An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Feo Simplí a Cheannach) Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach)

16 1978

AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) (UIMH. 2), 1978

CUID III

An Feo Simplí i dTithe Cónaithe a Dhílsiú

Ré Chuid III.

[Nua]

18. —Ní bheidh éifeacht leis an gCuid seo ach amháin i ndáil le hiarratais a rinneadh fúithi sa tréimhse cúig bliana dar tosach dáta thosach feidhme an Achta seo.

Tithe cónaithe.

[Nua]

19. —Baineann an Chuid seo le talamh lena mbaineann Cuid II i gcás na buanfhoirgnimh a bheith tógtha lena n-úsáid go hiomlán nó go príomha mar theaghais agus gur mar sin a úsáidtear iad agus teach cónaithe a thugtar san Acht seo ar thalamh den sórt sin.

Dflsiú trí thoiliú.

[Nua]

20. —Duine atá i dteideal an feo simplí a fháil i dteach cónaithe de bhua Chuid II féadfaidh sé, le toiliú gach duine ar pháirtí riachtanach é chun an feo simplí, saor ó eirí, a thíolacadh dó, a iarraidh ar Chláraitheoir na dTeideal an t-áitreabh a dhílsiú dó faoi alt 22.

Eadráin.

[Nua]

21. —(1) Duine a éilíonn go bhfuil sé i dteideal an feo simplí a fháil i dteach cónaithe de bhua Chuid II, féadfaidh sé, gan aon toiliú dá dtagraítear in alt 20, a iarraidh ar Chláraitheoir na dTeideal go ndílseofar an t-áitreabh dó faoi alt 22 agus seirbheálfaidh sé fógra i dtaobh a iarratais ar an léasóir is neasa. Féadfar fógra a sheirbheáil in aon slí a fhoráiltear le halt 63 d'Acht 1931 nó le halt 23 d'Acht 1967.

(2) Féadfaidh an Cláraitheoir, áfach, seirbheáil faoi fho-alt (1) a ligean thar ceal i gcás a ndeimhneoidh an t-iarratasóir dó nach féidir le réasún an tseirbheáil sin a dhéanamh. In aon chás den sórt sin, seirbheálfaidh an Cláraitheoir fógra i dtaobh an iarratais ar gach duine ar dealraitheach dó gur úinéir é ar aon eastát, leas nó eire a mhúchfaí trí dheimhniú a eisiúint faoi alt 22 (1), a mhéid is féidir le réasún na daoine sin a fhionnadh.

(3) Cinnfidh Cláraitheoir na dTeideal an t-iarratas trí eadráin.

(4) Beidh feidhm ag forálacha Acht 1967 chun críocha na Coda seo ach tagairtí do Chláraitheoir na dTeideal a chur in ionad na dtagairtí don chláraitheoir contae.

(5) I gcás achomharc chun na Cúirte faoi alt 22 d'Acht 1967 in aghaidh dámhachtain, ordú nó cinneadh eile ón gCláraitheoir mar eadránaí, déanfaidh Breitheamh na Cúirte a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil an t-áitreabh nó aon chuid den áitreabh ar i ndáil leis a rinneadh an t-achomharc an t-achomharc sin a éisteacht agus a chinneadh.

Deimhniú dílseacháin.

[Nua]

22. —(1) I gcás

(a) ar deimhin le Cláraitheoir na dTeideal go ndearnadh iarratas go cuí faoi alt 20, nó

(b) ar deimhin leis an gCláraitheoir mar eadránaí nó leis an gCúirt ar achomharc go bhfuil an t-iarratasóir faoi alt 21 i dteideal an feo simplí a fháil,

eiseoidh an Cláraitheoir, faoi réir fho-alt (2), deimhniú (dá ngairtear “deimhniú dílseacháin” san alt seo) a oibreoidh, faoi réir fho-alt (3), chun an feo simplí agus aon leasanna idirmheánacha sa teach cónaithe a thíolacadh, saor ó éirí, ar an dáta a bheidh sonraithe chuige sin sa deimhniú.

(2) Sula n-eiseoidh an Cláraitheoir deimhniú dílseacháin, deimhneoidh sé dó féin gur íocadh an praghas ceannaigh nó gur taisceadh é leis féin, gur glanadh na fiacha forordaithe agus go bhfuil cíos an tí cónaithe (seachas riaráiste a bhfuil caingean chun iad a ghnóthú faoi urchosc reachta) íoctha cothrom le dáta.

(3) Measfar gur tíolacas de bhun díola chun críocha ailt 24 agus 25 den Acht um Chlárú Teidil, 1964 (a dhéanann foráil maidir le clárú éigeantach úinéireachta a leathnú) an deimhniú dílseacháin agus measfar gur ionstraim é san fhoirm fhorordaithe chun críocha alt 51 den Acht sin (a dhéanann foráil maidir le talamh cláraithe a aistriú).

(4) I gcás lena mbaineann fo-alt (3), déanfaidh an Cláraitheoir, tar éis aon doiciméid bhreise a theastóidh uaidh a sholáthar dó, socrú go gclárófar an teideal faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 .

(5) Déanfaidh an Cláraitheoir fógra gur deonaíodh ordú dílseacháin de dhroim eadrána a sheirbheáil ar gach duine ar dealraitheach dó gur úinéir é ar aon eastát, leas nó eire a múchadh de bhua fho-alt (1), a mhéid is féidir le réasún na daoine sin a fhionnadh.

