37 1976


Uimhir 37 de 1976


AN tACHT UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN (LEASÚ), 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN, 1960 GO 1974, DO LEASÚ AN ACHTA RADIO-THELEGRAFAÍOCHTA, 1926 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [21 Nollaig, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1926, Uimh. 45 .

1960, Uimh. 10 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1926” an tAcht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Údarás Craolacháin, 1960 .

Comhalta den Údarás a chur as oifig.

2. —Féadfaidh an Rialtas comhalta den Údarás a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe, má ritheann, agus amháin má ritheann, dhá Theach an Oireachtais rúin á iarraidh é a chur as oifig.

Neamhchlaontacht.

3. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad alt 18 (1):

“(1) Faoi réir fho-alt (1A) den alt seo, beidh de dhualgas ar an Údarás a áirithiú—

(a) go ndéanfar an nuacht go léir a chraolfaidh sé a thuairisciú agus a fhoilsiú go hoibiachtúil neamhchlaon gan aon tuairimí de chuid an Údaráis féin a chur in iúl,

(b) go mbeidh an tslí a gcraolfar cúrsaí reatha, lena n-áirítear ábhair chonspóide poiblí nó díospóireachta reatha poiblí, cothrom do gach a mbeidh leas acu iontu agus go ndéanfar ábhar an chraolta a fhoilsiú go hoibiachtúil neamhchlaon gan aon tuairimí de chuid an Údaráis féin a chur in iúl,

(c) go ndéanfaidh an tUdarás aon ábhar, bíodh sé scríofa, le cloisteáil nó le feiceáil, a bhaineann le nuacht nó cúrsaí reatha, lena n-áirítear ábhair chonspóide poiblí nó díospóireachta reatha poiblí agus a ndéanann an tUdarás, de bhun alt 16 den Acht seo, é a fhoilsiú, a dháileadh nó a dhíol, a fhoilsiú go hoibiachtúil neamhchlaon.

Ní bhainfidh mír (b) den fho-alt seo, a mhéid a cheanglaíonn sí ar an Údarás gan tuairimí dá chuid féin a chur in iúl, le haon chraoladh a mhéid a bhaineann an craoladh le haon togra, is togra maidir le polasaí i leith craoladh is ábhar conspóide poiblí nó díospóireachta reatha poiblí agus ar togra é atá faoi bhreithniú ag an Rialtas nó ag an Aire.

Mura féidir mír (b) den fho-alt seo a chur chun feidhme in aon chlár amháin, féadfar a mheas gur clár iomlán dhá chraoladh ghaolmhara nó níos mó; ar choinníoll go ndéanfar na craoltaí a fhorleathadh laistigh de thréimhse réasúnach.

(1A) Toirmisctear leis seo ar an Údarás aon ní a bheith in aon chraoltaí dá chuid nó in aon ábhar dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (1) den alt seo a bhféadfaí a mheas le réasún gur dóigh dó coireacht a chur chun cinn nó a ghríosú nó gur de ghné é a dhéanfadh dochar d'údarás an Stáit.

(1B) Ní dhéanfaidh an tUdarás, ina chláir agus sna meáin a úsáidfear chun na cláir sin a dhéanamh, cúngracht mhíréasúnach ar phríobháideachas pearsan aonair.”.

An Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin.

4. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 18:

 

“18A.—(1) Tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Mhárta, 1977, bunóidh an Rialtas, ar iarratas ón Aire, comhlacht dá ngairfear an Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin agus dá ngairfear an Coimisiún san Acht seo.

(2) Cathaoirleach agus dhá chomhalta eile ar a laghad arna gceapadh ag an Rialtas a bheidh sa Choimisiún.

(3) Féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas nó deontais a thabhairt gach bliain airgeadais don Choimisiún ina mbeidh cibé méid nó méideanna a mheasfaidh sé is gá chun a chumasú don Choimisiún feidhmeanna an Choimisiúin a chomhlíonadh.

(4) Le linn don Rialtas comhalta den Choimisiún a cheapadh, socróidh sé a théarma oifige is téarma nach faide ná cúig bliana agus, faoi réir fho-ailt (8) agus (9) den alt seo, sealbhóidh sé a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha (seachas téarmaí nó coinníollacha a bhaineann le luach saothair no le híoc liúntas) a chinnfidh an Rialtas tráth a cheaptha.

(5) Féadfaidh comhalta den Choimisiún éirí as oifig tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chun an Rialtais agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht amhail ar an agus ón dáta a gheobhaidh an Rialtas an litir.

(6) Féadfar comhalta den Choimisiún a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire a athcheapadh.

(7) Íocfar le comhaltaí an Choimisiúin cibé luach saothair (más ann) agus cibé liúntais (más ann) a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, ó am go ham.

(8) Féadfaidh an Rialtas comhalta den Choimisiún a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe má ritheann, agus amháin má ritheann, gach Teach den Oireachtas rúin á iarraidh é a chur as oifig.

