|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide) | Ar Aghaidh (Caibidil VII Frithsheachaint) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1979
[EN] | |||
[EN] |
Caibidil VI Frithimghabháil | ||
[EN] |
Teorainn ama le himeachtaí achomaire áirithe. |
29. —Leasaítear leis seo na hAchtanna Cánach i ndáil le cionta a dhéanfar tar éis dáta an Acht seo a rith— | |
[EN] | (a) trí “, 413” in alt 517 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a scriosadh, agus | ||
[EN] | (b) trí “10 mbliana” a chur i ionad “thrí bliana” san alt sin 517 agus in alt 148 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , | ||
[EN] | agus tá na hailt sin 517 agus 148, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
[EN] | AN TABLA | ||
| |||
[EN] |
Leasú ar alt 70 (cumhacht chun a cheangal tuairisceán a thabhairt i dtaobh bunaidh ioncaim comhpháirtíochta agus i dtaobh na méideanna a fuarthas ón gcéanna) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
30. —Leasaítear leis seo alt 70 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |
[EN] | “(3A) Déanfaidh comhpháirtí tosaíochta aon chomhpháirtíochta, nuair a chuirfear de cheangal air sin a dhéanamh trí fhógra a thabharfaidh cigire dó, ráiteas i scríbhinn, agus é sínithe aige, a ullmhú agus a sheachadadh don chigire laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra sin, a inseoidh méid na mbrabús nó na ngnóchan a d'eascair don chomhpháirtíocht ó gach aon agus gach uile bhunadh is inmhuirearaithe de réir na sceideal ar leithligh, ar iad a mheas don tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus de réir fhorálacha an Achta seo agus cuirfear dearbhú ag gabháil leis an ráiteas á rá go bhfuil na méideanna sin measta i leith na mbunadh ioncaim go léir a luaitear san Acht seo, agus tabharfar tuairisc ar an gcéanna, tar éis cibé suimeanna, agus gan ach cibé suimeanna, a bheidh ceadaithe a asbhaint. | ||
[EN] | (3B) Beidh éifeacht le halt 174 i ndáil le comhpháirtíocht a sheolann trádáil nó gairm ionann is dá ndéanfaí san alt sin— | ||
[EN] | (a) tagairt do chomhpháirtí tosaíochta a chur in ionad na tagartha do dhuine gach áit a bhfuil an tagairt sin, | ||
[EN] | (b) ‘chuig comhpháirtíocht’ a chur in ionad ‘chuige’ agus | ||
[EN] | (c) trí ‘nó i seilbh nó ar urláimh na comhpháirtíochta’ a chur isteach i ndiaidh ‘urláimh’.” | ||
[EN] |
Cumhacht sonraí i dtaobh idirbhearta le cáiníocóirí agus doiciméid maidir le dliteanas cánach cáiníocóirí a fháil ó dhaoine áirithe. |
31. —(1) (a) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “oifigeach údaraithe” cigire a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú; | ||
[EN] | ciallaíonn “gnó” aon trádáil, gairm nó gnó (seachas gnó baincéireachta de réir bhrí Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ); | ||
[EN] | folaíonn “doiciméid” leabhair, cuntais agus taifid; | ||
[EN] | ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide. | ||
[EN] | (b) Beidh ar áireamh na ndaoine a bhféadfar déileáil leo mar “an cáiníocóir” faoin alt seo cuideachta nach ann di a thuilleadh agus pearsa aonair a d'éag; agus, i ndáil le pearsa aonair den sórt sin, is tagairt ansin don bhaintreach nó don bhaintreach fir an tagairt i bhfo-alt (2) don chéile (ní bhainfidh sé le hábhar chun críocha an fho-ailt sin gur phós sise nó seisean athuair). | ||
[EN] | (2) I gcás duine (dá ngairtear “an cáiníocóir” san alt seo) do sheachadadh ráiteas do chigire i dtaobh an ioncaim, na mbrabús nó na ngnóchan a d'eascair chuige— | ||
[EN] | (a) ó aon ghnó (san am a caitheadh nó san am i láthair) a sheol nó a sheolann sé féin nó a chéile, nó | ||
[EN] | (b) ó aon ghnó (san am a caitheadh nó san am i láthair) a raibh baint ag ceachtar díobh lena bhainistí tráth ábhartha, | ||
[EN] | agus nach mbeidh an cigire sásta leis an ráiteas, féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcáiníocóir á rá— | ||
[EN] | (i) nach bhfuil sé sásta leis an ráiteas a seachadadh dó, agus | ||
