Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear)

18 1978


Uimhir 18 de 1978


AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA IASCAIGH, 1959 GO 1976. [4 Iúil, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

“An Príomh-Acht”.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 .

Imeachtaí indíotála agus imeachtaí achomaire i leith cionta áirithe.

2. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon alt den Phríomh-Acht a shonraítear i dTábla I a ghabhann leis an alt seo dlífidh sé, ar é a chiontú ar díotáil, an fhíneáil a chur air a shonraítear i gcolún (3) de Thábla I a ghabhann leis an alt seo ag an uimhir thagartha ag a bhfuil an t-alt sin sonraithe agus an forghéilleadh a dhéanamh a shonraítear i gcolún (4) den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin

(2) Beidh dlínse ag Breitheamh Dúiche aon chion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a thriail go hachomair—

(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh in aghaidh an chosantóra a cúisíodh amhlaidh,

(b) má thoilíonn an tArd-Aighne, agus

(c) mura gcuirfidh an cosantóir (tar éis don Bhreitheamh a cheart chun a thriailte ag giúiré a chur in iúl dó) in aghaidh a thriailte go hachomair,

agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífidh an cosantóir sin an fhíneáil a chur air a shonraítear i gcolún (3) de Thábla II a ghabhann leis an alt seo ag an uimhir thagartha ag a bhfuil an t-alt den PhríomhAcht lena mbaineann an cion sonraithe agus an forghéilleadh (más ann) a dhéanamh a shonraítear i gcolún (4) den tábla sin ag an uimhir thagartha sin.

(3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 222A (a cuirtear isteach leis an Acht seo) den Phríomh-Acht dlífidh sé, ar é a chiontú ar díotáil, an fhíneáil a chur air a shonraítear i gcolún (3) de Thábla III a ghabhann leis an alt seo agus an forghéilleadh a dhéanamh a shonraítear i gcolún (4) den Tábla sin.

(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i dnáil le cion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ionann is dá mba éard é an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin do na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin tagairt don phionós agus don fhorghéilleadh (más ann) dá bhforáiltear, i ndáil leis an gcion sin ar é thriail go hachomair, le fo-alt (2) den alt seo agus le Tábla II a ghabhann leis an alt seo.

(5) (a) Ní bhainfidh alt 310 den Phríomh-Acht le hordú ag díbhe imeachtaí i leith cion faoi aon alt den Phríomh-Acht a shonraítear sna Táblaí a ghabhann leis an alt seo.

(b) Bainfidh Cuid XIX den Phríomh-Acht leis na fíneálacha agus na forghéilltí dá bhforáiltear leis an alt seo agus na Táblaí a ghabhann leis an alt seo mar a bhaineann sí leis na fíneálacha agus leis na forghéilltí dá dtagraítear sa Chuid sin agus déanfar na tagairtí in ailt 316 agus 317 den Phríomh-Acht do Bhreitheamh Dúiche agus don Chúirt Dúiche, i gcás ciontú ag cúirt seachas an Chúirt Dúiche, a fhorléiriú mar thagairtí don chúirt eile sin.

TáBLA I

Ciontú ar Díotáil

Uimhir Thagartha

An t-alt den Phríomh-Acht

Fíneáil

Forghéilleadh

(1)

(2)

(3)

(4)

1.

Alt 221 den Phríomh-Acht (srian le báid iascaireachta mara choigríche a theacht isteach i dteorainneacha iascaigh eisiatacha un Stáit).

Fineáil nach mó ná £10,000

Forghéilleadh, de rogha na Cúirte, ar a bhfaighfear díobh seo a leanas ar an mbád lena mbaineann an cion faoin alt sin 221:

(a) aon iasc,

(b) aon ghléas iascaireachta.

2.

Alt 222 den Phríomh-Acht (forálacha maidir le báid iascaireachta mara choigríche a theacht isteach go dleathach i dteorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit).

Fíneáil nach mó ná £10,000

Forghéilleadh, de rogha na Cúirte, ar a bhfaighfear díobh seo a leanas ar an mbád lena mbaineann an cion faoin alt sin 222:

(a) aon iasc.

(b) aon ghléas iascaireachta.

3.

Alt 223 den Phríomh-Acht (toirmeasc ar mhodhanna áirithe iascreachta laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit).