(9) I gcás comhalta den Choimisiún a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, scoirfidh sé, ar é do ghlacadh leis an ainmniú sin, de bheith ina chomhalta den Choimisiún.

(10) (a) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Choimisiún.

(b) Beidh comhalta den Údarás nó oifigeach nó seirbhíseach don Údarás dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Choimisiún.

(11) Is é is córam do chruinniú den Choimisiún beirt nó cibé líon comhaltaí is mó ná sin a chinnfidh an Coimisiún ó am go ham le rún, más cuí leis é.

(12) Faoi réir forálacha an Achta seo, rialálfaidh an Coimisiún a nós imeachta agus a ghnó.

(13) Sannfaidh Aire na Seirbhíse Poiblí don Choimisiún cibé oifigigh agus seirbhísigh is dóigh leis is gá chun a chumasú don Choimisiún a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

Feidhmeanna an Choimisiúin.

18B.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an Coimisiún aon cheann de na gearáin seo a leanas a fhiosrú agus a chinneadh—

(a) gearán nár chomhlíon an tUdarás, le linn dó nuacht a chraoladh a thug sé agus a beidh sonraithe sa ghearán, ceann amháin nó níos mó de cheanglais alt 18 (1) den Acht seo (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 ),

(b) gearán nár chomhlíon an tUdarás ceann amháin nó níos mó de na ceanglais sin nó gur sháraigh sé an toirmeasc in alt 18 (1A) den Acht seo (a cuireadh isteach leis an alt sin 3), le linn clár a bheidh sonraithe amhlaidh a bheith á chraoladh aige,

(c) gearán gur mhainnigh an tUdarás, trí ábhar a bheidh sonraithe amhlaidh a chraoladh, ceanglais alt 31 (1) den Acht seo (a cuireadh isteach le halt 16 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 ), a chomhlíonadh maidir le hordú a rinneadh faoin alt sin 31 (1) agus a bheidh sonraithe amhlaidh,

(d) gearán go ndearna an tUdarás, ar ócáid a bheidh sonraithe amhlaidh, cúngracht contrártha d'alt 18 (1B) den Acht seo (a cuireadh isteach leis an alt sin 3),

(e) gearán gur sháraigh fógrán a bheidh sonraithe amhlaidh cód a d'ullmhaigh an tUdarás do rialú caighdeáin agus cleachtais fógraíochta craolta nó do thoirmeasc modhanna áirithe fógraíochta craolacháin nó fógraíocht a chraoladh in imthosca áirithe,

(f) gearán gur mhainnigh an tUdarás ceanglais fho-alt (1) nó fho-alt (1A) d'alt 18 den Acht seo (a cuireadh isteach leis an alt sin 3) a chomhlíonadh i ndáil le hábhar a bheidh sonraithe amhlaidh agus is ábhar a luaitear i mír (c) den fho-alt sin (1).

(2) Féadfaidh aon duine gearán a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo a dhéanamh i scríbhinn leis an gCoimisiún ach, más gearán é seachas gearán a thuairiscítear i mír (f) den fho-alt sin (1), ní bhreithneoidh an Coimisiún é ach amháin mura gcomhlíonfar na forálacha seo a leanas, is é sin;

(a) sula ndéanfar an gearán leis an gCoimisiún, go ndéanfar i scríbhinn é leis an Údarás agus go bhfaighidh an tUdarás é tráth nach déanaí ná tríocha lá—

(i) i gcás baint a bheith ag an ngearán le craoladh amháin nó le dhá chraoladh neamhghaolmhara nó níos mó, más le craoladh amháin a bhaineann sé, tar éis dáta an chraolta, nó más le dhá chraoladh nó níos mó den sórt sin a bhain eann sé, tar éis dáta an chraolta ba luaithe de na craoltaí sin, agus

(ii) i gcás baint a bheith ag an ngearán le dhá chraoladh ghaolmhara nó níos mó a ndearnadh dhá cheann ar a laghad díobh ar dhátaí éagsúla, tar éis an dáta ba dhéanaí de na dátaí sin,

(b) go bhfaighidh an Coimisiún an gearán tráth nach luaithe ná tríocha lá tar éis an lae a chuir an gearánach chun an Údaráis é agus go bhfaighfear amhlaidh é tráth nach déanaí—

(i) i gcás a bhfaighidh an gearánach sa tréimhse tríocha lá dar tosach an lá a chuir sé an gearán ar aghaidh amhlaidh ráiteas i scríbhinn ón Údarás a inseoidh a chinneadh ar an ngearán, ná tríocha lá tar éis dó an ráiteas a fháil, agus

(ii) in aon chás eile, ná seasca lá tar éis an lae a chuir an gearánach an gearán chun an Údaráis.

(3) (a) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, rialacha nós imeachta a dhéanamh maidir le gearáin a thuairiscítear i mír (f) d'fho-alt (1) den alt seo.

(b) I gcás a ndéanfaidh an Coimisiún rialacha faoin alt seo, tabharfaidh an Coimisiún i cibé slí a cheadóidh an tAire fógra poiblí faoi na rialacha a dhéanamh agus cuirfidh an Coimisiún cóip de na rialacha sin ar fáil d'aon duine a iarrfaidh iad.

