|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Cánachas ar Ghnóchain Inmhuirearaithe) | Ar Aghaidh (CUID II Mál) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1977
[EN] | |||||||||
[EN] |
Caibidil VI Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide, Cáin Bhrabús Corparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil | ||||||||
[EN] |
Forléiriú ar thagairtí do leanbh, do mhac agus d'iníon sna hAchtanna Cánach agus san Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 . |
36. —Chun críocha na nAchtanna Cánach agus an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , mura léir a mhalairt d'intinn— | |||||||
[EN] | (a) folaíonn tagairtí in aon cheann de na hAchtanna sin do leanbh (lena n-áirítear tagairtí do mhac nó d'iníon) tagairtí— | ||||||||
[EN] | (i) do leasleanbh, agus | ||||||||
[EN] | (ii) do leanbh a uchtaíodh— | ||||||||
[EN] | (I) faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, nó | ||||||||
[EN] | (II) faoi dhlí uchtála, seachas na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, is uchtáil a bhfuil léi, san áit a bhfuil feidhm ag an dlí, an éifeacht chéanna go substaintiúil atá le huchtáil faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, sa Stát, | ||||||||
[EN] | agus | ||||||||
[EN] | (b) measfar an gaol idir leanbh dá dtagraítear i mír (a) (ii) agus aon duine eile, nó idir daoine eile, a bheadh ann dá mba leanbh é a rugadh don uchtóir nó do na huchtóirí de phósadh dleathach a bheith idir an leanbh sin agus an duine eile sin, nó idir na daoine eile sin, agus measfar deireadh a bheith le gaol aon linbh den sórt sin agus aon duine a bhí ann sular uchtaíodh amhlaidh é, | ||||||||
[EN] | agus forléireofar “uchtleanbh” de réir an ailt seo. | ||||||||
[EN] |
Liúntais chaipitiúla áirithe a bhuanú don tréimhse go 1 Aibreán, 1979. |
37. —Chun na liúntais chaipitiúla dá bhforáiltear leis na hailt a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo a bhuanú i leith na tréimhse ón lú lá d'Aibreán, 1977, go dtí an 1ú lá d'Aibreán, 1979, beidh éifeacht leis na hailt sin (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) ionann is dá mba thagairt don 1ú lá d'Aibreán. 1979, gach tagairt iontu don 1ú lá d'Aibreán, 1977. | |||||||
| |||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 8 (liúntas infheistíochta loingis a fhionraí) den Acht Airgeadais, 1973 . |
38. —Leasaítear leis seo alt 8 (1) den Acht Airgeadais, 1973 , trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1979” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1977” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1975 ), agus tá an t-alt sin 8 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||
| |||||||||
[EN] |
Forálacha i ndáil leis an gCoinbhinsiún chun cánachas dúbailte ar ioncam agus ar ghnóchain chaipitiúla a sheachaint go comharaíoch sa Stát agus sa Ríocht Aontaithe. |
39. —(1) (a) Faoi réir forálacha ailt 76 agus 77 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna modhnú le Cuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, i gcás duine a bheith inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide faoi Chás III de Sceideal D ar ioncam is díbhinn a bhfuil an duine i dteideal creidmheasa cánach ina leith faoi Airteagal 11 (2) (b) den Choinbhinsiún, áireofar méid an chreidmheasa cánach san ioncam is inmhuirearaithe amhaidh. | |||||||
[EN] | (b) San fho-alt seo ciallaíonn “díbhinn” díbhinn de réir Airteagal 11 (4) den Choinbhinsiún a íocadh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis. | ||||||||
[EN] | (2) (a) I gcás— | ||||||||
[EN] | (i) duine a bheith inmhuirearaithe, don bhliain mheasúnachta 1976-77, i leith cánach ioncaim faoi Chás III de Sceideal D maidir le hioncam a d'eascair sa Ríocht Aontaithe (dá ngairtear “an t-ioncam sin” anseo feasta), agus | ||||||||
[EN] | (ii) go ndéantar an cháin is inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta sin a ríomh ar mhéid iomlán an ioncaim sin a d'eascair an bhliain roimh an mbliain mheasúnachta, agus | ||||||||
[EN] | (iii) é a bheith inmhuirearaithe i leith cháin ioncaim na Ríochta Aontaithe don bhliain mheasúnachta sin maidir leis an ioncaim sin arna ríomh ar mhéid iomlán an ioncaim sin a d'eascair an bhliain sin, | ||||||||
[EN] | tabharfar, faoi réir forálacha mhír (b), faoiseamh ó cháin ioncaim a muirearaíodh sa mheasúnacht don bhliain 1976-77 maidir le cáin ioncaim sin na Ríochta Aontaithe. | ||||||||
[EN] | (b) Beidh san fhaoiseamh a thabharfar faoi mhír (a) an méid céanna a bheadh ann, agus beidh sé faoi réir na dteorainneacha céanna a mbeadh sé faoina réir, ionann is dá mba chreidmheas é ab inlamhála faoi chomhshocraíochtaí ag a mbeadh feidhm dlí de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith na cánach ioncaim de chuid na Ríochta Aontaithe ab inmhuirearaithe ar an ioncam sin agus a áireofaí sa mheasúnacht dá mba sa bhliain 1976-77 a d'eascair an t-ioncam sin: | ||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach mó an faoiseamh ná an méid cánach ioncaim de chuid na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear i mír (a) (iii). | ||||||||
[EN] | (c) Maidir le míreanna (a) agus (b)— | ||||||||
[EN] | (i) beidh feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim ar thuarastail, pá agus luach saothair eile den sórt sin lena mbaineann Airteagal 15 den Choinbhinsiún faoi réir an mhodhnaithe go bhforléireofar tagairtí do 1976-77 mar thagairtí do 1977-78, agus | ||||||||
