26 1979


Uimhir 26 de 1979


AN tACHT UM GHALAIR BHÓLACHTA (TOBHAIGH), 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, D'FHONN SCRIOSADH GALAR BÓLACHTA A FHURASÚ NÓ IAD A CHOSC AR LEATHADH, CHUN TOBHAIGH ÁIRITHE A MHUIREARÚ, A THOBHACH AGUS A ÍOC AGUS CHUN DIFRÍOCHTAÍ ÁIRITHE PRAGHSANNA A OIBRIÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE AGUS DO LEASÚ AILT 48 AGUS 49 DEN ACHT UM GHALAIR AINMHITHE, 1966 . [1 Lúnasa, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1847” an Towns Improvement Clauses Act, 1847;

ciallaíonn “Acht 1878” an Public Health (Ireland) Act, 1878;

ciallaíonn “Acht 1930” an tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 ;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1963” Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “ainmhí” bó-ainmhí;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach don Aire arna cheapadh faoi alt 14 (1) den Acht seo le bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “ceadúnas onnmhaireora mairteola” ceadúnas easportálaí mhairtfheola de réir brí Acht 1930;

ciallaíonn “toradh déiríochta”, ach amháin san abairt “monaróir toraidh déiríochta” toradh déiríochta de réir brí an Achta Tora Déiríochta, 1924 ;

ciallaíonn “monaróir toraidh déiríochta” duine a mhonaraíonn toradh déiríochta;

ciallaíonn “galar” eitinn bhólachta nó bruisealóis bhólachta;

ciallaíonn “cead onnmhaireora” cead arna dheonú ag an Aire faoi alt 17 d'Acht 1930;

folaíonn “tréad” tréad nach bhfuil ann ach ainmhí amháin;

ciallaíonn “cigire” oifigeach don Aire arna cheapadh faoi alt 14 (1) den Acht seo le bheith ina chigire chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “tobhach”, ach amháin san abairt “tréimhse tobhaigh”, tobhach faoin Acht seo;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile;

ciallaíonn “paistéaraí bainne” duine a dhéanann, faoi cheadúnas a deonaíodh faoi Chuid IV den Acht Bainne agus Déirithe, 1935 , bainne a cuireadh faoi chóireáil teasa roimh é a dhíol mar bhia do dhaoine a dhíol nó a thairiscint nó a chur ar taispeáint chun a dhíola;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo ag an Aire;

folaíonn “próiseáil” bailiú, stóráil agus fuarú;

folaíonn “seamlas” teach coscartha;

ciallaíonn “tástáil” tástáil i leith galair (agus folaíonn sé sampla a thógáil).

Tobhach ar bhainne agus ar ainmhithe a maraíodh nó a onnmhairíodh.

2. —(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, muirearóidh agus toibheoidh an tAire, agus íocfar leis an Aire, tobhach—

(a) maidir le bainne a fuarthas ó thréad lena phróiseáil—

(i) ag aon mhonaróir toraidh déiríochta nó paistéaraí bainne,

(ii) ag aon bhuidéalaí bainne nó duine ar bith eile a bhfuil bainne á dhíol nó á thairiscint chun a dhíola aige de thuras na huaire lena thomhailt ina leacht,

cibé acu is ó thréad an mhonaróra toraidh déiríochta, an phaistéaraí bainne, an bhuidéalaí nó an duine eile sin nó nach ea don bhainne a fuarthas amhlaidh,

(b) maidir le haon ainmhí a maraíodh in áitreabh lena mbaineann an t-alt seo,

(c) maidir le haon ainmhí a onnmhairíodh beo as an Stát.

(2) Is é méid an tobhaigh is iníoctha faoin alt seo—

(a) maidir le bainne, an méid a bheidh, de thuras na huaire, forordaithe chun críocha na míre seo, nó, i gcás nach mbeidh aon suim den sórt sin forordaithe amhlaidh de thuras na huaire, 0.5 pingin nua an galún,

(b) maidir le hainmhithe a maraíodh nó a onnmhairíodh beo, an méid an t-ainmhí a bheidh, de thuras na huaire, forordaithe chun críocha na míre seo, nó, i gcás nach mbeidh aon suim den sórt sin forordaithe amhlaidh de thuras na huaire, £3 an t-ainmhí.