Fíneáil nach mó na £10,000

Forghéilleadh, mar iarmhairt reachtúil ar chiontú sa chion faoin alt sin 223, ar a bhfaighfear díobh seo a leanas ar an mbád lena mbaineann an cion sin:

(a) aon iasc.

(b) aon ghléas iascaireachta.

4.

Alt 223A den Phríomh-Acht (stoic éisc a chaomhnú agus iascaigh a shaothrú go réasúnach).

Fíneáil nach mó ná £10,000

Forghéilleadh, mar iarmhairt reachtúil ar chiontú sa chion faoin alt sin 223A, ar a bhfaighfear díobh seo a leanas ar an mbád lena mbaineann an cion sin:

(a) aon iasc,

(b) aon ghléas iascaireachta.

5.

Alt 226 den Phríomh-Acht (srian le cineálacha áirithe líonta a iompar ar bháid iascaireachta mara).

Fíneáil nach mó ná £10,000

Forghéilleadh, mar iarmhairt reachtúil ar chiontú sa chion faoin alt sin 226, ar a bhfaighfear díobh seo a leanas ar an mbád lena mbaineann an cion sin:

(a) aon iasc,

(b) aon ghléas iascaireachta.

6.

Alt 227 den Phríomh-Acht (srian le deiscanna a iompar a chúngódh mogaill lín).

Fíneáil nach mó ná £10,000

Forghéilleadh, mar iarmhairt reachtúil ar chiontú sa chion faoin alt sin 227, ar a bhfaighfear díobh seo a leanas ar an mbád lena mbaineann an cion sin:

(a) aon iasc.

(b) aon ghléas iascaireachta.

TáBLA II

Ciontú Achomair

Uimhir Thagartha

An t-alt den Phríomh-Acht

Fíneáil

Forghéilleadh

(1)

(2)

(3)

(4)

1.

Alt 221 den Phríomh-Acht (srian le báid iascaireachta mara choigríche a theacht isteach i dteorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit).

Fíneáil nach mó ná £500

--

2.

Alt 222 den Phríomh-Acht (forálacha maidir le báid iascaireachta mara choigríche a theacht isteach go dleathach i dteorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit).

Fíneáil nach mó ná £500

--

3.

Alt 223 den Phríomh-Acht (toirmeasc ar mhodhanna áirithe iascaireachta laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit).

Fíneáil nach mó ná £500

Forghéilleadh, mar iarmhairt reachtúil ar chiontú sa chion faoin alt sin 223, ar a bhfaighfear díobh seo a leanas ar an mbád lena mbaineann an cion sin:

(a) aon iasc a tógadh go neamhdhleathach,

(b) aon ghléas iascaireachta a úsáideadh ag déanamh an chiona sin.

4.

Alt 223A den Phríomh-Acht (stoic éisc a chaomhnú agus iascaigh a shaothrú go réasúnach).

Fíneáil nach mó ná £500

Forghéilleadh, mar iarmhairt reachtúil ar chiontú sa chion faoin alt sin 223A, ar a bhfaighfear díobh seo a leanas ar an mbád lena mbaineann an cion sin:

(a) aon iasc a tógadh go neamhdhleathach,

(b) aon ghléas iascaireachta a úsáideadh ag déanamh an chiona sin nó lena mbaineann an cion sin.

5.

Alt 226 den Phríomh-Acht (srian le cineálacha áirithe lionta iascaireachta a iompar ar bháid iascaireachta mara).

Fíneáil nach mó ná £500

Forghéilleadh, mar iarmhairt reachtúil ar chiontú sa chion faoin alt sin 226, ar aon líon iascaireachta lena mbaineann an cion sin a gheofar ar an mbád lena mbaineann an cion sin.

6.

Alt 227 den Phríomh-Acht (srian le deiseanna a iompar a chúngódh mogaill lín).

Fíneáil nach mó ná £500

Forghéilleadh, mar iarmhairt reachtúil ar chiontú sa chion faoin alt sin 227, ar aon deis lena mbaineann an cion sin a gheofar ar an mbád lena mbaineann an cion sin.