(4) Nuair a bheartóidh an Coimisiún gearán a rinneadh faoin alt seo a fhiosrú, tabharfaidh an Coimisiún deis don Údarás tuairim a thabhairt ar an ngearán.

(5) I gcás a ndéanfar gearán leis an gCoimisiún agus go n-iarrfaidh duine a bheidh fostaithe ag an Údarás, ar chúiseanna a shonróidh sé, ar an gCoimisiún deis a thabhairt dó tuairim a thabhairt ar an ngearán, déanfaidh an Coimisiún, más deimhin leis, tar éis dó na cúiseanna a sonraíodh amhlaidh a bhreithniú, go bhféadfadh an gearán dochar a dhéanamh do leas de chuid an duine, ar leas é a mheasfaidh an Coimisiún gur leas iomchuí é i ndáil le fostú an duine ag an Údarás, deis den sórt sin a thabhairt don duine.

(6) Nuair a bheartóidh an Coimisiún gearán a thuairiscítear i bhfo-alt (1) (e) den alt seo a bhreithniú, tabharfaidh an Coimisiún deis don fhógróir iomchuí aighneachtaí a dhéanamh chun an Choimisiúin i ndáil leis an bhfógrán iomchuí.

(7) A luaithe is féidir tar éis don Choimisiún cinneadh a dhéanamh ar ghearán faoin Acht seo, cuirfidh siad ráiteas i scríbhinn faoina gcinneadh ar an ngearán chuig an duine a rinne an gearán agus chuig an Údarás.

(8) I gcás a ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh ar ghearán a thuairiscítear i bhfo-alt (1) (e) den alt seo, déanfaidh siad, a luaithe is féidir tar éis dóibh an cinneadh sin a dhéanamh (i dteannta ceanglas fho-alt (7) den alt seo a chomhlíonadh), ráiteas i scríbhinn faoina gcinneadh a chur go dtí an duine lenar aontaigh an tUdarás an fógrán iomchuí a chraoladh (murab é an gearánach é).

(9) Nuair a gheobhaidh an tUdarás ráiteas faoi chinneadh ón gCoimisiún de bhun fho-alt (7) den alt seo, cuirfidh an tUdarás in iúl i scríbhinn don Choimisiún, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis é a fháil, cibé acu a ghlacann nó nach nglacann an tUdarás le cinneadh an Choimisiúin.

(10) Is go príobháideach a bhreithneoidh an Coimisiún gearán a rinneadh leis faoin Acht seo.

(11) Mura míchuí leis an gCoimisiún é, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, sonraí maidir lena chinneadh ar ghearán a fhoilsiú i cibé slí is oiriúnach leis, agus i gcás a measfaidh sé gur don Údarás is ceart an foilsiú a dhéanamh nó go bhfoilseodh an tUdarás é freisin, foilseoidh an tUdarás na sonraí i cibé slí ar a gcomhaontóidh an Coimisiún agus an tUdarás.

(12) Maidir le himeachtaí faoin alt seo, ní beidh aon chumhacht ag an gCoimisiún costais ná caiteachais a dhámhadh d'aon pháirtí.

(13) Ní ghníomhóidh duine mar chomhalta den Choimisiún i ndáil le haon ábhar a bhfuil leas ábhartha airgeadais nó leas tairbhiúil eile aige ann.

(14) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le gearán atá, i dtuairim an Choimisiúin, suaibhreosach nó cráiteach, ná ní bhainfidh sé le gearán a tarraingíodh siar mura dóigh leis an gCoimisiún fáthanna speisialta a bheith ann leis an ngearán a fhiosrú (agus luafaidh an Coimisiún na fáthanna sin nuair a bheidh a chinneadh á thabhairt aige).

Tuarascálacha ón gCoimisiún.

18C.—(1) A luaithe is féidir tar éis direadh gach bliana, tabharfaidh an Coimisiún don Aire tuarascáil ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin i gcaitheamh na bliana sin agus, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh sa tuarascáil cibé ráitis (más ann) is cuí leis an gCoimisiún ina mbeidh sonraí i dtaobh cinntí a rinne sé de bhun an Achta seo, agus leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais a luaithe is féidir.

(2) I gcás a gcuirfidh an tUdarás in iúl don Choimisiún, de bhun alt 18B (9) den Acht seo, nach bhfuil glacadh aige le cinneadh ón gCoimisiún, beidh i dtuarascáil an Choimisiúin don bhliain inar cuireadh sin in iúl amhlaidh don Choimisiún ráiteas ina mbeidh sonraí maidir leis an gcinneadh.”.

Comhairle don Údarás.

5. —Leasaítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur n ionad fho-ailt (1), (2) agus (3):

“(1) Chun a chumasú don Údarás comhairle a bheith aige ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó, féadfaidh an tUdarás, le toiliú an Aire, coistí comhairleacha nó comhairleoirí a cheapadh ó am go ham.