(3) Ní mhuirearófar ná ní thoibheofar tobhach níos mó ná uair amháin i leith an bhainne chéanna.

(4) Baineann an t-alt seo leis na háitribh seo a leanas, eadhon:

(a) aon seamlas atá cláraithe faoi Acht 1930,

(b) aon seamlas atá ceadúnaithe nó cláraithe faoi Acht 1847 nó faoin Acht sin arna leathnú le halt 105 d'Acht 1878 nó le halt 4 d'Acht 1935,

(c) aon seamlas is le húdarás áitiúil nó a chuir údarás áitiúil ar fáil.

(5) I gcás a mbeartófar rialacháin a dhéanamh ag forordú méid aon tobhaigh is iníoctha faoin alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.

Onnmhairiú ainmhithe áirithe a bheith toirmiscthe.

3. —(1)  (a)  Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, beidh sé toirmiscthe ainmhí a onnmhairiú beo as an Stát mura ndéanfar, roimh an onnmhairiú agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim, méid an tobhaigh a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim nó cibé urrús is leor, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, chun é a íoc a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le hurrús a thabhairt go n-íocfar an tobhach), cead a thabhairt íoc an tobhaigh a chur siar go ceann cibé tréimhse a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Bainfidh forálacha na nAchtanna Custam agus ionstraimí a rinneadh fúthu le hainmhí a bhfuil a onnmhairiú toirmiscthe faoin alt seo.

Tobhach a bheith dlite agus iníoctha.

4. —(1) Beidh tobhach, seachas tobhach is iníoctha maidir le hainmhí a onnmhaireofar beo as an Stát, dlite—

(a) i gcás é a bheith iníoctha maidir le bainne, tráth an bhainne a ghlacadh lena phróiseáil ag an monaróir toraidh déiríochta, ag an bpaistéaraí bainne, ag an mbuidéalaí bainne nó ag an duine eile a thuairiscítear in alt 2 (1) (a) den Acht seo, de réir mar is iomchuí, nó

(b) i gcás é a bheith iníoctha maidir le hainmhí, tráth an ainmhí a mharú.

(2) Laistigh den tréimhse ocht lá is fiche a thosóidh díreach tar éis do thréimhse tobhaigh dul in éag, tabharfaidh aon duine is duine cuntasach de réir brí alt 12 den Acht seo tuairisceán fíorcheart don Aire ar an modh agus san fhoirm a fhorordaítear (lena n-áirítear go háirithe an chainníocht bainne nó an líon ainmhithe, de réir mar is iomchuí) ar mhéid an tobhaigh a tháinig chun bheith iníoctha aige i rith na tréimhse tobhaigh, agus cuirfidh sé an tráth céanna chun an Aire méid an tobhaigh, más ann, is iníoctha aige i leith na tréimhse tobhaigh sin.

(3) Déanfaidh an monaróir toraidh déiríochta, an paistéaraí bainne, an buidéalaí bainne nó an duine eile a thuairiscítear in alt 2 (1) (a) den Acht seo, agus a ghlacann an bainne lena phróiseáil, an tobhach is iníoctha i leith an bhainne a íoc leis an Aire.

(4) Is iad na daoine seo a leanas a íocfaidh leis an Aire an tobhach i leith ainmhithe a maraíodh—

(a) i gcás gur i seamlas is le húdarás áitiúil nó a chuir údarás áitiúil ar fáil a maraíodh aon ainmhí den sórt sin, an duine ar chuir an t-údarás na saoráidí maraithe ar fáil dó,

(b) i gcás gur i seamlas atá cláraithe faoi Acht 1930 a maraíodh aon ainmhí den sórt sin, an duine is sealbhóir ar cheadúnas onnmhaireora mairteola nó ar chead onnmhaireora a eisíodh i leith an áitribh sin,

(c) i gcás nach ar an modh a thuairiscítear i mír (b) den fho-alt seo a maraíodh aon ainmhí den sórt sin agus gur i seamlas atá ceadúnaithe nó cláraithe faoi Acht 1847, nó faoin Acht sin arna leathnú le halt 105 d'Acht 1878 nó le halt 4 d'Acht 1935 a maraíodh é, an duine ba shealbhóir, tráth an ainmhí a mharú, ar an gceadúnas iomhcuí nó an duine ar ina ainm a bhí an t-áitreabh cláraithe amhlaidh.

