Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Na hAchtacháin Dá dTagraítear in Alt 3 (1))

22 1976


Uimhir 22 de 1976


AN tACHT AOISLIÚNTAS AGUS PINSEAN, 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ D'AIRE NA SEIRBHÍSE POIBLÍ SCÉIMEANNA AOISLIÚNTAS A DHÉANAMH I LEITH SEIRBHÍSE POIBLÍ, DO LEASÚ NÓ D'AISGHAIRM FORÁLACHA ÁIRITHE DE NA hACHTANNA AOISLIÚNTAS, 1834 GO 1963, AGUS D'ACHTACHÁIN ÁIRITHE EILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[6 Iúil 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1956, Uimh. 45 .

1924, Uimh. 16 .

1975, Uimh. 28 .

1937, Uimh. 38 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “státseirbhíseach” duine ag a bhfuil post sa Státseirbhís;

ciallaíonn “an Státseirbhís” Státseirbhís an Rialtais agus Státseirbhís an Stáit;

ciallaíonn “státseirbhíseach bunaithe” státseirbhíseach a íoctar as airgead arna vótáil ag an Oireachtas agus a bhfuil deimhniú ina leith eisithe faoi alt 26 d'Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , nó duine a íoctar amhlaidh agus a meastar, de bhun alt 27 den Acht sin, deimhniú den sórt sin a bheith aige nó atá, de bhun alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 , arna cheapadh ina phríomh-oifigeach ar Roinn Stáit;

ciallaíonn “an tAire” Aire na Seirbhíse Poiblí;

ciallaíonn “aisce théarfa” aisce is iníoctha le státseirbhíseach bunaithe a scoireann den Státseirbhís nó a chuirtear as an Státseirbhís,

(a) mar gheall ar dheireadh a bheith curtha lena oifig, nó

(b) le gur fusa feabhas a chur ar eagrú na roinne nó an chomhlachta lena mbaineann sé trínar féidir tuilleadh éifeachta nó tuilleadh tís a bhaint amach;

ciallaíonn “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh” iad seo a leanas, is é sin, Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1975, na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1975, na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1975, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1975, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1975, an tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 , agus aon achtachán ag leasú nó ag leathnú na nAchtanna sin uile nó aon cheann díobh;

tá le “reacht” agus “ionstraim reachtúil” an bhrí chéanna atá leo, faoi seach, in alt 3 den Acht Léiriúcháin, 1937 ;

ciallaíonn “luach aistrithe” íocaíocht i leith aistriú sochar aoisliúntas agus sin arna ríomh ar mhodh a shonróidh an tAire.

Scéimeanna aoisliúntas maidir le státseirbhísigh agus daoine áirithe eile.

1944, Uimh. 19 .

1959, Uimh. 38 .

1923, Uimh. 27 .

1854, c. 99.

1960, Uimh. 45 .

1931, Uimh. 13 .

2. —(1) Féadfaidh an tAire scéim nó scéimeanna a dhéanamh agus a chur i gcrích de réir téarmaí an chéanna chun pinsin, aiscí (lena n-áirítear aiscí téarfa agus sochair dhíobhála) agus liúntais eile a dheonú ar scor nó ar bhás, nó i cibé imthosca eile a shonrófar ansin, do dhaoine lena mbaineann an t-alt seo nó ina leith.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, i gcás scéim faoin alt seo—

(a) féadfaidh gur scéim ranníocach nó scéim neamhranníocach a bheidh inti,

(b) féadfaidh sí a shocrú go n-íocfaidh nó go bhfaighidh an tAire luachanna aistrithe i ndáil le daoine lena mbaineann an t-alt seo,

(c) féadfaidh sí a shocrú go ndéanfar ranníocaí a íocadh de bhun scéim den sórt sin a íoc trína dtabhairt ar ais, le hús nó gan ús,

(d) féadfaidh éifeacht a bheith léi ó dháta is luaithe ná dáta na scéime ach nach luaithe—

