|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL (LEASÚ), 1978) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL 2 Achtacháin a Aisghairtear) |
AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL (LEASÚ), 1978
[EN] | ||||||
[EN] |
SCEIDEAL 1 Forálacha Forlíontacha | |||||
Cúiteamh a fheidhmítear ag athshuíomh sócmhainní; deontais a bhaint as margadhluach sócmhainní a bhí ar teachtadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974 | ||||||
1. (1) Suim chaipitiúil a bheidh le baint, faoi fho-alt (1) d'alt 29 (airgead cúitimh agus árachais) den Phríomh-Acht, as aon chaiteachas is inlamhála faoi Sceideal I a ghabhann leis an Acht sin mar asbhaint le linn gnóchan ó shócmhainn a dhiúscairt a bheith á ríomh, bainfear í as an tsuim a fheidhmeofar ag athshuíomh na sócmhainne sula bhfeidhmeofar forálacha alt 3 (1) ar iarmhar na suime sin, más ann. | ||||||
(2) Déanfar méid arna chinneadh de réir alt 3 (2) maidir le sócmhainn a laghdú aon chaiteachas faoi mhír 3 (7) de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht a bhaineann leis an tsócmhainn agus a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus bainfidh forálacha alt 3 (1) le hiarmhar an mhéid sin. | ||||||
Caiteachas luachmhéadaithe, etc. | ||||||
2. (1) I gcás aon chuid den chaiteachas is inlamhála mar asbhaint faoi Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht le linn gnóchan a d'fhaibhrigh as diúscairt sócmhainne a bheith á ríomh a theacht faoi réim mhír 3 (1) (b) den Sceideal sin, déanfar, chun alt 4 a fheidhmiú, an gnóchan inmhuirearaite a chinnfear de réir alt 3 a chionroinnt mar a fhoráiltear sa mhír seo. | ||||||
(2) Déanfar an gnóchan inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfomhír (1) a chur i leith an chaiteachais, más ann, laistigh de réim mhír 3 (1) (a) den Sceideal sin mar mhír amháin caiteachais agus i leith gach míre caiteachais laistigh den mhír sin 3 (1) (b) i gcomhréir le méideanna leithleacha na míreanna caiteachais sin, agus déileálfar, chun críocha an ailt sin 4, le gach cuid den ghnóchan mar a chuirfear amhlaidh í i leith míre caiteachais laistigh de réim na míre sin 3 (1) (b), mar ghnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as diúscairt sócmhainne ar leith ar thosaigh a tréimhse úinéireachta an tráth a léiríodh i gcéaduair an mhír caiteachais sin i staid nó i nádúr na sócmhainne a diúscraíodh nó (más mír caiteachais í a thabhaigh an duine a rinne an diúscairt ag bunú, ag caomhnú nó ag cosaint a theidil chun na sócmhainne nó chun cirt thairsti) an tráth a tabhaíodh an mhír caiteachais sin. | ||||||
(3) Más rud é, i gcás faoi réim fhomir (2) nach mbeidh aon chaiteachas ann faoi réim na míre sin 3 (1) (a) nó go mbeidh an caiteachas sin, i gcomórtas le haon mhír caiteachais faoi réim na míre sin 3 (1) (b), beag ag féachaint do luach na sócmhainne díreach sular tabhaíodh an chéad mhír caiteachais eile, measfar an chuid den ghnóchan nach inchurtha i leith an mhéadaithe ar luach na sócmhainne de bharr aon mhír caiteachais faoi réim na míre sin 3 (1) (b) a bheith curtha i leith caiteachas faoi réim na míre sin 3 (1) (a) agus déanfar an chuid nó na codanna den ghnóchan is inchurtha i leith caiteachais faoi réim na míre sin 3 (1) (b) a laghdú dá réir sin. | ||||||
(4) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (1) d'alt 3 le linn gnóchan inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfomhír (1) a bheith á ríomh, beidh éifeacht leis an mír seo ionann is dá mba thagairt do chaiteachas arna chinneadh tar éis forálacha an ailt seo a fheidhmiú aon tagairt do chaiteachas. | ||||||
Glaonna ar Scaireanna | ||||||
3. I gcás a dtabharfaidh duine, maidir le heisiúint scaireanna i gcuideachta nó biuntiúir de chuid cuideachta, aon chomaoin ar dháta is deireanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta a leithroinneadh na scaireanna nó na bintiúir, measfar, chun críocha alt 3, le linn gnóchan a d'fhaibhrigh chuige as diúscairt na scaireanna nó na mbintiúr a bheith á ríomh, gurb é a bheidh sa chomaoin caiteachas a tabhaíodh ar an dáta a tugadh an chomaoin, agus beidh feidhm ag alt 4 agus ag mír 2 ionann is dá mba chaiteachas faoi réim mhír 3 (1) (b), agus nach faoi réim mhír 3 (1) (a), de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, an chomaoin. | ||||||
Scaireanna, tráchtearraí, etc.: ionannú | ||||||
4. (1) Chun scaireanna a fuarthas a ionannú le scaireanna a diúscraíodh dá éis sin, a mhéid is scaireanna den aicme chéanna iad, measfar scaireanna a fuarthas níos luaithe a bheith arna ndiúscairt roimh scaireanna a fuarthas níos deireanaí. | ||||||
(2) Ní dhéileálfar, chun críocha na míre seo, le scaireanna mar scaireanna den aicme chéanna mura rud é, dá mba scaireanna iad lena bpléitear ar stocmhargadh, go ndéileálfaí leo amhlaidh, ach déileálfar leo de réir na míre seo d'ainneoin iad a ionannú ar dhóigh éagsúil trí dhiúscairt nó tríd an aistriú nó an seachadadh ag tabhairt éifeachta di. | ||||||
(3) Baineann an mhír seo le hurrúis mar a bhaineann sí le scaireanna. | ||||||
(4) Beidh feidhm ag an mír seo, gan fomhír (2) a áireamh, i ndáil le haon sócmhainní mar atá feidhm aici i ndáil le scaireanna i gcás ar de chineál na sócmhainní a ndéileáiltear iontu gan na sócmhainní áirithe a dhiúscraítear nó a fhaightear a ionannú. | ||||||
(5) (a) Tá feidhm ag an bhfomhír seo i ndáil le diúscairt arna dhéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, ar aon sócmhainní lenar bhain mír 13 de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht i gcás— | ||||||
(i) aon sócmhainní den sórt sin a bheith ar cuimsiú, an 6ú lá d'Aibreán, 1978, i sealbhán den chineál dá dtagraítear sa mhír sin, agus | ||||||
(ii) arbh é a bhí sa sealbhán sócmhainní a fuarthas ar dhátaí éagsúla, agus | ||||||
(iii) a raibh diúscairt sócmhainní ann roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, a bheadh, mura mbeadh gur tharla an diúscairt sin, ar cuimsiú sa sealbhán ar an dáta sin. | ||||||
(b) Chun fomhír (1) a fheidhmiú i ndáil le gach diúscairt lena mbaineann an fhomhír seo— | ||||||
(i) déileálfar, d'ainneoin mhír 13 de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, le scaireanna a fuarthas ar dhátaí éagsúla ionann is dá mba chodanna so-aitheanta iad de shócmhainn aonraic (dá ngairtear “an sealbhán” san fhomhír seo) a fuarthas, faoi seach, ar na dátaí leithleacha ar a bhfuarthas iad agus ar an gcomaoin ar a bhfuarthas iad, agus | ||||||
(ii) toimhdeofar go ndearnadh, ar gach ócáid roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, ar diúscraíodh scaireanna sa sealbhán, gach cuid de na codanna so-aitheanta den sealbhán, mar a bhí sé díreach roimh an diúscairt, a laghdú, ó thaobh an lín scaireanna a bhí ar cuimsiú sa chuid sin agus an chaiteachais is inchurtha i leith na coda sin faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1) de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, sa chomhréir chéanna atá idir an líon scaireanna a diúscraíodh amhlaidh agus an líon scaireanna a bhí ar cuimsiú sa sealbhán díreach roimh an diúscairt, agus | ||||||
(iii) is é a bheidh sa líon scaireanna a bhí ar cuimsiú i ngach cuid acu sin an 6ú lá d'Aibreán, 1978, agus sa chaiteachas is inchurtha (ar leith ó alt 3) i leith na coda sin faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1) de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, i ndáil le diúscairt arna dhéanamh ar an dáta sin nó dá éis, an líon agus an caiteachas, faoi seach, a chinnfear de réir na fomhíre seo. | ||||||
(c) Ní dhéanfaidh aon ní san fhomhír seo difear do ríomh aon ghnóchain inmhuirearaithe nó aon chaillteanais inlamhála i ndáil le haon diúscairt sócmhainní a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978. | ||||||
(6) Beidh feidhm ag an mír seo faoi réir mhír 14 de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht. | ||||||
Scairchaipiteal a atheagrú nó a laghdú | ||||||
5. Leasaítear leis seo mír 2 de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (3): | ||||||
“(3) I gcás a dtarlóidh, ar scairchaipiteal cuideachta a atheagrú nó a laghdú, go dtabharfaidh duine aon chomaoin, nó go ndlífidh sé aon chomaoin a thabhairt, ar a shealbhán nua nó aon chuid de, ansin, le linn gnóchan a ríomh a d'fhaibhrigh chuige as an sealbhán nua nó aon chuid de a dhiúscairt, measfar, chun críocha alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 , gur caiteachas an chomaoin sin a tabhaíodh ar an dáta a tugadh an chomaoin, agus beidh feidhm ag alt 4 den Acht sin agus ag mír 2 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht sin ionann is dá mba chaiteachas faoi réim mhír 3 (1) (b), agus nach faoi réim mhír 3 (1) (a), de Sceideal 1 an chomaoin, agus má dhéantar an sealbhán nua nó cuid de a dhiúscairt agus dliteanas ag gabháil leis i leith na comaoine sin, coigeartófar dá réir sin an chomaoin a tugadh ar an diúscairt: | ||||||
Ar choinníoll nach n-áireofar mar chomaoin a tugadh ar an bhfáil sin— | ||||||
(a) aon ghéilleadh, cealú nó athrú eile ar na scaireanna bunaidh nó ar na cearta a bhí ag gabháil leo, ná | ||||||
(b) aon chomaoin arb éard í feidhmiú aon sócmhainní de chuid na cuideachta, nó aon díbhinne nó dáilte eile a dearbhaíodh as na sócmhainní sin ach nár tugadh, ag íoc ar na scaireanna nó ar na bintiúir nó ar aon chuid díobh, | ||||||
ach, i gcás feidhm a bheith ag alt 56 (cáin ar scaireanna in ionad díbhinní airgid) den Acht Airgeadais, 1974 , i ndáil le heisiúint aon scaireanna díobh, déanfar an tsuim airgid a gheobhadh an duine dá mbeadh sé gan an rogha a fheidhmiú scairchaipiteal breise a ghlacadh in ionad suime airgid a áireamh. chun críocha na fomhíre seo, mar chomaoin a tugadh ar na scaireanna sin.”. | ||||||
Diúscairtí scaireanna i ndlúthchuideachtaí | ||||||
6. (1) Faoi réir fomhíreanna (5) agus (6), tá éifeacht leis an mír seo i gcás— | ||||||
(a) (i) aon duine de na daoine a bhfuil dlúthchuideachta faoina rialú, nó aon duine a bhfuil, i dtéarmaí alt 33 den Phríomh-Acht, baint aige le duine a bhfuil dlúthchuideachta faoina rialú, d'aistriú sócmhainní chuig an gcuideachta tráth ar bith, lena n-áirítear tráth roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó | ||||||
(ii) dlúthchuideachta d'fháil aon sócmhainní aon tráth tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978, | ||||||
(b) duine do dhiúscairt scaireanna nó urrúis sa chuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, is duine— | ||||||
(i) lena mbaineann alt 4 (1), agus | ||||||
(ii) a bhfuil an chuideachta faoina rialú, | ||||||
(c) a bhfuil, ar leith ó alt 4 (2), gnóchan inmhuirearaithe as an diúscairt sin, agus | ||||||
(d) na scaireanna nó na hurrúis, nó aon chuid díobh, a bheith ar teachtadh ag an duine ar feadh tréimhse úinéireachta is faide ná trí bliana. | ||||||
(2) Gairtear sócmhainni iomchuí dá éis seo sa mhir seo de shócmhainní dá dtagraítear i gclásail (i) agus (ii) d'fhomhír (1) (a) nó de shócmhainní in ionannas na sócmhainní sin, ach, i ndáil leis an gclásal sin (ii), ní fholóidh siad airgead tirim, gléasra ná innealra ar ar éilíodh liúntais chaipitiúla, nó ar a bhféadfaí liúntais chaipitiúla a éileamh, faoi na hAchtanna Cánach ná féichiúnaithe trádála ná stoc trádála. | ||||||
(3) (a) I gcás éifeacht a bheith leis an mír seo— | ||||||
(i) toimhdeofar chun críocha na fomhíre seo gur dhíol an chuideachta áirithe a sócmhainní inmhuirearaithe go léir ar a margadhluach ar dháta na scaireanna nó na n-urrús a dhiúscairt agus gur scoir siad air sin, i gcás ar úsáideadh na sócmhainní sin chun críocha trádála na cuideachta, de bheith á n-úsáid amhlaidh, | ||||||
(ii) dá mba ar an dáta céanna a fuair an chuideachta na sócmhainní iomchuí go léir a bhfaibhreodh gnóchain inmhuirearaithe ina leith ar an toimhde atá déanta san fhochlásal díreach roimhe seo, measfar chun críocha alt 4, méid den ghnóchan inmhuirearaithe (is é sin, é go léir nó cuid de) dá dtagraítear | ||||||
| ||||||
ghnóchan inmhuirearaithe sin d'fhaibhriú as sócmhainní ar leis an duine dá dtagraítear i bhfomhír (1) (b) iad ar feadh tréimhse úinéireachta dar tosach an dáta sin, i gcás— | ||||||
arb é A an dara méid (nach mó ná B, áfach) dá dtagraítear i gclásal (b) (ii), agus | ||||||
arb é B an méid dá dtagraítear i gclásal (b) (i), | ||||||
agus | ||||||
(iii) dá mba ar dhátaí éagsúla a fuarthas na sócmhainní iomchuí den chineál dá dtagraítear san fhochlásal díreach roimhe seo, déanfar an méid (dá ngairtear “C” dá éis seo sa chlásal seo) a gheofaí trí mhéid an ghnóchain inmhuirearaithe dá dtagraítear i | ||||||
| ||||||
fhochlásal réamhráite dá mba ar an dáta céanna a fuarthas na sócmhainní iomchuí sin go léir a fhionnadh agus, mura mbeidh aon chaillteanais inlamhála le cur i gcuntas faoi chlásal (b) (ii), cionroinnfear C ar na sócmhainní iomchuí sin a fuarthas ar gach dáta ar leithligh sa chomhréir chéanna atá idir méid an ghnóchain inmhuirearaithe is inchurtha i leith na sócmhainní sin a fuarthas ar gach dáta de na dátaí sin agus na gnóchain inmhuirearaithe go léir dá dtagraítear sa chlásal sin agus measfar, chun críocha alt 4, gurb é a bheidh i ngach cuid den sórt sin de C arna fhionnadh amhlaidh méid den ghnóchan inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfomhír (1) (c) a d'fhaibhrigh as sócmhainní ar leis an duine dá dtagraítear i bhfomhír (1) (b) iad ar feadh tréimhse úinéireachta dar tosach dáta na sócmhainní ar ar cionroinneadh an chuid sin mar a dúradh a fháil: | ||||||
Ar choinníoll má bhíonn caillteanais inlamhála le cur in gcuntas faoi chlásal (b) (ii), go mbeidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den fhochlásal seo fara an modhnú go ndéanfar méid an ghnóchain inmhuirearaithe is inchurtha i leith sócmhainní iomchuí a fuarthas ar gach dáta ar leithligh a fhionnadh trí fhorálacha mhír 7 (caillteanais a asbhaint) a fheidhmiú ionann is dá mba dhuine lena mbaineann an mhír sin an chuideachta áirithe agus ionann is dá mbeadh na gnóchain is inchurtha i leith sócmhainní iomchuí a fuarthas ar dháta is déanaí inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil de réir ráta is airde ná an ráta is iomchuí do ghnóchain is inchurtha i leith sócmhainní iomchuí a fuarthas ar dháta is luaithe. | ||||||
(b) Beidh éifeacht leis an bhfomhír seo más rud é agus amháin más rud é— | ||||||
(i) go bhfaibhreodh méid de ghnóchain inmhuirearaithe chuig an gcuideachta áirithe ar an toimhde dá dtagraítear i gclásal (a) (i), tar éis aon chaillteanais inlamhála a dhéanfar amach ar an toimhde chéanna a asbhaint (ach gan aon chaillteanais inlamhála is inchomhairimh ag an gcuideachta a asbhaint), agus | ||||||
(ii) gur cuireadh i gcuntas le linn an méid sin a dhéanamh amach méid de ghnóchain inmhuirearaithe is inchurtha i leith sócmhainní iomchuí tar éis caillteanais inlamhála is inchurtha i leith na sócmhainní sin a asbhaint. | ||||||
(4) I gcás gan cáin a bheith le muirearú ach ar chuid de ghnóchan inmhuirearaithe faoi fhorálacha fhomhír (3), muirearófar cáin ar iarmhéid an ghnóchain inmhuirearaithe de réir forálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil seachas an fhomhír sin. | ||||||
(5) Ní bheidh éifeacht leis an mír seo i ndáil le diúscairt scaireanna nó urrús i ndlúthchuideachta ag duine nach raibh teideal aige, ar dháta na diúscartha nó aon tráth laistigh de thrí bliana roimh an dáta sin, chun cuid ba mhó ná caoga faoin gcéad den chumhacht vótála sa chuideachta, nó nach mbeadh, ar an gcuideachta a fhoirceannadh ar an dáta sin nó aon tráth den sórt sin, teideal aige chun cuid ba mhó ná caoga faoin gcéad de shócmhainní na cuideachta, mura rud é— | ||||||
(a) gurb é a bheidh sa diúscairt ag an duine sin (nó, i gcás sraith diúscairtí a bheith déanta aige chuig an duine céanna, in aon diúscairt den sórt sin) diúscairt chuig duine eile a thiocfadh, de dhroim na diúscartha sin (nó de dhroim na ndiúscairtí sin go léir nó aon cheann díobh), chun bheith i dteideal cuid ba mhó ná caoga faoin gcéad den chumhacht vótála sa chuideachta nó, ar an gcuideachta a fhoirceannadh, i dteideal cuid ba mhó ná caoga faoin gcéad de shócmhainní na cuideachta, nó | ||||||
(b) gurb é a bheidh sa diúscairt ag an duine sin cuid de shraith diúscairtí ar scaireanna nó urrúis sa chuideachta, arna ndéanamh aige féin agus ag daoine a bhfuil, i dtéarmaí alt 33 den Phríomh-Acht, baint acu leis, chuig duine eile a thiocfadh, de dhroim na ndiúscairtí sin go léir nó aon cheann díobh, i dteideal cuid ba mhó ná caoga faoin gcéad den chumhacht vótála sa cuideachta nó, i gcás an chuideachta a fhoirceannadh, i dteideal cuid ba mhó ná caoga faoin gcéad de shócmhainní na cuideachta. | ||||||
(6) Ní bheidh éifeacht leis an mír seo i ndáil le diúscairt i gcás ar mhó an méid cánach gnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe ar leith ón mír seo ar an duine dá dtagraítear i bhfomhír (1) (b) don bhliain mheasúnachta ina dtarlaíonn an diúscairt ná an méid cánach ab inmhuirearaithe ar an duine don bhliain dá mba go raibh feidhm ag an mír seo. | ||||||
(7) (a) Folóidh an tagairt i bhfomhír (1) (a) (ii) agus i bhfomhír (3) (a) (i) do chuideachta tagairt d'fhochuideachta de chuid na cuideachta sin. | ||||||
(b) Beidh feidhm ag forálacha fhomhír (3) (a) chun tréimhse úinéireachta scaireanna nó urrúis i bhfochuideachta a chinneadh mar atá feidhm acu chun tréimhse úinéireachta sócmhainní ar leis an duine dá dtagraítear i bhfomhír (1) (b) iad a chinneadh, agus is sócmhainní iomchuí cibé méid (más ann) de na scaireanna nó de na hurrúis is scaireanna nó urrúis a gcinneann na forálacha sin an tréimhse úinéireachta ina leith; agus beidh feidhm ag forálacha an chlásail seo i gcás na scaireanna nó na hurrúis san fhochuideachta a bheith ar úinéireacht ag fochuideachta eile de chuid na cuideachta agus mar sin de trí aon uimhir fochuideachtaí de chuid na cuideachta sin. | ||||||
(c) San fhomhír seo ciallaíonn “fochuideachta”, i ndáil le cuideachta, fochuideachta 75 faoin gcéad don chuideachta sin de réir brí alt 156 den Acht Cánach Corparáide, 1976 . | ||||||
Caillteanais a asbhaint | ||||||
7. Chun críocha fho-alt (1) d'alt 5 (an méid is inmhuirearaithe agus tráth an íoca) den Phríomh-Acht, más rud é, ar an toimhde nach raibh aon chaillteanais inlamhála le hasbhaint faoin bhfo-alt sin, go mbeadh duine inmhuirearaithe, faoi na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, de réir breis agus ráta amháin cánach do bhliain mheasúnachta, déanfar aon chaillteanais inlamhála a bheidh le hasbaint faoin bhfo-alt sin a bhaint— | ||||||
(a) i gcás ar de réir dhá ráta éagsúla a bheadh sé inmhuirearaithe amhlaidh, as na gnóchain inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh, de réir an ráta is airde de na rátaí sin agus, a mhéid nach féidir iad a asbhaint amhlaidh, as na gnóchain inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an ráta is ísle de na rátaí sin, agus | ||||||
(b) i gcás ar de réir trí ráta nó níos mó a bheadh sé inmhuirearaithe amhlaidh, as na gnóchain inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an ráta is airde de na rátaí sin agus, a mhéid nach féidir iad a asbhaint amhlaidh, as na gnóchain inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an chéad ráta eile is airde de na rátaí sin, agus mar sin de. | ||||||
Díolúine don chéad £500 gnóchan | ||||||
8. Chun críocha fho-alt (2) d'alt 16 (gnóchain £500 agus faoina bhun) den Phríomh-Acht, más rud é, ar an toimhde nach raibh feidhm ag an bhfo-alt sin, go mbeadh pearsa aonair inmhuirearaithe faoi na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil de réir breis agus ráta amháin cánach do bhliain mheasúnachta, tabharfar an faoiseamh a bheidh le tabhairt faoin bhfo-alt sin i leith an chéad £500 de ghnóchain inmhuirearaithe— | ||||||
(a) i gcás ar de réir dhá ráta éagsúla a bheadh sé inmhuirearaithe amhlaidh, i leith na ngnóchan inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an ráta is airde de na rátaí sin agus, a mhéid nach féidir faoiseamh a thabhairt amhlaidh, i leith na ngnóchan inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an ráta is ísle de na rátaí sin, agus | ||||||
