An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1977) Ar Aghaidh (Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta)

18 1977

AN tACHT AIRGEADAIS, 1977

CUID I

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide, Cáin Bhrabús Corparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 142 (gaolta cleithiúnacha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1. —Leasaítear leis seo alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le héifeacht ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir, maidir le haon bhliain mheasúnachta, go gcothabhálann sé ar a chostas féin duine ar bith—

(a) is gaol dó féin nó dá bhanchéile, agus atá éagumasaithe, mar gheall ar sheanaois nó éiglíocht, ar é féin a chothabháil, nó

(b) arb í a mháthair nó máthair a bhanchéile í agus í ina baintreach agus í éagumasaithe nó gan a bheith, nó

(c) is mac nó iníon dó a chónaíonn leis agus a bhfuil sé, mar gheall ar sheanaois nó éiglíocht, ag brath ar a sheirbhísí nó ar a seirbhísí,

agus is duine nach mó, nó nach mó de £95 nó thairis, a ioncam iomlán ó gach bunadh don bhliain mheasúnachta sin, ná suim ar cóimhéid leis an méid sonraithe, beidh sé i dteideal, maidir le gach duine den sórt sin a chothabhálann sé amhlaidh, asbhaint £95 arna laghdú, más mó ioncam iomlán an duine atá á chothabháil amhlaidh ná an méid sonraithe, méid na breise.

(1A) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn ‘méid sonraithe’ comhiomlán na n-íocaíochtaí a bhfuil duine ina dteideal an bhliain mheasúnachta sin i leith pinsin seanaoise de réir an ráta uasta faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1977, más rud é, i gcaitheamh na bliana measúnachta sin—

(a) go bhfuil sé gan phósadh agus go bhfuil sé gan aon leanaí cáilithe de réir brí na nAchtanna sin,

(b) go bhfuil sé os cionn 80 bliain d'aois (nó cibé aois eile atá sonraithe de thuras na huaire sna hAchtanna sin in ionad an 80 bliain sin d'aois), agus

(c) nach bhfuil sé cáilithe chun an mhéadaithe ar an bpinsean sin is iníoctha in imthosca áirithe in aghaidh aon tréimhse a bhfuil sé chomh héagumasaithe sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsirc uaidh.”.

Leasú ar alt 236 (blianachtaí scoir— an saghas agus an méid faoisimh i leith préimheanna cáilitheacha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “£2,000” a chur in ionad “£1,500” gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (1A) (a) and (1C) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974 ), agus

(b) trí “£650” a chur in ionad “£500” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1B) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974 ) agus san fho-alt sin (1C),

agus tá na fo-ailt sin (1A) (a), (1B) (a) agus (1C), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Beidh éifeacht le Cuid I den Chéad Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

AN TABLA

(1A) (a) ní bheidh sé níos mó má suim £2,000, agus

(1B) (a) ní bheidh sé níos mó ná suim £650, agus

(1C) I gcás inar i leith coda den bhliain a bheidh an coinníoll in alt 235 (1) (a) comhlíonta, ansin, cuirfear in ionad na suimeanna £2,000 agus £650 a luaitear i bhfo-ailt (1A) agus (1B) suimeanna a mbeidh idir iad faoi seach agus £2,000 agus £650 an chomhréir chéanna a bheidh idir an chuid sin agus an bhliain iomlán.

Leasú ar alt 59 (cumhacht chun faisnéis a fháil) den Acht Airgeadais, 1974 .

3. —Leasaítear leis seo alt 59 den Acht Airgeadais, 1974 , amhail ar agus ón 31ú lá de Mhárta, 1976, trí “ar dlúthchuideachtaí iad de réir brí an Achta Cánach Corparáide, 1976 , nó ar dhlúthchuideachtaí den sórt sin iad dá mbeadh cónaí orthu sa Stát” a chur sa mhír dheiridh d'fho-alt (3) in ionad “ar cuideachtaí iad de réir brí alt 530 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó ar chuideachtaí den sórt sin iad dá mba sa Stát a corpraíodh iad”, agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

Na comhlachtaí corpraithe a luaitear sna forálacha sin roimhe seo den alt seo is comhlachtaí corpraithe iad a chónaíonn nó atá corpraithe lasmuigh den Stát ar dlúthchuideachtaí iad de réir brí an Achta Cánach Corparáide, 1976 , nó ar dhlúthchuideachtaí den sórt sin iad dá mbeadh cónaí orthu sa Stát.

