An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1976) Ar Aghaidh (CUID II Bunú, Rialacha, Cumhachtaí etc. Cumann)

38 1976

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1976

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Cumann Foirgníochta, 1976 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

1954, Uimh. 26 .

1963, Uimh. 33 .

1971, Uimh. 24 .

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1954” an tAcht Eadrána, 1954 ;

ciallaíonn “Acht 1963” Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “Acht 1971” Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

folaíonn “athrú”, i ndáil le rialacha cumainn, aon bhreis a chuirfear leis na rialacha agus folaíonn sé freisin cealú na rialacha go léir nó aon chuid díobh, cibé acu a chuirfear nó nach gcuirfear riail amháin nó níos mó in ionad aon rialacha a cealaíodh, agus forléireofar focaii ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “banc” sealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht 1971;

ciallaíonn “bord stiúrthóirí”, i ndáil le cumann faoi bhainistí coiste bainistíochta, an coiste sin;

ciallaíonn “Banc Ceannais” Banc Ceannais na hÉireann;

folaíonn “coimisiún” aon bhronntanas, bónas, táille, íocaíocht nó sochar eile;

ciallaíonn “Cúirt” an Ard-Chúirt, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt;

folaíonn “stiúrthóir” comhalta de choiste bainistíochta agus aon duine eile ag a bhfuil post stiúrthóra, cibé ainm a thugtar air;

tá le “comhalta”, i ndáil le cumann, an bhrí a shanntar dó le halt 17;

ciallaíonn “duine de theaghlach”, i ndáil le duine, céile an duine sin nó mac, iníon, leasmhac, leasiníon, mac uchtaithe nó iníon uchtaithe leis an duine sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

folaíonn “morgáiste” muirear;

folaíonn “oifigeach”, i ndáil le cumann, stiúrthóir, príomhfheidhmeannach nó rúnaí, agus i gCuid V folaíonn sé iniúchóir freisin;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin faoin Acht seo;

tá le “Cláraitheoir” an bhrí a shanntar dó le halt 85;

ciallaíonn “cumann” cumann foirgníochta arna bhunú faoin Acht seo chun cistí a chruinniú (trí shuibscríobhanna ó na comhaltaí, agus trí thaiscí agus iasachtaí a ghlacadh), de réir an Achta seo, chun iasachtaí a thabhairt do chomhaltaí ar urrús trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, a mhorgáistiú;

folaíonn “taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna a shireadh” aon ábhar ag sireadh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna a fhoilsiú nó a thaispeáint trí fhógra, ciorclán, fótagraf, scannán, fuaimchraoladh, teilifís, canbhasáil phearsanta nó eile;

tá le “rún speisialta” an bhrí a shanntar dó le halt 56.

(2) Aon tagairt san Acht seo do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Tosach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

Seirbheáil fógraí.

4. —I gcás a gceanglaítear leis an Acht seo fógra a sheirbheáil ar dhuine, díreofar chuige é, mura sonrófar a mhalairt san Acht seo, agus seirbheálfar air é nó tabharfar dó é ar mhodh amháin díobh seo a leanas—

(a) i gcás é a bheith dírithe chuige faoina ainm, trína sheachadadh dó;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;

(c) trína chur chuige leis an ngnáthphost réamhíoctha agus é dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin.

Rialacháin.

5. —(1)  (a) Faoi réir mhír (b), féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhorordú aon ábhar nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.

(b) Chun críocha Chuid IV, féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh d'fhorordú aon ábhar nó ní dá dtagraítear sa Chuid sin mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Féadfaidh feidhm a bheith ag rialacháin faoin Acht seo go ginearálta nó faoi threoir aon aicme nó aicmí sonraithe cumann, iasachtaí, rialacha nó cibé ábhair eile is iomchuí leis an Aire a dhéanfaidh na rialacháin.

(3) Gan dochar d'aon chumhacht eile a thugtar leis an Acht seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, iarmhartacha, eatramhacha nó forlíontacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo ar dóigh leis an Aire a dhéanfaidh na rialacháin gur gá nó gur cuí iad chun aon chríche de chuid an Achta seo nó de dhroim aon fhorála de chuid an Achta seo nó chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon fhoráil den Acht seo.

(4) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo (seachas rialachán faoi alt 76) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Aisghairm.

6. —Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal.

Caiteachais.

7. —(1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Tionscail agus Tráchtála ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.