TáBLA III

Ciontú ar Díotáil i gCion faoi Alt 222A

Uimhir Thagartha

An t-alt den Phríomh-Acht

Fíneáil

Forghéilleadh

(1)

(2)

(3)

(4)

1.

Alt 222A (iascaireacht le linn bheith ar bord báid iascaireachta mara choigríche laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit).

Fíneáil nach mó ná £100,000

Forghéilleadh, mar iarmhairt reachtúil ar chiontú sa chion faoin alt sin 222A, at a bhfaighfear díobh seo a leanas ar an mbád lena mbaineann an cion sin:

(a) aon iasc,

(b) aon ghléas iascaireachta.

Méadú ar fhíneálacha achomaire áirithe.

3. —Is í an fhíneáil a dhlífear a chur ar dhuine a chiontófar i gcion faoi alt 224, 228, 229, 231, 233 nó 236 den Phríomh-Acht, in ionad na fíneála dá bhforáiltear san alt faoina gciontófar é, fíneáil nach mó ná £500.

Báid a úsáideadh ag déanamh cionta áirithe a fhorghéilleadh.

4. —I gcás, maidir le duine a chiontú ar díotáil i gcion faoi aon cheann de na hailt seo a leanas den Phríomh-Acht, is é sin le rá, ailt 221, 222, 222A, 223, 223A, 226 agus 227, gurb amhlaidh don chiontú—

(a) gur dara ciontú nó ciontú dá éis sin ar díotáil é faoi aon cheann de na hailt sin a rinneadh ar bord an bháid chéanna, cibé acu is é nó nach é an duine céanna, gach ócáid, an duine a ciontaíodh, agus

(b) go raibh an bád, tráth an chiona a dhéanamh, ar úinéireacht nó ar páirt-úinéireacht ag duine a raibh an bád ar úinéireacht nó ar páirt-úinéireacht aige tráth aon cheann de na cionta roimhe sin a dhéanamh.

féadfaidh an Chúirt, dá rogha féin, i dteannta aon fhíneálacha agus forghéilltí eile a bheidh dlite den duine sin, a ordú an bád a fhorghéilleadh.

Srian le báid iascaireachta mara choigriche a theacht isteach i dteorainn eacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

5. —Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 221:

“221. (1) Ní dleathach d'aon bhád iascaireachta mara coigriche teacht laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit ach amháin—

(a) chun críche a cheadaíonn an dlí idirnáisiúnta, nó

(b) chun críche a cheadaíonn aon choinbhinsiún, conradh nó comhshocraíocht atá i bhfeidhm de thuras na huaire idir an Stát agus an tír ar léi an bád sin, nó

(c) chun aon chríche dleathaí eile.

(2) Má thagann bád iascaireachta mara coigríche laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit contrártha d'fho-alt (1), beidh máistir an bháid ciontach i gcion.”.

Forálacha maidir le báid iascaireachta mara choigríche a theacht isteach go dleathach i dteorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

6. —Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 222:

“222. (1) Má thagann bád iascaireachta mara coigríche laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit—

(a) chun críche a cheadaíonn an dlí idirnáisiúnta, nó

(b) chun críche a cheadaíonn aon choinbhinsiún, conradh nó comhshocraíocht atá i bhfeidhm de thuras na huaire idir an Stát agus an tír ar léi an bád sin, nó

(c) chun aon chríche dleathaí eile,

ansin—

(i) imeoidh an bád as teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit a luaithe a bheidh friotháil déanta ar an gcuspóir a thug an bád sin isteach amhlaidh,

(ii) urramófar go cuí aon rialacháin faoi fho-alt (2) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le dea-ordú a choinneáil idir báid iascaireachta mara choigríche a bheidh de thuras na huaire laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit agus idir na daoine a bheidh ar bord na mbád sin.

(3) Má bhíonn, i ndáil le bád iascaireachta mara coigríche a bheidh tar éis teacht go dleathach laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit nó i ndáil leis na daoine ar bord uirthi, sárú déanta (trí ghníomh nó neamhghníomh) ar fho-alt (1) den alt seo, ansin, beidh máistir an bháid ciontach i gcion.”.

