15 1977


Uimhir 15 de 1977


AN tACHT UM OLA-THRUAILLIÚ NA FARRAIGE (LEASÚ), 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHTA DO LEASUITHE ÁIRITHE AR AN gCOINBHINSIÚN IDIRNÁISIÚNTA CHUN TRUAILLIÚ NA FARRAIGE LE hOLA A CHOSC, 1954, AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN AGUS CHUN CRÍOCHA EILE DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM OLA-THRUAILLIÚ NA FARRAIGE, 1956 AGUS 1965. [1 Meitheamh, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1956, Uimh. 25 .

1965, Uimh. 1 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1956” an tAcht um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 ;

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht um Ola-Thruailliú na Farraige (Leasú), 1965 ;

ciallaíonn “Coinbhinsiún 1969” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Idirghabháil ar an Mórmhuir i gCás Taismí ó Ola-Thruailliú, 1969;

folaíonn “beo-acmhainní muirí” iasc, láithreacha sceite nó bia aon éisc;

ciallaíonn “fauna muirí” gach ainmhí fiáin (uisce agus talún) a bhíonn i ngnáthóga muirí, cósta nó inbhir agus folaíonn sé, go háirithe, éin fhiáine, mamaigh fhiáine, reiptíleanna, inveirteabraigh agus aimfibigh agus uibheacha agus ál gach ainmhí fiáin den sórt sin;

ciallaíonn “flora muirí” gach planda (uisce agus talún) a fhásann fiáin i ngnáthóga muirí, cósta nó inbhir agus folaíonn sé algaí muirí;

folaíonn “taisme muirí” iombualadh long, cailleadh, tráchur nó tréigean loinge, aon tarlú eile loingseoireachta, nó aon teaghmhas eile ar bord loinge nó lasmuigh di a bhfuil damáiste ábhartha nó garbhaol damáiste ábhartha do long nó do lasta de thoradh air.

Cumhacht orduithe a thabhairt chun ola-thruailliú a chosc, a mhaolú, etc.

2. —(1) Faoi réir fho-alt (6) den alt seo, chun na hiarmhairtí ó olathruailliú de dhroim taisme mhuirí a chosc, a mhaolú nó a chealú, féadfaidh an tAire, nó aon daoine a bheidh údaraithe chuige sin aige, orduithe a thabhairt maidir le long nó lena lasta d'úinéir nó do mháistir na loinge, nó d'aon duine i seilbh na loinge, nó do sheirbhíseach nó gníomhaire aon tarrthálaí i seilbh na loinge agus i bhfeighil na hoibríochta tarrthála.

(2) Féadfar le haon ordú a thabharfar d'aon duine de bhun fho-alt (1) den alt seo a cheangal ar an duine dá dtabharfar é aon ghníomh de shórt ar bith i ndáil leis an long ar ina leith a tugadh an t-ordú, nó i ndáil le lasta na loinge sin, a dhéanamh nó gan a dhéanamh.

(3) Faoi réir fho-alt (6) den alt seo, más é tuairim an Aire nach leor, nó gur cruthaíodh nach leor, chun na críche na cumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, nó cibé daoine a bheidh údaraithe aige chuige sin aon ghníomh d'aon sórt a dhéanamh i ndáil leis an long áirithe nó lena lasta chun na hiarmhairtí ó olathruailliú de dhroim an taisme mhuirí sin a chosc, a mhaolú nó a chealú.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht aon chumhacht a thugtar don Aire, nó d'aon duine a bheidh údaraithe ag an Aire gníomhú thar a cheann, leis an alt seo, folóidh aon orduithe a thabharfaidh an tAire nó a thabharfar thar a cheann nó aon bheart a dhéanfaidh an tAire nó a dhéanfar thar a cheann—

(a) long a aistriú amach thar theorainneacha cuain, nó a gluaiseachtaí a shrianadh nó a rialú,

(b) ola nó lasta eile a dhíluchtú nó a scaoileadh amach,

(c) bearta sonraithe tarrthála a dhéanamh nó srian a chur lena ndéanamh, nó

(d) long áirithe a bhá, a scriosadh nó a ghlacadh faoi urlámhas.

(5) Gan dochar d'fhorálacha aon achtachán eile a bhaineann le fograí a sheirbheáil, féadfaidh an tAire, nó aon duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire, orduithe a thabhairt—

(a) d'úinéir loinge nó don duine ina seilbh, tríd an ordú a sheirbheáil ar mháistir na loinge,

(b) don tarrthálaí, tríd an ordú a sheirbheáil ar an duine i bhfeighil na n-oibríochtaí tarrthála.