(5) Déanfaidh an duine a bheidh ag onnmhairiú ainmhí nó a mbeidh ainmhí á onnmhairiú thar a cheann an tobhach maidir leis an ainmhí a onnmhairiú beo as an Stát a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, mar ghníomhairí don Aire.

(6) Íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an Aire an t-airgead go léir a gheobhaidh siad ar chuntas tobhaigh faoin Acht seo.

(7) San alt seo ciallaíonn “tréimhse tobhaigh” aon tréimhse míosa dar tosach an chéad lá den mhí sin.

Tobhach a choimeád siar.

5. —(1) D'ainneoin aon ní in aon ordú a rinneadh faoi Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1967, beidh aon phaistéaraí bainne nó aon bhuidéalaí bainne i dteideal suim is ionann agus méid an tobhaigh a choimeád siar as an méid a bheidh le híoc aige le díoltóir bainne ar iníoctha tobhach ina leith.

(2) Beidh an méid a íocadh le díoltóir tar éis tobhach a choimeád siar faoin alt seo ina urscaoileadh maith ar an méid a bhí dlite dó.

(3) Féadfar aon suim a bheidh duine i dteideal a choimeád siar ó dhíoltóir faoin alt seo a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

Tobhach a ghnóthú.

6. —Gach suim is iníoctha ag duine faoi chomhair tobhaigh nó ar chuntas tobhaigh, is fiach conartha shimplí í a bheidh dlite den duine sin don Aire agus féadfaidh an tAire í a ghnóthú in aon chúirt dlínse inniúla.

Fógra i dtaobh galrú.

7. —(1) Más rud é de thoradh tástála nó ar fhorais tréidliachta eile go gcreideann cigire go bhfuil ainmhí galraithe i dtréad, déanfaidh sé, nó cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar, fógra i scríbhinn san fhoirm a fhorordáitear chun críocha an fho-ailt seo a thabhairt láithreach d'úinéir an tréada áirithe nó don duine a bheidh, de thuras na huaire, i bhfeighil an tréada sin agus d'aon mhonaróir toraidh déiríochta, paistéaraí bainne, nó d'aon bhuidéalaí bainne nó d'aon duine eile a dhíolann bainne, nó a thairgeann bainne lena dhíol, lena thomhailt ina leacht agus atá, in aon chás, ag fáil soláthair bhainne de thuras na huaire ón tréad, agus leanfaidh an fógra sin, tar éis dó teacht i bhfeidhm, d'fheidhm a bheith aige go dtí go dtiocfaidh deimhniú i bhfeidhm a thabharfar faoi alt 8 den Acht seo agus a chealóidh an fógra sin.

(2) Tiocfaidh fógra faoin alt seo i bhfeidhm ar bheith caite don tréimhse seacht lá dar tosach dáta an fhógra.

Fógra faoi alt 7 a chealú.

8. —(1) I gcás—

(a) fógra faoi alt 7 den Acht seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, agus

(b) cigire do chreidiúint, de thoradh tástála nó eile, nach bhfuil ainmhí galraithe sa tréad a thuilleadh,

déanfaidh an cigire, nó cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar, deimhniú i ndáil leis an tréad san fhoirm a fhorordaítear chun críocha an ailt seo a thabhairt láithreach d'úinéir an tréada nó don duine a bheidh, de thuras na huaire, i bhfeighil an tréada sin agus d'aon mhonaróir toraidh déiríochta, paistéaraí bainne, buidéalaí bainne nó aon duine eile dar tugadh an fógra sin, agus measfar an deimhniú sin a theacht i bhfeidhm cibé lá, is luaithe ná lá an deimhnithe a thabhairt, a shonrófar sa deimhniú, agus i gcás nach mbeidh an lá sin sonraithe amhlaidh, tiocfaidh an deimhniú i bhfeidhm an lá díreach tar éis an lae a thabharfar é.