(2) (a) Beidh coiste faoin alt seo comhdhéanta de cibé líon (nach 1ú ná triúr) comhaltaí is cuí leis an Údarás.

(b) Leanfaidh comhalta de choiste faoin alt seo de bheith ina chomhalta go ceann na tréimhse a chinnfidh an tUdarás le linn é a cheapadh mura n-éagfaidh sé nó mura n-éireoidh sé as oifig roimhe sin agus ní leanfaidh níos faide ná sin, ach beidh sé inathcheaptha.

(c) Tionólfaidh coiste faoin alt seo aon uair a ghairfidh an tUdarás é.

(3) (a) Leanfaidh comhairleoir faoin alt seo de bheith ina chomhairleoir go ceann na tréimhse a chinnfidh an tUdarás le linn é a cheapadh mura n-éagfaidh sé nó mura n-éireoidh sé as oifig roimhe sin agus ní leanfaidh níos faide ná sin, ach beidh sé inathcheaptha.

(b) Tabharfaidh comhairleoir faoin alt seo comhairle don Údarás aon uair a iarrfaidh an tUdarás air é.”.

Taifeadfaidh an tUdarás gach craoladh.

1968, Uimh. 19 .

1963, Uimh. 10 .

6. —(1) Beidh de dhualgas ar an Údarás, trína shaoráidí féin agus ar dhóigh a bheidh ceadaithe ag an gCoimisiún chun críocha an ailt seo, gach craoladh a dhéanfaidh an tUdarás a thaifeadadh chun na gcríocha sin; ar choinníoll i gcás craoladh teilifíse go measfar ceanglais an ailt seo a bheith comhlíonta ag an Údarás i gcás gur fuaim-thaifeadadh amháin a dhéanfaidh sé den chraoladh.

(2) Coimeádfaidh an tUdarás, go ceann céad is ochtó lá ar a laghad nó go ceann cibé tréimhse eile ar a gcomhaontóidh an tUdarás agus an Coimisiún, taifeadtaí a rinneadh do chomhlíonadh fho-alt (1) den alt seo, agus le linn gearán a bheith á imscrúdú ag an gCoimisiún tabharfaidh an tUdarás don Choimisiún, ar an gCoimisiún á iarraidh sin aon tráth i rith na tréimhse sin, taifeadadh an chraoladh lena mbaineann an gearán, mar aon leis an taifeadadh, a rinneadh agus a choimeádtar de bhun an ailt seo, ar aon chraoladh eile is dóigh leis an gCoimisiún is craoladh iomchuí i ndáil leis an gcraoladh sin.

(3) Ní sárú ar alt 2 ná ar alt 3 den Acht um Chosaint Taibheoirí 1968, ná ní sárú cóipchirt, taifead a dhéanamh nó a choimeád do chomhlíonadh fho-alt (1) den alt seo, agus ní fhorléireofar aon ní san Acht Cóipchirt, 1963 , mar ní a thoirmisceann nó a shrianann taifead den sórt sin a dhéanamh.

Feidhmeanna breise a shannadh don Údarás.

1966 Uimh. 7.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí, le hordú, cibé feidhmeanna a shannadh don Údarás maidir le gníomhaíochtaí foghabhálacha (i dteannta na bhfeidhmeanna a thugtar dó le halt 16 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 5 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966 , agus le halt 12 den Acht seo) a dhéanamh mar is cuí leis an Aire agus mar a shonróidh sé san ordú, agus féadfaidh cibé forálacha coimhdeacha a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach nó fóirsteanach le lánéifeacht a thabhairt don ordú a bheith in aon ordú den sórt sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

(3) Nuair a bheartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an dréacht a leagan faoina bhráid, rún a rith ag dícheadú an dréachta, ní dhéanfar an t-ordú.

Méideanna bliantúla a íocfaidh an tAire leis an Údarás.

8. —Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, na méideanna seo a leanas a íoc leis an Údarás as airgead a sholáthróidh an tOireachtas—

(a) maidir le gach bliain airgeadais tar éis na bliana airgeadais dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, méid is comhionann le hiomlán fáltas na bliana sin i leith táillí ceadúnais chraolta lúide—

(i) aon chaiteachais a dheimhneoidh an tAire a thabhaigh sé an bhliain sin i ndáil le bailiú na dtáillí sin,

(ii) aon chaiteachais a dheimhneoidh an tAire a thabhaigh sé an bhliain sin i leith comhlíonadh a fheidhmeanna faoi alt 12 nó 12A d'Acht 1926 i ndáil le trasnaíl ar ghléasra raiditheileagrafaíochta chun glactha amháin nó lena dhochrú, agus

(iii) méid deontais nó deontas ón Aire faoi alt 18A den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht seo), agus

(b) maidir le gach bliain airgeadais tar éis na bliana airgeadais dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1974, méid is comhionann le hiomlán fáltas na bliana sin i leith táillí ceadúnais leaschraolta sreinge lúide aon chaiteachais a dheimhneoidh an tAire a thabhaigh sé an bhliain sin i ndáil le bailiú na dtáillí sin.