Iascaireacht le linn bheith ar bord báid iascaireachta mara choigríche laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

7. —Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 222:

“222A. (1) Ní dhéanfaidh duine a bheidh ar bord báid iascaireachta mara choigríche iascaireacht ná ní fhéachfaidh sé le iascaireacht a dhéanamh le linn don bhád bheith laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit mura mbeidh údarás dlí aige sin a dhéanamh.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion.”.

Toirmeasc ar mhodhanna áirithe iascaireachta laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

8. —Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 223:

“223. (1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le fodhlí, toirmeasc nó srian a chur (de rogha an Aire, faoi mar a shonrófar san fhodhlí, go hiomlán nó mura gcomhlíonfar cibé coinníollacha is cuí leis an Aire a chur san fhodhlí) le húsáid a bhaint, laistigh d'uiscí aon limistéir shonraithe (is limistéar laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit), i mbád ar bith nó ó bhád ar bith, nó i mbád nó ó bhád de chineál sonraithe, de réir mar a shonrófar san fhodhlí, as aon mhodh iascairechta (lena n-áirítear trálaeireacht, saighneoireacht agus iascaireacht le haon chineál lín a tharraingítear feadh ghrinneall na farraige cibé acu le bád ar gluaiseacht nó le haon fhearas meicniúil i mbád ar ancaire é), agus féadfar fodhlíthe éagsúla a dhéanamh maidir le cineálacha éagsúla bád agus modhanna éagsúla iascaireachta.

(2) Duine a ghníomhóidh nó a fhéachfaidh le gníomhú contrártha d'aon fhodhlí a rinneadh faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.”.

Stoic éisc a chaomhnú agus iascaigh a shaothrú go réasúnach.

9. —Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 223:

“223A. (1) Féadfaidh an tAire le hordú cibé bearta is cuí leis an Aire a fhorordú agus a ghlacadh do chaomhnú stoc éisc agus do dhéanamh saothrú réasúnach ar iascaigh.

(2) Duine a sháróidh ordú faoin alt seo nó a fhéachfaidh lena shárú beidh sé ciontach i gcion.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.”.

Rialacháin do thabhairt éifeachta don Choinbhinsiún um Stiúradh Oibríochtaí Iascaireachta san Atlantach Thuaidh.

10. —Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 224:

“224A. (1) Gan dochar d'fhorálacha aon achtacháin eile, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Turasóireachta agus Iompair, cibé socrú a dhéanamh le rialacháin a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach chun an Coinbhinsiún um Stiúradh Oibríochtaí Iascaireachta san Atlantach Thuaidh a rinneadh i Londain an 17ú lá de Mhárta, 1967, nó aon chionbhinsiún do leasú nó in ionad an choinbhinsiúin sin a chur i gcrích agus do thabhairt éifeachta don chéanna nó d'aon fhorálacha den chéanna.

(2) Duine a sháróidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.”.

Cumhachtaí chun báid a choinneáil a chur i mbaint le báid a gheofar i bport.

11. —Beidh feidhm ag alt 233 den Phríomh-Acht i ndáil le bád iascaireachta mara a gheofar i bport mar atá feidhm aige i ndáil leis na báid iascaireachta mara eile dá dtagraítear san alt sin agus, dá réir sin, cuirfear na míreanna seo a leanas in ionad míreanna (a) agus (g), faoi seach, d'fho-alt (1) d'alt 233:

“(a) má tá an bád faoi bhealach, féadfaidh sé a ordú í a stopadh lena haithint nó le ligean dó dul ar bord uirthi:

(g) má bhíonn amhras air go bhfuil sárú ar fhorálacha Chaibidil II nó III den Chuid seo déanta ag aon duine ar bord an bháid sin, féadfaidh sé, gan toghairm, barántas ná próis eile—

(i) i gcás gan an bád a bheith i bport, an bád agus gach duine ar bord a thabhairt go dtí an port is gaire nó is caothúla agus an bád agus na daoine ar bord a choinneáil go dtí go ndéanfaidh sé na bearta a cheanglaítear le halt 233A nó 234, de réir mar is iomchuí, agus

(ii) i gcás an bád a bheith i bport, an bád agus na daoine ar bord a choinneáil sa phort sin nó ise agus iadsan a thabhairt go dtí port níos caothúla agus ise agus iadsan a choinneáil ansin go dtí go ndéanfaidh sé (i gceachtar cás) na bearta réamhráite;”.

