An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA, 1979) Ar Aghaidh (Cuid II Údarás na Gaeltachta)

5 1979

AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA, 1979

Cuid I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” Aire na Gaeltachta;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an Ghaeltacht” na limistéir a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 , gur limistéir Ghaeltachta iad;

ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a cheapfar ina lá ceaptha chun críocha Chuid II den Acht seo le hordú ón Aire;

tá le “an tÚdarás” an bhrí a shonraítear in alt 6 (1);

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 .

(2) Tagairt san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí sin.

(3) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Tosach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla.

Aisghairm.

4. —Aisghairtear leis seo na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1977.

Caiteachais.

5. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.