Méadú na teorann atá le hairleacain inaisíoctha.

9. —Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'alt 23 (2) den Phríomh-Acht:

“(b) ní bheidh siad níos mó ná cúig mhilliún déag punt san iomlán,”.

Cumhachtaí an Údaráis chun airgead a fháil ar iasacht a mhéadú.

10. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 27 den Phríomh-Acht trí “(lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit)” a chur isteach i ndiaidh “airgead”, agus tá an fo-alt sin (1) arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

27.—(1) Féadfaidh an tUdarás, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire, airgead (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a fháil ar iasacht trí stoc nó cineálacha eile urrúis a chruthnú agus a eiseofar, a aistreofar, lena ndéileálfar agus a fhuasclófar i cibé slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tUdarás le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

1933, Uimh. 22 .

11. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 15 i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) (a) Le linn mír (c) d'alt 2 den Acht Síor-Chistí (Clárú), 1933 , a bheith á bhfeidhmiú ar scéim faoin alt seo, forléireofar an mhír sin ionann is dá gcuirfí ‘seachas fomhíreanna (b) agus (c) de mhír 6’ léi.

(b) Forléireofar fo-alt (3) d'alt 7 den Acht Síor-Chistí (Clárú), 1933 , i ndáil le hiarratas faoin alt sin 7 ó iontaobhaí scéime faoin alt seo ionann is dá gcuirfí ‘seachas fomhíreanna (b) agus (c) de mhír 6’ isteach i ndiadh ‘sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so’ i mír (a).

(c) Forléireofar alt 12 (2) den Acht Síor-Chistí (Clárú), 1933 , agus beidh éifeacht leis i ndáil le hiontaobhaí scéime faoin alt seo ionann is dá gcuirfí ‘seachas fomhíreanna (b) agus (c) de mhír 6’ isteach i ndiaidh ‘sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so’.”

Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht.

12. —Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'alt 16 (2) den Phríomh-Acht:

“(b) socrú a dhéanamh faoi réir aon rialacháin faoin Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 , a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, chun cláir a chraolfaidh an tUdarás agus cibé cláir eile a chinnfidh an tUdarás a leathadh trí stáisiúin leaschraolta sreinge;”.

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 17:

“Dualgas ginearálta an Údaráis.

17.—(1) I gcláir an Údaráis ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó—

(a) beidh aird aige ar leasanna agus ar chúraimí an phobail uile, coimeádfaidh sé i gcuimhne a riachtanaí atá comhthuiscint agus síocháin ar fud oileán na hÉireann uile, cinnteoidh sé go léireoidh na cláir na haraíona éagsúla dá bhfuil saíocht phobal oileán na hÉireann uile comhdhéanta, agus beidh cás ar leith aige do na haraíona a shainíonn an tsaíocht sin agus go háirithe don Ghaeilge,

(b) tacóidh sé leis an bhfiúchas daonlathach atá cumhdaithe sa Bhunreacht, go háirithe mar a bhaineann leis an tsaoirse cheart tuairimí a nochtadh, agus

(c) beidh aird aige ar a riachtanaí atá sé an pobal a dhéanamh eolach tuisceanach ar fhiúchais agus ar thraidisiúin tíortha seachas an Stát, go háirithe na tíortha sin is comhaltaí de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.”.

Leasú ar ailt 19 agus 20 den Phríomh-Acht.

14. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 19:

“Iomlán an ama craolta gach bliain a cheadú.

19.—Ní bheidh an uimhir iomlán uaire a chaithfidh an tUdarás ag craoladh ag soláthar—

(a) a sheirbhíse teilifíse,

(b) a sheirbhíse fuaim-chraolta,

níos mó ná uas-uimhir ná níos lú ná íos-uimhir a bheidh socraithe ag an Údarás, le ceadú an Aire, don tseirbhís sin.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Beidh na tráthanna go léir in aghaidh an lae a shocróidh an tUdarás le fógráin a chraoladh agus an tréimhse uasta a shocrófar amhlaidh le haghaidh fógrán in aon uair a chloig faoi réir a gceadaithe ag an Aire.”.

Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht.

15. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 28:

“Airgead a fháil ar iasacht go sealadach.

28.—(1) Féadfaidh an tUdarás, le toiliú an Aire, cibé suimeanna (lena n-áirítear suimeanna in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a bheidh ag teastáil ón Údarás faoi chomhair caiteachais reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí; ar choinníoll nach foláir toiliú an Aire Airgeadais a fháil freisin i gcás an tUdarás d'fháil suimeanna ar iasacht faoin bhfo-alt seo in airgeadra seachas airgeadra an Stáit.

(2) Féadfaidh an tUdarás, seachas chun soláthar a dhéanamh faoi chomhair caiteachais reatha, le toiliú an Aire, is toiliú nach dtabharfar ach amháin i gcás ar deimhin leis an Aire go bhfuil imthosca neamhghnácha ann, cibé suimeanna (in airgeadra an Stáit) a bheidh ag teastáil ón Údarás chun na críche a luaitear in alt 27 (2) den Acht seo a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí.”.

