35 1978


Uimhir 35 de 1978


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (FORÁLACHA AIRGEADAIS), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH FAOISIMH ÁIRITHE I nDÁIL LE hÍOC RÁTAÍ, DO DHÉANAMH SOCRUITHE EILE MAIDIR LE RÁTAÍ NÓ I nDÁIL LEO, DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH RIALTAIS ÁITIÚIL AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [20 Nollaig, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1838” an Poor Relief (Ireland) Act, 1838;

ciallaíonn “Acht 1928” an tAcht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928;

ciallaíonn “Acht 1930” an tAcht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 ;

ciallaíonn “Acht 1934” Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 ;

ciallaíonn “Acht 1939” Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 ;

ciallaíonn “Acht 1955” an tAcht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955 ;

ciallaíonn “an Coimisinéir” an Coimisinéir Luachála;

ciallaíonn “halla pobail”, faoi réir fho-alt (4) den alt seo, aon oidhreachtán, seachas oidhreachtán atá díolmhaithe ó rátáil faoi alt 63 d'Acht 1838 nó alt 2 den Valuation (Ireland) Act, 1854, nó aitreabh club atá cláraithe de thuras na huaire faoin Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, arb é atá ann go hiomlán nó go páirteach halla nó foirgneamh dá shamhail, nach chun brabúis nó gnóchain a úsáidtear é go príomha agus atá á áitiú ag duine a úsáideann é de ghnáth, nó a cheadaíonn de ghnáth é a úsáid, chun críocha a mbíonn na daoine a chónaíonn sa cheantar i gcoitinne páirteach iontu agus ar críocha áineasa nó críocha sóisialta de chineál eile iad;

ciallaíonn “oidhreachtán teaghlaigh” aon oidhreachtán arb é atá ann, go hiomlán nó go páirteach, áitreabh a úsáidtear mar theach cónaithe agus nach oidhreachtán measctha é;

ciallaíonn “foirgneamh feirme” aon fheirm, fotheach nó foirgneamh oifige a críochnaíodh roimh an lú lá de Mhárta, 1959, agus a raibh, mar gheall ar é a thógáil, alt 14 den Valuation (Ireland) Act, 1852, le feidhmiú;

ciallaíonn “údarás tithíochta” údarás tithíochta de réir bhrí Acht na dTithe, 1966 ;

ní fhorléireofar “lóistín” mar ní a fholaíonn cóiríocht a chuirtear ar fáil in áitreabh atá cláraithe faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1975;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

ciallaíonn “bainisteoir” bainisteoir de réir bhrí alt 1 d'Acht 1955;

ciallaíonn “oidhreachtán measctha” oidhreachtán arb é atá ann, go hiomlán nó go páirteach, foirgneamh a úsáidtear go páirteach, go feadh méid suntasach, mar theach cónaithe agus go páirteach, go feadh an méid sin, chun críche nó críocha eile;

ciallaíonn “ráta bardasach” an ráta bardasach de réir bhrí Chuid II den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “meánscoil” aon oidhreachtán (nach oidhreachtán atá díolmhaithe ó rátáil faoi alt 63 d'Acht 1838 nó faoi alt 2 den Valuation (Ireland) Act, 1854), arb é atá ann, go hiomlán nó go páirteach, áitreabh atá á úsáid de thuras na huaire mar mheánscoil, nó mar chuid de mheánscoil, atá aitheanta ag an Aire Oideachais chun críocha rialacha a rinne sé le haghaidh meánscoileanna faoi na hAchtanna Oideachais Idirmheánaigh (Éirinn), 1878 go 1924 (cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear an t-áitreabh freisin chun oideachas a chur ar fáil ar aon leibhéal seachas ar leibhéal meánscoile);

ciallaíonn “teach beag cónaithe” oidhreachtán ar teach beag cónaithe é chun críocha Acht 1928 agus nach oidhreachtán measotha é;

ciallaíonn “an bhliain airgeadais áitiúil shonraithe” an bhliain airgeadais áitiúil dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1977;

ciallaíonn “luacháil” luacháil faoi na hAchtanna Luachála;

ciallaíonn “liostaí luachála” na liostaí luachála dá dtagraítear sna hAchtanna Luachála.

(2) Déanfar tagairt san Acht seo do ráta nó do ráta sa phunt a fhorléiriú, de réir mar is gá sna himthosca, mar thagairt don ráta contae nó don ráta bardasach nó do ráta sa phunt den ráta bardasach nó do ráta sa phunt den ráta contae.

(3) Chun críocha an Achta seo ní áireofar gur aon ní eile oidhreachtán ach—

(a) oidhreachtán teaghlaigh, de bhíthin amháin—

(i) go n-úsáidtear an t-oidhreachtán chun lóistín a chur ar fáil,

(ii) gur páirt den oidhreachtán clós, fotheach nó comhghabhálas, gairdín nó talamh eile a theachtar de ghnáth leis an teach cónaithe iomchuí,

(iii) gur foirgneamh feirme cuid den oidhreachtán,

(b) meánscoil nó halla pobail de bhíthin amháin gur páirt de áitreabh a úsáidtear mar theach cónaithe.

(4) (a) I gcás halla a bheith á úsáid nó a bheith ceaptha lena úsáid do chineál áirithe, nó do chineálacha áirithe, spóirt nó cluichí ní foras é sin ar a bhféadfaidh údarás rátúcháin nó Breitheamh den Chúirt Dúiche a bhreithniú gur halla pobail oidhreachtán.

(b) Ní mheasfar, chun críocha an Achta seo, nach halla pobail áitreabh de bhithin amháin gur daoine d'aois-bhuíon áirithe nó daoine d'aicme áirithe chreidimh a úsáideann go heisiatach nó de ghnáth é.

(5) Le linn bheith á bhreithniú, i ndáil le bliain airgeadais áitiúil áirithe, an oidhreachtán teaghlaigh, oidhreachtán measctha, meánscoil nó halla pobail nó nach ea oidhreachtán, ní áireofar mar chríoch ar chuici a rinneadh, díreach sular ghearr an t-údarás rátúcháin an ráta don bhliain airgeadais áitiúil sin, an t-oidhreachtán a úsáid de ghnáth nó, más iomchuí, a úsáid de ghnáth go deireanach.

(6) I gcás ar oidhreachtán aon fhoirgneamh nó foirgnimh a bhaineann le teach cónaithe agus a theachtar de ghnáth in éineacht leis an teach cónaithe, nó i gcás dhá oidhreachtán nó níos mó den sórt sin bheith ann, gur oidhreachtáin iad go léir, seachas an t-oidhreachtán arb é an teach cónaithe é, ansin más rud é, agus amháin más rud é, nach mó, nó nach mó san iomlán, ná dhá phunt luacháil nó luachálacha an oidhreachtáin nó na n-oidhreachtán céadluaite measfar, chun críocha an Achta seo, gur oidhreachtán teaghlaigh an t-oidhreachtán céadluaite nó gach ceann de na hoidhreachtáin chéadluaite, de réir mar is iomchuí.