(i) i gcás socrú a bheith sa scéim le pinsin a íoc le baintreacha agus le leanaí daoine éagtha ar dhaoine iad a mbaineann an t-alt seo leo agus a d'éag nó a scoir roimh an 23ú lá d'Iúil, 1968, agus

(A) atá nó a bhí ag fáil pinsin a meastar de bhua alt 9 den Acht seo gur faoi alt 2 den Acht seo a deonaíodh é, nó

(B) a raibh ar dháta a mbáis seirbhís acu a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear sa scéim,

ná an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1969,

(ii) i gcás an scéim do dhéanamh socrú den sórt sin i leith daoine éagtha ar dhaoine iad a mbaineann an t-alt seo leo, agus—

(A) a ghlac de rogha, i rith na tréimhse dar thosach an 23ú lá d'Iúil a dúradh agus dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1968, dul isteach sa scéim nó nár fheidhmigh rogha an lá sin gan dul isteach sa scéim,

(B) a d'fheidhmigh, i rith na tréimhse a luaitear i gclásal (A) den fhomhír seo, an rogha a luaitear amhlaidh agus a ghlac de rogha, d'ainneoin gur fheidhmigh siad an rogha, i rith na tréimhse dar thosach an lú lá d'Eanáir, 1969, agus dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1971, dul isteach sa scéim,

(C) a d'fheidhmigh, i rith na tréimhse a luaitear sa chlásal sin (A), an rogha a luaitear amhlaidh, agus ar tharla ina dhiaidh sin agus i rith na tréimhse dar thosach an 23ú lá d'Iúil a dúradh agus dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1971, gur éag siad nó gur scoir siad den Státseirbhís nó gur scoir siad ar shlí eile de bheith ina ndaoine a mbaineann an t-alt seo leo, agus a ghlac de rogha dul isteach sa scéim, nó a ndearnadh rogha den sórt sin ina leith nó i ndáil leo de bhun na scéime, i rith na tréimhse a dúradh dar thosach an 23ú lá d'Iúil a dúradh agus dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1971,

ná an 23ú lá d'Iúil a dúradh,

(iii) i gcás an scéim do dhéanamh socrú den sórt sin i leith daoine éagtha ar dhaoine iad a mbaineann an t-alt seo leo agus a tháinig chun bheith ina ndaoine den sórt sin agus a d'éag nó a scoir ar shlí eile de bheith ina ndaoine den sórt sin an lú lá d'Eanáir, 1969, nó dá éis, ná an lú lá d'Eanáir a dúradh,

(iv) i gcás an scéim do dhéanamh socruithe seachas na socruithe a luaitear sna fomhíreanna sin roimhe seo den mhír seo, ná an lú lá d'Eanáir, 1970,

(e) féadfaidh feidhm a bheith aici i ndáil le pinsin, liúntais nó aiscí a íocadh nó ab iníoctha le daoine nó i leith daoine ar dhaoine iad a mbaineann an t-alt seo leo agus a d'éag nó a scoir de bheith ina ndaoine a mbaineann an t-alt seo leo roimh thosach feidhme na scéime.

(f) féadfaidh sí a cheangal nó a údarú pinsin, liúntais nó aiscí a íoc le daoine nó i leith daoine a luaitear i mír (e) den fho-alt seo,

(g) féadfaidh sí a údarú aon suim, nach mó ná méid a bheidh sonraithe sa scéim agus a bheidh dlite i leith aon sochair faoin scéim, a íoc gan probháid a thabhairt ar aird ná teideal ionadaí phearsanta duine éagtha a chruthú ar aon slí eile,

(h) féadfaidh sí a fhoráil, i ndáil le ceapacháin a dhéanfar tar éis dáta an Achta seo a rith chun Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, nach mbainfidh fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1944 , le sealbhóir na hoifige sin ná le duine áirithe i seilbh na hoifige sin.

