28 1978


Uimhir 28 de 1978


ACHT NA nAERCHUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH AN tAIRE AIRGEADAIS DO THÓGÁIL TUILLEADH SCAIREANNA DE CHUID AER LINGUS, TEORANTA, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [12 Nollaig, 1978]

ACHAITEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Cumhacht an Aire Airgeadais tuilleadh scaireanna a fháil in Aer Lingus, Teoranta.

1. —I dteannta na scaireanna atá aige in Aer Lingus, Teoranta, de bhua ailt 2 agus 3 d'Acht na nAerchuideachtaí, 1966 , féadfaidh an tAire Airgeadais suibscríobh le haghaidh tuilleadh scaireanna (d'aon aicme) de chuid Aer Lingus, Teoranta, go feadh méid nach mó ná cúig mhilliún déag punt.

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí faoin Acht seo as an bPríomh-Chiste.

2. —Íocfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin Acht seo.

Meabhrán agus airteagail chomhlachais Aer Lingus, Teoranta, a athrú.

3. —Déanfaidh Aer Lingus, Teoranta, cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , chun a mheabhrán agus a airteagail chomhlachais a athrú lena gcur ar comhréir leis an Acht seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na nAerchuideachtaí, 1966 go 1978, a ghairm d'Achtanna na nAerchuideachtaí, 1966 go 1976, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na nAerchuideachtaí, 1966

1966, Uimh. 4

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33