[EN] | (ii) ní bheidh feidhm acu i ndáil le luach saothair ná le pinsin lena mbaineann Airteagal 18 den Choinbhinsiún. | ||||||||
[EN] | (3) Chun éifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún beidh éifeacht leis na hAchtanna Cánach d'aon bhliain a bheidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm faoi réir na modhnuithe atá leagtha amach i mír 1 de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | ||||||||
[EN] | (4) (a) Le linn alt 33 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a bheith á chur chun feidhme i gcás cumann atá cláraithe faoi na hachtacháin atá i bhfeidhm de thuras na huaire sa Ríocht Aontaithe agus atá ar comhréir le hAchta na gCara-Chumann, 1896 go 1953, ní chuirfear i gcuntas ach amháin costais bhainistí is inchurtha i leith gnó saoil a bhaineann le conarthaí árachais a rinneadh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis. | ||||||||
[EN] | (b) Le linn alt 43 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a bheith á chur chun feidhme i gcás cumann dá dtagraítear i mír (a), eisiafar ó na dliteanais, arb é B san alt sin 43 (3) a meánmhéid, aon dliteanais i leith sealbhóirí polasaithe a d'eascair ó chonarthaí a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976: | ||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach ndéanfaidh an mhír seo difear don chomhréir ar faoina treoir a dhéanfar faoiseamh faoi alt 33 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i leith costais bhainistí a ríomh de bhua alt 47 (2) den Acht sin. | ||||||||
[EN] | (c) Forléireofar an fo-alt seo agus Cuid III den Acht Cánach Corparáide, 1976 , mar aon ní amháin. | ||||||||
[EN] | (5) San alt seo agus in alt 54— | ||||||||
[EN] | ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe chun cánachas dúbailte a sheachaint agus chun cosc a chur le himghabháil fioscach maidir le cánacha ar ioncam agus ar ghnóchain chaipitiúla, agus an Prótacal do leasú an Choinbhinsiúin, a bhfuil an dá cheann díobh leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus ar Ghnóchain Chaipitiúla) (An Ríocht Aontaithe), 1976 (I.R. Uimh. 319 de 1976); | ||||||||
[EN] | ciallaíonn “na sean-Chomhaontuithe” na Comhaontuithe atá leagtha amach— | ||||||||
[EN] | (a) sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1949 , | ||||||||
[EN] | (b) i gCuid I de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , | ||||||||
[EN] | (c) sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973 , agus | ||||||||
[EN] | (d) san Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (An Ríocht Aontaithe), 1975 (I.R. Uimh. 143 de 1975), | ||||||||
[EN] | agus an Prótacal atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973 . | ||||||||
[EN] |
Feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le blianta measúnachta áirithe. |
40. —(1) D'ainneoin an choinníll a ghabhann le halt 31 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , aon chomhshocraíochtaí a rinne na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chumann foirgníochta maidir leis an mbliain mheasúnachta 1975-76, a mhéid a fhorálann siad go n-íocfaí méid in ionannas cánach ioncaim arna ríomh go páirteach de réir an ráta chaighdeánaigh agus go páirteach de réir ráta laghdaithe, féadfar, fara aon mhodhnuithe is gá, iad a bhuanú go ceann an dá bhliain mheasúnachta díreach dá éis sin chun an méid in ionannas cánach ioncaim dá dtagraítear i mír (a) den alt sin 31 (1) a chinneadh i ndáil leis an gcumann foirgníochta sin, agus beidh éifeacht leis an alt sin i ndáil le haon chomhshocraíochtaí a bheidh buanaithe amhlaidh go ceann an dá bhliain sin. | |||||||
[EN] | (2) Déanfar an tagairt don ráta caighdeánach i mír (i) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) den alt sin 31 a fhorléiriú, i ndáil leis an mbliain 1976-77, mar thagairt don ráta caighdeánach cánach arna mhéadú 10 faoin gcéad den ráta sin. | ||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 171 (forléiriú ar thagairtí do cháin ioncaim arna híoc trí asbhaint agus do aisíoc) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
41. —(1) Leasaítear leis seo alt 171 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí “(seachas in ailt 3, 8 agus 151)” a chur isteach i ndiaidh “sna hAchtanna Cánach”. | |||||||
[EN] | (2) Beidh éifeacht leis an alt seo agus measfar éifeacht a bheith leis amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976. | ||||||||
[EN] |
Leasuithe ilghnéitheacha i ndáil le cáin chorparáide. |
42. —Déantar leis seo, le héifeacht maidir le gach bliain airgeadais iomchuí ó thosach na bliana airgeadais 1974 amach— | |||||||
[EN] | (a) na hachtacháin a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 5 de Chuid IV den Chéad Sceideal a leasú mar a shonraítear sa Chuid sin, agus | ||||||||
[EN] | (b) na hachtacháin eile a shonraítear sa Chuid sin a leasú le haghaidh cánach corparáide mar a shonraítear amhlaidh, | ||||||||
[EN] | agus bainfidh mír 50 de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 , leis na leasuithe a shonraítear amhlaidh mar a bhaineann sí leis na leasuithe dá dtagraítear sa mhír sin. | ||||||||
[EN] |
Leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna. |
43. —Beidh éifeacht le forálacha Chuid V den Chéad Sceideal chun ailt 31 agus 31A den Acht Airgeadais, 1975 , agus an Tríú agus an Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin agus alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 , a leasú. |