23 1977


Uimhir 23 de 1977


AN tACHT UM THÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ), 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1973 AGUS 1976. [9 Samhain, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :

Miniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973 .

Ráthaíochtaí faoi alt 6 den Phríomh-Acht a fhadú.

2. —(1) Rachaidh gach ráthaíocht faoi alt 6 den Phríomh-Acht in éag an 31ú lá de Nollaig, 1979, mura gcúlghairfear nó mura múchfar roimhe sin í.

(2) Aisghairtear leis seo alt 6 (8) den Phríomh-Acht.

Ghearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1977 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973 go 1977, a ghairm de na hAchtanna um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973 agus 1976, agus den Acht seo le chéile.

An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973

1973, Uimh. 21 .