(6) Féadfar na cumhachtaí a thugtar don Aire leis an alt seo a fheidhmiú—

(a) má bhíonn, agus amháin má bhíonn, cúis réasúnach ag an Aire a chreidiúint, tar éis taisme muirí tarlú, go bhfuil garchontúirt an-mhór go dtarlóidh móriarmhairtí dochracha de bhíthin ola-thruailliú do chósta an Stáit nó do leasanna gaolmhara lena n-áirítear—

(i) gníomhaíochtaí muirí, cósta, calafoirt nó inbhir is deis riachtanach mhaireachtála do dhaoine áirithe,

(ii) taitneamhachtaí cuartaíochta an limistéir áirithe,

(iii) fauna muirí agus flora muirí, agus gnáthóga fauna muirí agus flora muirí, a chaomhnú,

(iv) sláinte an phobail cois cósta agus leas an limistéir áirithe, lena n-áirítear beo-acmhainní muirí, a chaomhnú, agus

(b) maidir le haon longa atá cláraithe sa Stát nó aon longa laistigh d'fharraigí teorann an Stáit, nó d'uiscí intíre sa Stát is inseolta ag soithí farraige.

(7) Beidh aon duine ciontach i gcion a sháróidh go toiliúil ordú faoin alt seo nó a mhainneoidh go toiliúil ordú den sórt sin a chomhlíonadh, nó a bhacfaidh go toiliúil aon duine a bheidh ag gníomhú de réir ordaithe faoin alt seo.

(8) Gach duine a chomhlíonfaidh ordú faoin alt seo déanfaidh sé gach rud is féidir chun gach fiontar do bheo duine nó daoine a sheachaint agus, le linn duine a bheith á ionchúiseamh mar gheall ar mhainniú ordú faoin alt seo a chomhlíonadh, is cosaint é don duine a chruthú go raibh cúis réasúnach aige a chreidiúint go mbeadh beo duine nó daoine i mórfhiontar dá gcomhlíonfaí an t-ordú.

An ceart cúiteamh a ghnóthú ón Aire.

3. —(1) Aon duine a chruthóidh maidir le haon ghníomh a rinneadh de bhun alt 2 den Acht seo, nó de bhun ordú a tugadh de bhun alt 2 den Acht seo—

(a) nár ghá, le réasún, an gníomh sin chun ola-thruailliú nó fiontar ola-thruaillithe a chosc nó a laghdú, nó

(b) gur lú go comhréireach an damáiste a choisc sé nó ar dhóigh dó é a chosc ná aon chostas a tabhaíodh nó aon damáiste a tharla de thoradh an ghnímh,

beidh sé i dteideal cúiteamh a ghnóthú ón Aire i gcúirt dlínse inniúla i leith aon chaillteanas nó damáiste a tharla don duine sin nó aon chostas gan riachtanas a thabhaigh sé de thoradh an ghnímh a rinneadh amhlaidh.

(2) Nuair a bheifear á bhreithniú an bhfuil duine i dteideal cúiteamh a ghnóthú ón Aire de bhun fho-alt (1) den alt seo, cuirfear i gcuntas—

(a) méid agus fiontar an ola-thruaillithe dá mbeifí gan gníomh a dhéanamh de bhun alt 2 den Acht seo,

(b) méid agus fiontar mórdhamáiste do chósta an Stáit,

(c) ar dhóigh éifeacht a bheith leis an ngníomh, agus

(d) méid an damáiste a tháinig den ghníomh.

Ceart an Aire gníomh a dhéanamh.

4. —Is forálacha gan dochar do cheart an Aire, nó do cheart aon pháirtí éagóraithe, gníomh a thionscnamh in aghaidh tríú páirtí forálacha alt 3 den Acht seo in aon chás ina mbeidh taisme muirí ann agus gur dealraitheach gur mar gheall ar fhaillí nó ar mhainneachtain an tríú páirtí sin a tharla an taisme muirí.

Feidhmiú an Achta maidir le longa lasmuigh d'uiscí teorann an Stáit.