(3) Baineann an t-alt seo le haon duine—

(a) arb amhlaidh dó an 23ú lá d'Iúil, 1968, nó dá éis,

(i) gur státseirbhíseach bunaithe é,

(ii) gur comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais é de réir brí alt 2 den Acht um Fhoireann Thithe an Oireachtais, 1959 ,

(iii) go sealbhaíonn sé oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus gur státseirbhíseach bunaithe é tráth ar bith sular ceapadh chun na hoifige sin é,

(iv) gur Coimisinéir de Choimisiún Talún na hÉireann é a ceapadh de bhun alt 4 den Acht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 ,

(v) gur oifigeach nó seirbhíseach é a ceapadh de bhun alt 13 den National Gallery of Ireland Act, 1854,

(vi) gur duine é a ceapdh de bhun alt 2 (1) den Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960 , le bheith ina eadránaí maoine,

(b) arb amhlaidh dó roimh an 23ú lá d'Iúil a dúradh,

(i) go bhfuair sé bás agus, tráth a bháis, gur státseirbhíseach bunaithe é nó gur shealbhaigh sé oifig nó ceapachán dá dtagraítear i bhfomhír (ii), (iii), (iv), (v) nó (vi) de mhír (a) den alt seo,

(ii) gur duine é ba státseirbhíseach bunaithe tráth agus a raibh scortha den Státseirbhís aige, nó a shealbhaigh tráth oifig nó ceapachán dá dtagraítear amhlaidh agus a raibh scortha aige den oifig nó den cheapachán, agus, i gceachtar cás, a fuair bás lá ar bith is lá i ndiaidh dáta a scoir,

(iii) gur dhuine é ba státseirbhíseach bunaithe tráth agus a raibh scortha den Státseirbhís aige, nó a shealbhaigh tráth oifig nó ceapachán dá dtagraítear amhlaidh agus a raibh scortha aige den oifig nó den cheapachán, agus a bhí, i gceachtar cás, an lú lá d'Eanáir, 1970, ag fáil pinsin nó liúntais i leith seirbhíse sa Státseirbhís, san oifig nó sa cheapachán,

(c) gur duine é d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe i rialacháin a beidh déanta ag an Aire.

(4) Féadfar scéimeanna éagsúla a dhéanamh faoin alt seo i ndáil le haicmí éagsúla daoine lena mbaineann an t-alt seo.

(5) Suim a bheidh le híoc ag an Aire de bhun foráil a bheidh ar áireamh i scéim faoin alt seo de bhua mhír (g) d'fho-alt (2) den alt seo féadfar í a íoc le daoine nó a dháileadh ar dhaoine ar dealraitheach don Aire teideal tairbhiúil a bheith acu chun eastát an duine éagtha lena mbaineann, nó í a íoc le duine amháin nó níos mó nó a dháileadh ar níos mó ná duine amháin de na daoine sin, nó i gcás gur neamhdhlisteanach don duine éagtha lena mbaineann nó dá leanaí (is cás nach mbaineann alt 9 den Acht Dlisteanais, 1931 , leis), í a íoc le cibé daoine nó a dháileadh ar cibé daoine is cuí leis an Aire, agus beidh an tAire urscaoilte ó gach dliteanas maidir le haon íocaíocht nó dáileadh den sórt sin.

(6) I gcás pinsean a bheith laghdaithe go hiomlán, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, de bhua aon achtacháin (seachas an tAcht seo), ansin chun críocha an ailt seo measfar an pinsean a bheith faighte ag an duine a gheobhadh é murach an laghdú.

(7) I gcás inar dealraitheach don Aire go bhfuil foráil in aon reacht nó ionstraim reachtúil ar neamhréir le haon fhoráil de scéim faoin alt seo nó go bhfuil sí tagtha chun bheith neamhriachtanach nó gur gá í a oiriúnú, a mhodhnú nó a leasú ar shlí eile de dhroim aon fhorála de scéim faoin alt seo, féadfaidh sé, faoi réir fho-alt (8) den alt seo, le scéim faoin alt seo an fhoráil a aisghairm nó a leasú.

(8) Ní dhéanfaidh an tAire, ach amháin le toiliú an Aire Leasa Shóisialaigh, scéim faoin alt seo a aisghairfidh nó a leasóidh foráil atá sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh nó in aon ionstraim reachtúil a rinneadh faoi na hAchtanna sin.

