25 1977


Uimhir 25 de 1977


AN tACHT UM BORD NÁISIÚNTA EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA, 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BORD A BHUNÚ DÁ nGAIRFEAR AN BORD NÁISIÚNTA EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA, DO MHÍNIÚ A FHEIDHMEANNA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [16 Samhain, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

tá le “an Bord” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “foras” aon institiúid, coláiste, saotharlann, oifig nó seirbhís (faoi rialú Aire nó eile) atá ag gabháil go hiomlán nó go páirteach do thaighde agus d'fhorbairt nó d'aon ghníomhaíocht eile a bhaineann le heolaíocht nó le teicneolaíocht;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta;

tá le “Buiséad Eolaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 5 den Acht seo.

An lá bunaithe a cheapadh.

2. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An Bord a bhunú.

3. —(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, an lá bunaithe, bord ar a dtabharfar an Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta (dá ngairtear an Bord san Acht seo) chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beith cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Feidhmeanna an Bhoird.

4. —(1) Beidh ag an mBord, i dteannta aon fheidhmeanna eile a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi, na feidhmeanna ginearálta seo a leanas—

(a) gníomhú faoin Aire mar chomhlacht atá freagrach as eolaíocht agus teicneolaíocht a chur chun cinn.

(b) comhairle a thabhairt don Rialtas nó don Aire, ar thionscnamh an Bhoird nó ar iarratas ón Aire, ar bheartas i leith eolaíochta agus teicneolaíochta agus ábhair ghaolmhara,

(c) comhoirdniú na hinfheistíochta poiblí agus na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí le chéile in eolaíocht agus i dteicneolaíocht a spreagadh agus tograí maidir le hinfheistíocht phoiblí a ullmhú,

(d) deontais agus saoráidí airgeadais eile le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a chur ar fáil agus a riaradh,

(e) comhairle a thabhairt don Aire ar é á iarraidh sin faoi aon ní a bhaineann le heolaíocht nó le teicneolaíocht,

(f) taighde a spreagadh,

(g) feidhmiú eolaíochta agus teicneolaíochta ar fhorbairt eacnamaíoch agus sóisialach a spreagadh,

(h) forbairt acmhainní aiceanta a spreagadh trí eolaíocht agus teicneolaíocht a fheidhmiú,

(i) meas ar luachmhaireacht eolaíochta agus teicneolaíochta a spreagadh.

(2) Féadfaidh an Bord, faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh an tAire, na nithe sin eile go léir a dhéanamh a eascróidh nó a lean faidh as na feidhmeanna a shanntar don Bhord leis an Acht seo nó faoi.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh ag an mBord na feidhmeanna sonracha seo a leanas—

(a) comhairle a thabhairt don Rialtas faoin ngá atá le haon institiúid nua a bhunú nó faoin ngá atá le feidhmeanna aon institiúid atá ann a athscrúdú agus faoin gcineál institiúide a bheadh iontu nó an deilbh a bheadh orthu,

(b) clár náisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta a ullmhú agus a athbhreithniú ó am go ham i gcomhairle le hinstitiúidí iomchuí,

(c) gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a chomhoirdniú,

(d) páirteachas i ngníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a spreagadh.

(e) gabháil do cibé gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a cheadóidh an tAire,

(f) litríocht agus eolas a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a leathadh agus cabhrú lena leathadh,

(g) gabháil (nuair is iomchuí sin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha) do ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta in eolaíocht agus i dteicneolaíocht, lena n-áirítear, nuair is iomchuí sin, ionadú don Stát ag comhdhálacha, cruinnithe agus seimineáir,

(h) bheith páirteach i gcomharthionscadail idirnáisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta agus páirteachas iontu a spreagadh, agus, nuair is iomchuí sin, comhaontuithe a dhéanamh le comhlachtaí inchomparáide lasmuigh den Stát, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus, nuair is iomchuí sin, faoi réir dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha,

(i) gabháil do staidéar ar dhaonchumhacht, i gcomhairle leis na hinstitiúidí iomchuí, i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht agus, nuair is iomchuí sin, leathnú agus forbairt daonchumhachta le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin a spreagadh,

(j) dul i mbun aireagáin a fhorbairt agus a shaothrú, agus cabhrú leis sin a dhéanamh, i gcomhairle leis na hinstitiúidí iomchuí,

(k) seimineáir, comhdhálacha, léachtaí agus léiriúcháin, sa Stát nó in áit eile, a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht agus le nithe gaolmhara a spreagadh agus a eagrú,