Leasú ar alt 31 den Phríomh-Acht

16. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 31:

“(1) I gcás arb é tuairim an Aire gur dhóigh do chraoladh ábhair áirithe nó do chraoladh aon ábhair d'aicme áirithe coireacht a chur chun cinn nó a ghríosú nó gur de ghné é a dhéanfadh dochar d'údarás an Stáit, féadfaidh sé, le hordú, a ordú don Údarás gan an t-ábhar ná aon ábhar den aicme áirithe a chraoladh, agus comhlíonfaidh an tUdarás an t-ordú.

(1A) Leanfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse nach faide ná dhá mhí dhéag a shonrófar san ordú agus féadfar tréimhse feidhme an ordaithe a fhadú nó a fhadú tuilleadh le hordú ón Aire nó le rún a rithfidh dhá Theach an Oireachtais a fhorálfaidh é a fhadú; ar choinníoll nach faide ná dhá mhí dhéag an tréimhse dá ndéanfar ordú faoin bhfo-alt sin (1) a fhadú nó a fhadú tuilleadh le hordú nó le rún faoin bhfo-alt seo.

(1B) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoin bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar dá bhailíocht sular neamhníodh é.”.

Cláir áitiúla a rialáil lena leathadh ar chórais chábla.

17. —Leasaítear leis seo Acht 1926 tríd an alt seo a leanas a chur i ndiaidh alt 3:

“3A.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú lá a shocrú mar lá ceaptha chun críocha an ailt seo, agus an lá ceaptha a ghairtear ina dhiaidh seo san alt seo den lá a shocrófar amhlaidh.

(2) An lá ceaptha agus dá éis ní sholáthróidh duine ná ní leathfaidh sé, seachas de bhun agus de réir ceadúnas arna dheonú ag an Aire faoin alt seo, lena ghlacadh faoi dheoidh, le fuinneamh leictreach, maighnéadach, leictreamaighnéadach, leictriceimiceach nó leictrimeicniúil,

(a) ar ghaireas le haghaidh raiditheileagrafaíochta chun fuaim agus dearcíomhánna a ghlacadh agus chuige sin amháin, nó

(b) ar ghaireas le haghaidh raiditheileagrafaíochta chun fuaim a ghlacadh agus chuige sin amháin.

aon ábhar cláir áitiúil.

(3) Duine a sholáthróidh nó a leathfaidh ábhar cláir áitiúil contrártha d'fho-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) I gcás a ndéanfar ábhar cláir áitiúil a leathadh nó a sholáthar contrártha d'fho-alt (2) den alt seo, beidh an duine a stiúir nó a léirigh an t-ábhar cláir áitiúil nó a bhí á rialú i gcoitinne nó ina bhun ar dhóigh eile ciontach i gcion.

(5) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(6) San alt seo—

ciallaíonn ‘ábhar cláir áitiúil’ aon ábhar clár—

(a) a fhónann trí dhearc-íomhánna i dteannta nó d'éagmais fuaimeanna, nó trí fhuaimeanna amháin, le haon ní a chur i bhfios do dhaoine nó iad a theagasc nó siamsaíocht a dhéanamh dóibh, agus

(b) a sheoltar de shreang ó stáisiún nó trí stáisiún go dtí pointí seirbhíse, agus

(c) nach trí raiditheileagrafaíocht go heisiatach a dhéantar é a fhorleathadh, a leaschraoladh nó a leathadh;

ciallaíonn ‘pointí seirbhíse’ pointí in áitreabh nó i gcuid d'áitreabh a bhfuil ceangal sreinge acu le stáisiún agus chun a seoltar ábhar cláir de shreang lena ghlacadh ar ghaireas raiditheileagrafaíochta i seilbh áititheoir an áitribh nó na coda;

ciallaíonn ‘stáisiún’ aon ghaireas (lena n-áirítear gaireas raiditheileagrafaíochta) a úsáidtear chun ábhar cláir a leaschraoladh go dtí pointí seirbhíse.”.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1926.

18. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1926—

(a) trí “trí fhuinneamh a astú, thar chonairí nach de shubstaint ábhartha atá déanta nó eagraithe chun na críche sin, is fuinneamh leictreach, maighnéadach nó leictrimaighnéadach” a chur in ionad “le tonntracha leictremhaighnéadacha leathta” sa mhíniú ar “radiothelegrafaíocht”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur leis an alt:

“Chun críocha an Achta seo, aon ghaireas—

(a) atá leictreachuingrithe le gaireas raiditheileagrafaíochta, agus

(b) a úsáidtear ag glacadh nó ag tíolacadh teachtaireachtaí, fuaimeanna nó dearc-íomhánna a sheoltar le raiditheileagrafaíocht, measfar gur gaireas raiditheileagrafaíochta é.”,

agus tá an míniú ar “radio-thelegrafaíocht”, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

Cialluíonn agus foluíonn an focal “radio-thelegrafaíocht” aon mhodh chun teachtaireachtaí, focail labhartha, ceol, íomháigheanna, pictiúirí, priondaí no scéala, fuaimeanna, no comharthaí eile do chur in úil trí fhuinneamh a astú, thar chonairí nach de shubstaint ábhartha atá déanta nó eagraithe chun na críche sin, is fuinneamh leictreach, maighnéadach nó leictrimaighnéadach as gléas no inneall a dineadh chun scéala, fuaimeanna, no comharthaí den tsórt san do chur amach.

