An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT FORBARTHA MIANRAÍ, 1979) Ar Aghaidh (CUID II Cearta Mianadóireachta a Fheidhmiú)

12 1979

AN tACHT FORBARTHA MIANRAÍ, 1979

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Mianraí, 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Forbartha Mianraí, 1940 go 1979, a ghairm de na hAchtanna Forbartha Mianraí, 1940 agus 1960, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna Forbartha Mianraí, 1940 agus 1960, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1940” an tAcht Forbairte Minearál, 1940 ;

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach;

ciallaíonn “mianraí eiscthe” mianraí atá, de bhua alt 14, eiscthe ó fheidhm alt 12;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

folaíonn “mianraí Stáit” (gan dochar do ghinearáltacht an mhínithe a shanntar le halt 5 d'Acht 1940) ceart eisiatach chun mianraí a dhílsítear don Aire faoi alt 12 den Acht seo a oibriú;

folaíonn “oibriú”, i ndáil le mianraí, na mianraí sin a bhaint, a lorg, a thochailt, a fháil, a ardú, a thógáil, a thabhairt chun siúil, a chóireáil agus a chomhshó agus na mianraí sin a dhíol nó a dhiúscairt ar dhóigh eile agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(2) Aon tagairt san Acht seo do mhianraí i dtalamh glacfar go bhfolaíonn sí tagairt do mhianraí ar nó faoi uachtar na talún.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(4) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán dá éis sin.

Mianraí.

3. —(1) San Acht seo, tá le “mianraí” an bhrí a shanntar dó le halt 3 d'Acht 1940 arna leasú le halt 69 den Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960 , agus le fo-alt (2) den alt seo.

(2) In Acht 1940 agus san Acht seo ní fholaíonn “mianraí” cloch, gairbhéal, gaineamh ná cré ach amháin a mhéid a thagann aon substaint den sórt sin laistigh den liosta mianraí a luaitear sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1940.

Comhaltas An Bhord Mianadóireachta.

4. —Duine is eadránaí maoine faoin Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960 , a bheidh i ngach duine den dá ghnáth-bhall den Bhord Mianadóireachta a bunaíodh le halt 33 d'Acht 1940.

Finnéithe.

5. —Duine—

(a) ar ordaíodh dó faoi alt 35 d'Acht 1940 freastal os comhair an Bhord Mianadóireachta agus ar tairgeadh aon suim dó i leith chaiteachais a fhreastail a mbeadh finné a thoghairfí chun freastal os comhair na hArd-Chúirte i dteideal a thairiscint dó agus nach ngéillfidh don ordú gan cúis nó leithscéal cóir,

(b) a dhiúltóidh, agus é i láthair os comhair an Bhoird, an mionn a ghlacadh ar an mBord á iarraidh air sin a dhéanamh, nó a dhiúltóidh aon cheist a fhreagairt a iarrfaidh an Bord air a fhreagairt, nó a dhiúltóidh aon doiciméad nó ní a thabhairt ar aird a ordóidh an Bord dó a thabhairt ar aird, nó

(c) a dhéanfaidh aon ní eile i ndáil leis na himeachtaí os comhair an Bhoird ar dhíspeagadh ar an Ard-Chúirt é dá ndéanfadh finné sa Chúirt sin é i ndáil le himeachtaí os comhair na Cúirte sin,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó iad araon a chur air.

Daoine faoi mhíchumas nó daoine nár fionnadh.

6. —(1) Chun críocha uile an Achta seo, maidir le naí, duine mímheabhrach nó duine lagmheabhrach atá éagumasach go sealadach ar a ghnóthaí a bhainistí, féadfaidh caomhnóir nó cúramaí a eastáit nó, i gcás gan aon chaomhnóir nó cúramaí a bheith ann, féadfaidh cibé duine a cheapfaidh an Ard-Chúirt nó, chun críocha imeachtaí os comhair an Bhord Mianadóireachta, féadfaidh an Bord, feidhmiú ar a shon.

(2) Más rud é, in aon imeachtaí faoin Acht seo, go measfaidh an Chúirt nó, i gcás imeachtaí os comhair an Bhord Mianadóireachta, go measfaidh an Bord, gur gá nó gur fóirsteanach sin a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt nó an Bord duine a cheapadh le feidhmiú, chun críocha na n-imeachtaí sin, ar son leas aon duine nach bhfuil faighte ná fionnta.

Measúnóirí.

7. —Faoi réir rialacha cúirte, féadfaidh an Chúirt dá rogha féin measúnóirí a cheapadh chun cabhrú leis an gCúirt in aon imeachtaí faoin Acht seo, agus cinnfidh an Chúirt luach saothair measúnóirí agus íocfar sin mar chuid de chaiteachais riaracháin an Achta seo.

Tuarascáil leathbhliantúil don Oireachtas.

8. —Beidh i dtuarascáil ón Aire faoi alt 77 d'Acht 1940 sonraí i dtaobh na léasanna agus na gceadúnas go léir a deonaíodh faoin Acht seo agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus i dtaobh méid iomlán an airgid go léir a chruinnigh an tAire faoi réim nó de bhua aon léas nó ceadúnas den sórt sin.

Rialacháin.

9. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon chríche de chuid an Achta seo nó i ndáil le haon ábhar dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar atá forordaithe.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

10. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

11. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún.

(2) Beidh an leasú ar alt 18 d'Acht 1940 a dhéantar le fo-alt (1) faoi réir fhorálacha aon léasa nó ceadúnais.