(l) feidhmiú eolaíochta agus teicneolaíochta ar fhorbairt agus ar fheabhsú dearadh tionscail agus tráchtála a spreagadh,

(m) comhairle agus cúnamh a thabhairt d'aireagóirí a n-aireagáin a chlárú agus a chosaint,

(4) (a) Measfar nach gcuireann forálacha ar bith de chuid an Achta seo srian leis na cumhachtaí ná leis na feidhmeanna a thugtar le reacht d'aon institiúid agus i bhfeidhmiú a chumhachtaí agus a fheidhmeanna tabharfaidh an Bord aird ar fheidhmeanna reachtúla na n-institiúidí sin.

(b) Measfar nach gcuireann forálacha ar bith de chuid an Achta seo srian le feidhmeanna múinteoireachta institiúide, coláiste nó scoile ar bith.

(5) Ní ghabhfaidh an Bord d'aon ghníomhaíocht, ná ní spreagfaidh sé aon ghníomhaíocht, a bhaineann go príomha le cúrsaí míleata gan ceadú roimh ré ón Rialtas.

Buiséad Eolaíochta.

5. —(1) Déanfaidh an Bord, maidir le gach bliain airgeadais nó cibé tréimhse eile a shonróidh an tAire, ráiteas a ullmhú, a bheidh bunaithe a mhéid is féidir ar an gclár dá dtagraítear in alt 4 (3) (b) den Acht seo, agus ina n-áireofar riachtanais agus tograí gach institiúid a bheidh ag fáil airgid ón Stát agus a thabharfaidh tuairimí agus moltaí an Bhoird ar na riachtanais agus ar na tograí sin de réir an bheartais náisiúnta i leith eolaíochta agus teicneolaíochta.

(2) Aon uair a ullmhóidh an Bord ráiteas de bhun fho-alt (1) den alt seo, cuirfear an ráiteas sin faoi bhráid an Aire agus cuirfidh seisean faoi bhráid an Rialtais é tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(3) Is é an Buiséad Eolaíochta don bhliain nó don tréimhse a bheidh i gceist sonraí na leithranna airgid a ceadaíodh sa deireadh don bhliain airgeadais nó don tréimhse sin i leith gach institiúide. agus tráchtaireacht ón mBord ag gabháil leo faoin mbeartas náisiúnta i leith eolaíochta agus teicneolaíochta, i dteannta a chéile.

(4) Leagfaidh an tAire cóip de gach Buiséad Eolaíochta faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.

Cláir a athbhreithniú.

6. —Déanfaidh an Bord ó am go ham athbhreithniú ar éifeachtúlacht na gclár dá bhforáiltear sa Bhuiséad Eolaíochta a sheoladh agus a fhoilsiú.

Eolas a thabhairt a iarrfaidh an Bord.

7. —Aon fhoras dá ndéantar foráil sa Bhuiséad Eolaíochta tabharfaidh sé don Bhord cibé eolas i cibé foirm agus cibé tráth a iarrfaidh an Bord.

Cumhacht taighde a dhéanamh.

8. —Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire, taighde agus staidéar ar cibé fadhbanna i ndáil le heolaíocht agus teicneolaíocht is cuí leis a thosú agus a sheoladh agus féadfaidh sé torthaí aon imscrúdaithe den sórt sin is cuí leis a fhoilsiú nó a leathadh.

Comhaltaí an Bhoird.

9. —(1) Is iad comhaltaí an Bhoird cathaoirleach agus cibé líon (nach mó ná deichniúr) a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(2) Ceapfaidh an Rialtas ó am go ham, de réir mar a theastóidh, cathaoirleach an Bhoird, ar mholadh ón Aire, agus féadfaidh an Rialtas an cathaoirleach a chur as oifig ar mholadh ón Aire.

(3) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht nuair a gheofar an litir.

(4) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh cathaoirleach an Bhoird i seilbh oifige mar chathaoirleach ar cibé téarmaí a chinnfidh an Rialtas le linn é a cheapadh.

(5) Ceapfaidh an Rialtas comhalta den Bhord ar mholadh ón Aire agus féadfaidh an Rialtas é a chur as oifig ar mholadh ón Aire.

(6) Is í tréimhse oifige chathaoirleach an Bhoird nó comhalta den Bhord cibé tréimhse nach faide ná ceithre bliana a chinnfidh an Rialtas, ar mholadh ón Aire, le linn é a cheapadh.

