24 1976


Uimhir 24 de 1976


AN tACHT UM PRÉIMHEANNA FOSTAÍOCHTA, 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM PRÉIMHEANNA FOSTAÍOCHTA, 1975 . [7 Iúil, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 2 den Acht um Préimheanna Fostaíochta, 1975 .

1975, Uimh. 23 .

1. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 2 den Acht um Préimheanna Fostaíochta, 1975 , trí “an 8ú lá d'Eanáir, 1977,” a chur in ionad “an 26ú lá de Mheitheamh, 1976,” agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Maidir leis an Scéim—

(a) tiocfaidh sí, a mhéid a bhaineann sí le talmhaíocht (lena n-áirítear garraíodóireacht), i ngníomh an 3ú lá de Lúnasa, 1975, agus

(b) measfar, a mhéid a bhaineann sí le tionscail mhonaraíochta, gur tháinig sí i ngníomh an 29ú lá de Mheitheamh, 1975,

agus scoirfidh sí d'éifeacht a bheith léi an 8ú lá d'Eanáir, 1977, gan dochar d'aon choinníollacha de chuid na Scéime a leanfaidh d'fheidhm a bheith acu tar éis an dáta sin.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Préimheanna Fostaíochta, 1976 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Préimheanna Fostaíochta, 1975 agus 1976, a ghairm den Acht um Préimheanna Fostaíochta, 1975 , agus den Acht seo le chéile.

(3) Measfar gur tháinig an tAcht seo i ngníomh an 26ú lá de Mheitheamh, 1976.