(6) Duine a éileoidh go bhfuil teideal aige, mar úinéir ar aon eastát, leas nó eire a múchadh de bhua fho-alt (1), go n-íocfaí leis an t-airgead ceannaigh nó aon chuid den airgead sin a taisceadh leis an gCláraitheoir, féadfaidh sé dámhachtain a iarraidh ar an gCláraitheoir mar eadránaí agus, tar éis don eadránaí fógra réasúnach i dtaobh an éilimh a sheirbheáil ar gach duine dar tugadh fógra faoi fho-alt (5), déanfaidh sé cibé dámhachtain agus tabharfaidh sé cibé treoracha a mheasfaidh sé is cóir cun an t-airgead ceannaigh a íoc agus a dháileadh.

(7) Féadfaidh an Cláraitheoir, más cuí leis, aon airgead a taisceadh leis faoin alt seo a thaisceadh sa Chúirt agus, air sin, déanfaidh Breitheamh den Chúirt a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil an t-áitreabh nó aon chuid den áitreabh ar i ndáil leis a taisceadh an t-airgead an dlínse a thugtar don Chláraitheoir faoi fho-alt (6) a fheidhmiú.

Táillí

[Nua i bpáirt. cf. 1967, ailt 9, 19]

23. —(1) Is í an táille a bheidh le glacadh i gClárlann na Talún—

(a) chun deimhniú dílseacháin a eisiúint faoi alt 22, i gcás an t-iarratasóir a bheith ag áitiú an tí cónaithe, £5;

(b) i leith eadráin faoi alt 21, i gcás an t-iarratasóir a bheith ag áitiú an tí cónaithe, £12, is táille i dteannta na táille a bheidh le glacadh faoi mhír (a).

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na táillí a bheidh le glacadh i gClárlann na Talún chun críocha na Coda seo, seachas na táillí a luaitear i bhfo-alt (1), a shocrú le hordú, agus féadfaidh sé aon ordú den sórt sin a chúlghairm nó a leasú.

(3) Cé is moite de na táillí atá socraithe i leith na gcásanna a luaitear i bhfo-alt (1), socrófar na táillí, a mhéid is féidir, chun an costas iomlán a bhainfidh leis an iarratas iomchuí a ghlanadh.

(4) Dlífidh an t-iarratasóir an táille a íoc a bheidh le glacadh chun an deimhniú dílseacháin a eisiúnt agus, faoi réir fho-alt (5), dlífidh sé freisin an táille a íoc a bheidh le glacadh i leith na headrána.

(5) Má bhíonn an t-iarratasóir ag áitiú an tí cónaithe ní dhlífidh sé féin ná aon pháirtí eile aon ní a íoc, ar leith ó na táillí atá socraithe san alt seo nó faoin alt seo, leis an gCláraitheoir i leith na headrána nó an dílseacháin, ach amháin nuair is dóigh leis an gCláraitheoir gur iompair aon pháirtí san eadráin é féin go míreasúnach (trí ghníomh nó trí neamhghníomh) nó go ndearna sé, gan chúis réasúnach—

(a) diúltú nó mainniú foráil de chuid an Achta seo a chomhlíonadh nó moill á comhlíonadh amhlaidh, nó

(b) diúltú nó mainniú teacht ar chomhaontú, nó moill ag teacht ar chomhaontú, i ndáil le haon ábhar faoin Acht seo,

agus gurbh é ba chúis, tríd sin, le tabhú an chostais go léir nó cuid den chostas a bhain leis an eadráin, féadfaidh an Cláraitheoir a ordú go n-íocfaidh an páirtí sin an costas sin go léir nó cuid shonraithe de.

(6) Ní bheidh feidhm ag ailt 9 agus 19 (1) d'Acht 1967 (a dhéanann foráil do chostais eadrána) i gcás an t-iarratasóir a bheith ag áitiú an tí cónaithe.

(7) Ní bheidh feidhm ag alt 14 (2) den Acht um Chlárú Teidil, 1964 , maidir le táillí a ghlacadh i ndáil le feidhmeanna Chláraitheoir na dTeideal faoin Acht seo.

Dualgas Chláraitheoir na dTeideal maidir le hiarratais faoi Chuid III.

[Nua]

24. —(1) Déileálfaidh Cláraitheoir na dTeideal le hiarratais a gheofar faoin gCuid seo san ord ina bhfaighfear iad a mhéid a bheidh sin i gcomhréir lena fheidhmeanna go léir, mar Chláraitheoir na dTeideal, a chomhlíonadh go héifeachtach.

(2) I gcás ar deimhin leis an gCláraitheoir ar chúiseanna a chuirfidh an t-iarratasóir nó aon duine eile lena mbainfidh faoina bhráid gur iarratas ar leith iarratas áirithe sa mhéid go mbainfeadh tromcheataí nó mórchaillteanas d'aon duine den sórt sin de bharr an dualgas a fhorchuirtear le fo-alt (1) i leith an iarratais a chomhlíonadh, féadfaidh sé déileáil leis an iarratas ar shlí seachas san ord ina bhfuarthas é.

(3) Ní bheidh aon ábhar caingne ann i gcoinne an Chláraitheora i ndáil leis an dualgas a fhorchuirtear air faoin alt seo.

Feidhmeanna Chláraitheoir na dTeideal a fheidhmiú.

[cf. 1964, a. 13]

25. —Féadfaidh cibé oifigeach de chuid Chláraitheoir na dTeideal a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí agus de na dualgais a bhronntar nó a chuirtear ar Chláraitheoir na dTeideal leis an gCuid seo a chomhlíonadh.