(7) Beidh comhalta den Bhord a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha.

(8) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig mar chomhalta tráth ar bith trí litir a chuirfear chun an Aire, agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht nuair a gheofar an litir.

Comhalta den Bhord a bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas.

10. —(1) I gcás a ndéanfar comhalta den Bhord a ainmniú mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

Luach saothair comhaltaí an Bhoird.

11. —Íocfar le comhalta den Bhord, as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé luach saothair (más aon luach saothair é) agus cibé suimeanna i leith caiteachas a shocróidh an tAire ó am go ham (i gcás luach saothair), nó a mheasfaidh an tAire a bheith réasúnach (i gcás caiteachas), le toiliú an Aire Airgeadais nó Aire na Seirbhíse Poiblí (de réir mar is iomchuí).

Comhalta den Bhord a bheith dícháilithe.

12. —Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú mar chomhalta den sórt sin má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearann cúirt dlínse inniúla príosúnacht nó pianseirbhís air nó má éiríonn sé mímheabhrach nó mura gcuirfidh sé leas i gconradh beartaithe in iúl.

Séala an Bhoird.

13. —(1) Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir é tar éis a bhunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird nó comhalta éigin eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh don Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird, agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) an Bhoird glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.

Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a bheartaítear a dhéanamh.

14. —Aon chomhalta den Bhord—

(a) a bhfuil aon leas ábhartha nó aon leas airgeadais aige in aon chomhlacht corpraithe a mbeartaíonn an Bord aon chonradh a dhéanamh leis, nó

(b) a bhfuil aon leas ábhartha nó aon leas airgeadais aige in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh,

nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é agus ní ghlacfaidh sé pháirt in aon bhreithniú nó cinneadh ag an mBord maidir leis an gconradh, agus taifeadfar an nochtadh sin i miontuairiscí an Bhoird.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

15. —(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhalladh go cuí.

(2) Tionólfar an chéad chruinniú den Bhord an lá bunaithe nó a luaithe is caothúil dá éis sin.

(3) Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh cathaoirleach an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Cinnfear gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Bhord le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(5) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

(6) Cúigear is córam do chruinniú den Bhord.

(7) Faoi réir forálacha an Achta seo, rialálfaidh an Bord a nós imeachta le rialacha nó ar shlí eile.

Deontais don Bhoird.

16. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, íocfar leis an mBord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas deontais a mbeidh cibé méideanna iontu a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, lena chumasú don Bhord—

(a) a chaiteachais riaracháin agus a chaiteachais ghinearálta a íoc, agus

(b) na dliteanais a bheidh tabhaithe ag an mBord faoin Acht seo nó ar shlí eile a urscaoileadh.

(2) Aon íocaíocht a dhéanfaidh an Bord as airgead a gheobhaidh sé faoin alt seo déanfar í i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an mBord.

Cumhachtaí ilghnéitheacha an Bhoird.

17. —Chun a fheidhmeanna a fheidhmiú go cuí féadfaidh an Bord oifigí agus áitribh eile a sholáthar, a threamhú agus a chothabháil.

Caiteachas an Bhoird.

18. —Féadfar cistí an Bhoird a úsáid—

(a) chun caiteachais a íoc a thabhaigh sé ag feidhmiú a fheidhmeanna dó, agus

(b) chun íocaíochtaí a dhéanamh nó deontais nó iasachtaí a thabhairt chun aon chríche a chabhróidh, i dtuairim an Bhoird, le gníomhaíochtaí eolaíochta agus teicneolaíochta a spreagadh agus a fhorbairt.

An Bord d'infheistiú cistí.

19. —Féadfaidh an Bord aon chistí dá chuid (nach cistí lena mbaineann alt 20 (4) den Acht seo) a infheistiú in aon slí a dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

An Bord do ghlacadh bronntanas, etc.

20. —(1) Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Bord bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.

(3) Féadfaidh an Bord íocaíocht a ghlacadh as seirbhísí a dhéanfaidh sé d'aon duine.

(4) Féadfaidh an Bord aon chistí de chuid an Bhoird, is bronntanas nó is fáltais ó bhronntanas a tugadh dó, a infheistiú, faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha a bheidh ag gabháil leis an mbronntanas, in aon slí a dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

Tuarascáil bhliantúil agus eolas don Aire.

21. —(1) Tabharfaidh an Bord gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil don Aire ar imeachtaí an Bhoird faoin Acht seo i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an dáta sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Beidh sa tuarascáil a thabharfar don Aire de bhun fho-alt (1) den alt seo cibé eolas a ordóidh an tAire i dtaobh feidhmeanna an Bhoird faoin Acht seo.

