí a chinnfidh an tAire ó am go ham,

(iv) cibé daingneáin, feistis nó nithe eile a áirítear leis an teach sa díol, a ndearadh, a monarú agus a mbailchríoch agus a gcineál agus a gcáilíocht, agus

(v) feistiú nó suiteáil na ndaingneán, na bhfeisteas agus na nithe réamhráite,

ná na caighdeáin a bheidh sonraithe, go sainráite nó trína dtabhairt le tuiscint, ag an duine don Aire faoi fho-alt (7) den alt seo.

(b) Beidh de dhualgas ar dhuine a ndeonófar deimhniú dó i leith díol tí, agus ar cheannaitheoir an tí le linn an díola sin, a áirithiú nach mó an praghas a ghearrfar nó a íocfar i leith an díola, cibé acu é, ná an méid a bheidh sonraithe sa deimhniú, agus an méid sin a athrú, más iomchuí, chun go gcuirfear san áireamh an costas breise, nó an choigilt, is réasúnach, a thiocfaidh as aon athrú—

(i) ar na caighdeáin dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo nó i ndáil leis na nithe dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) go (v) den mhír sin, nó

(ii) má luaitear sa deimhniú go bhfuil an praghas réamhráite faoi réir athrú, ar chostas an teach agus aon daingneáin, feistis nó nithe eile a áireofar i ndíol an tí a sholáthar.

(c) Duine a sháróidh mír (a) nó (b) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(9) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh i ndáil le gach ní nó le haon ní nó nithe díobh seo a leanas:

(a) ceanglais i ndáil le hiarratas chun an Aire ar dheimhniú nó ar dheimhniú díolúine nach foláir don duine a rinne an t-iarratas a chomhlíonadh,

(b) coinníollacha a mbeidh deonú deimhnithe faoina réir,

(c) ceanglais i dtaobh achar urláir iomlán theach lena mbaineann deimhniú,

(d) coinníollacha nó clásail i gconradh chun teach a dhíol a mbaineann deimhniú leis ag déanamh socrú don athrú ar an bpraghas i gcóir an díola,

(e) ceanglais i ndáil le hábhar fógraí agus a dtaisealbhadh le hais nó i gcóngar tithe nó láithreáin mar a bhfuil tithe á soláthar nó le soláthar, ar tithe nó tithe beartaithe iad lena mbaineann deimhnithe,

(f) ceanglais i ndáil le hiniúchadh tithe agus láithreán ag oifigigh don Aire,

(g) an méid arb é an praghas is mó é a fhéadfaidh an tAire a shonrú i ndeimhniú, agus

(h) an méid arb é an méid is mó é a fhéadfaidh an tAire a ríomh i leith chostas nó luach láithreán tí le linn iarratas ar dheimhniú a bheith á chinneadh.

(10)  (a) Gan dochar d'aon phionóis a fhéadfar a ghearradh faoin alt seo, féadfaidh an tAire, dá rogha féin, in aon chás ar deimhin leis gur thug duine dar deonaíodh deimhniú fais néis faoi fho-alt (7) (a) den alt seo atá bréagach nó míthreorach nó gur sháraigh sé mír (a) nó (b) d'fho-alt (8) den alt seo, nó coinníoll ar deonaíodh an deimhniú faoina réir, ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon a dhéanamh, is é sin le rá:

(i) an deimhniú ar tharla an sárú ina leith a chúlghairm,

(ii) diúltú deimhniú a dheonú go ceann cibé tréimhse is iomchuí leis (ach nach faide ná cúig bliana ón dáta a tugadh fógra don duine faoi mhír (b) den fho-alt seo) don duine nó do dhuine a bhfuil baint aige leis (déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh, chun críocha an fho-ailt seo, de réir alt 96 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , fara an modhnú go bhforléireofar tagairtí san alt sin 96 (3) do rialú i ndáil le cuideachta mar thagairtí d'úinéireacht 20 faoin gcéad ar a laghad i luach ainmniúil de scairchaipiteal na cuideachta).