Báid agus daoine ar bord a choinneáil go ceann 48 n-uaire a chloig i gcás amhrais go ndearnadh cionta áirithe.

12. —Leasaítear leis seo Caibidil IV de Chuid XIII den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 233:

“233A. I gcás a ndéanfaidh oifigeach cosanta iascaigh mhara, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 233, bád agus na daoine ar bord an bháid a choinneáil i bport, déanfaidh an t-oifigeach (mura faoi alt 234 a thionscnóidh se imeachtaí), a luaithe is féidir, iarratas ar Bhreitheamh Dúiche, nó, i gcás nach mbeidh fáil láithreach ar Bhreitheamh Dúiche, ar Fheidhmeannach Síochána, d'iarraidh ordú á údarú an bád agus na daoine sin a choinneáil níos faide agus féadfaidh an Breitheamh Dúiche nó an Feidhmeannach Síochána ordú a dheonú ag ordú na coinneála sin go ceann tréimhse 48 n-uaire a chloig más deimhin leis amhras a bheith ar an oifigeach cosanta iascaigh mhara sárú ar fhoráil de Chaibidil II nó III de Chuid XIII den Phríomh-Acht a bheith déanta ag duine ar bord an bháid; ar dheireadh a bheith leis an tréimhse 48 n-uaire a chloig a dúradh—

(a) scaoilfear saor an bád mura mbeidh ordú d'fhoráil í a choinneáil níos faide déanta faoi alt 234 roimh dheireadh na tréimhse 48 n-uaire a chloig a dúradh, agus

(b) déanfar gach duine ar bord an bháid a scaoileadh saor mura mbeidh ordú d'fhoráil í a choinneáil níos faide déanta roimh dheireadh na tréimhse 48 n-uaire a chloig a dúradh.”.

Báid agus daoine a cúisíodh nó atá le cúiseamh a choinneáil go ndéanfar ionchúiseamh.

13. —Leasaítear leis seo Caibidil IV de Chuid XIII den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 234:

“234.—(1) I gcás a ndéanfaidh oifigeach cosanta iascaigh mhara, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 233, bád agus na daoine ar bord an bháid a choinneáil i bport, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, máistir an bháid agus aon daoine eile ar bord an bháid a mbeidh imeachtaí tionscanta, nó a mbeifear ar tí imeachtaí a thionscnamh, ina gcoinne mar gheall ar chion faoi fhoráil de Chaibidil II nó III den Chuid seo, a thabhairt os comhair Breithimh Dhúiche nó, i gcás nach mbeidh fáil láithreach ar Bhreitheamh Dúiche, os comhair Feidhmeannaigh Shíochána. agus air sin déanfaidh an Breitheamh Dúiche nó an Feidhmeannach Síochána (de réir mar a bheidh), más deimhin leis go bhfuil na himeachtaí sin tionscanta nó go bhfuiltear ar tí iad a thionscnamh i gcoinne an mháistir agus na ndaoine eile sin nó i gcoinne aon duine nó daoine díobh, le hordú a bheidh dírithe chuig oifigeach cosanta iascaigh mhara, a cheangal ar an oifigeach an bád agus gach duine (lena n-áirítear an máistir) a dúradh ar deimhin leis amhlaidh ina leith a choinneáil i bport sonraithe go dtí go mbeidh breithniú déanta ar na himeachtaí sin ag Breitheamh Dúiche faoi alt 8 nó 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , nó faoi alt 2 (2) den Acht Iascaigh (Leasú), 1978 , nó ar shlí éigin eile i bhfeidhmiú a dhlínse achomaire.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an Breitheamh Dúiche áirithe, dá rogha féin, a ordú duine a mbeidh imeachtaí mar gheall ar chion den sórt sin a dúradh tionscanta ina choinne a scaoileadh amach ar bannaí sula mbeidh breithniú déanta mar a dúradh ar na himeachtaí sin ag an mBreitheamh Dúiche.”.

Báid a choinneáil go gcinnfear aon imeachtaí (lena n-áirítear achomhairc) faoi Chaibidil II nó III de Chuid XIII den Phríomh-Acht.