5. —(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú faoin alt seo, forálacha alt 2 den Acht seo a fheidhmiú go hiomlán nó go páirteach agus faoi réir cibé eisceachtaí, oiriúnuithe agus modhnuithe a shonrófar san ordú, maidir le longa lena mbaineann Coinbhinsiún 1969 le linn do na longa sin bheith lasmuigh d'fharraigí teorann an Stáit.

(2) Féadfaidh cibé forálacha eatramhacha agus iarmhartacha a mheasfaidh an Rialtas a bheith riachtanach nó fóirsteanach a bheith in ordú faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo lena n-áirítear an fo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(4) San alt seo ciallaíonn “longa lena mbaineann Coinbhinsiún 1969” longa atá cláraithe—

(a) i dtír ar dearbhaíodh le hordú faoi alt 19 d'Acht 1956 gur ghlac a rialtas le Coinbhinsiún 1969 nó le haon choinbhinsiún dá éis sin agus nár dearbhaíodh dá éis sin aon choinbhinsiún den sórt sin a bheith séanta aige, nó

(b) i gcríoch ar dearbhaíodh réim a bheith ag aon choinbhinsiún den sórt sin ina leith agus nár dearbhaíodh dá éis sin gur scoir sé de réim a bheith aige ina leith.

Cumhacht longa a choinneáil.

6. —(1) Aon uair a mbeidh cúis réasúnach ag an Aire nó ag máistir cuain a chreidiúint go bhfuil Acht 1956, Acht 1965, nó an tAcht seo á shárú ag soitheach agus an soitheach laistigh d'fharraigí teorann an Stáit, féadfaidh an tAire, nó an máistir cuain áirithe, an soitheach a stopadh agus a choinneáil.

(2) Scaoilfear saor aon soitheach a bheidh á coinneáil ag an Aire nó ag máistir cuain de bhun fho-alt (1) den alt seo, má théann úinéir an tsoithigh faoi bhanna ina mbeidh cibé méid a chinnfidh an tAire nó an máistir cuain, cibé acu é.

Ait an chiona.

7. —Féadfar imeachtaí i leith cion faoin Acht seo, Acht 1956, nó Acht 1965 a thionscnamh in aon áit sa Stát agus féadfar a mheas, chun gach críche teagmhasaí, gur san áit sin a rinneadh an cion.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1956.

8. —Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1956 tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “údarás cuain”—

ciallaíonn “údarás cuain”—

(a) i gcás cuan lena mbaineann an tAcht Cuanta, 1946 (Uimh. 9 de 1946) , an t-údarás cuain faoin Acht sin,

(b) i gcás cuan faoi rialú agus bainistí Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, na Coimisinéirí,

(c) i gcás lárionad cuain iascaigh lena mbaineann an tAcht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 (Uimh. 18 de 1968) , an tAire Iascaigh, agus

(d) in aon chás eile, an duine atá i dteideal rátaí a mhuirearú i leith soithí a thagann isteach sa chuan nó a úsáideann é.

Leasú ar alt 10 d'Acht 1956.

9. —Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1956 (arna leasú le hAcht 1965) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

“(3) Beidh úinéir agus máistir aon loinge atá cláraithe sa Stát ciontach i gcion is long a scaoilfidh ola, nó aon mheascán ina bhfuil ola, amach in aon áit san fharraige.”

Leasú ar alt 11 d'Acht 1956.

1933, Uimh. 12 .

10. —Leasaítear leis seo alt 11 d'Acht 1956 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—

“(1) (a) Má scaoiltear (go díreach nó go neamhdhíreach) aon ola nó aon mheascán olach amach i bhfarraigí teorann an Stáit, nó amach in aon chuid d'uiscí intíre an Stáit is inseolta ag soithí farraige, nó ar thrá mhara an Stáit, ansin, i gcás ar scaoileadh é—

(i) as soitheach, beidh úinéir agus máistir an tsoithigh,

(ii) as áit ar tír, beidh áititheoir na háite sin,

(iii) as gaireas chun ola a aistriú isteach i soitheach nó amach as soitheach, beidh an duine i bhfeighil an ghairis,

ciontach i gcion.

(b) San fho-alt seo tá an bhrí chéanna le ‘trá mhara’ atá leis san Acht Imeall Trágha, 1933 ”.

Scaoileadh ola i bhfarraigí teorann a thuairisciú.

