|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 33 de 1976 | ||
[EN] |
AN tACHT CUMHACHTAÍ PRÁINNE, 1976 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT CHUN SLÁNDÁIL AN PHOBAIL A CHUR IN ÁIRITHE AGUS CHUN AN STÁT A CHAOMHNÚ IN AGHAIDH CHOINBHLEACHTA FAOI ARM A nDEARNA GACH TEACH DEN OIREACHTAS RÚN A GHLACADH INA THAOBH AN CHÉAD LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR, DE BHUN FHO-ALT 3° D'ALT 3 D'AIRTEAGAL 28 DEN BHUNREACHT. [16 Deireadh Fómhair, 1976] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEAN. | ||
[EN] |
Ré feidhme alt 2. |
1. —(1) Ní fhanfaidh alt 2 den Acht seo i bhfeidhm ach amháin go dtí críoch na tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach dáta an Achta seo a rith, mura rud é go gcoimeádfar i bhfeidhm é nó go dtabharfar i bhfeidhm arís é le hordú faoin alt seo. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Rialtas le hordú a fhoráil:— | |
[EN] | (a) aon uair a bheidh alt 2 den Acht seo i bhfeidhm, go bhfanfaidh an t-alt sin i bhfeidhm go ceann tréimhse nach faide ná dhá mhí dhéag ó thosach feidhme an ordaithe, | |
[EN] | (b) aon uair a bheidh alt 2 den Acht seo i bhfeidhm, go scoirfidh an t-alt sin de bheith i bhfeidhm ar dháta a shonrófar san ordú agus ón dáta sin, nó | |
[EN] | (c) aon uair nach mbeidh alt 2 den Acht seo i bhfeidhm go dtiocfaidh an t-alt sin i bhfeidhm arís agus go bhfanfaidh sé i bhfeidhm go ceann tréimhse nach faide ná dhá mhí dhéag ó thosach feidhme an ordaithe. | |
[EN] | (3) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
[EN] |
Daoine faoi amhras i dtaobh cionta áirithe a ghabháil, a choimeád agus a cheistiú. |
2. —(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána (ar a chárta aitheantais a thabhairt ar aird, má éilítear sin, mura in éide dó), gan bharántas, aon duine a stopadh, a chuardach, a cheistiú agus a ghabháil, nó aon ní nó nithe acu sin a dhéanamh i dtaobh aon duine, má bhíonn amhras aige ar chúis réasúnach go bhfuil cion faoin Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , nó cion is cion sceidealta de thuras na huaire chun críocha Chuid V den Acht sin déanta nó á dhéanamh nó ar tí a dhéanta ag an duine sin, nó má bhíonn amhras aige ar chúis réasúnach go bhfuil aon doiciméad nó aon earra nó ní eile á iompar ag an duine sin, nó go bhfuil faisnéis aige, a bhaineann leis an gcion a dhéanamh nó lena bheith beartaithe é a dhéanamh. |
[EN] | (2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána (ar a chárta aitheantais a thabhairt ar aird, má éilítear sin, mura in éide dó), chun aon chumhacht dá dtugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú, aon fheithicil nó soitheach a stopadh agus a chuardach a bhfuil amhras aige ar chúis réasúnach go bhfuil duine inti a gcumhachtaítear dó leis an bhfo-alt sin é a ghabháil gan bharántas. | |
[EN] | (3) Aon uair a ghabhfar duine faoin alt seo, féadfar é a thabhairt go dtí stáisiún Garda nó príosún nó áit chaothúil eile agus é a choinneáil i gcoimeád ansin go ceann tréimhse 48 n-uaire a chloig ó am a ghabhála agus féadfar, má ordaíonn oifigeach den Gharda Síochána nach ísle céim ná ard-cheannfort amhlaidh, é a choinneáil sa choimeád sin go ceann tréimhse breise nach faide ná cúig lá. | |
[EN] | (4) Duine a bheidh i gcoimeád faoi fho-alt (3) den alt seo féadfar, tráth ar bith le linn an choimeádta sin, é a chúiseamh i gcion os comhair na Cúirte Dúiche nó os comhair cúirte speisialta arna bunú faoi Airteagal 38.3.1° den Bhunreacht nó é a scaoileadh saor ar ordú ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort, agus, mura gcúiseofar nó mura scaoilfear saor é amhlaidh, scaoilfear saor é nuair a bheidh deireadh leis an gcoimeád. | |
[EN] | (5) Ní bheidh na cumhachtaí a thugtar le halt 30 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , infheidhmithe i gcaitheamh tréimhse a mbeidh an t-alt seo i bhfeidhm. | |
[EN] |
Éag an Achta. |
3. —D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, aon uair a bheartóidh gach Teach den Oireachtas le rún nach ann a thuilleadh don staid phráinne náisiúnta ar bheartaigh gach Teach acu sin é a bheith ann le rún an chéad lá de Mheán Fómhair, 1976, éagfaidh an tAcht seo ar dháta an rúin chéadluaite sin agus beidh sé in éag ón dáta sin. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht Cumhachtaí Práinne, 1976 , a ghairm den Acht seo. |