(2) I gcás fógra faoi alt 7 den Acht seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire agus go mbeidh deimhniú faoi fho-alt (1) den alt seo tugtha i ndáil leis an tréad lena mbaineann an fógra, oibreoidh an deimhniú, ar theacht i bhfeidhm dó, chun an fógra a chealú.

Difreálach i bpraghas bainne.

9. —I gcás fógra faoi alt 7 den Acht seo a bheith tugtha, ansin, fad a bheidh an fógra i bhfeidhm, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) d'ainneoin aon ní in aon ordú faoi Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1967, nó in aon chomhaontú, is é a bheidh, agus a bheidh namá, sa mhéid is iníoctha maidir le bainne a sholáthrófar do mhonaróir toraidh déiríochta, do phaistéaraí bainne, do bhuidéalaí bainne nó d'aon duine eile a thuairiscítear in alt 7 (1) den Acht seo, agus a ghlacfaidh an duine sin, tráth ar bith le linn don fhógra seo a bheith i bhfeidhm, ó thréad lena mbaineann an fógra, an méid is iníoctha ar leith ón alt seo arna laghdú méid a ríomhfar de réir an ráta an galún a bheidh forordaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo,

(b) beidh sé neamhdleathach do mhonaróir, do phaistéaraí, do bhuidéalaí nó do dhuine eile den sórt sin méid a íoc i leith bainne den sórt sin ach amháin an méid is iomchuí ag féachaint do mhír (a) den alt seo.

Eolas maidir le soláthar bainne.

10. —(1) Féadfaidh cigire nó oifigeach údaraithe a cheangal ar úinéir tréada nó ar an duine a bheidh i bhfeighil an tréada go dtabharfaidh sé dó ainm agus seoladh aon mhonaróra toraidh déiríochta, paistéaraí bainne, buidéalaí bainne nó duine eile a dhíolann bainne nó a thairgeann bainne lena dhíol agus atá, in aon chás, ag fáil soláthair bhainne ón tréad nó a fuair, aon lá a shonróidh an cigire nó an t-oifigeach, soláthar bainne ón tréad.

(2) I gcás ceangal a chur ar dhuine faoin alt seo déanfaidh an duine ar cuireadh air é an ceangal a chomhlíonadh.

Eolas don Aire maidir le talamh a úsáidtear le haghaidh innilte nó chun ainmhithe a choinneáil nó i ndáil leis sin.

11. —(1) Baineann an t-alt seo le haon talamh atá, de thuras na huaire, á úsáid nó inúsáidte go hiomlán nó go páirteach, chun aon chríche talmhaíochta.

(2) Féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar d'úinéir aon talamh lena mbaineann an t-alt seo, d'aon tréad-úinéir, déileálaí beithíoch, ceantálaí, gníomhaire eastát nó duine eile, a cheangal ar an duine cibé méid den eolas seo a leanas atá ar chumas an duine a thabhairt maidir le haon talamh a bheidh sonraithe san fhógra a thabhairt don Aire laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra (is é sin tréimhse nach lú ná deich lá dar tosach dáta an fhógra), eadhon:

(a) an ndéantar nó nach ndéantar an talamh sin a úsáid, go páirteach nó go hiomlán, le haghaidh innilte nó chun ainmhithe a choinneáil nó i ndáil leis sin;

(b) ainm an duine atá, de thuras na huaire, ag áitiú na talún sin;

(c) an bhfuil nó nach bhfuil an talamh sin ligthe, agus, má tá sé ligthe, ainm agus seoladh an duine chun ar ligeadh é agus an tréimhse ama dar ligeadh é,

agus i gcás fógra den sórt sin a thabhairt, déanfaidh an duine dar tugadh é, laistigh den tréimhse a shonraítear san fhógra, ceanglas an fhógra a chomhlíonadh.

Dualgas taifid a choimeád.

12. —(1) Déanfaidh gach duine cuntasach, de réir cibé ordachán (más ann) a thabharfaidh an tAire, taifid atá iomlán cruinn a choimeád ar gach uile idirbheart a dhéanann difear dá dhliteanas i leith tobhaigh (seachas an tobhach is iníoctha i leith ainmhí a onnmhairítear beo as an Stát), agus, más iomchuí, dá oibleagáidí laghduithe a dhéanamh faoi alt 9 den Acht seo.