[EN] | (ii) go bhfuil iarrtha aige ar oifigeach údaraithe fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar dhaoine atá, i ndáil leis an gcáinocóir, faoi réir an ailt seo. | ||
[EN] | (3) I gcás ar seirbheáladh fógra faoi fho-alt (2) ar an gcáiníocóir, féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn fiosrú a dhéanamh faoi dhliteanas cánach an cháiníocóra, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil ar aon duine atá, i ndáil leis an gcáiníocóir, faoi réir an ailt seo, a cheangal air, laistigh den tréimhse a bheidh luaite san fhógra, nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an t-oifigeach údaraithe— | ||
[EN] | (a) sonraí a thabhairt dó i dtaobh aon idirbhearta gnó a bhí ag an duine sin leis an gcáiníocóir le linn tréimhse luaite, agus | ||
[EN] | (b) cibé doiciméid a sheachadadh dó nó, más rogha sin leis an duine dá dtabharfar an fógra, a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe, is doiciméid a mbeidh a sonraí nó a dtuairisc tugtha san fhógra agus a bheidh ina sheilbh nó ar a urláimh agus a bhfuil iontu, nó ar féidir go bhfuil iontu, i dtuairim an oifigigh chéadluaite, faisnéis is faisnéis ábhartha maidir le haon dliteanas cánach a bhfuil, nó ar féidir go bhfuil nó go raibh, an cáiníocóir faoina réir, nó maidir le méid aon dliteanais chánach den sórt sin. | ||
[EN] | (4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheanglaíonn ar dhuine atá i mbun gairme, agus ar seirbheáladh fógra faoi fho-alt (3) air, aon sonraí a bhaineann le cliant a thabhairt d'oifigeach údaraithe nó aon doiciméid a bhaineann le cliant a sheachadadh d'oifigeach údaraithe nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe, seachas cibé sonraí nó doiciméid— | ||
[EN] | (a) a bhaineann le híoc táillí nó le hidirbhearta airgeadais eile, nó | ||
[EN] | (b) a bhaineann ar dhóigh eile go hábhartha le dliteanas cánach an chliaint, | ||
[EN] | agus, go háirithe, ní cheanglófar air aon fhaisnéis nó comhairle ghairmiúil de ghné rúnda a tugadh do chliant a nochtadh. | ||
[EN] | (5) I gcás a mainneoidh duine ceanglas a cuireadh go cuí ar an duine faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh laistigh den tréimhse a bheidh luaite san fhógra a mbeidh an ceanglas ann nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a bheidh ceadaithe ag an oifigeach údaraithe áirithe, dlífear fíneáil £500 a chur ar an duine. | ||
[EN] | (6) I ndáil le cáiníocóir, is iad na daoine atá faoi réir an ailt seo aon duine atá ag seoladh gnó, nó a bhí ag seoladh gnó tráth ábhartha, agus aon chuideachta cibé acu atá gnó á sheoladh aici nó nach bhfuil. | ||
[EN] | (7) Chun críocha fho-alt (2), measfar, maidir le gach stiúrthóir cuideachta, go bhfuil baint aige le bainistí aon ghnó a sheolann an chuideachta, agus is tráth ábhartha aon tráth is ábhar, nó arbh fhéidir dó bheith ina ábhar, i dtuairim an oifigigh údaraithe, le linn aon dliteanas cánach de chuid an cháiníocóra san am a caitheadh nó san am i láthair a bheith á fhionnadh. | ||
[EN] | (8) I gcás doiciméid a bheith le seachadadh d'oifigeach údaraithe de bhun cheanglas a cuireadh go cuí faoi fho-alt (3), féadfar cóipeanna de na doiciméid sin a sheachadadh i ionad na gceann bunaidh; ach— | ||
[EN] | (a) ní foláir gur cóipeanna fótagrafacha, nó cóipeanna a rinneadh trí mhacasamhlú ar shlí eile, na cóipeanna; agus | ||
[EN] | (b) má cheanglaíonn an t-oifigeach údaraithe é, ní foláir na doiciméid bhunaidh a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe agus má mhainnítear an fhoráil sin a chomhlíonadh déileálfar leis mar mhainneachtain an ceanglas a chomhlíonadh. | ||
[EN] | (9) Féadfaidh oifigeach údaraithe aon doiciméid a tugadh nó a cuireadh ar fáil lena n-iniúchadh faoin alt seo a scrúdú agus féadfaidh sé cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu. | ||
[EN] | (10) Nuair a bheidh oifigeach údaraithe ag feidhmiú aon chumhachtaí a thugtar leis an alt seo déanfaidh sé, má iarrann aon duine lena mbaineann air é, deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim á údarú dó na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú a thabhairt ar aird don duine sin. |