(7) I gcás aon talamh atá taifeadta mar thalamh sna liostaí luachála do bhaint le meánscoil nó le teach cónaithe agus go dteachtar é de ghnáth in éineacht leis an meánscoil nó leis an teach cónaithe agus gur oidhreachtán iomlán é ar leith ón oidhreachtán arb é an mheánscoil nó an teach cónaithe, de réir mar a bheidh, é, ansin measfar, chun críocha an Achta seo, go ndéanann oidhreachtán amháin ar meánscoil é nó oidhreachtán teaghlaigh amháin, de réir mar is iomchuí, den oidhreachtán arb é an talamh sin go hiomlán é agus den oidhreachtán arb é an mheánscoil sin nó an teach cónaithe sin é le chéile.

Luacháil shonraithe.

2. —(1) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, is é a bheidh chun críocha an Achta seo i luacháil shonraithe oidhreachtáin i ndáil le bliain airgeadais áitiúil—

(a) i gcás ar oidhreachtán measctha an t-oidhreachtán—

(i) má bhíonn cinneadh faoi fho-alt (6) nó (8) d'alt 7 den Acht seo i bhfeidhm de thuras na huaire i ndáil leis an oidhreachtán, an méid a bheidh sonraithe sa chinneadh, agus

(ii) in aon chás eile, cibé suim díobh seo a leanas is lú—

(A) suim is ionann agus trian den luacháil foirgneamh, nó, i gcás ar iomchuí sin, de cibé cion den méid sin is iomchuí ag féachaint d'achtachán ar leith ón Acht seo agus ar féidir, i ndáil leis, an ráta don bhliain airgeadais áitiúil sin a ghearradh maidir leis an oidhreachtán, nó

(B) £18.

(b) i gcás ar meánscoil an t-oidhreachtán—

(i) más páirt den oidhreachtán talamh atá taifeadta sna liostaí luachála mar thalamh, an méid a fhaightear nuair a dhéantar an luacháil foirgneamh, nó i gcás breithniú faoi fho-alt (6) nó (8) d'alt 7 den Acht seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire i ndáil leis an oidhreachtán, méid is ionann agus an chuid a breithníodh amhlaidh a bheith inchurtha i leith na meánscoile, a shuimiú—

(A) leis an luacháil talún, nó

(B) le £40, nó, i gcás ar oidhreachtán lena mbaineann achtachán a luaitear i bhfo-alt (7) (b) den alt seo an t-oidhreachtán, an tsuim a mbeadh rátaí le ríomh faoina treoir dá mba £40 luacháil talún iomchuí an oidhreachtáin,

cibé acu is lú,

(ii) más rud é nach páirt den oidhreachtán talamh mar a dúradh, méid is ionann agus an luacháil foirgneamh, nó i gcás breithniú faoi fho-alt (6) nó (8) d'alt 7 den Acht seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire i ndáil leis an oidhreachtán, méid is ionann agus an chuid a breithníodh amhlaidh a bheith inchurtha i leith na meánscoile,

(c) i gcás ar oidhreachtán teaghlaigh an t-oidhreachtán,

(i) agus i gcás ar páirt den oidhreachtán talamh atá taifeadta sna liostaí luachála mar thalamh agus nach mó ná £1 an luacháil talún iomchuí, nó i gcás ar oidhreachtán lena mbaineann achtachán a luaitear i bhfo-alt (7) (b) den alt seo an t-oidhreachtán, an tsuim a mbeadh rátaí le ríomh faoina treoir dá mba £1 luacháil talún iomchuí an oidhreachtáin, an méid a fhaightear nuair a dhéantar an luacháil talún a shuimiú leis an luacháil foirgneamh nó, i gcás ar iomchuí sin, le cibé cion den luacháil foirgneamh is iomchuí ag féachaint d'achtachán ar leith ón Acht seo agus ar féidir, i ndáil leis, an ráta don bhliain airgeadais áitiúil sin a ghearradh maidir leis an oidhreachtán,

(ii) in aon chás eile, méid is ionann agus an luacháil foirgneamh nó, i gcás ar iomchuí sin, cibé cion den luacháil foirgneamh is iomchuí ag féachaint amhlaidh agus ar féidir, i ndáil leis, an ráta don bhliain airgeadais áitiúil sin a ghearradh maidir leis an oidhreachtán,

(d) i gcás ar halla pobail nó foirgneamh feirme an t-oidhreachtán, an luacháil foirgneamh, nó i gcás breithniú faoi fho-alt (6) nó (8) d'alt 7 den Acht seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire i ndáil leis an oidhreachtán, méid is ionann agus an chuid a breithníodh amhlaidh a bheith inchurtha i leith an halla pobail nó an fhoirgnimh feirme, de réir mar a bheidh.

(2) Féadfaidh an tAire a fhoráil le hordú go scoirfidh gach ceann nó aon cheann de na hachtacháin a luaitear i bhfo-alt (5) den alt seo d'éifeacht a bheith leis.

(3) Tiocfaidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo i bhfeidhm sa bhliain airgeadais áitiúil díreach tar éis na bliana ina ndéanfar an t-ordú.

(4) I gcás ordú faoi fho-alt (2) den alt seo a dhéanamh, ansin maidir le hoidhreachtán arb é atá ann, an bhliain airgeadais áitiúil ina ndéanfar an t-ordú, oidhreachtán lena mbaineann achtachán a shonraítear san ordú, beidh feidhm ag an méid seo a leanas, eadhon, chun críocha aon ráta is é a bheidh i luacháil an oidhreachtáin sin, le héifeacht ó thosach feidhme an ordaithe, an luacháil foirgneamh ar ar gearradh an ráta go cuí don bhliain airgeadais áitiúil sin.

(5) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo alt 13 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (arna leasú le fo-alt (4) d'alt 6 d'Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1959 ), alt 6 (1) d'Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1959 , alt 3 (2) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962, alt 33 d'Acht na dTithe, 1966 (arna leasú le halt 12 d'Acht na dTithe, 1970 ), agus aon achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn Achtanna na dTithe, 1966 go 1970, agus faoinar féidir luacháil a laghdú go sealadach nó athscrúdú luachála a chur siar nó luacháil a mhéadú.

(6) I gcás a mbeartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh.