(3) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé eolas a iarrfaidh an tAire ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird.

Cuntais agus iniúchadh.

22. —(1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an Aire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair an Bord nó ar na caiteachais go léir a thabhaigh sé agus, go háirithe, coimeádfaidh sé san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta go léir a ordóidh an tAire nó an tAire Airgeadais ó am go ham.

(2) Déanfaidh an Bord cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta sin, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus den chuid eile sin de na cuntais a choimeádfar de bhun fho-alt (1) den alt seo a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Coistí de chuid an Bhoird.

23. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham coistí a bhunú chun na feidhmeanna sin de chuid an Bhoird a fheidhmiú is fearr agus is caothúla a d'fhéadfaí, i dtuairim an Bhoird, a fheidhmiú ag coiste agus a shannfaidh an Bord do choiste.

(2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith, más oiriúnach leis an mBord é, ina gcomhaltaí de choiste a bunaíodh faoin alt seo.

(3) Beidh ceapadh duine chun gníomhú mar chomalta de choiste a bunaíodh faoin alt seo faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le téarmaí agus seilbh oifige an chomhalta) is oiriúnach leis an mBord, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a fhorchur le linn é a cheapadh.

(4) Féadfaidh an Bord comhalta de choiste a bunaíodh faoin alt seo a chur as oifig aon tráth.

(5) Féadfaidh an Bord aon tráth coiste a ceapadh faoin alt seo a dhíscaoileadh.

(6) Beidh gníomhartha coiste a bunaíodh faoin alt seo faoi réir a gceadaithe ag an mBord.

(7) Féadfaidh an Bord nós imeachta coistí a bunaíodh faoin alt seo a rialáil, ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coistí a bunaíodh faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil.

Cumhacht sainchomhairleoirí a fhostú.

24. —Féadfaidh an Bord cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú a mheasfaidh sé is gá lena fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

Toirmeasc ar eolas faoi rún a nochtadh.

25. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach nó ina chomhairleoir nó ina shainchomhairleoir don Bhord aon eolas a nochtadh a bheidh aicmithe ag an mBord mar eolas faoi rún agus a fuair an duine le linn dó bheith ag comhlíonadh (nó de thoradh é do chomhlíonadh) dualgas mar oifigeach, mar sheirbhíseach, mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir den sórt sin.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

Oifigigh nó seirbhísigh d'fheidhmiú feidhmeanna de chuid an Bhoird.

26. —Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid a fheidhmiú trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheidh údaraithe go cuí ag an mBord chuige sin.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

27. —(1) Ceapfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis ó am go ham chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord.

(2) Cinnfidh an Bord ó am go ham líon, gráid, seilbh oifige agus coinníollacha seirbhíse oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

(3) Íocfar le hoifigeach nó le seirbhíseach don Bhord cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord ó am go ham le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur ó bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach dó.

Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh an Bhoird.

28. —(1) A luaithe is caothúil tar éis an lae bunaithe, ullmhóidh an Bord agus cuirfidh faoi bhráid an Aire agus Aire na Seirbhíse Poiblí chun a gceadú a fháil scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé oifigigh lánaimsire nó seirbhísigh lánaimsire de chuid an Bhoird is cuí leis an mBord, nó a dheonú ina leith. ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis.

(2) Féadfaidh an Bord tráth ar bith scéim do leasú scéime faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire agus Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Déanfaidh an Bord scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus Aire na Seirbhíse Poiblí faoin alt seo a chur i gcrích de réir a téarmaí má cheadaítear í.

(4) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus Aire na Seirbhíse Poiblí agus a cheadófar faoi fho-alt (1) den alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais eile iníoctha leo faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas eile is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun Aire na Seirbhíse Poiblí í agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh Aire na Seirbhíse Poiblí.

(6) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Fostaí don Bhord a bheith ar iasacht ar theacht dó chun bheith ina chomhalta den Oireachtas.

29. —(1) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht an Bhoird teacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse dar tosach an tráth a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin, a scoirfidh sé di nó a fhoirceannfaidh an Bord an fhostaíocht sin;

(b) ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord, aon tuarastal ná pá, de réir mar a bheidh, i leith na tréimhse sin.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.

Caiteachais.

30. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

31. —Féadfar an tAcht um Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta, 1977 , a ghairm den Acht seo.