|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 26 de 1978 | ||
[EN] |
AN tACHT UM ÚDARÁIS ÁITIÚLA (DEONTAIS ARDOIDEACHAIS), 1978 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM ÚDARÁIS ÁITIÚLA (DEONTAIS ARDOIDEACHAIS), 1968 . [6 Nollaig, 1978] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||
[EN] |
Leasú ar an Acht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 . |
1. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 , tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “foras ceadaithe”: | ||||
[EN] | “ciallaíonn ‘foras ceadaithe’ ollscoil, coláiste ollscoile, nó foras ardoideachais eile a mhéid a sholáthraíonn sé cúrsa nó cúrsaí nach giorra ná dhá bhliain de ré, is cúrsa nó cúrsaí a cheadaíonn an tAire de thuras na huaire chun críocha alt 2 den Acht seo.” | |||||
[EN] | (2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1974. | |||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1978 , a ghairm den Acht seo. | ||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 agus 1978, a ghairm den Acht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 , agus den Acht seo le chéile. | |||||
|