14. —Leasaítear leis seo Caibidil IV de Chuid XIII den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 235:

“235. (1) (a) I gcás a ndéanfaidh Breitheamh Dúiche duine a chiontú faoi fhoráil de Chaibidil II nó III den Chuid seo, nó a ndíbhfidh Breitheamh Dúiche imeachtaí i ndáil le cion den sórt sin agus go mbeidh an bád ar a ndearna an duine an cion coinnithe faoi alt 234, déanfaidh an Breitheamh, le hordú a bheidh dírithe chuig oifigeach cosanta iascaigh mhara, a cheangal ar an oifigeach, i gcás achomharc in aghaidh, nó aon imeachtaí eile i leith, an ordaithe ón gCúirt Dúiche nó an ordaithe ó aon chúirt eile chun a dtabharfar an cás, i modh achomhairc nó ar dhóigh eile, an bád a choinneáil níos faide i bport sonraithe sa Stát go dtí go gcinnfear an t-achomharc nó na himeachtaí eile (agus aon imeachtaí de dhroim an achomhairc nó na n-imeachtaí eile).

(b) I gcás Breitheamh Dúiche do chur duine ar aghaidh chun a thrialach nó le go dtabharfaí pianbhreith air chuig cúirt seachas an Chúirt Dúiche agus é cúisithe i gcion faoi fhoráil den Chuid sin II nó den Chuid sin III agus go mbeidh an bád ar a ndearna an duine an cion nó a líomhnaítear go ndearna sé an cion uirthi coinnithe faoi alt 234 den Acht seo, déanfaidh an breitheamh, le hordú a bheidh dírithe chuig oifigeach cosanta iascaigh mhara, a cheangal ar an oifigeach an bád a choinneáil níos faide i bport sonraithe sa Stát go dtí go gcinnfear an cás sa chuirt eile sin, agus i gcás achomharc in aghaidh, nó aon imeachtaí eile i leith, an ordaithe ón gCúirt Dúiche nó ón gcúirt a gcuirfear an duine ar aghaidh chuici faoin mír seo nó ó aon chúirt eile a dtabharfar an cás chuici, i modh achomhairc nó ar dhóigh eile, an bád a choinneáil níos faide i bport sonraithe sa Stát go dtí go gcinnfear an t-achomharc nó na himeachtaí eile (agus aon imeachtaí de dhroim an achomhairc nó na n-imeachtaí eile).

(c) I gcás Breitheamh Dúiche do dhéanamh ordú faoi alt 8 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , chun duine a scaoileadh saor maidir le cion faoi fhoráil de Chaibidil II nó III den Chuid seo agus go mbeidh an bád ar a ndearna an duine an cion coinnithe faoi alt 234, déanfaidh an Breitheamh, ar iarratas ón Ard-Aighne, le hordú a bheidh dírithe chuig oifigeach cosanta iascaigh mhara, a cheangal ar an oifigeach an bád a choinneáil níos faide go ceann tréimhse seachtaine i bport sonraithe sa Stát, agus, má bhíonn ordú i ndáil leis an gcosantóir tugtha faoi alt 62 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 , roimh dheireadh na tréimhse seachtaine sin, an bád a choinneáil níos faide i bport sonraithe sa Stát go dtí go gcinnfear na himeachtaí (agus aon achomharc nó imeachtaí de dhroim aon achomhairc) de droim an ordaithe sin.

(2) (a) Más rud é, maidir le cion nó le cionta faoi fhoráil de Chaibidil II nó III den Chuid seo, go ndéanfar ordú faoi fho-alt (1) d'alt 234 nó faoi fho-alt (1) den alt seo i ndáil le bád iascaireachta mara, féadfaidh Breitheamh Dúiche, dá rogha féin, le hordú a bheidh dírithe chuig oifigeach cosanta iascaigh mhara, a cheangal an bád a scaoileadh saor má thugtar urrús is dóigh leis an mBreitheamh a bheith sásúil go n-íocfar, i gcás an cosantóir a chiontú maidir leis an gcion nó leis na cionta nó mar gheall ar é do mhainniú freastal os comhair aon chúirt nuair is gá dó freastal amhlaidh le haghaidh aon réamhscrúduithe faoin Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil leis an gcion nó leis na cionta nó le haon trialacha, achomhairc nó imeachtaí eile i ndáil leis an gcion nó leis na cionta, suim a mheasfaidh an Breitheamh is leor—

(i) faoi chomhair íoc na fíneála nó na bhfíneálacha uasta a ordaíodh, nó a ordófar, a íoc maidir leis an gcion nó leis na cionta.

