An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Leasú ar na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1973) Ar Aghaidh (CUID IV Leasú ar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1977)

29 1977

AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA, PARLAIMINTE AGUS BREITHIÚNACHA (LEASÚ), 1977

CUID III

Leasú ar na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1973

Léiriú agus comhlua (Cuid III).

5. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1968 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938 .

(2) Féadfar na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1977, a ghairm de na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1973, agus den Chuid seo den Acht seo le chéile.

Leasú ar alt 3 den Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte.1938.

6. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Íocfar de thuarastal le gach Aire Stáit arna cheapadh faoi alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 , suim bhliantúil nach mó ná £4,727.”;

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Ní rachaidh líon iomlán na ndaoine a bheidh ag fáil tuarastal faoin alt seo aon tráth áirithe thar cúig is fiche.”.

Leasú ar alt 8A den Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938 .

7. —Leasaítear leis seo alt 8A (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1973) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (1):

“(c) an tsuim bhliantúil is iníoctha le gach Aire Stáit de bhun an ailt sin 3,”;

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Leagfar ordú faoin alt seo faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, agus ní thiocfaidh an t-ordú i ngníomh sula mbeidh an lá is fiche sin caite ach faoi réir a bhfuil anseo roimhe seo tosóidh sé de réir a théarmaí.”.

Leasú ar alt 13 den Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938 .

8. —Leasaítear leis seo alt 13 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “oifig cháilitheach”:

“ciallaíonn ‘oifig cháilitheach’ oifig is oifig aireachta nó oifig Aire Stáit nó oifig rúnaíochta;”:

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur i ndiaidh an mhínithe ar “oifig cháilitheach” (a cuireadh isteach leis an bhfo-alt seo):

“ciallaíonn ‘oifig Aire Stáit’ an oifig chun a bhféadfar duine a cheapadh faoi alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 .”.

Iarmhartach.

9. —(1) I gcás duine a shealbhaíonn oifig Aire Stáit de bhun cheapachán faoi alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 , do scor den oifig sin a shealbhú, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) measfar, chun críocha ailt 14 agus 16 den Phríomh-Acht, gur shealbhaigh sé oifig rúnaíochta de réir brí an Phríomh-Achta agus forléireofar gach tagairt sna hailt sin 14 agus 16 d'oifig rúnaíochta mar thagairt a fholaíonn tagairt don oifig Aire Stáit sin a dúradh, agus

(b) i gcás feidhm i ndáil leis a bheith ag fo-alt (3) (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1968) den alt sin 16, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt d'Aire Stáit a ceapadh amhlaidh an tagairt san fho-alt sin do Rúnaí Parlaiminte.

(2) Chun críche alt 16 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 11 d'Acht 1968, is é a bheidh sa tsuim bhliantúil ab iníoctha de thuras na huaire mar thuarastal le Rúnaí Parlaiminte cibé suim a chinnfidh Aire na Seirbhíse Poiblí.