|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL) |
[EN] | ||
Uimhir 19 de 1979 | ||
[EN] |
AN tACHT UM THIONÓL NA hEORPA (IONADAITHE NA hÉIREANN), 1979 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN LIÚNTAIS A ÍOC LE hIONADAITHE NA hÉIREANN I dTIONÓL NA gCOMHPHOBAL EORPACH I nDÁIL LENA nDUALGAIS, DÁ CHUMASÚ GO nÍOCFAR LIÚNTAIS I LEITH CAITEACHAS LEIS NA hIONADAITHE SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE EILE MAIDIR LEIS NA hIONADAITHE SIN, MAIDIR LE hIARRTHÓIRÍ AR THOGHADH DON TIONÓL SIN, AGUS MAIDIR LE DAOINE A CHEAPFAR, DE BHUN ALT 15 DEN ACHT UM THOGHCHÁIN DO THIONÓL NA hEORPA, 1977 , INA nIONADAITHE DON TIONÓL SIN [17 Iúil, 1979] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Tionol” Tionól na gComhphobal Eorpach; | |
[EN] | tá le “toghchán Tionóil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (1) d'Acht 1977; | |
[EN] | ciallaíonn “na Comhphobail Eorpacha” Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” Aire na Seirbhíse Poiblí. | |
[EN] |
Liúntais d'ionadaithe na hÉireann sa Tionól. |
2. —(1) Gach duine de na hionadaithe sa Tionól a bheidh de thuras na huaire— |
[EN] | (a) tofa don Tionól de bhun Acht 1977, | |
[EN] | (b) ceaptha don Tionól de bhun alt 15 den Acht sin, | |
[EN] | íocfar leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, an liúntas a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo. | |
[EN] | (2) An liúntas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo is liúntas é de réir an ráta chéanna sa bhliain atá sa liúntas do chomhaltaí de Dháil Éireann is iníoctha de thuras na huaire de bhua ailt 2 agus 3 d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 , arna leasú le halt 4 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960 , agus le hailt 4 agus 5 d'Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1973. | |
[EN] | (3) Tosófar ag íoc liúntais faoin alt seo le héifeacht ón uair a thosóidh téarma oifige an duine áirithe mar ionadaí sa Tionól agus beidh an liúntas sin iníoctha go míosúil. | |
[EN] | (4) Chun críocha fho-alt (3) den alt seo, measfar téarma oifige ionadaí sa Tionól do thosú— | |
[EN] | (a) i gcás é a thoghadh don Tionól de bhun Acht 1977, an lá a thiocfaidh an Tionól le chéile den chéad uair tar éis an toghcháin Tionóil iomchuí, | |
[EN] | (b) i gcás é a cheapadh don Tionól de bhun alt 15 den Acht sin, an lá díreach tar éis dáta a cheaptha. | |
[EN] |
Liúntais i gcóir caiteachas d'ionadaithe na hÉireann sa Tionól. |
3. —Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a fhoráil le hordú go n-íocfar liúntais i gcóir caiteachas le hionadaithe sa Tionól a toghadh nó a ceapadh don Tionól ar an modh a thuairiscítear in alt 2 (1) den Acht seo. |
[EN] |
Aoisliúntas ionadaithe na hÉireann sa Tionól. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire scéim ranníocach a dhéanamh chun pinsin a dheonú do dhaoine nó i leith daoine a toghadh nó a ceapadh don Tionól ar an modh a thuairiscítear i bhfo-alt 2(1) den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, de réir scéim faoin alt seo, asbhaintí a dhéanamh as liúntas a íocfar faoi alt 2 den Acht seo. | |
[EN] | (3) Féadfaidh éifeacht a bheith le scéim faoin alt seo ó dháta is luaithe ná dáta na scéime ach nach luaithe ná an dáta a thiocfaidh an Tionól le chéile den chéad uair tar éis an toghcháin Tionóil a dhéanfar i 1979. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire scéim a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm scéim faoin alt seo (lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo). | |
[EN] |
Ionadaithe na hÉireann a bheith dícháilithe chun bheith ina gcomhaltaí de chomhlachtaí áirithe nó chun bheith fostaithe acu. |