11. —(1) Má dhéantar aon ola nó aon mheascán olach a scaoileadh, seachas de bhun alt 14 d'Acht 1956, amach i bhfarraigí teorann an Stáit, déanfaidh úinéir agus máistir an tsoithigh, áititheoir na háite nó an duine i bhfeighil an ghairis, de réir mar a bheidh, ónar tháinig an scaoileadh agus an chúis a bhí leis a chur in iúl láithreach don Aire ar an modh forordaithe.

(2) Duine nach gcomhlíonfaidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

Leasú ar alt 16 d'Acht 1956.

12. —Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1956 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—

“(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal go mbeidh longa nó earnálacha áirithe long atá cláraithe sa Stát feistithe nó déanta ar mhodh, agus go gcomhlíonfaidh siad ceanglais de shórt, a choiscfidh nó a laghdóidh scaoileadh ola nó meascáin olaigh amach san fharraige.”

Leasú ar alt 17 d'Acht 1956.

13. —Leasaítear leis seo alt 17 d'Acht 1956—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (c)—

“(c) déanamh oibríochtaí forordaithe, arb é a bheidh iontu—

(i) lasta ola a luchtú, a aistriú agus a dhíluchtú, nó

(ii) dabhcha lasta nó dabhcha breosla buncair a bhallastú agus ballasta a scaoileadh astu, agus na dabhcha sin a ghlanadh, nó

(iii) an ola in aon mheascán olach a dheighilt, nó

(iv) aon ola, uisce nó substaint eile, de thoradh na n-oibríochtaí sin, a chur amach as an long, nó

(v) aon iarmhar olach a dhiúscairt.”, agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (4) agus (5)—

“(4) Beidh gach duine a sháróidh an t-alt seo nó rialacháin faoi ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

(5) Gach duine a chuirfidh i dtaifead aon ní nó aon athrú is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó nach cúig mhíle punt, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air”.

Leasú ar alt 19 d'Acht 1956.

14. —Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1956 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4)—

“(4) Aon duine a chuirfidh bac le suirbhéir long nó le haon duine eile a bheidh ag feidhmiú a fheidhmeanna faoin alt seo, nó a mhainneoidh an leabhar taifid ola a thabhairt ar aird lena iniúchadh nó cóip d'aon ní ann a dheimhniú, nuair a cheanglofar sin air, beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.”

Leasú ar alt 21 d'Acht 1956.

15. —Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1956—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) roimh mhír (f)— “(ee) samplaí d'aon ola a thógáil ó aon long”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

“(3) Aon duine—

(a) a mhainneoidh freastal a dhéanamh ar é a thoghairm mar fhinné os comhair cigire agus ar na caiteachais a bhfuil teideal aige chucu faoin alt seo a thairiscint dó, nó a dhiúltóidh mionn a ghlacadh a gceanglóidh an cigire go dleathach air é a ghlacadh, nó

(b) a dhiúltóidh nó a fhailleoidh aon fhreagra nó aon tuairisceán a thabhairt nó aon doiciméad a thabhairt ar aird, nó aon dearbhú a dhéanamh nó a shíniú, nó cóip d'aon taifead a dheimhniú, i gcás ina bhfuil teideal ag an gcigire a cheangal air sin a dhéanamh, nó

(c) a chuirfidh bac go toiliúil le duine agus an duine sin ag feidhmiú a fheidhmeanna faoin alt seo,

beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.”

Leasú ar alt 22 d'Acht 1956.

16. —Leasaítear leis seo alt 22 d'Acht 1956 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)—

“(2) Aon duine—

(a) nach ndéanfaidh de réir aon cheanglais den sórt sin, nó

(b) a chuirfidh bac go toíliúil le máistir cuain agus é ag feidhmiú a fheidhmeanna faoin alt seo,

beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.”

Pionóis.

17. —Leasaítear leis seo Acht 1956 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 23—

“23.—Gach duine a dhéanfaidh cion faoin Acht seo nach bhforáiltear aon phionós speisialta ina leith dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná céad mile punt (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich míle punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion) a chur air.”

Aisghairm.

18. —(1) Aisghairtear leis seo alt 9 d'Acht 1956 agus an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Aisghairtear leis seo ailt 3, 4, 6 agus 8 (a) d'Acht 1965.

Tosach feidhme.

19. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críocha forálacha éagsúla.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

20. —(1) Féadfar an tAcht um Ola-Thruailliú na Farraige (Leasú), 1977 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 agus 1965, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 go 1977, a ghairm de na hAchtanna um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 agus 1965, agus den Acht seo le chéile.