Leasú ar na forálacha a bhaineann leis an am chun cáin a íoc.

4. —I ndáil le haon mheasúnacht chánach ioncaim don bhliain 1977-78 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, cuirfear “de Mheán Fómhair” in ionad “d'Iúil”—

(a) i bhfo-ailt (1) agus (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) d'alt 477 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gach áit a bhfuil sé, agus

(b) in alt 6 (2) (b) den Acht Airgeadais, 1976 ,

agus tá na fo-ailt sin (1) agus (2) agus an t-alt sin 6 (2) (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

477.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon cháin a bheidh ar áireamh i measúnacht i leith aon bhliana beidh sí iníoctha an 1ú lá nó roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair an bhliain sin, ach amháin go measfar, i gcás cánach a bheidh ar áireamh i measúnacht i leith aon bhliana a dhéanfar an 1ú lá nó tar éis an 1ú lá de Mheán Fómhair, go mbeidh an cháin sin dlite agus iníoctha an chéad lá tar éis an lae a dhéanfar an mheasúnacht.

(2) Maidir leis an gcáin seo a leanas a mhuirearófar in aghaidh aon bhliana áirithe, is é sin le rá—

(a) cáin a mhuirearófar faoi Sceideal D ar aon phearsa aonair i leith brabúis nó gnóchain aon trádála nó gairme, agus

(b) faoi réir forálacha alt 126, cáin a mhuirearófar ar aon phearsa aonair i leith aon oifige nó fostaíochta.

in ionad í a bheith iníoctha an 1ú lá nó roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair an bhliain sin nó cibé dáta eile a shonraítear i bhfo-alt (1), beidh sí iníoctha ina dhá tráthchuid chomhionanna, a n-íocfar an chéad tráthchuid díobh an 1ú lá nó roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair an bhliain sin nó cibé lá eile mar a dúradh agus a n-íocfar an dara tráthchuid díobh an 1ú lá nó roimh an 1ú lá d'Eanáir dá éis sin, agus beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo i dtaobh gnóthú cánach maidir le gach tráthchuid den cháin mar atá feidhm acu maidir le méid iomlán na cánach:

Ar choinníoll, i gcás nach ndéanfar an mheasúnacht go dtí dáta tar éis an 1ú lá d'Eanáir dá éis sin a dúradh, nach mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo agus go mbeidh an cháin dlite agus iníoctha mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1).

6. (2) (b) i ndáil le haon mheasúnacht don bhliain 1977-78 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, “de Mheán Fómhair” a chur in ionad “d'Eanáir”.

Cáin ioncaim a mhuirearú don bhliain 197778 agus do bhlianta dá éis sin.

5. —(1) I gcás ar pearsa aonair (seachas pearsa aonair ag gníomhú i gcáil mhuiníneach nó ionadaitheach) duine a muirearófar cáin ioncaim air don bhliain 1977-78 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, déanfar, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim ach faoi réir alt 5 (3) den Acht Airgeadais, 1974 , cáin a mhuirearú air i leith a ioncaim inchánach de réir na rátaí a shonraítear sa Tábla seo a leanas agus

(a) gach ceann de na chéad trí ráta sa Tábla sin, agus

(b) na rátaí eile sa Tábla sin,

is í an tuairisc a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an ráta nó na rátaí, de réir mar a bheidh, i gcolún (2) den Tábla sin a thabharfar orthu, faoi seach.

AN TABLA

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £500

..

..

..

20 faoin gcéad

an ráta tosaigh

An chéad £1,000 eile

..

..

25 faoin gcéad

an ráta laghdaithe

An chéad £3,000 eile

..

..

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £1,500 eile

..

..

45 faoin gcéad

An chéad £1,000 eile

..

..

50 faoin gcéad

na hard-rátaí

An fuílleach

..

..

..

60 faoin gcéad

(2) Beidh éifeacht le Cuid II den Chéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Faoisimh phearsanta.

6. —(1) I gcás a mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1977-78 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoin bhforáil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é a bheidh i méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid sin a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sa cholún sin (2).

AN TABLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as an ioncam iomlán do 1976-77

An méid a bheidh le baint as an ioncam iomlán do 1977-78 agus do bhlianta dá éis sin

(1)

(2)

(3)

£

£

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

alt 138

(fear pósta)

1,010

1,100

(duine singil)

620

665

(baintreach fir nó mná)

685

735

(2) Beidh éifeacht le halt 10 den Acht Airgeadais, 1976 , faoi réir forálacha an ailt seo.

