16 1979


Uimhir 16 de 1979


ACHT AN GHARDA SÍOCHÁNA, 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I LEITH BAILITHE ÁIRITHE. [3 Iúil, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Bailithe.

1. —(1) Gach rud (lena n-áirítear aon réamhchoinníoll a shásamh a ghabhann le feidhmiú nó comhlíonadh cumhachta nó dualgais) a rinneadh, nó a airbheartaítear a rinneadh, i rith na tréimhse ón 20ú lá d'Eanáir, 1978, go dtí an 14ú lá de Bhealtaine, 1979, ag Pádraig Mac Lochlainn nó air nó thar a cheann nó ina leith nó ag aon duine eile nó air nó thar a cheann nó ina leith, beidh sé, agus measfar go raibh sé riamh, chomh bailí éifeachtúil agus a bheadh dá ndéanfaí Pádraig Mac Lochlainn a dúradh a cheapadh go bailí éifeachtúil ina Choimisinéir ar an nGarda Síochána an 20ú lá d'Eanáir, 1978, a dúradh; agus beidh, agus measfar go raibh riamh, pá agus coinníollacha eile seirbhíse Phádraig Mhic Lochlainn a dúradh, mar chomhalta den Gharda Síochána, mar a bheadh dá gceapfaí amhlaidh é an lá is déanaí atá luaite.

(2) Más rud é, mar gheall ar aon bhailiú a ndeirtear gur tugadh éifeacht dó le fo-alt (1) den alt seo, go mbeadh an fo-alt sin, mura mbeadh an fo-alt seo, i gcodarsna le ceart bunreachtúil de chuid aon duine, beidh an bailiú faoi réir cibé teorannú is gá chun a áirithiú nach mbeidh sé i gcodarsna amhlaidh ach thairis sin beidh lánfheidhm agus lánéifeacht aige.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar Acht an Gharda Síochána, 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna an Gharda Síochána, 1923 go 1979, a ghairm d'Achtanna an Gharda Síochána, 1923 go 1977, agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar Achtanna an Gharda Síochána, 1923 go 1977, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.