(2) Taifid nó doiciméid eile a choimeádann duine de bhun cheanglais fho-alt (1) den alt seo agus atá ina chumhacht, ina sheilbh nó ar a dheis ag an duine agus, i gcás aon taifead nó doiciméad eile den sórt sin a d'eisigh an duine chuig duine eile, aon chóip den chéanna atá ina chumhacht, ina sheilbh nó ar a dheis ag an duine, coinneofar iad ina chumhacht, ina sheilbh nó ar a dheis go ceann tréimhse trí bliana ó dháta an idirbhirt is deireanaí lena mbaineann na taifid nó na doiciméid eile: ar choinníoll nach gceanglóidh an t-alt seo taifid ná sonraisc ná aon doiciméid eile a choinneáil, ar chuir an tAire in iúl don duine lena mbaineann nár ghá iad a choinneáil, ná nach mbainfidh sé le leabhair agus páipéir de chuid cuideachta a diúscraíodh de réir alt 305 (1) d'Acht 1963.

(3) San alt seo ciallaíonn “duine cuntasach”—

(a) aon duine—

(i) is monaróir toraidh déiríochta, paistéaraí bainne nó buidéalaí bainne, nó

(ii) is duine a dhíolann bainne nó a thairgeann bainne lena dhíol, lena thomhailt ina leacht,

agus a fhaigheann bainne ó thréad lena phróiseáil,

(b) sealbhóir ceadúnais onnmhaireora mairteola nó ceada onnmhaireora,

(c) aon duine a bhfuil saoráidí chun ainmhithe a mharú curtha ar fáil dó ag údarás áitiúil,

(d) aon duine is sealbhóir de thuras na huaire ar cheadúnas faoina gceadúnaítear seamlas, nó a bhfuil seamlas cláraithe ina ainm de thuras na huaire faoi Acht 1847, nó faoin Acht sin arna leathnú le halt 105 d'Acht 1878 nó le halt 4 d'Acht 1935.

Taifid a iniúchadh agus a thabhairt chun siúil.

13. —(1) Féadfaidh cigire nó oifigeach údaraithe, d'fhonn fiosrú a dhéanamh a mheasann sé le réasún a bheith riachtanach i ndáil le dliteanas aon duine i leith tobhaigh (seachas tobhach is iníoctha maidir le hainmhí a onnmhairítear beo as an Stát), nó le hoibleagáid aon duine laghduithe a dhéanamh faoi alt 9 den Acht seo, dul isteach aon tráth réasúnach in aon áitreabh ina bhfuil cúis ag an gcigire nó ag an oifigeach lena chreidiúint go bhfuil gnó á sheoladh ag an duine sin ann agus féadfaidh an cigire nó an t-oifigeach a iarraidh go dtabharfar ar aird aon taifid, leabhair nó doiciméid ar bith eile a bhaineann le bainne nó ainmhithe agus féadfaidh sé iad a chuardach agus a iniúchadh agus féadfaidh sé aon taifid, leabhair nó doiciméid eile den sórt sin a thabhairt chun siúil agus a choinneáil go ceann cibé tréimhse is réasúnach lena scrúdú nó chun críche aon imeachtaí chun tobhach a ghnóthú is iníoctha faoi réim nó de bhua an Achta seo nó maidir le cion faoin Acht seo.

(2) Ar chigire nó oifigeach údaraithe á iarraidh sin in aon áitreabh ina seolann duine gnó tabharfaidh an duine, nó aon duine a bheidh ar fostú aige, ar aird don chigire nó don oifigeach na taifid, na leabhair nó na doiciméid eile go léir a bhaineann, go haonartha nó ar dhóigh eile, le tobhach, le laghdú faoi alt 9 den Acht seo nó le bainne a ndearnadh an laghdú sin i ndáil leis, agus a bheidh ina chumhacht, ina sheilbh nó ar a dheis ag an duine ar ar iarradh iad agus ceadóidh sé don chigire nó don oifigeach aon doiciméid a tugadh ar aird amhlaidh a iniúchadh agus a thabhairt chun siúil.