(3) Beidh éifeacht le Cuid III den Chéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Díolúine aoise.

7. —(1) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás fear pósta a bhfuil a bhanchéile in aontíos leis, £1,800,

(b) i gcás pearsan aonair ar bith eile, £1,000:

Ar choinníoll, in aon chás lena mbaineann alt 28 den Acht Airgeadais, 1974 , go gciallaíonn “an méid sonraithe”, i ndáil le haon bhliain mheasúnachta, an méid a shonraítear i mír (a) nó (b), de réir mar is iomchuí, arna laghdú an méid a laghdófaí é de bhua an ailt sin 28 dá mba éard é an méid sonraithe méid comhiomlán na n-asbhaintí a bheadh le déanamh as ioncam iomlán na pearsan aonair áirithe i leith faoisimh phearsanta a d'éiligh sé don bhliain mheasúnachta sin.

(2) I gcás pearsa aonair atá i dteideal asbhainte faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1974 , do dhéanamh éileamh chuige sin don bhliain 1977-78 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, agus do chruthú nach mó a ioncam iomlán don bhliain sin ná an méid sonraithe, beidh sé i dteideal díolúine ó cháin ioncaim.

(3) I gcás a mbeadh pearsa aonair i dteideal díolúine ó cháin ioncaim faoi fho-alt (2) don bhliain 1977-78 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis mura mbeadh gur mó a ioncam iomlán ná an méid sonraithe, beidh sé i dteideal go ndéanfar an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin a laghdú go dtí cóimhéid leath an mhéid ar mó a ioncam iomlán ná an méid sonraithe:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo in aon chás ar mó ná £2,500 ioncam iomlán na pearsan aonair.

(4) Na forálacha sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm acu i ndáil le díolúine ó cháin, nó aon laghdú ar cháin, faoin alt seo.

Muirearú cánach i leith dáiltí áirithe a meastar gur díolaíochtaí iad.

8. —Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1974 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 54—

“54.—(1) San alt seo—

tá le ‘comhlach’ an bhrí chéanna atá leis in alt 103 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn ‘cuideachta’ aon chomhlacht corpraithe;

tá le ‘dáileadh’ an bhrí chéanna atá leis i gCuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

tá le ‘díolaíochtaí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 111 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

tá le ‘rannpháirtí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 103 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

tá le ‘socraíocht’ agus ‘socraitheoir’ na bríonna céanna atá leo in alt 96 (3) (h) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn ‘cuideachta cháinfhaoisimh’ cuideachta a d'éiligh agus atá i dteideal faoiseamh ó cháin faoi Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó faoi Chuid IV nó V den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir forálacha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ;

(b) duine is rannpháirtí i gcuideachta ar rannpháirtí í i gcuideachta eile (an dara cuideachta) measfar gur rannpháirtí é sa dara cuideachta, agus i gcás ar rannpháirtí an dara cuideachta i dtríú cuideachta, measfar gur rannpháirtí sa tríú cuideachta an duine, agus mar sin de,

(3) (a) I gcás nach bhfaighidh duine (dá ngairtear ‘fostaí’ san alt seo) aon díolaíochtaí i leith seirbhís nó seirbhísí a rinne sé do chuideachta cháinfhaoisimh nó chun tairbhe do chuideachta cháinfhaoisimh nó d'aon duine nó chun tairbhe d'aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin nó i gcás a bhfaighidh sé díolaíochtaí i leith na seirbhíse nó na seirbhísí sin nach leor, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, mar chomaoin as an tseirbhís nó na seirbhísí sin a dhéanamh agus go ndéanfaidh an chuideachta cháinfhaoisimh dáileadh tráth ar bith—

(i) chuig an bhfostaí, nó

(ii) chuig comhlach don fhostaí, nó

(iii) chuig cuideachta inar rannpháirtí nó ina meastar gur rannpháirtí an fostaí nó comhlach don fhostaí, nó

(iv) chuig socraíocht ar socraitheoir nó tairbhí i ndáil léi an fostaí nó aon duine a bhfuil baint aige leis,

ansin, maidir leis an oiread sin de chomhiomlán an dáilte sin (dá ngairtear ‘an chuid iomchuí den dáileadh’ san alt seo) agus an méid den chreidmheas cánach is iomchuí ina leith ar comaoin é, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, i leith na seirbhíse nó na seirbhísí a rinneadh—

(I) measfar gur íocadh é leis an bhfostaí faoi chonradh fostaíochta agus gur díolaíochtaí é,

(II) measfar nach ioncam é de chuid aon duine seachas an fostaí,

(III) measfar gur fhaibhrigh sé chun bheith dlite don fhostaí ó lá go lá in imeacht na tréimhse a rinneadh an tseirbhís nó na seirbhísí, agus

(IV) measfar, d'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt, gur díolaíochtaí é ar tugadh fógra ina leith faoi alt 125 (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus beidh sé inchurtha faoi cháin faoi Sceideal E.

