An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1978) Ar Aghaidh (CUID II Comhairle na nDochtúirí Leighis)

4 1978

ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1978

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” an Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime nó the Postgraduate Medical and Dental Board a bhunaítear leis an Acht seo;

ciallaíonn “deimhniú taithí” deimhniú a thugtar do dhuine tar éis dó forálacha alt 28 den Acht seo a chomhlíonadh;

ciallaíonn “an Chomhairle” Comhairle na nDochtúirí Leighis nó the Medical Council a bhunaítear leis an Acht seo;

ciallaíonn “Bord na bhFiaclóirí” Bord na bhFiaclóirí atá comhdhéanta faoi Acht na bhFiaclóirí, 1928 ;

tá le “fostaíocht i gcáil dochtúra chónaithigh” an bhrí a shonraítear in alt 28 den Acht seo;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo faoi alt 4 den Acht seo;

ciallaíonn “an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh” an coiste a bhunóidh an Chomhairle faoi alt 13 (2) (b) den Acht seo;

ciallaíonn “cáilíocht fhoirmiúil” buncháilíocht mar aon le deimhniú taithí;

ciallaíonn “lán-chlárú” clárú seachas clárú sealadach nó clárú díomuan agus forléireofar “lán-chláraithe” dá réir sin;

ciallaíonn “Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis” Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis a bunaíodh faoi Acht na nDochtúirí, 1927;

ciallaíonn “Ballstát” stát seachas an Stát ar comhalta é de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

folaíonn “cleachtadh na míochaine” cleachtadh na máinliachta, an chnáimhseachais agus araíonachtaí eile na míochaine agus forléireofar “lia-chleachtóir” dá réir sin;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin;

ciallaíonn “buncháilíocht” cáilíocht a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “clárú sealadach” clárú de bhua alt 28 den Acht seo, agus forléireofar “cláraithe go sealadach” dá réir sin;

ciallaíonn “an clár” Clár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí a bhunófar faoi alt 26 den Acht seo;

ciallaíonn “fiaclóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm taifeadta sa Chlár d'Fiaclóirí atá á chothabháil faoi Acht na bhFiaclóirí, 1928 ;

ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm taifeadta sa chlár;

ciallaíonn “an Clár de Shaineolaithe Liachta” an clár dá dtagraítear in alt 30 den Acht seo;

ciallaíonn “an Cláraitheoir” príomh-oifigeach na Comhairle;

ciallaíonn “táille choinneála” táille is iníoctha ag duine bheidh i dteideal a chláraithe in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle lena ainm a choinneáil sa chlár sin;

ciallaíonn “clárú díomuan” clárú de bhua alt 29 den Acht seo agus forléireofar “cláraithe go díomuan” dá réir sin.

Tosach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó orduithe ón Aire chuige sin i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chrun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

An lá bunaithe.

4. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Aisghairm

5. —Aisghairtear leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.