5. —(1) Duine a thoghfar le bheith ina ionadaí sa Tionól ag an toghchán Tionóil a dhéanfar i 1979 agus ar comhalta de chomhlacht sonraithe nó stiúrthóir ar bhord chomhlacht den sórt sin é scoirfidh sé, an tráth a shíneoidh an príomhcheann comhairimh sa toghchán an freagra a éilítear le Riail 70 den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1977, de bheith ina chomhalta nó ina stiúrthóir den sórt sin, de réir mar is iomchuí. |
[EN] | (2) I gcás a ndéanfar duine is comhalta de chomhlacht ar comhlacht sonraithe é nó is stiúrthóir ar bhord chomhlacht den sórt sin a ainmniú go bailí mar iarrthóir lena thoghadh don Tionól, nó i gcás a gceapfar é ina ionadaí sa Tionól, cibé acu is de bhun Acht 1977 nó faoin Acht sin nó ar shlí eile a dhéanfar an toghadh nó an ceapadh sin, scoirfidh sé ar é a ainmniú amhlaidh nó ar é a cheapadh, de réir mar is iomchuí, de bheith ina chomhalta nó ina stiúrthóir den sórt sin, de réir mar is iomchuí. | |
[EN] | (3) Beidh duine is ionadaí sa Tionól de thuras na huaire dícháilithe chun bheith ina chomhalta d'aon chomhlacht ar comhlacht sonraithe é nó ina stiúrthóir ar bhord chomhlacht den sórt sin nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach d'aon chomhlacht den sórt sin. | |
[EN] | (4) I gcás a ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach d'aon chomhlacht ar comhlacht sonraithe é a ainmniú go bailí chun a thofa mar iarrthóir lena thoghadh don Tionól nó i gcás a gceapfar é ina ionadaí sa Tionól, cibé acu is de bhun Acht 1977 nó faoin Acht sin nó ar shlí eile a dhéanfar an toghadh nó an ceapadh sin, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht an chomhlachta agus ní íocfaidh an comhlacht leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gcomhlacht aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach— | |
[EN] | (a) i gcás é a ainmniú amhlaidh sa toghchán Tionóil a dhéanfar i 1979, an tráth a shíneoidh an príomhcheann comhairimh sa toghchán an freagra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, | |
[EN] | (b) i gcás é a ainmniú amhlaidh in aon toghchán Tionóil eile nó i gcás é a cheapadh amhlaidh, an tráth a ainmneofar é amhlaidh nó a cheapfar é, | |
[EN] | agus dar críoch an tráth a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir nó a chinnfidh toghchán air nó a scoirfidh sé de bheith ina ionadaí sa Tionól. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire le hordú an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú trí ainm chomhlacht corpraithe nó chomhlacht neamhchorpraithe daoine a bheidh sonraithe san ordú a chur leis, agus i gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoin bhfo-alt seo forléireofar an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo de réir an leasaithe san ordú. | |
[EN] | (6) San alt seo ciallaíonn “comhlacht sonraithe” comhlacht a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |
[EN] |
Orduithe. |
6. —(1) Gach ordú a dhéanfar faoi alt 3 den Acht seo agus gach ordú ag leasú nó ag cúlghairm ordú den sórt sin agus gach scéim a dhéanfar faoi alt 4 den Acht seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an scéim a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó na scéime, beidh an t-ordú nó an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin scéim. |
[EN] | (2) Aon uair a bheartófar ordú faoi alt 5(5) den Acht seo nó ordú ag leasú nó ag cúlghairm ordú den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin Acht seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] |
Caiteachais. |
7. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
8. —(1) Féadfar an tAcht um Thionól na hEorpa (Ionadaithe na hÉireann), 1979 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Measfar gur tháinig fo-ailt (1) agus (4) d'alt 5 den Acht seo agus an t-alt seo i ngníomh an 29ú lá de Bhealtaine, 1979. |