(b) Sula bhfeidhmeoidh an tAire cumhacht faoin bhfo-alt seo, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don duine áirithe go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh agus tabharfaidh sé sonraí san fhógra i dtaobh chineál an fheidhmithe sin agus na fáthanna leis agus breithneoidh sé aon uiríolla ón duine áirithe má fhaigheann an tAire iad tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse 21 lá dar tosach an lá a thabharfar fógra dó faoin mír seo.

(c) Le linn don Aire bheith ag feidhmiú cumhachta faoin bhfo-alt seo, tabharfaidh sé fógra don duine áirithe i dtaobh a chinnidh.

(d) Féadfaidh duine, laistigh de thréimhse trí mhí dar tosach an dáta a gheobhaidh sé cinneadh an Aire faoi mhír (a) den fho-alt seo, nó a thuairim faoi fho-alt (16) den alt seo, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh an chinnidh nó na tuairime agus féadfaidh an Ard-Chúirt, le linn an achomhairc sin, an cinneadh nó an tuairim sin a dheimhniú, a fhreaschur nó a athrú.

(11)  (a) Ní bhrionnóidh duine doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina dheimhniú nó ina dheimhniú díolúine.

(b) Ní dhéanfaidh duine, le hintinn mheabhlaireachta, deimhniú nó deimhniú díolúine a athrú ná a úsáid.

(c) Duine a sháróidh an fo-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(12) I gcás—

(a) duine dar deonaíodh deimhniú do shárú coinníoll faoinar deonaíodh é, nó

(b) duine do shárú rialachán faoin alt seo,

beidh sé ciontach i gcion.

(13) Más rud é, i gcás cion a rinne aon duine faoin alt seo, gur gníomh nó mainneachtain ag duine éigin eile is siocair lena dhéanamh, beidh an duine eile sin ciontach freisin sa chion agus féadfar é a chúiseamh agus é a chiontú sa chion de bhua an fho-ailt seo cibé acu a thionscnófar nó nach dtionscnófar imeachtaí i gcoinne an duine chéadluaite.

(14)  (a) In aon imeachtaí maidir le cion faoin alt seo (seachas fo-alt (11)) is cosaint é, faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, don duine a cúisíodh a chruthú—

(i) gur dhearmad nó gur ghníomh nó mainneachtain ag duine eile nó gur mhuinín a chur i bhfaisnéis a sholáthraigh duine eile dó, nó gur thionóisc nó cúis éigin eile nach raibh neart aige air, ba shiocair leis an gcion a dhéanamh, agus

(ii) gur ghlac sé gach réamhchúram ba réasúnach agus gur chaith sé gach dúthracht ba chuí nach ndéanfadh sé féin ná aon duine eile faoina cheannas cion den sórt sin.

(b) In aon chás a líomhnófar sa chosaint dá bhforáiltear le mír (a) den fho-alt seo gur ghníomh nó mainneachtain ag duine eile nó gur mhuinín a chur i bhfaisnéis a sholáthraigh duine eile ba shiocair leis an gcion a dhéanamh, ní bheidh an duine a chúiseofar i dteideal, gan cead ón gcúirt, muinín a chur sa chosaint sin, mura mbeidh, tráth nach luaithe ná seacht lá glan roimh an éisteacht, fógra i scríbhinn seirbheáilte aige ar an ionchúisitheoir ag tabhairt cibé faisnéis a bhí ina sheilbh an tráth sin d'aithint an duine sin nó chun cabhrú lena aithint.

(15)  (a) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £10,000 a chur air.

(b) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion faoin alt seo a thriail go hachomair—

(i) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh i gcoinne cosantóir a bheidh cúisithe i gcion den sórt sin,

(ii) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, agus

(iii) mura ndéanfaidh an cosantóir (ar an mBreitheamh á chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige go dtrialfadh giúiré é) agóid i gcoinne é a thriail go hachomair,

agus, ar é a chiontú faoin mír seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur ar an gcosantóir sin.

(c) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoin alt seo ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin, an pionós dá bhforáiltear le mír (b) den fho-alt seo a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin do na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin a fhorléiriú dá réir sin.