(7) (a) San alt seo—

ciallaíonn “luacháil foirgneamh”, i ndáil le hoidhreachtán, an méid atá taifeadta sna liostaí luachála i ndáil leis an luacháil iomchuí maidir le foirgnimh;

ciallaíonn “luacháil talún”, i ndáil le hoidhreachtán, an méid atá taifeadta sna liostaí luachála i ndáil leis an luacháil iomchuí maidir le talamh atá taifeadta amhlaidh mar thalamh nó, i gcás ar oidhreachtán lena mbaineann achtachán a luaitear i mír (b) den fho-alt seo an t-oidhreachtán, an tsuim ar faoina treoir a bheadh rátaí le ríomh i leith an oidhreachtáin agus i ndáil le talamh atá taifeadta amhlaidh mar thalamh.

(b) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo alt 69 d'Acht 1930, alt 28 d'Acht 1934, alt 27 d'Acht 1939, alt 19 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941 , agus alt 21 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 .

Lamháltais i ndáil le rátaí do bhliain airgeadais áitiúil seachas an bhliain shonraithe sin.

3. —(1) I gcás údarás rátúcháin do ghearradh ráta i leith oidhreachtán lena mbaineann an t-alt seo, ansin tabharfaidh an t-údarás lamháltas don duine ar ar ghearr siad ráta amhlaidh in aghaidh na bliana airgeadais áitiúil lena mbaineann an ráta agus beidh an lamháltas sin ar cóimhéid leis an ráta sa phunt ar an luacháil shonraithe, agus, dá réir sin, déanfaidh an t-údarás an ráta a gearradh amhlaidh a laghdú (go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is iomchuí) méid an lamháltais; ar choinníoll, i gcás a bhféadfar lamháltas a thabhairt an bhliain airgeadais áitiúil sin faoi na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1978, nó faoi aon Acht a leasaíonn no a leathnaíonn na hAchtanna sin, maidir leis an oidhreachtán, go ndéanfar ar dtús an lamháltas faoi na hAchtanna sin a fhionnadh agus go ndéanfar ansin an lamháltas réamhráite faoin alt seo a laghdú méid an lamháltais a fionnadh amhlaidh ar dtús.

(2) Más rud é an lá a ghearrfaidh údarás rátúcháin ráta gurb é an t-údarás is úinéir ar theach cónaithe atá ina limistéar feidhmiúcháin agus a soláthraíodh lena ligean, measfar, maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil lena mbaineann an ráta agus chun críocha fho-alt (1) den alt seo, go ndearna an t-údarás ráta a ghearradh agus lamháltas a thabhairt i leith an tí chónaithe faoin bhfo-alt sin (1).

(3) Baineann an t-alt seo le haon oidhreachtán is oidhreachtán teaghlaigh, oidhreachtán measctha, foirgneamh feirme, meánscoil nó halla pobail.

(4) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1978.

Lamháltais i ndáil le rátaí do bhliain airgeadais áitiúil shonraithe.

4. —(1) I gcás údarás rátúcháin do ghearradh ráta don bhliain airgeadais áitiúil shonraithe maidir le hoidhreachtán agus gur oidhreachtán teaghlaigh nó oidhreachtán measctha an t-oidhreachtán, tabharfaidh an t-údarás don duine ar ar ghearr siad ráta amhlaidh lamháltas comhionann leis an gceathrú cuid den ráta sa phunt ar an luacháil shonraithe agus déanfar na rátaí a bheidh dlite den duine don údarás maidir leis an oidhreachtán a laghdú méid an lamháltais; ar choinníoll, i gcás a bhféadfar lamháltas a thabhairt an bhliain airgeadais áitiúil sin faoi na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1976, maidir leis an oidhreachtán, go ndéanfar ar dtús an lamháltas faoi na hAchtanna sin a fhionnadh agus go ndéanfar ansin an lamháltas réamhráite faoin alt seo a laghdú méid an lamháltais a fionnadh amhlaidh ar dtús.

(2) Tabharfar lamháltas faoin alt seo—

(a) i gcás a mbeidh na rátaí iomchuí don bhliain airgeadais áitiúil shonraithe íoctha roimh an lamháltas a thabhairt agus nach mbeidh aon riaráiste rátaí gan íoc maidir leis an oidhreachtán áirithe nó má bhíonn aon riaráistí den sórt sin ann gur lú iad ná méid an lamháltais, trí cibé méid is iomchuí a aisíoc (agus údaraítear leis seo don údarás rátúcháin lena mbaineann an t-aisíoc sin a dhéanamh),

(b) in aon chás eile, trí fhritháireamh (agus údaraítear leis seo don údarás rátúcháin lena mbaineann an fritháireamh sin a dhéanamh).

Lamháltais ag tiarnaí talún áirithe do thionóntaí áirithe.

5. —(1) I gcás—

(a) teach cónaithe seachas teach beag cónaithe a bheith ligthe, agus

(b) lamháltas a bheith tugtha faoin Acht seo i ndáil leis an oidhreachtán iomchuí ag údarás rátúcháin, agus

(c) go ndearna an tiarna talún, roimh an lú lá d'Eanáir, 1978, na rátaí a íoc, nó asbhaint nó fritháireamh in aghaidh na rátaí a lamháil don duine arbh é an tionónta é, nó an duine sin a shlánú i leith na rátaí,

ansin fad is é an duine sin an tionónta ach ní níos faide ná sin tabharfaidh an tiarna talún don tionónta—

(d) i gcás arbh é an duine sin tionónta an tí chónaithe díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ar an agus ón tosach feidhme sin—

(i) i gcás a gcuimsíonn an teach cónaithe an t-áitreabh go léir dá dtugtar an lamháltas a luaitear i mír (b) den fho-alt seo,

(A) lamháltas i ndáil leis an mbliain airgeadais áitiúil shonraithe ar cóimhéid leis an tsuim a gheofar trí mhéid an lamháltais a luaitear sa mhír sin (b) agus a thugtar maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil shonraithe a roinnt ar 365 agus an toradh a iolrú ansin ar an méid lá sa bhliain airgeadais áitiúil shonraithe ar lá a raibh an duine sin fós ina thionónta amhlaidh gach lá díobh,

(B) lamháltas i ndáil le haon bhliain airgeadais áitiúil tar éis na bliana airgeadais áitiúla sonraithe ar cóimhéid leis an tsuim a chinnfear de réir na foirmle

4A

×B

____

365

i gcás—

arb é A an lamháltas a luaitear sa mhír sin (b) agus a thugtar maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil shonraithe, agus

22

arb é B an méid laethanta sa bhliain airgeadais áitiúil dá éis sin a dúradh agus ar lá a raibh an duine sin fós ina thionónta amhlaidh gach lá díobh.

