4 1977


Uimhir 4 de 1977


AN tACHT UM BULA LIMITED (SCAIREANNA A FHÁIL), 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ ÚDARÚ DON AIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA SCAIREANNA A FHÁIL I mBULA LIMITED AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS SIN AGUS A LEANANN AS. [29 Márta, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Comhaontú” an comhaontú dar dáta an 12ú lá de Nollaig, 1975, agus a rinneadh idir Bula Holdings, Patrick Wright. Thomas Celestine Roche, Michael James Wymes, Richard Francis Wood agus Thomas James Roche agus an tAire;

ciallaíonn “an Chuideachta” Bula Limited;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

An tAire d'fháil scaireanna de chuid na Cuideachta agus a n-aistriú dá éis sin.

2. —(1) Féadfaidh an tAire cion nach lú ná daichead a naoi faoin gcéad de scaircanna eisithe na Cuideachta a fháil de réir an Chomhaontaithe agus féadfaidh sé chun na críche sin suimeanna nach mó ná £9,540,000 san iomlán a chaitheamh.

(2) A luaithe is féidir tar éis na fála a údaraítear le fo-alt (1) den alt seo, déanfar na scaireanna de chuid na cuideachta a bheidh faighte amhlaidh a aistriú chun an Aire Airgeadais agus a chlárú ina ainm.

(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (2) den alt seo nó aon ní a rinneadh faoin bhfo-alt sin, leanfaidh aon cheart nó cumhacht dá dtagraítear sa Chomhaontú mar cheart nó mar chumhacht atá dílsithe don Aire de bheith infheidhmithe aige.

Aire d'fheidhmiú ceart agus cumhachtaí mar shealbhóir ar scaireanna de chuid na Cuideachta.

3. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire nó an tAire Airgeadais, maidir le scaireanna de chuid na Cuideachta a bheidh ina sheilbh, cearta agus cumhachtaí uile sealbhóir scaireanna den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás an ceart nó an chumhacht sin a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh sé an céanna a fheidhmiú trína aturnae.

(2) I ndáil le haon ní a bhaineann le feidhm nó freagracht de chuid an Aire Airgeadais, ní dhéanfaidh an tAire ceart nó cumhacht dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo nó dá dtagraítear sa Chomhaontú mar cheart nó mar chumhacht atá dílsithe don Aire a fheidhmiú go dtí go mbeidh comhairle glactha aige leis an Aire Airgeadais.

Scaireanna de chuid na Cuideachta a shealbhaíonn Aire a aistriú chun ainmní.

4. —(1) Féadfaidh an tAire nó an tAire Airgeadais scaireanna de chuid na Cuideachta a shealbhaíonn sé faoin Acht seo a aistriú chuig duine (dá ngairtear “an t-ainmní” san alt seo) a ainmneoidh sé, agus sealbhóidh an t-ainmní thar ceann an Aire sin scaireanna a aistríodh chuige.

(2) I gcás a ndéanfar scaireanna de chuid na Cuideachta a shealbhaíonn Aire Stáit faoin Acht seo a aistriú faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an t-ainmní na scaireanna de chuid na Cuideachta atá in ainm an ainmní a shealbhú ar iontaobhas don Aire sin agus, i ndáil le diúscairt na scaireanna sin agus le feidhmiú a cheart agus a chumhachtaí mar ainmní, gníomhóidh sé de réir cibé treoracha scríofa a thabharfaidh an tAire sin ó am go ham.

(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire, scaireanna de chuid na Cuideachta a shealbhóidh sé faoin Acht seo a dhíol, a aistriú nó a dhiúscairt ar dhóigh eile.

Airgead a sholátbar as an bPríomh-Chiste.

5. —Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham chun scaireanna de chuid na Cuideachta a fháil faoin Acht seo agus de bhun an Chomhaontaithe.

Díbhinní etc. a íoc isteach sa Státchiste.

6. —Íocfar isteach sa Státchiste nó diúscrófar chun tairbhe don Státchiste na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais maidir le húinéireacht scaireanna de chuid na Cuideachta nó maidir le diúscairt scaireanna den sórt sin, cibé acu a shealbhaíonn sé féin na scaireanna nó a shealbhaíonn ainmní iad faoi alt 4 den Acht seo.

Caiteachais an Aire.

7. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar an tAcht um Bula Limited (Scaireanna a Fháil), 1977, a ghairm den Acht seo.