Leasú ar alt 12A d'Acht 1926.

19. —Leasaítear leis seo alt 12A d'Acht 1926 (a cuireadh isteach le halt 34 (f) d'Acht 1960)—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon chríche nó gach críche acu seo a leanas:

(a) chun na ceanglais a fhorordú a bheidh le comhlíonadh i gcás aon ghaireas lena mbaineann an t-alt seo má bhítear chun an gaireas a úsáid;

(b) chun na ceanglais a fhorordú a bheidh le comhlíonadh i gcás aon ghaireas lena mbaineann an t-alt seo má bhítear leis an ngaireas a dhíol ar shlí seachas lena onnmhairiú, nó a thairiscint nó a fhógairt lena dhíol ar shlí seachas lena onnmhairiú, nó a ligean ar fruiliú nó a thairiscint nó a fhógairt lena ligean ar fruiliú ag aon duine a mhonaraíonn, a chóimeálann nó a allmhairíonn gairis den sórt sin i gcúrsa gnó;

(c) chun na ceanglais a fhorordú a bheidh le comhlíonadh i gcás aon ghaireas lena mbaineann an t-alt seo má bhítear leis an ngaireas a dhíol lena onnmhairiú go dtí tír nó críoch a mbeidh dearbhaithe de thuras na huaire ag an Aire faoin alt seo gur tír nó críoch í lena mbaineann an mhír seo nó a thairiscint nó a fhógairt lena dhíol amhlaidh, ag aon duine a luaitear i mír (b) den fho-alt seo.”;

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) Aon uair is dóigh leis an Aire nach gcomhlíonann aon ghaireas na ceanglais is infheidhmithe ina leith faoi rialacháin faoin alt seo chun na gcríocha a luaitear i mír (b) nó (c) d'fho-alt (1) den alt seo—

(a) i gcás arb é tuairim an Aire nach gcomhlíonann an gaireas na ceanglais is infheidhmithe ina leith faoi rialacháin a rinneadh amhlaidh chun na gcríocha a shonraítear sa mhír sin (b), féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar aon duine, nó a chur leis an bpost cláraithe chun aon duine, a mhonaraigh nó a d'allmhairigh an gaireas i gcúrsa gnó á thoirmeasc ar an duine, amhail ó dheireadh tréimhse (nach giorra ná seacht lá) a shonrófar san fhógra, an gaireas a dhíol seachas lena onnmhairiú, nó a thairiscint nó a fhógairt lena dhíol amhlaidh nó a ligean ar fruiliú nó a fhógairt lena ligean ar fruiliú,

(b) i gcás arb é tuairim an Aire nach gcomlíonann an gaireas na ceanglais is infheidhmithe ina leith faoi rialacháin a rinneadh amhlaidh chun na gcríocha a shonraítear sa mhír sin (c), féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar aon duine, nó a chur amhlaidh chun aon duine, a mhonaraigh nó a d'onnmhairigh an gaireas i gcúrsa gnó á thoirmeasc ar an duine, amhail ó dheireadh tréimhse (nach giorra ná seacht lá) a shonrófar san fhógra, an gaireas a dhíol lena onnmhairiú go dtí na tíortha nó na críocha a shonrófar sna rialacháin iomchuí faoin alt seo, nó a thairiscint nó a fhógairt lena dhíol amhlaidh,

agus in aon chás den sórt sin á cheangal ar an duine laistigh de thréimhse den sórt sin a shonrófar amhlaidh,—

(i) an gaireas a chur ar fáil lena scrúdú ag oifigeach don Aire a bheidh údaraithe ag an Aire, nó i gcás ordú faoi fho-alt (14) den alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, ag oifigeach nó ag seirbhíseach don Údarás nó d'aon chomhlacht eile a shonrófar san ordú agus a bheidh údaraithe ag an Údarás nó ag an gcomhlacht eile, de réir mar is iomchuí, an scrúdú a dhéanamh.

(ii) má iarrann an t-oifigeach nó an seirbhíseach sin é, sampla nó samplaí (a chuirtear leis seo ar chumas an oifigigh nó an tseirbhísigh sin a roghnú) den ghaireas, nó d'aon chuid den ghaireas a shonróidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach sin, a iompar, ar chostas an duine, go dtí áit a shonróidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach, le tástáil de bhun fho-alt (9A) den alt seo.