(ii) faoi chomhair méid measta na gcostas (más ann) a dámhadh, nó a dhámhfar, maidir le haon trialacha, achomhairc nó imeachtaí eile, i ndáil leis an gcion nó leis na cionta, in aghaidh an chosantóra áirithe, agus

(iii) faoi chomhair luach measta aon fhorghéilltí a ordaíodh, nó a ordófar, a dhéanamh nuair a chinnfear go críochnaitheach aon trialacha, achomhairc nó imeachtaí eile i ndáil leis an gcion nó leis na cionta.

(b) An t-urrús dá bhforáiltear i mír (a) is urrús é i dteannta, agus ní urrús é in ionad, aon bhanna nó cúirtbhanna a cheanglóidh an Breitheamh Dúiche áirithe ar an gcosantóir áirithe dul faoi i ndáil le haon trialacha, achomhairc nó imeachtaí eile maidir leis an gcion áirithe.

(3) I gcás a ndéanfar ordú faoin alt seo chun bád iascaireachta mara a choinneáil nó a scaoileadh saor, coinneofar nó scaoilfear saor, cibé acu é, an bád, de réir téarmaí an ordaithe.”.

Forálacha i ndáil le cásanna sa Chúirt Dúiche.

15. —(1) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 309 den Phríomh-Acht, a mhéid a thugann sé cumas cion a éisteacht agus a chinneadh go hachomair, i ndáil le cion faoi alt den Acht sin a shonraítear i dTábla a ghabhann le halt 2 den Acht seo.

(2) Leasaítear leis seo alt 309 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) (a) I gcás—

(i) a mbeidh oifigeach cosanta iascaigh mhara, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 233, tar éis bád agus na daoine ar bord uirthi a choinneáil i bport sa Stát, agus

(ii) go líomhnófar go ndearna duine (ar duine é de na daoine sin) cion faoi fhoráil de Chaibidil II nó III de Chuid XIII,

féadfar an duine a thabhairt os comhair an Bhreithimh Dhúiche iomchuí agus—

(I) mura cion faoi alt a shonraítear i dTábla a ghabhann le halt 2 den Acht Iascaigh (Leasú), 1978 , an cion, féadfaidh an Breitheamh sin an cás a éisteacht agus a chinneadh, agus

(II) más cion faoi alt a shonraítear i dTábla a ghabhann leis an alt sin 2 an cion, beidh dlínse ag an mBreitheamh sin déileáil leis an gcás faoin Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , nó faoi alt 2 (2) den Acht Iascaigh (Leasú), 1978 , de réir mar is iomchuí.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn ‘an Breitheamh Dúiche iomchuí’ an Breitheamh Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche ina bhfuil an port a bhfuil an bád agus na daoine áirithe coinnithe ann.

(c) Ní fhorléireofar mír (a) mar mhír a dhéanann difear d'alt 79 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 .”.

Leasú ar an míniú ar “iasc”.

16. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Phríomh-Acht trí “gach inveirteabrach muirí,” a chur isteach sa mhíniú ar “iasc” i ndiaidh an fhocail “iasc”, agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TáBLA

folaíonn an focal “iasc” gach inveirteabrach muirí, gach crústach agus iasc sliogánach a fhaightear san fharraige, agus óg agus sceith éisc, agus forléireofar tagairtí d'iasc mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chuid den iasc sin;

Leasú ar an míniú ar “líon”.

17. —Leasaítear leis seo alt 219 den Phríomh-Acht trí “san fharraige, cibé acu ar ghrinneall na farraige nó cóngarach dó nó ar dhóigh eile” a chur isteach sa mhíniú ar “líon” in ionad “ar ghrinneall na farraige nó cóngarach dó” agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo

AN TáBLA

ciallaíonn an focal “líon” aon trál, saighne nó líon eile a tharraingítear nó a tharlaítear, nó atá ceaptha lena tharraingt nó a tharlú, san fharraige, cibé acu ar ghrinneall na farraige nó cóngarach dó nó ar dhóigh eile.