(ii) i gcás nach gcuimsíonn an teach cónaithe an t-áitreabh sin go léir—

(A) lamháltas i ndáil leis an mbliain airgeadais áitiúil shonraithe ar cóimhéid le cibé cion den tsuim dá dtagraítear i bhfomhír (i) (A) den mhír seo ar a gcomhaontóidh an tiarna talún agus an tionónta eatarthu nó, cheal comhaontú den sórt sin, cibé lamháltas (más ann) is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (4) (a) den alt seo,

(B) lamháltas i ndáil le haon bhliain airgeadais áitiúil tar éis na bliana airgeadais áitiúla sonraithe ar cóimhéid le cibé cion den tsuim dá dtagraítear i bhfomhír (i) (B) den mhír seo ar a gcomhaontófar amhlaidh nó, cheal comhaontú den sórt sin, cibé lamháltas (más ann) is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (4) (b) den alt seo,

(e) i gcás nárbh é an duine sin tionónta an tí chónaithe díreach roimh thosach feidhme an ailt seo ach gurbh é tionónta an tí chónaithe é díreach roimh an lú lá d'Eanáir, 1978, ar an agus ón lú lá d'Eanáir sin a dúradh—

(i) i gcás a gcuimsíonn an teach cónaithe an t-áitreabh go léir dá dtugtar an lamháltas a luaitear i mír (b) den fho-alt seo, lamháltas (más ann) i ndáil le gach bliain airgeadais áitiúil tar éis na bliana airgeadais áitiúla sonraithe ar cóimhéid leis an tsuim a chinnfear de réir na foirmle—

3A

×B

____

365

i gcás—

arb é A méid an lamháltais a luaitear sa mhír sin (b) agus a thugtar maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil shonraithe, agus

arb é B an méid laethanta sa bhliain airgeadais áitiúil a bhfuil an lamháltas faoin Acht seo á thabhairt ag údarás rátúcháin ina leith agus ar lá a raibh an duine sin fós ina thionónta gach lá díobh,

(ii) i gcás nach gcuimsíonn an teach cónaithe an t-áitreabh sin go léir, lamháltas i ndáil le haon bhliain airgeadais áitiúil tar éis na bliana airgeadais áitiúla sonraithe ar cóimhéid le cibé cion den tsuim a chinnfear de réir na foirmle atá i bhfomhír (i) den mhír seo ar a gcomhaontóidh an tiarna talún agus an tionónta eatarthu nó, cheal comhaontú den sórt sin, cibé lamháltas is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (4) (c) den alt seo.

(2) (a) I gcás gan luacháil ar leith a bheith déanta ar theach cónaithe faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an t-údarás rátúcháin iomchuí, ar iarratas ó thiarna talún nó ó thionónta an tí chónaithe, chun críocha an ailt seo agus chun na gcríocha sin amháin, cibé cuid is iomchuí leo de luacháil inrátaithe (is é sin, an luachail atá socraithe maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil shonraithe) an oidhreachtáin ina gcuimsítear an teach cónaithe a chionroinnt ar an teach cónaithe; ar choinníoll go mbeidh lamháltas inlamháilte faoin Acht seo ag údarás rátúcháin maidir leis an teach cónaithe tráth an iarratais a dhéanamh.

(b)   (i) I gcás a ndéanfaidh údarás rátúcháin, faoin alt seo, cuid de luacháil inrátaithe a chionroinnt ar theach cónaithe, déanfaidh an t-údarás, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis lá na cionroinnte a dhéanamh, fógra i scríbhinn faoin gcionroinnt a thabhairt don tiarna talún agus don tionónta lena mbaineann.

(ii) Folóidh fógra a thabharfaidh údarás rátúcháin faoin mír seo ráiteas ina mbeidh forálacha fhomhír (iii) den mhír seo agus fho-alt (3) den alt seo.

(iii) I gcás a bhfaighidh tiarna talún fógra a tugadh dó de bhun cheanglais fhomhír (ii) den mhír seo, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná deich lá tar éis an fógra a fháil, cóip den fhógra a thabhairt do gach tionónta d'aon teach cónaithe is páirt den oidhreachtán lena mbaineann an luacháil a cionroinneadh.

(3) I gcás a ndéanfaidh údarás rátúcháin cionroinnt faoin alt seo, tiocfaidh an chionroinnt i bhfeidhm—

(a) I gcás nach ndéanfar aon achomharc ina leith faoi alt 7 den Acht seo, ar dhul in éag don tréimhse ina bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh,

(b) i gcás a ndéanfar achomharc den sórt sin agus go ndaingneofar an chionroinnt, an lá díreach tar éis an lae ar a ndéanfar an daingniú, nó i gcás a dtarraingeofar siar an t-achomharc, ar dhul in éag don tréimhse a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó an lá díreach tar éis an lae ar a dtarraingeofar siar an t-achomharc, cibé acu is déanaí.

(4) I gcás cionroinnt chun críocha an ailt seo, cibé acu is faoin alt seo nó ar achomharc faoi alt 7 den Acht seo a dhéanfar é, do theacht i bhfeidhm—

(a) chun críocha fho-alt (1) (d) (ii) (A) den alt seo is é an lamháltas is iomchuí an tsuim a chinnfear de réir na foirmle

A×B

_____

4

×C

_____

365

i gcás—

arb é A an luacháil a cionroinneadh,

arb é B an ráta sa phunt don bhliain airgeadais áitiúil shonraithe, agus

arb é C an méid laethanta sa bhliain airgeadais áitiúil shonraithe ar lá a raibh an tionónta lena mbaineann fós ina thionónta amhlaidh faoin tionóntacht iomchuí gach lá díobh,

(b) chun críocha fho-alt (1) (d) (ii) (B) den alt seo is é an lamháltas is iomchuí an tsuim a chinnfear de réir na foirmle

A×B

×C

____

365

i gcás—

arb é A an luacháil a cionroinneadh,

arb é B an ráta sa phunt don bhliain airgeadais áitiúil shonraithe, agus

arb é C an méid laethanta sa bhliain airgeadais áitiúil a bhfuil an lamháltas faoin Acht seo á thabhairt ina leith ag údarás rátúcháin agus ar lá a raibh an tionónta lena mbaineann fós ina thionónta amhlaidh faoin tionóntacht iomchuí gach lá díobh,

(c) chun críocha fho-alt (1) (e) (ii) den alt seo is é an lamháltas is iomchuí an tsuim a chinnfear de réir na foirmle

A × B × ¾

×C

______

365

i gcás—

arb é A an luacháil a cionroinneadh,

arb é B an ráta sa phunt don bhliain airgeadais áitiúil shonraithe, agus

arb é C an méid laethanta sa bhliain airgeadais áitiúil a bhfuil an lamháltas faoin alt seo á thabhairt ina leith agus ar lá a raibh an tionónta lena mbaineann fós ina thionónta amhlaidh faoin tionóntacht iomchuí gach lá díobh.

(5) Is fiach a bheidh dlite den tiarna talún don tionónta áirithe lamháltas a cheanglaíonn an t-alt seo ar thiarna talún a thabhairt, agus mura dtabharfar an lamháltas don tionónta sin trí fhritháireamh nó ar shlí eile féadfaidh an tionónta sin nó a ionadaí pearsanta é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Coigeartuithe ar chíosanna áirithe lena mbaineann Acht 1928.

6. —(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, déanfar an méadú cíosa ar theach beag cónaithe a thig de bhua alt 9 d'Acht 1928 i ndáil leis an mbliain airgeadais áitiúil shonraithe a laghdú an ceathrú cuid agus forléireofar an t-alt sin 9 agus beidh éifeacht leis dá réir sin i ndáil leis an mbliain sin.

(2) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, i gcás ráta don bhliain airgeadais áitiúil shonraithe a ghearradh de bhua Acht 1928 ar an té ar leis teach beag cónaithe, forléireofar alt 6 den Acht sin agus beidh éifeacht leis mar alt a cheanglaíonn na gálaí cíosa dá dtagraítear ann a mhéadú i rith an dá mhí dhéag a shonraítear san alt sin méid a mbeidh idir é agus cóimhéid trí cheathrú an ráta sin an chomhréir chéanna atá idir an tréimhse a bhfuil an gála sin iníoctha ina leith agus bliain.

(3) (a) Ní mhéadófar an cíos ar theach beag cónaithe d'aon mhéadú is méadú a thuairiscítear i mír (b) den fho-alt seo.

(b) Is é an méadú dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo aon mhéadú ar an gcíos ar theach beag cónaithe a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo, le déanamh de bhua alt 9 d'Acht 1928 an 1ú lá d'Eanáir, 1978, nó dá éis.

(4) Údarás tithíochta ar leis teach beag cónaithe agus nach é an t-údarás rátúcháin é don limistéar rátúcháin ina bhfuil an teach cónaithe, tabharfaidh sé lamháltas don áititheoir lena mbaineann do laghdú méid iomlán aon mhéadaithe a bheidh déanta faoi alt 6 d'Acht 1928, arna leasú le fo-alt (2) den alt seo, ar aon ghála cíosa a bheidh dlite den áititheoir sin agus iníoctha aige an lú lá d'Eanáir, 1978, nó dá éis.

(5) (a) Forléireofar alt 10 (1) d'Acht 1928 agus beidh éifeacht leis, i ndáil le ráta arna ghearradh ag údarás rátúcháin i gcóir seirbhís na bliana airgeadais áitiúla sonraithe, ionann is dá mbeadh tagairt ann do “fiche a seacht de dhaicheadaithe” in ionad na tagartha atá ann do “naoi ndeichiú”.

(b) Forléireofar alt 72 (3) den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Átha Cliath), 1930 , agus beidh éifeacht leis, a mhéid, agus amháin a mhéid, a leathnaíonn sé fara modhnuithe i ndáil leis an mbliain airgeadais shonraithe feidhm alt 10 d'Acht 1928 ionann is dá mbeadh tagairt ann do “trí chúigiú” in ionad na tagartha atá ann do “ocht ndeichiú”.

Iarratais agus achomhairc.

7. —(1) (a) Más rud é aon bhliain airgeadais áitiúil—

(i) nach dtabharfaidh údarás rátúcháin lamháltas faoin Acht seo, féadfaidh áititheoir rátaithe an oidhreachtáin lena mbaineann,

(ii) go dtabharfar lamháltas den sórt sin amhlaidh ach go gcreideann áititheoir rátaithe an oidhreachtáin lena mbaineann go bhfuil lamháltas eile inlamháilte ina ionad sin faoin Acht seo, féadfaidh an t-áititheoir rátaithe sin,

tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a ghearrfar an ráta don bhliain sin, nó i gcás ina leasófar ráta de bhun achtachán a luaitear i mír (c) den fho-alt seo, tráth nach déanaí ná deireadh dhá mhí dar tosach an lá a leasófar an ráta, a iarraidh ar an údarás i scríbhinn an lamháltas nó lamháltas eile, de réir mar is iomchuí, a thabhairt, agus mura ndéanfaidh an t-údarás de réir na hiarrata sin féadfaidh sé, laistigh den tréimhse cheithre mhí dar tosach an lá sin iarratas a dhéanamh chun Breitheamh den Chúirt Dúiche agus, faoi réir fho-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 1 den Acht seo, más deimhin leis an mBreitheamh tar éis an t-iarratas a éisteacht gur chóir an lamháltas nó lamháltas eile a bheith tugtha tabharfaidh sé ordú don údarás dá réir sin agus comhlíonfaidh an t-údarás an t-ordú.

(b) I gcás údarás rátúcháin do bhreithniú iarraidh faoin bhfo-alt seo, déanfaidh siad, a luaithe is féidir, a gcinneadh a chur in iúl i scríbhinn don iarratasóir, agus i gcás a ndéanfar iarraidh ar údarás rátúcháin faoin bhfo-alt seo ach nach gcuirfidh an t-údarás a gcinneadh in iúl amhlaidh don iarratasóir laistigh den tréimhse ocht lá is fiche dar tosach an lá a gheobhaidh an t-údarás an iarraidh, measfar nach mbeidh an iarraidh comhlíonta ag an údarás.

(c) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo ailt 73 agus 94 d'Acht 1930, alt 30 d'Acht 1934, alt 29 d'Acht 1939, alt 60 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , agus alt 21 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941 .

(2) Féadfaidh áititheoir rátaithe oidhreachtáin mheasctha, tríd an údarás rátúcháin lena mbaineann, nó féadfaidh an t-údarás sin, iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisinéir chun luacháil an oidhreachtáin a chionroinnt chun críocha alt 2 den Acht seo.

(3) I gcás arb éard é oidhreachtán, seachas oidhreachtán teaghlaigh, meánscoil, halla pobail nó foirgneamh feirme agus maoin eile agus nach mbeidh suim áirithe socraithe i leith na meánscoile, an halla pobail nó an fhoirgnimh feirme sin mar chuid de luacháil, féadfaidh an duine atá rátaithe i leith an oidhreachtáin, tríd an údarás rátúcháin lena mbaineann, nó féadfaidh an t-údarás sin, iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisinéir faoin bhfo-alt seo.

(4) Aon duine arb éagóir leis cinneadh ó údarás rátúcháin faoi alt 5 (2) (a) den Acht seo féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis an lae a dhéanfar an cinneadh, trí fhógra i scríbhinn, achomharc a dhéanamh tríd an údarás chuig an gCoimisinéir in aghaidh an chinnidh.

(5) Faoi réir an choinníll a ghabhann le halt 5 (2) (a) den Acht seo, féadfaidh an Coimisinéir, le linn dó achomharc a bhreithniú faoin alt seo, an chionroinnt a rinne an t-údarás rátúcháin a dhaingniú nó féadfaidh sé chun críocha alt 5 den Acht seo cionroinnt eile a chur in ionad na cionroinnte sin.

(6) (a) Ar iarratas a fháil don Choimisinéir faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh sé, más cuí leis, luacháil an oidhreachtáin lena mbaineann an t-iarratas a chionroinnt chun críocha alt 2 den Acht seo, agus i gcás a gcinnfidh an Coimisinéir an luacháil sin a chionroinnt amhlaidh déanfaidh sé, nuair a bheidh a chinneadh á dhéanamh aige, an méid a shonrú arb é, chun críocha an Achta seo, luacháil shonraithe an oidhreachtáin sin é.

(b) Ar iarratas a fháil don Choimisinéir faoi fho-alt (3) den alt seo, más deimhin leis, agus amháin más deimhin leis, gur páirt den oidhreachtán lena mbaineann an t-iarratas meánscoil, halla pobail nó foirgneamh feirme, breithneoidh sé an chuid den luacháil foirgneamh a rinneadh i leith an oidhreachtáin sin is inchurtha i leith na meánscoile sin, an halla pobail sin nó an fhoirgnimh feirme sin, agus i gcás a ndéanfaidh an Coimisinéir breithniú den sórt sin, ansin faoi réir fho-alt (9) den alt seo tabharfaidh an t-údarás rátúcháin lena mbaineann lamháltas faoi alt 3 den Acht seo i ndáil leis an oidhreachtán ionann is dá mba oidhreachtán lena mbaineann an t-alt sin an t-oidhreachtán agus gur chóimhéid leis an gcuid a breithníodh amhlaidh luacháil an oidhreachtáin.

(c) Tiocfaidh breithniú nó cinneadh eile faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm—

(i) i gcás nach mbeidh aon achomharc déanta in aghaidh an chinnidh, ar dhul in éag don tréimhse ar lena linn a fhéadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh, nó

(ii) i gcás achomharc den sórt sin a bheith déanta, an lá díreach i ndiaidh an lae a dhéanfar an cinneadh a dhaingniú ar achomharc nó a dhéanfar an t-achomharc a tharraingt siar.

(7) Tiocfaidh cionroinnt a ionadóidh an Coimisinéir ar achomharc faoi fho-alt (4) den alt seo i bhfeidhm an lá díreach i ndiaidh an lae a chinnfear an t-achomharc.

(8) Aon duine arb éagóir leis cinneadh ón gCoimisinéir ar iarratas a rinneadh faoi fho-alt (2) nó (3) den alt seo féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná lá is fiche tar éis an lae a rinneadh an cinneadh, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda in aghaidh an chinnidh agus féadfaidh an Chúirt, le linn di an t-achomharc a bhreithniú—

(a) i gcás a ndearna an Coimisinéir, nuair a bhí sé ag déileáil leis an iarratas, cinneadh a thuairiscítear i bhfo-alt (6) (a) den alt seo nó breithniú faoi fho-alt (6) (b) den alt seo, an cinneadh nó an breithniú a dhaingniú fara modhnú nó gan mhodhnú nó an cinneadh nó an breithniú a neamhniú,

(b) i gcás nach ndearna an Coimisinéir cinneadh ná breithniú den sórt sin, cinneadh mar a thuairiscítear amhlaidh nó breithniú den sórt sin a dhéanamh nó diúltú é a dhéanamh,

agus is cinneadh nó breithniú críochnaitheach neamh-inachomhairc cinneadh nó breithniú faoin bhfo-alt seo.

(9) Faoi réir fho-alt (10) (b) den alt seo, i gcás a bhfaighidh an Coimisinéir iarratas faoi fho-alt (2) nó (3) den alt seo tar éis an 31ú lá de Lúnasa aon bhliain airgeadais áitiúil, ní thabharfaidh an t-údarás rátúcháin lena mbaineann, mar gheall ar bhreithniú nó ar chinneadh eile a rinneadh maidir leis an iarratas, lamháltas faoi alt 3 den Acht seo a bhaineann leis an mbliain airgeadais áitiúil sin.

(10) (a) D'ainneoin na teorann ama atá i bhfo-alt (1) den alt seo i ndáil le hiarrataí nó iarratais a dhéanamh faoin bhfo-alt sin, féadfar aon iarraidh nó iarratas den sórt sin a bhaineann leis an mbliain airgeadais áitiúil shonraithe nó leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1978, a dhéanamh—

(i) i gcás iarraidh den sórt sin, i rith na tréimhse dhá mhí dar tosach lá an Achta seo a rith,

(ii) i gcás iarratas den sórt sin, i rith na tréimhse cheithre mhí dar tosach an lá sin.

(b) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (9) den alt seo i ndáil le haon iarratas faoin alt seo a gheobhaidh an Coimisinéir i rith na tréimhse dar tosach lá an Achta seo a rith agus dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1979.

(11) Fanfaidh breithniú nó cinneadh eile faoi fho-alt (6) nó (8) den alt seo i bhfeidhm—

(a) go dtí go n-athrófar luacháil an oidhreachtáin a ndearnadh an t-iarratas iomchuí faoin Acht seo ina leith, nó

(b) go dtí go ndéanfar breithniú nó cinneadh eile den sórt sin i ndáil leis an oidhreachtán sin,

agus i gcás ina ndéanfar breithniú nó cinneadh eile den sórt sin maidir le hoidhreachtán áirithe, ní bheidh éifeacht leis an mbreithniú ach amháin maidir le bliain airgeadais áitiúil tar éis na bliana ina ndéanfar an breithniú nó an cinneadh.

Rátaí a thobhach agus a ghnóthú fad a bheidh iarratas nó achomharc ar feitheamh.

8. —Féadfaidh údarás rátúcháin aon suim a bheidh dlite de dhroim aon ráta a ghearr an t-údarás a thobhach agus a ghnóthú d'ainneoin aon iarratas nó achomharc faoin Acht seo a bheith ar feitheamh ach i gcás nach dtarraingeofar siar an t-iarratas nó an t-achomharc ansin ar bhreithniú a bheith déanta ar an iarratas nó ar an achomharc beidh feidhm, i gcás ar iomchuí sin, ag na forálacha seo a leanas:

(a) más rud é, ar iarratas faoi fho-alt (1) nó (3) d'alt 7 den Acht seo a bhreithniú, go ngéillfear don iarratas, tabharfaidh an t-údarás don iarratasóir, a luaithe is féidir tar éis don bhreithniú a theacht i bhfeidhm, cibé aisíoc (más ann) is iomchuí dá dhroim sin, agus

(b) más rud é, ar iarratas nó achomharc faoin alt sin 7 a bhreithniú, go n-athrófar luacháil shonraithe, ansin, má mhéadaítear an luacháil shonraithe, aisíocfaidh an t-údarás aon suim a íocadh i leith an ráta de bhreis ar an tsuim ab iníoctha dá mba ionann an luacháil shonraithe ó thús agus an luacháil arna hathrú ar an iarratas nó ar an achomharc, agus má laghdaítear an luacháil shonraithe, déanfar an lamháltas iomchuí faoi alt 3 nó 4 den Acht seo a laghdú méid is ionann agus an ráta sa phunt ar mhéid an laghdaithe.

Deontais d'údaráis rátúcháin, etc.

9. —(1) Déanfaidh an tAire, i ndáil le bliain airgeadais áitiúil, deontas is ionann agus comhiomlán na lamháltas a thug an t-údarás faoi alt 3, 4 nó 6 den Acht seo sa bhliain airgeadais áitiúil a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le húdarás rátúcháin nó le húdarás tithíochta.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire méid an deontais is iníoctha faoin alt seo le húdarás rátúcháin maidir le bliain airgeadais áitiúil a laghdú méid is dóigh leis is ionann agus comhiomlán na méideanna a d'aisíocfadh an t-údarás de bhun aon achtachán a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo dá mba rud é, maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil sin, nach raibh alt 3 nó 4 den Acht seo, de réir mar is iomchuí, i bhfeidhm.

(3) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo alt 8 d'Acht 1928, alt 71 d'Acht 1930, alt 29 d'Acht 1934, alt 29 d'Acht 1939, alt 20 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941 , agus ailt 14 agus 23 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 .

Cumhacht maidir le hairgeadas údaráis áitiúil a theorannú.

10. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, le hordú a thabharfar i scríbhinn d'údarás áitiúil, a cheangal ar an údarás, i ndáil le bliain airgeadais áitiúil a bheidh sonraithe san ordú, na suimeanna go léir, nó aon cheann nó níos mó de na suimeanna, a cheanglaítear le halt 9 (1) d'Acht 1955 a thaispeáint i meastachán caiteachas an údaráis don bhliain airgeadais áitiúil a bheidh sonraithe amhlaidh a theorannú i cibé slí a bheidh sonraithe san ordú.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, le hordú a thabharfar i scríbhinn d'údarás áitiúil is údarás rátúcháin, agus a bheidh tugtha amhlaidh sula mbeidh glactha ag an údarás le meastachán caiteachas i ndáil leis an mbliain airgeadais áitiúil a bheidh sonraithe san ordú, a cheangal maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil sin—

(a) go ndéanfar comhiomlán na rátaí sa phunt a cheanglaítear le halt 10 (4) (c) d'Acht 1955 a chinneadh ag an údarás a theorannú faoi threoir méid nó ar cibé slí eile a bheidh sonraithe amhlaidh,

(b) nach rachaidh aon ráta sa phunt a cheanglaítear amhlaidh a chinneadh thar theorainn a bheidh sonraithe san ordú i ndáil leis sin faoi threoir méid nó faoi threoir cibé ní eile a bheidh sonraithe amhlaidh.

(3) I gcás a dtabharfaidh an tAire ordú faoin alt seo beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) is é dualgas an údaráis áitiúil lena mbaineann an t-ordú a chomhlíonadh,

(b) i gcás ar ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo an t-ordú,

(i) féadfaidh an t-ordú a údarú don údarás, d'fhonn an t-ordú a chomhlíonadh, an t-éileamh ó choimisinéirí baile a leasú i ndáil leis an mbliain airgeadais áitiúil a bheidh sonraithe san ordú agus a rinneadh faoi alt 26 (1) den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 ,

(ii) is é dualgas an údaráis áitiúil lena mbaineann glacadh le meastachán caiteachas a áiritheoidh nach rachaidh an ráta nó ceachtar de na rátaí, de réir mar is iomchuí, sa phunt a bheidh le cinneadh de réir alt 10 (4) (c) d'Acht 1955 thar an teorainn a bheidh sonraithe san ordú, nó i gcás níos mó ná teorainn amháin a bheith sonraithe amhlaidh, thar an teorainn iomchuí a bheidh sonraithe amhlaidh.

(c) i gcás ar ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo an t-ordú agus, d'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo, nach mbeidh ceanglas na míre sin comhlíonta ag an údarás, ní chuirfear ó bhail dá chionn sin glacadh meastacháin caiteachas ag an údarás don bhliain airgeadais áitiúil a bheidh sonraithe ach forléireofar an meastachán sin ionann is dá mba gur cuireadh in ionad aon mhéid ann nach bhfuil de réir cheanglais an ordaithe an t-uasmhéid atá ceadaithe ag féachaint don teorainn a bheidh sonraithe san ordú nó, i gcás níos mó ná teorainn amháin a bheith sonraithe amhlaidh, an teorainn iomchuí a bheidh sonraithe amhlaidh,

(d) i gcás ar ordú dá dtagraítear san fho-alt sin (2) an t-ordú agus, d'ainneoin na míre sin (a), nach mbeidh ceanglas na míre sin comhlíonta ag an údarás, ní chuirfear ó bhail dá chionn sin cinneadh an ráta nó na rátaí sa phunt lena mbaineann an t-ordú ach beidh éifeacht leis an gcinneadh sin ionann is dá mba gur cuireadh in ionad méid an ráta sin, nó comhiomlán na rátaí sin, nó gach ceann de na rátaí sin, de réir mar is gá sa chás, méid is ionann agus an t-uasmhéid atá ceadaithe ag féachaint don teorainn a bheidh sonraithe san ordú nó, i gcás níos mó ná teorainn amháin a bheith sonraithe amhlaidh, don teorainn iomchuí a bheidh sonraithe amhlaidh.

(e) is é dualgas an bhainisteora—

(i) sula nglacfaidh an t-údarás le meastachán caiteachas a bhaineann leis an mbliain airgeadais áitiúil a bheidh sonraithe san ordú, ráiteas a ullmhú don údarás a inseoidh éifeacht an ordaithe i ndáil leis an meastachán sin,

(ii) i gcás nach gcomhlíonfar an t-ordú, an méid a chuathas thar aon teorainn a bheidh sonraithe san ordú a dheimhniú i scríbhinn don Aire a luaithe is féidir, agus

(iii) i gcás feidhm a bheith ag forálacha mhír (d) den fho-alt seo, an meastachán caiteachas iomchuí lenar ghlac an t-údarás a leasú a luaithe is féidir chun é a chur ar comhréir leis an ordú (agus údaraítear leis seo don bhainisteoir an leasú sin a dhéanamh).

(4) Measfar gur tháinig an t-alt seo i bhfeidhm an 1ú lá de Shamhain, 1977.

Ceadú an Aire riachtanach maidir le húdaruithe áirithe faoi Acht 1955.

11. —(1) Ní bheidh éifeacht le húdarú a tugadh le rún faoi alt 11 (1) d'Acht 1955 ach amháin má bhíonn sé ceadaithe ag an Aire.

(2) Is i scríbhinn a bheidh ceadú faoin alt seo agus féadfaidh an tAire é a thabhairt—

(a) i ndáil le húdarú áirithe a tugadh le rún faoi alt 11 (1) d'Acht 1955,

(b) go ginearálta i ndáil le húdaraithe den sórt sin is d'aicme nó de thuairisc áirithe agus ar údarás áitiúil áirithe, nó údaráis áitiúla i gcoitinne, nó údaráis áitiúla d'aicme nó de thuairisc áirithe, a thug iad.

(3) Fanfaidh ceadú faoin alt seo a thabharfar ar mhodh a thuairiscítear i mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo i bhfeidhm go dtí go dtarraingeoidh an tAire siar é i scríbhinn.

(4) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1978.

Ní gá sonraí áirithe a thaifeadadh i leabhar rátaí.

12. —(1) I gcás a ndéanfaidh údarás rátúcháin, le linn dó rátaí sa phunt a chinneadh faoi Acht 1955, aird a thabhairt ar chomhiomlán luachálacha na n-oidhreachtán ar féidir leis an údarás lamháltais a thabhairt i leith a n-iomláin faoi alt 3 den Acht seo nó faoi na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1978, nó faoi aon Acht a leasaíonn nó a leathnaíonn na hAchtanna sin, nó faoin alt sin 3 agus aon cheann de na hAchtanna réamhráite, measfar an ráta a bheith gearrtha go cuí ar gach duine de na daoine a ndlitear faoi seach iad a rátáil i leith cibé cuid de na hoidhreachtáin sin is oidhreachtáin lena mbaineann an t-alt seo agus, d'ainneoin alt 65 d'Acht 1838, ní gá aon sonraí i dtaobh na ndaoine sin nó na n-oidhreachtán sin a thaifeadadh i leabhar rátaí an údaráis.

(2) Baineann an t-alt seo leis na hoidhreachtáin seo a leanas, eadhon, oidhreachtáin teaghlaigh, meánscoileanna, hallaí pobail agus foirgnimh fheirme.

Ráta a ghearradh.

13. —(1) D'ainneoin alt 8 (1) d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 , alt 51 (1) d'Acht 1930, alt 12 (1) d'Acht 1934, alt 11 (1) d'Acht 1939, agus alt 16 (2) den Acht um Bainistí Chontae, 1940 , ach faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní feidhm fhorchoiméadta é ráta a ghearradh.

(2) Ní fhorléireofar fo-alt (1) den alt seo mar ní a dhéanann difear d'údarás áitiúil d'fheidhmiú, le rún, aon chumhachta faoi alt 10 (4) d'Acht 1955.

Meastachán caiteachas ag údaráis áitiúla.

14. —(1) D'ainneoin alt 9 (1) d'Acht 1955, féadfaidh údarás áitiúil meastachán caiteachas a ullmhú tar éis tosach na bliana airgeadais áitiúla lena mbaineann an meastachán.

(2) I gcás nach mbeidh glactha ag údarás áitiúil le meastachán caiteachas roimh thosach bliana airgeadais áitiúla áirithe, is dleathach don údarás airgead a chaitheamh nó dliteanas a thabhú an bhliain airgeadais áitiúil sin chun aon chríche áirithe a ndearna an t-údarás airgead a chaitheamh nó dliteanas a thabhú ina leith an bhliain airgeadais áitiúil díreach roimhe sin; ar choinníoll nach mó an méid a chaithfidh an t-údarás, nó an dliteanas a thabhóidh sé, de bhua an fho-alt seo ná leath an mhéid a caitheadh roimhe sin amhlaidh nó leath an chostais is gá le freastal don dliteanas a tabhaíodh roimhe sin amhlaidh.

Orduithe agus treoracha ón Aire, etc.

15. —(1) Féadfaidh an tAire cibé orduithe nó treoracha, ginearálta nó sonracha, a thabhairt do gach údarás áitiúil nó d'aon údarás den sórt sin i ndáil leis an Acht seo a fheidhmiú a mheasfaidh an tAire is gá nó is cuí chun feidhmiú an Achta seo a áirithiú nó a urasú.

(2) Is é dualgas gach údaráis áitiúil gach ordú agus treoir a thabharfaidh an tAire don údarás faoin alt seo a chomhlíonadh agus measfar gur faoi údarás an Achta seo a dhéanfar gach beart a dhéanfaidh aon údarás den sórt sin de bhun aon ordú nó treoir den sórt sin agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(3) Gach gníomh a rinne údarás áitiúil roimh dháta an Achta seo a rith agus in oirchill a rite beidh aige, agus measfar go raibh riamh aige, an bhailíocht agus an éifeacht go léir (más aon bhailíocht nó éifeacht é) a bheadh aige dá mba go raibh an tAcht seo i bhfeidhm nuair a rinneadh an gníomh sin.

Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí), 1970 .

16. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí), 1970 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach roimh fho-alt (5):

“(4A) Féadfaidh an tAire, i ndáil leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1977, deontas a íoc le húdarás rátúcháin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith an chostais a bhainfidh le scéim faoin alt seo a chur i bhfeidhm.”.

Cosain.

17. —Ní mheasfar nach rátíocóir duine de réir bhrí aon achtacháin nó chun críocha aon achtacháin, de bhíthin amháin gur tugadh lamháltas dó faoin Acht seo.

Scor.

18. —Scoirfidh Acht 1928 d'éifeacht a bheith leis, agus measfar nach raibh éifeacht riamh leis, i ndáil le haon ráta d'aon bhliain airgeadais áitiúil tar éis na bliana airgeadais áitiúla sonraithe.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

19. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1978, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1974, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin.

(3) Measfar gur tháinig an tAcht seo, seachas ailt 3, 10, 11, 12, 13, 14, 17 agus 18, i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1977.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955

1955, Uimh. 12

Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929

1929, Uimh. 1

Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941

1941, Uimh. 5

An tAcht um Bainistí Chontae, 1940

1940, Uimh. 12

Acht na dTithe, 1966

1966, Uimh. 21

Acht na dTithe, 1970

1970, Uimh. 18

Achtanna na dTithe, 1966 go 1970

Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929

1929, Uimh. 41

Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1959

1959, Uimh. 16

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

Na hAchtanna Oideachais Idirmheánaigh (Éirinn), 1878 go 1924

Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934

1934, Uimh. 35

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946

1946, Uimh. 24

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1974

An tAcht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930

1930, Uimh. 27

An tAcht Rialtais Aitiúl (Rátaí), 1970

1970, Uimh. 2

An tAcht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928

1928, Uimh. 4

An tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962

1962, Uimh. 26

Poor Relief (Ireland) Act, 1838

1838, c. 56

Na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1978

Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904

1904, c. 9

Na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1975

Valuation (Ireland) Act, 1852

1852, c. 63

Valuation (Ireland) Act, 1854

1854, c. 8

Na hAchtanna Luachála

Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939

1939, Uimh. 25