(9A) I gcás gaireas nó aon ní eile a iompar de bhun iarratas a rinneadh faoi fho-alt (9) den alt seo, féadfaidh an duine a rinne an t-iarratas nó aon oifigeach nó seirbhíseach eile don Aire, don Údarás nó don chomhlacht eile, de réir mar is iomchuí, an gaireas nó an ní eile a chur faoi thástálacha lena fhionnadh an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an gaireas nó an ní eile na ceanglais is infheidhmithe ina leith faoi na rialacháin iomchuí faoin alt seo.”;

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (10):

“(b) a sáróidh an duine sin forálacha an fhógra nó a mainneoidh sé ceanglais an fhógra a chomhlíonadh tar éis an tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a bheith caite,”; agus

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (13):

“(14) Féadfaidh an tAire le hordú (a fhéadfaidh sé a chúlghairm nó a leasú aon tráth le hordú eile) a dhearbhú go mbeidh ag an Údarás nó ag aon chomhlacht eile a bheidh sonraithe san ordú na cumhachtaí go léir is féidir leis an Aire a fheidhmiú faoi fho-alt (9) den alt seo agus, aon uair a bheidh ordú den sórt sin i bhfeidhm de thuras na huaire, beidh na cumhachtaí sin ag an Údarás nó ag an gcomhlacht eile a bheidh sonraithe amhlaidh agus beidh éifeacht le fo-alt (9) den alt seo ionann is dá mbeadh ar áireamh gach tagartha san fho-alt sin don Aire tagairt don Údarás nó don chomhlacht eile a bheidh sonraithe amhlaidh, de réir mar is iomchuí.

(15) Féadfaidh an tAire le rialacháin a dhearbhú gur tír nó críoch lena mbaineann mír (c) d'fho-alt (1) den alt seo aon tír nó críoch a bheidh sonraithe sna rialacháin.

(16) San alt seo ciallaíonn ‘an tUdarás’ Radio Telefís Éireann.”.

Feidhm ailt 7, 8, 10 agus 12 d'Acht 1926 in ndáil de gaireas áirithe.

20. —(1) Féadfar a cheangal ar dhuine faoi alt 7 d'Acht 1926 a rá i ndearbhú—

(a) cé acu atá nó nach bhfuil gaireas rialáilte ar coimeád aige nó ina sheilbh aige,

(b) má tá aon ghaireas den sórt sin ar coimeád aige nó ina sheilbh aige, an cineál gairis é agus an áit a bhfuil an céanna ar coimeád aige nó ina sheilbh aige.

(2) (a) Beidh na cumhachtaí a thugtar le halt 8 d'Acht 1926 do Bhreitheamh den Chúirt Dúiche barántas cuardaigh a thabhairt infheidhmithe freisin de réir an ailt sin ag an mBreitheamh sin i ndáil le gaireas rialáilte agus, dá réir sin, déanfar an chéad tagairt i bhfo-alt (1) den alt sin 8 do ghaireas le haghaidh raiditheileagrafaíochta a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do ghaireas rialáilte.

(b) Aon bharántas cuardaigh a thabharfar i ndáil le gaireas rialáilte faoin alt sin 8, arna chur chun feidhme le mír (a) den fho-alt seo, beidh sé sainráite agus oibreoidh sé, i ndáil leis an ngaireas sin, sa tslí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt sin i dteannta agus faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar an dara tagairt san fho-alt sin do ghaireas le haghaidh raiditheileagrafaíochta a fhorléiriú, chun críocha na míre seo, mar thagairt do ghaireas rialáilte.

(3) Bainfidh fo-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1926 le gaireas rialáilte mar a bhaineann sé le gaireas raiditheileagrafaíochta, agus, dá réir sin, beidh éifeacht leis on bhfo-alt sin ionann is dá gcuirfí “, ar ghléas rialáilte de réir brí alt 20 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 ” isteach i ndiaidh “do roinnt”.

(4) Bainfidh alt 12 d'Acht 1926 le gaireas rialáilte mar a bhaineann sé le gaireas le haghaidh raiditheileagrafaíochta, agus, dá réir sin, déanfar an chéad tagairt i bhfo-alt (1) den alt sin 12 agus gach tagairt i bhfo-ailt (2), (3) agus (4) den alt sin do ghléas raiditheileagrafaíochta a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do ghaireas rialáilte.

(5) San alt seo ciallaíonn “gaireas rialáilte” gaireas a úsáidtear chun ábhar cláir áitiúil, de réir brí alt 3A d'Acht 1926 (a cuireadh isteach le halt 17 den Acht seo), a sholáthar nó a leathadh mar a thuairiscítear i bhfo-alt (2) den alt sin 3A.

Aisghairm.

21. —Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas d'Acht 1960:

(a) alt 6,

(b) i mír (j) d'alt 16 (2) na focail “faoi réir thoiliú an Aire,”, agus

(c) i mír (m) d'alt 16 (2) (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966 ) na focail “faoi réir thoiliú an Aire,”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

22. —(1) Féadfar an tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1974, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1976, a ghairm díobh le chéile.