(16) San alt seo—

tá le “cuideachta árachais” an bhrí a shanntar dó leis na hAchtanna Árachais, 1909 go 1978;

ciallaíonn “banc” sealbhóir ar cheadúnas faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , nó banc taisce iontaobhais arna dheimhniú faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir bhrí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát;

folaíonn “díol”, i ndáil le teach, díol talún agus comhaontú i ndáil le tógáil tí ar an talamh sin a bhaineann, i dtuairim an Aire, leis an díol sin cibé acu—

(i) is coinníoll leis an díol an comhaontú sin a dhéanamh, nó

(ii) is páirtí sa chomhaontú sin díoltóir na talún.

Dearbhuithe reachtúla.

19. —Is dleathach do chomhalta den Gharda Síochána nó do dhuine in Ord Beannaithe nó do mhinistir rialta de chuid aon sainaicme nó cuallacht crábhaidh dearbhú reachtúil a ghlacadh agus a fháil chun go ndéanfar iarratas ar dheontas, ar iasacht nó ar fhóirdheontas faoin Acht seo.

Leasú ar an Acht Cumann Foirgníochta, 1976 .

20. —Leasaítear leis seo an tAcht Cumann Foirgníochta, 1976

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) in alt 30:

“(2) Má dhiúltaíonn aon oifigeach, comhalta nó gníomhaire de chuid an chumainn aon leabhar nó doiciméad a thabhairt ar aird don chigire atá de dhualgas air faoin alt seo a thabhairt ar aird nó má dhiúltaíonn sé aon cheist a chuirfidh an cigire chuige maidir le gnóthaí an chumainn a fhreagairt, beidh sé ciontach i gcion.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) in alt 77:

“(1) Aon uair is fóirsteanach leis an Aire é, ar mhaithe le gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí agus ag féachaint don éileamh ar iasachtaí chun tithe a cheannach agus do riachtanais airgeadais an chláir tithíochta, náisiúnta, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis comhairle a ghlacadh leis an gCláraitheoir, rialacháin a dhéanamh i ndáil le cuspóirí na n-iasachtaí agus méideanna na n-iasachtaí ó chumainn agus na coinníollacha faoina bhféadfar na hiasachtaí sin a thabhairt, seachas coinníollacha i ndáil leis an ráta úis is inmhuirearaithe ar iasacht.”.

An tAire Sláinte d'aistriú talún áirithe chuig Bardas Bhaile Átha Cliath agus chuig Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí.

21. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn “an Bardas” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú—

(a) ar cibé comaoin a shonrófar san ordú, cuid shonraithe den talamh a thóg sé faoi Chuid III d'Acht Ospidéil Lorcáin Naomhtha, 1943 , a aistriú chuig na Coimisinéirí, agus

(b) ar cibé comaoin a shonrófar san ordú, an chuid eile den talamh sin a aistriú chuig an mBardas le haghaidh tithíochta.

(3) (a) Oibreoidh ordú faoi fho-alt (2) (a) den alt seo chun an talamh a thuairiscítear san ordú a dhílsiú do na Coimisinéirí agus í saortha agus urscaoilte ó gach uile iontaobhas ar feadh an eastáit agus an leasa go léir a bhfuil an talamh sin dílsithe don Aire ar a bhfeadh.

(b) Oibreoidh ordú faoi fho-alt (2) (b) den alt seo chun an talamh a thuairiscítear san ordú a dhílsiú don Bhardas agus í saortha agus urscaoilte ó gach uile iontaobhas ar feadh an eastáit agus an leasa go léir a bhfuil an talamh sin dílsithe don Aire ar a bhfeadh.

Bailíocht a thabhairt.

22. —I gcás—

(a) ar íoc an tAire nó údarás tithíochta deontas nó fóirdheontas, ar deontas nó fóirdheontas é a shonraítear i bhforáil de chuid an Achta seo atá leagtha amach i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag aon uimhir thagartha i gcolún (1) den Tábla sin ar an dáta nó tar éis an dáta a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin ach sin roimh thosach feidhme na forála sin, agus

(b) gur dheontas nó fóirdheontas bailí éifeachtúil faoin bhforáil sin an deontas nó an fóirdheontas, cibé acu é, dá mba tar éis an tosach feidhme sin a íocadh é,

beidh an deontas nó an fóirdheontas chomh bailí éifeachtúil, agus measfar go raibh sé riamh chomh bailí éifeachtúil, is dá mba tar éis an tosach feidhme sin a íocadh é.

