Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

31 1976


Uimhir 31 de 1976


AN tACHT LEITHREASA, 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [21 Iúil, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £1,693,491,010 a leithreasú.

1965, Uimh. 26 .

1891, c. 24.

1. —(1) Na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán míle sé chéad nócha is trí mhilliún, ceithre chéad nócha is aon mhíle agus deich bpunt agus atá comhdhéanta den tsuim céad seachtó is aon mhilliún, cúig chéad caoga is naoi míle agus deich bpunt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, agus den tsuim míle cúig chéad fiche is aon mhilliún, naoi gcéad tríocha is dhá mhíle punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1976, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim céad caoga is seacht milliún, trí chéad agus ceithre mhíle, cúig chéad agus ceithre phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-igcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1976 , a ghairm den Acht seo.