(b) i gcás ar de réir trí ráta nó níos mó a bheadh sé inmhuirearaithe, i leith na ngnóchan inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an ráta is airde de na rataí sin agus, a mhéid nach féidir faoiseamh a thabhairt amhlaidh, i leith na ngnóchan inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an chéad ráta eile is airde de na rátaí sin, agus mar sin de. | ||||||
An ráta cánach gnóchan caipitiuil is infheidhme maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as aonaid cháilitheacha a dhiúscairt | ||||||
9. Leasaítear leis seo alt 32 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 . don bhliain 1978-79 agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin. tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | ||||||
“(3) Beidh gnóchain inmhuirearaithe a dhíorthóidh ó aonaid cháilitheacha a dhiúscairt agus a fhaibhreoidh chuig duine is inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil inmhuirearaithe i leith cánach de réir leath an ráta ar dá réir ab inmhuirearaithe iad faoi na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil ar leith ón bhfo-alt seo.”. | ||||||
Páirt-diúscairt roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978 | ||||||
10. (1) I gcás a ndearna duine, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, diúscairt, lenar bhain forálacha mhír 6 de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ar shócmhainn a bhí ar teachtadh aige an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus— | ||||||
(a) go ndearnadh méid an ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as an diúscairt sin a chinneadh faoi fhorálacha mhír 18 den Sceideal sin, agus | ||||||
(b) go raibh aon mhaoin a dhíorthaigh ón tsócmhainn sin gan diúscairt an 6ú lá d'Aibreán, 1978, | ||||||
ansin, chun iarmhéid an chaiteachais a chinneadh a bheidh, faoin mír sin 6, le cur i leith na maoine a bheidh gan diúscairt, toimhdeofar go ndearnadh, ar an diúscairt, méid an ghnóchain inmhuirearaithe dá dtagraítear i gclásal (a) a chinneadh, ní faoi fhorálacha na míre sin 18 ach ar an toimhde gur dhiúscair an duine an tsócmhainn agus go bhfuair sé ar ais láithreach í an 6ú lá d'Aibreán, 1974. | ||||||
(2) I gcás a ndearna duine, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, diúscairt, lenar bhain forálacha mhír 6 de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ar shócmhainn a fuair sé ar bhás a tharla an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, agus— | ||||||
(a) go ndearnadh méid an ghnócain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as an diúscairt sin a chinneadh ar an bhforas go bhfuair sé an tsócmhainn ar dháta ba luaithe ná dáta an bháis sin, agus | ||||||
(b) go raibh aon mhaoin a dhíorthaigh ón tsócmhainn sin gan diúscairt an 6ú lá d'Aibreán, 1978. | ||||||
ansin, d'ainneoin forálacha fhomhír (1), chun iarmhéid an chaiteachais a chinneadh a bheidh, faoin mír sin 6, le cur i leith na maoine a bheidh gan diúscairt, toimhdeofar go ndearnadh, ar an diúscairt, méid an ghnóchain inmhuirearaithe dá dtagraítear i gclásal (a) a chinneadh ionann is dá mba go raibh feidhm ar dháta na diúscartha sin ag alt 14 (1) den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 6, nó, de réir mar a bheidh, ag alt 15 (4) (b) den Acht sin, arna leasú le halt 7. | ||||||
(3) Ní dhéanfaidh aon ní sa mhír seo difear d'aon dliteanas cánach gnóchan caipitiúil nó cánach corparáide maidir le diúscairt a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978. |