AN TÁBLA

An Uimhir Thagartha

An Fhoráil de chuid an Achta seo

An Dáta

(1)

(2)

(3)

1

alt 2

14 Bealtaine, 1973

2

alt 4

6 Iúil, 1977

3

alt 5

1 Meitheamh, 1972

4

alt 6

1 Feabhra, 1972

5

alt 7

1 Eanáir, 1978

6

alt 10

1 Aibreán, 1973

7

alt 11

22 Samhain, 1976

8

alt 12

1 Meitheamh, 1977

Aisghairm.

23. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Más rud é—

(a) go bhfuair an tAire nó comhairle contae ag gníomhú thar ceann an Aire iarratas ar dheontas faoi alt 15, 16 nó 18 den Phríomh-Acht an 30ú lá de Nollaig, 1977, nó roimh an lá sin, agus go raibh an teach lena mbaineann an t-iarratas críochnaithe go sásúil, i dtuairim an Aire, an 31ú lá de Nollaig, 1978, nó roimh an lá sin,

(b) gur tosaíodh an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1977, nó roimh an lá sin, ar oibreacha arb éard iad grúp-sholáthar uisce nó grúp-shaoráidí séarachais nó iad araon a shuiteáil agus ar iníoctha deontas ina leith faoi alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 , agus gur críochnaíodh nó go gcríochnófar go sásúil iad, i dtuairim an Aire, an 31ú lá de Nollaig, 1979, nó roimh an lá sin,

(c) i gcás oibreacha ar iníoctha deontas ina leith faoin alt sin 2, nach oibreacha iad de chineál dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo, go bhfuair an tAire nó údarás sláintíochta ag gníomhú thar ceann an Aire iarratas ar dheontas faoin alt sin an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1977, nó roimh an lá sin, agus gur críochnaíodh na hoibreacha go sásúil, i dtuairim an Aire nó an údaráis sláintíochta, an 31ú lá de Nollaig, 1978, nó roimh an lá sin,

(d) go bhfuair an tAire nó comhairle contae ag gníomhú thar ceann an Aire iarratas ar dheontas faoi alt 19, 21, 22, 23, 24 nó 25 den Phríomh-Acht an 31ú lá d'Eanáir, 1978, nó roimh an lá sin, agus gur tosaíodh ar na hoibreacha áirithe an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1977, nó roimh an lá sin, agus gur críochnaíodh na hoibreacha sin go sásúil, i dtuairim an Aire nó na comhairle, roimh an 31ú lá de Nollaig, 1978, nó

(e) go bhfaighidh an t-údarás tithíochta nó an t-údarás sláintíochta iomchuí iarratas ar dheontas faoi alt 26, 27, 28, 29, 30, 31 nó 32 den Phríomh-Acht nó faoi alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 , an 31ú lá de Nollaig, 1979, nó roimh an lá sin,

agus, mura mbeadh fo-alt (1) den alt seo, go mbeadh an deontas le híoc, ansin, d'ainneoin an fho-ailt sin, féadfar an deontas a íoc ar choinníoll go mbeidh an t-iarratas chun an deontas a íoc faighte ag an Aire nó ag an údarás tithíochta nó ag an údarás sláintíochta iomchuí, cibé acu é, an 31ú lá d'Eanáir, 1980, nó roimh an lá sin.

(3) Rialachán a rinneadh faoi fhoráil a aisghairtear leis an alt seo agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo fanfaidh sé, a mhéid a d'fhéadfaí é a dhéanamh faoi fhoráil chomhréire den Acht seo, i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin ionann is dá mba faoi fhoráil chomhréire den Acht seo a rinneadh é agus féadfar é a leasú nó a chúlghairm dá réir sin.

(4) San alt seo ciallaíonn “údarás sláintíochta” údarás sláintíochta chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

24. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe, 1966 go 1979, a ghairm d'Achtanna na dTithe, 1966 go 1970, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite ann, cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla.