|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 30 de 1978 | ||
[EN] |
AN tACHT ÁRACHAIS (LEASÚ), 1978 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA ÁRACHAIS, 1909 GO 1971. [19 Nollaig, 1978] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||
[EN] |
Leasú ar na hAchtanna Arachais, 1909 go 1971. |
1. —Ní mheasfar aon fhoráil de na hAchtanna Arachais, 1909 go 1971, a bheith sáraithe ag duine de bhíthin amháin an duine sin do thabhairt, do dhul faoi réim nó do ghlacadh banna nó conradh urraíochta nó ráthaíochta lena mbaineann an tAcht seo. | ||||||||||
[EN] |
Feidhm. |
2. —(1) Baineann an tAcht seo le haon bhanna nó le haon chonradh urraíochta nó ráthaíochta— | ||||||||||
[EN] | (a) (i) a thugann ceadúnaí nó a dtéann ceadúnaí faoina réim, mar urra nó ráthóir, i gcúrsa a ghnó baincéireachta, agus | |||||||||||
[EN] | (ii) a thugtar nó a dhéantar— | |||||||||||
[EN] | (A) i ndáil le haon seirbhís a chur ar fáil lasmuigh den Stát nó aon ní a onnmhairiú, nó | |||||||||||
[EN] | (B) le ceanglais conartha foirgníochta a chomhlíonadh, nó | |||||||||||
[EN] | (C) d'urrú go n-íocfaidh nó go n-aisíocfaidh duine go cuí ar scór conartha suim airgid (lena n-áirítear ús) atá cinnte nó infhionnta (agus cibé acu in airgead reatha an Stáit nó in airgead reatha eile é), agus arb é an t-íoc nó an t-aisíoc sin aonoibleagáid an duine faoin gconradh, nó | |||||||||||
[EN] | (D) i ndáil le nótaí bainc (cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát a eisíodh iad) a chreideann ceadúnaí le réasún a damáistíodh, a cailleadh nó a díthíodh, nó | |||||||||||
[EN] | (E) i ndáil le moill nó mainneachtain aon pholasaí árachais, bille luchta nó aon ghníomhas nó doiciméad eile, nó i ndáil le haon pholasaí, bille, gníomhas nó doiciméad eile den sórt sin a chreideann ceadúnaí le réasún a damáistíodh, a cailleadh nó a díthíodh, a thabhairt ar aird, nó | |||||||||||
[EN] | (F) i ndáil le haon fhormhuiniú ar aon doiciméad, a ghabhann le haon doiciméad nó a forghníomhaíodh ar aon dóigh eile i ndáil le haon doiciméad agus a chreideann ceadúnaí le réasún gur forghníomhaíodh go rialta é, nó i ndáil le haon fhormhuiniú den sórt sin a bheith ar iarraidh, | |||||||||||
[EN] | nó | |||||||||||
[EN] | (b) a thug duine, is duine a chónaíonn lasmuigh den Stát, nó a ndeachaigh sé faoina réim, i gcúrsa a ghnó baincéireachta, mar urra nó ráthóir. do shásamh, agus d'aontoisc chun críocha, ceanglais— | |||||||||||
[EN] | (i) is ceanglas de chuid ceadúnaí, agus | |||||||||||
[EN] | (ii) a rinneadh d'aontoisc d'urrú saoráidí airgeadais a chuirfeadh an ceadúnaí sin ar fáil. | |||||||||||
[EN] | (2) San alt seo— | |||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1971” Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ; | |||||||||||
[EN] | tá an bhrí chéanna le “gnó baincéireachta” atá leis in alt 2 d'Acht 1971; | |||||||||||
[EN] | ciallaíonn “conradh foirgníochta” conradh chun aon fhoirgneamh nó aon déanmhas nó obair foirgníochta innealtóireachta eile a fhoirgniú, a mhéadú nó a athrú, nó chun aon talamh a fhorbairt chun críocha talmhaíochta, mianadóireachta nó cairéalachta, nó chun grinneall na farraige (nó aon ní air nó faoi), a thaiscealadh nó a shaothrú, cibé acu sa Stát nó lasmuigh den Stát atá nó a bheidh an foirgneamh, an déanmhas nó an obair eile sin, nó an talamh nó an chuid de ghrinneall na farraige a bhaineann le hábhar; | |||||||||||
[EN] | ciallaíonn “ceadúnaí” sealbhóir ceadúnais a deonaíodh faoi Acht 1971; | |||||||||||
[EN] | folaíonn “obair foirgníochta innealtóireachta” aon obair a dhéantar ag forbairt, nó i ndáil le forbairt, láithreáin. | |||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 2 (3) den Acht Arachais, 1953 . |
3. —Leasaítear leis seo alt 2 (3) den Acht Arachais, 1953 , trí “ná céad milliún punt” a chur in ionad “tríocha milliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Arachais, 1971 ), agus tá an t-alt sin 2 (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||
| ||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Arachais (Leasú), 1978 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Arachais, 1909 go 1978, a ghairm de na hAchtanna Arachais, 1909 go 1971, agus den Acht seo le chéile. | |||||||||||
|