10 1978


Uimhir 10 de 1978


ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA, 1935 GO 1974. [13 Meitheamh, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasachtaí áitiúla.

1. —Aisghairtear leis seo alt 1 d'Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1974 , agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná míle is cúig chéad milliún punt iomlán an airgid a eiseofar as ciste na n-iasachtaí áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear in alt 4 (3) d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 .

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1978, a ghairm d'Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1974, agus den Acht seo le chéile.


Na hachtanna dá dtagraítear

Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935

1935, Uimh. 16 .

Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1974

1974, Uimh. 28 .