(3) Ní chuirfidh duine bac ná cosc le cigire nó le hoifigeach údaraithe a bheidh ag feidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo.

(4) Más rud é, de bhun an ailt seo, go rachaidh cigire nó oifigeach údaraithe isteach in aon áitreabh, go ndéanfaidh sé aon chuardach ann nó go n-iarrfaidh sé aon doiciméad a thabhairt ar aird, déanfaidh sé, má iarrtar sin air, barántas a cheaptha nó a údaraithe faoin Acht seo, de réir mar is iomchuí, a thabhairt ar aird d'aon duine lena mbaineann.

Cigirí agus oifigigh údaraithe.

14. —(1) Féadfaidh an tAire cibé oifigigh agus cibé líon oifigeach dá chuid is cuí leis a cheapadh i scríbhinn le bheith—

 (a) ina gcigirí chun críocha an Achta seo, nó

 (b) ina n-oifigigh údaraithe chun na gcríocha sin.

(2) (a) Tabharfaidh an tAire do chigire barántas a cheaptha mar chigire faoin Acht seo.

(b) Tabharfaidh an tAire d'oifigeach údaraithe deimhniú a údaraithe faoin Acht seo.

Cionta.

15. —(1) Aon duine nach gcomhlíonfaidh ceanglais alt 4 (2) nó alt 12 (1) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(2) Aon duine a íocfaidh méid de shárú ar alt 9 (b) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an téarma príosúnachta sin le chéile, a chur air.

(3) I gcás cion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe nó ag duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion amhlaidh le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí fhaillí thoiliúil ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta sin, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion.

(4) Duine dá dtabharfar fógra faoi alt 11 den Acht seo nó a gcuirfear ceangal air faoi alt 10 den Acht seo agus a mhainneoidh déanamh de réir cheanglas an fhógra nó de réir an cheangail, cibé acu is iomchuí, nó a dhéanfaidh, ag airbheartú dó déanamh de réir an cheanglais nó an cheangail sin, aon fhaisnéis a thabhairt is eol dó a bheith bréagach in aon phonc ábhartha nó a thabharfaidh go meargánta faisnéis atá bréagach amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an téarma príosúnachta sin le chéile, a chur air.

(5) Aon duine a sháróidh alt 13 (3) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an tearma príosúnachta sin le chéile, a chur air.

Ionchúiseamh i gcionta.

16. —Féadfaidh an tAire ionchúiseamh a dhéanamh i leith cion faoin Acht seo.

An t-oifigeach atá freagrach i gcás comhlachta daoine.

17. —(1) Beidh rúnaí aon chomhlachta daoine, nó an t-oifigeach eile a bheidh ag gníomhú mar rúnaí de thuras na huaire ar an gcomhlacht, freagrach i dteannta an chomhlachta as na gníomhartha go léir a dhéanamh a cheanglaítear ar an gcomhlacht a dhéanamh faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo nó d'fhorálacha rialacháin faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh gach oifigeach den sórt sin a dúradh cibé méid is leor chun an tobhach a íoc a bheidh dlite faoin Acht seo den chomhlacht a choimeád ó am go ham as aon airgead a thiocfaidh ar láimh chuige thar ceann an chomhlachta agus slánófar é ar na híocaíochtaí go léir den sórt sin a dhéanfaidh sé de bhun an ailt seo.

Feidhm alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, a shrianadh.

18. —D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí maidir le cion faoin Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 , nó faoin Acht seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de dhá bhliain tar éis dáta an chiona.

Rialacháin.

19. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhorordú aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, seachas rialachán faoi alt 2, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Fógraí, etc., a sheirbheáil.