An tAire agus an tArd-Aighne d'ionchúiseamh cionta.

18. —(1) Féadfaidh an tAire cion achomair faoi aon fhoráil de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1978 (seachas alt a shonraítear sna Táblaí a ghabhann le halt 2 den Acht seo) a ionchúiseamh.

(2) (a) Ní bheidh feidhm ag alt 3 den Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 , maidir le hionchúiseamh ciona faoi alt a shonraítear sna Táblaí a ghabhann le halt 2 den Acht seo na le haon fheidhmeanna i ndáil leis an ábhar sin a mbeadh feidhm aige ina leith mura mbeadh an fo-alt seo.

(b) Déanfar tagairtí i gCuid II den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , in alt 62 d'Acht na gCúirteanna Breithiúnais, 1936, agus in alt 6 d'Acht na gCuirteanna, 1964 , don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a fhorléiriú, a mhéid atá feidhm ag an gCuid sin agus ag na hailt sin i ndáil le cionta dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo nó i ndáil le haon fheidhmeanna dá dtagraítear sa mhír sin, mar thagairtí don Ard-Aighne.

(c) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, cibé oiriúnuithe agus modhnuithe a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach chun lánéifeacht a thabhairt don fho-alt seo a dhéanamh ar aon reacht, nó ar aon ionstraim arna déanamh faoi reacht, a bheidh i bhfeidhm ar dháta thosach feidhme an Achta seo.

Doiciméid a sheirbheáil.

19. —(1) I gcás a mbeartóidh Breitheamh Dúiche ordú a dhéanamh go scaoilfear ar bannaí cosantóir a bheidh os a chomhair agus é cúisithe i gcion faoi fhoráil de Chuid II nó III de Chaibidil XIII den Phríomh-Acht agus ar lasmuigh den Stát atá gnáthchónaí air, ordóidh sé (mura deimhin leis go bhféadfar na doiciméid go léir (lena n-áirítear díotáil) a cheanglaítear le dlí a sheirbheáil ar an gcosantóir i ndáil leis an gcúiseamh nó chun críche an chúisimh nó aon imeachtaí de dhroim an chúisimh nó a bhaineann leis a sheirbheáil go cuí ar an gcosantóir sa Stát) go bhféadfar na doiciméid sin, in ionad iad a sheirbheáil ar an gcosantóir, a sheirbheáil ar dhuine a bheidh sonraithe san ordú agus ar sa Stát atá gnáthchónaí air.

(2) I gcás ar deimhin le Breitheamh Dúiche a thug ordú faoi fho-alt (1) den alt seo nó faoin bhfo-alt seo nó ar deimhin le Breitheamh Dúiche eile a bheidh ag gníomhú ina ionad nach féidir, mar gheall ar dhuine a shonraítear san ordú d'fháil bháis nó a bheith as láthair as an Stát nó mar gheall ar aon chúis eile, doiciméid dá dtagraítear san fho-alt sin (1) a sheirbheáil ar an duine sin, ordóidh an Breitheamh go bhféadfar an doiciméad a sheirbheáil ar dhuine eile a bheidh sonraithe san ordú agus ar sa Stát atá gnáthchónaí air.

(3) Maidir le doiciméad dá dtagraítear san alt seo a sheirbheáil ar dhuine a bheidh sonraithe in ordú faoin alt seo measfar chun gach críche gur seirbheáil í ar an gcosantóir lena mbaineann.

Cosaint.

20. —Ní bheidh éifeacht leis an Acht seo maidir le cionta a rinneadh sular tháinig an tAcht seo i bhfeidhm.

Ionstraimí áirithe do leanúint i bhfeidhm.

21. —Gach ceann de na hionstraimí seo a leanas a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo:

(a) rialacháin faoi alt 222 den Phríomh-Acht,

(b) fodhlíthe faoi alt 223 (1) den Phríomh-Acht, agus

(c) orduithe faoi alt 35 den Acht Iascaigh (Leasú), 1962 ,

leanfaidh siad, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, de bheith i bhfeidhm agus measfar gur faoi na hailt chomhréire den Phríomh-Acht, arna gcur isteach leis an Acht seo, a rinneadh iad.

Aisghairm.

22. —Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

23. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1978, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1976, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1976, agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.