(b) Ní áireofar gur dáileadh chun críocha Sceideal F an chuid iomchuí d'aon dáileadh a meastar de bhua mhír (a) gur díolaíocht í.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo is é an méid den chreidmheas cánach is iomchuí don chuid iomchuí den dáileadh an méid den chreidmheas cánach a mbeadh an duine dar tugadh an dáileadh ina theideal faoi fhorálacha ailt 64, 76, 81 nó 82 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i leith na coda iomchuí den dáileadh dá mba dháileadh ar leithligh a thug an chuideachta cháinfhaoisimh don duine sin an chuid sin.

(4) (a) Ní bheidh feidhm ag alt 66 ná ag fo-ailt (6) agus (7) d'alt 82 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i ndáil leis an gcuid iomchuí den dáileadh ach lamhálfar mar chreidmheas in aghaidh na cánach is inmhuirearaithe d'aon bhliain mheasúnachta nó d'aon tréimhse chuntasaíochta a mbeidh an chuid iomchuí den dáileadh nó aon chuid de inchurtha faoi cháin ina haghaidh faoi fho-alt (3) méid a mbeidh idir é agus an creidmheas cánach, arna chinneadh de réir mhír (c) den fho-alt sin (3), an chomhréir chéanna atá idir an méid is inchurtha faoi cháin de bhua an ailt seo don bhliain mheasúnachta nó don tréimhse chuntasaíochta agus comhiomlán na coda iomchuí den dáileadh agus an chreidmheasa cánach is iomchuí ina leith.

(b) Faoi réir forálacha ailt 211 (2) agus 455 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , féadfar measúnachtaí faoi fho-alt (3) agus aon choigeartuithe iarmhartacha ar mheasúnachtaí faoi Sceideal F a dhéanamh tráth ar bith.

(5) Le linn bheith á bhreithniú chun críocha an ailt seo an leor nó nach leor mar chomaoin i leith seirbhís nó seirbhísí a rinneadh na díolaíochtaí a íocadh le haon duine, beidh aird ag na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) ar chineál na seirbhíse nó na seirbhísí,

(b) ar na díolaíochtaí a íoctar as seirbhís nó seirbhísí den chineál céanna a dhéantar ar neamhthuilleamaí,

(c) ar na díolaíochtaí a bheifí ag súil le réasún a íocfaí as an tseirbhís nó na seirbhísí sin,

(d) ar aon íocaíocht, seachas díolaíochtaí nó dáiltí, a íocadh leis an duine i leith na seirbhíse nó na seirbhísí a rinneadh, agus

(e) ar aon fhianaise a tugadh i dtaobh dóthanacht na ndíolaíochtaí nó na híocaíochta áirithe.

(6) Le linn bheith á bhreithniú chun críocha an ailt seo an i gcomaoin seirbhís nó seirbhísí a dhéanamh a rinneadh dáileadh go hiomlán nó páirteach, beidh aird ag na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) ar na haicmí uile scaireanna a d'eisigh an chuideachta áirithe,

(b) ar an aicme nó na haicmí scaireanna sa chuideachta sin i seilbh an duine a fuair an dáileadh, na scair eanna i seilbh amhlaidh, luach ainmniúil na scaireanna sin agus an méid a shuibscríobh sé ina leith,

(c) ar an ráta dáilte i leith na scaireanna de gach aicme,

(d) ar cibé acu atá scaireanna den aicme atá i seilbh an duine sin i seilbh aon duine eile, agus má tá, an líon scaireanna atá i seilbh amhlaidh, agus

(e) ar aon ábhar eile is dóigh leo a bheith iomchuí chun teacht ar thuairim faoin bhfo-alt seo.

(7) Beidh ábhar achomhairc chun na gCoimisinéirí Achomhairc ann maidir le haon tuairim de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim faoin alt seo mar a bheadh ábhar achomhairc ann in aghaidh measúnachta cánach, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc.”.