20. —(1) I gcás a gceanglóidh an tAcht seo nó rialacháin faoin Acht seo fógra nó deimhniú a thabhairt do dhuine, féadfar é a thabhairt dó—

(a) trína sheachadadh dó,

(b) i gcás duine seachas comhlacht corpraithe, trína chur leis an bpost i gclúdach a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó ag a seolann sé gnó, nó

(c) i gcás comhlachta chorpraithe, trína chur leis an bpost i gclúdach a bheidh dírithe chuig rúnaí nó príomh-oifigeach an chomhlachta ag an seoladh ag a seolann an comhlacht gnó, nó trína sheachadadh i gclúdach, a bheidh dírithe amhlaidh, chuig an seoladh sin.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, measfar cuideachta de réir brí Acht 1963 a bheith ag seoladh gnó ina hoifigí cláraithe agus measfar gach comhlacht corpraithe eile agus gach comhlacht neamhchorpraithe daoine a bheith ag seoladh gnó ina phríomh-oifig nó ina phríomh-ionad gnó.

Airgead a fuarthas faoin Acht a chur chun feidhme.

21. —Déanfar aon airgead a íocfar leis an Aire de bhun aon fhorála de chuid an Achta seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Caiteachais.

22. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Athrú ar na pionóis a shonraítear in ailt 48 agus 49 den Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 .

23. —Duine a chiontófar i gcion faoin Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 , a bhforáiltear pionós ina leith i bhfo-alt (2) d'alt 48 nó i bhfo-alt (2) d'alt 49 den Acht sin, dlífear, in ionad an phionóis sin—

(a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an téarma príosúnachta sin le chéile, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil—

(i) i gcás é a chiontú amhlaidh toisc go ndearna sé—

(I) de shárú ar ordú ón Aire faoin Acht sin, baint le clipéad cluaise nó clipéad cluaise a bhaint anuas, nó

(II) ceadúnas, dearbhú, deimhniú nó ionstraim a thuairiscítear in alt 49 (1) (d) den Acht sin a athrú nó a dhéanamh go bréagach nó a réamh-dhátú nó a ghóchumadh, nó a thairiscint nó a rith agus a fhios aige go ndearnadh é a athrú nó a dhéanamh go bréagach, nó a réamhdhátú nó a ghóchumadh,

fíneáil nach mó ná £2,000, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an téarma príosúnachta sin le chéile, a chur air,

(ii) i gcás é a chiontú amhlaidh ar shlí eile, fíneáil nach mó ná £1,000, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an téarma príosúnachta sin le chéile, a chur air.

Cosaint.

24. —(1) Aon ní a dhéanfar de bhun ordú ón Aire i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 22 den Diseases of Animals Act, 1894, arna leasú le halt 2 den Acht um Ghalair Ainmhithe (Eitinn Bhólachta), 1957 (arna leasú le halt 5 den Acht um Ghalair Ainmhithe, 1960 ), ní thabharfar faoi cheist é in aon imeachtaí dlí ar an bhforas nach raibh dearbhú déanta ag an Aire i ndáil le limistéar lena mbaineann an t-ordú á dhearbhú gur limistéar dearbhghlan an limistéar nó á dhearbhú gur limistéar dearbhghlan nó saor ó ghalar an limistéar.

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i bhfeidhm an 2ú lá de Bhealtaine, 1979.

Aisghairm.

25. —Aisghairtear leis seo alt 48 (3) den Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 .

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

26. —(1) Féadfar an tAcht um Ghalair Bhólachta (Tobhaigh), 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo, ach amháin ailt 18, 22, 23, 24, 25 agus an t-alt seo, i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon fhorála áirithe den sórt sin.

(3) Féadfar na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe, 1966 agus 1979, a ghairm den Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 , agus d'ailt 23 agus 25 den Acht seo, mar aon le halt 18 den Acht seo a mhéid a bhaineann sé leis an Acht sin, le chéile.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930

1930, Uimh. 10

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Tora Déiríochta, 1924

1924, Uimh. 58

Diseases of Animals Act, 1894

1894, c. 57

An tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1960

1960, Uimh. 26

An tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1966

1966, Uimh. 6

An tAcht um Ghalair Ainmhithe (Eitinn Bhólachta), 1957

1957, Uimh. 14

An tAcht Bainne agus Déirithe, 1935

1935, Uimh. 22

Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1967

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

Public Health Acts (Amendment) Act, 1890

1890, c. 59

Public Health (Ireland) Act, 1878

1878, c. 52

Public Health (Ireland) Act, 1911

1911, c. 12

An tAcht um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935

1935, Uimh. 45

Towns Improvement Clauses Act, 1847

1847, c. 34