(9) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le scéim a déanfar de bhun fho-alt (7) den alt seo amhail ar agus ó lá nach luaithe ná an 23ú lá d'Iúil, 1968.

(10) I gcás aon fhoráil a leasú le scéim faoin alt seo ní dhochróidh sin aon chumhacht an fhoráil sin a leasú a thugtar ar shlí seachas leis an alt seo.

(11) Faoi réir fho-alt (8) den alt seo, féadfaidh an tAire tráth ar bith scéim a dhéanamh do leasú nó do chúlghairm scéim faoin alt seo.

(12) Tiocfaidh fo-alt (7) den alt seo i ngníomh ar dháta thosach feidhme alt 11 den Acht seo.

Féadfaidh an tAire forálacha láithreacha áirithe aoisliúntas státseirbhíse a leasú.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus laistigh den tréimhse dar tosach dáta an Achta seo a rith agus dar críoch dáta thosach feidhme alt 11 den Acht seo, a fhoráil le rialachán go scoirfidh nó go leasófar ar shlí eile aon achtachán dá luaitear sa dara colún den Sceideal sin (achtacháin a bhaineann le haoisliúntais daoine lena mbaineann alt 2 den Acht seo) mar aon le haon ionstraim reachtúil, a mhéid atá sí déanta, nó a mheastar í a bheith déanta, faoi aon achtachán dá luaitear sa tríú colún sin.

(2) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin go scoirfidh nó go leasófar ar shlí eile aon fhoráil in aon reacht nó in aon ionstraim reachtúil i gcás inar dealraitheach dó go bhfuil an fhoráil ar neamhréir le haon fhoráil i rialacháin faoin alt seo, nó go bhfuil sí tagtha chun bheith neamhriachtanach nó gur gá í a oiriúnú, a mhodhnú nó a leasú ar shlí eile de dhroim aon fhorála den sórt sin.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an tAire le rialacháin an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú le go dtabharfar aon reacht ina iomláine, nó aon achtachán in aon reacht, faoi raon feidhme fho-alt (1) den alt seo.

(4) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo—

(a) á fhoráil go scoirfidh nó go leasófar ar shlí eile aon fhoráil sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh nó in aon ionstraim reachtúil faoi na hAchtanna sin,

(b) ag tabhairt aon reacht a áirítear sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh, ina iomláine, nó aon achtachán in aon reacht den sórt sin, faoi raon feidhme fho-alt (1) den alt seo,

ach amháin le toiliú an Aire Leasa Shóisialaigh.

(5) I gcás ina mbeartóidh an tAire rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go gceadóidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.

(6) I gcás aon fhoráil a leasú le rialacháin faoin alt seo ní dhochróidh sin aon chumhacht an fhoráil sin a leasú a thugtar ar shlí seachas leis an alt seo.

(7) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le rialacháin faoin alt seo amhail ar agus ó lá nach luaithe ná an 1ú lá d'Eanáir, 1970.

Feidhmeanna aoisliúntas a tharmligean.

4. —Féadfaidh an tAire, a mhéid is cuí leis agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, aon chumhacht a thugtar dó le scéim faoi alt 2 den Acht seo chun aon phinsean, aisce nó liúntas eile a dheonú, aon luach aistrithe a íoc nó a ghlacadh, nó aon ranníoc nó íocaíocht eile a thabhairt nó a ghlacadh a tharmligean chun aon Aire Stáit eile, nó chun aon duine a ndearbhaítear le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire gur duine é lena mbaineann an t-alt seo, agus i gcás suim a thuairiscítear amhlaidh a bheith le híoc, de bhun tarmligin faoin alt seo, ag Aire Stáit den sórt sin nó ag duine eile den sórt sin ar an modh a thuairiscítear i mír (g) d'alt 2 (2) den Acht seo, beidh feidhm ag alt 2 (5) den Acht seo maidir leis an íocaíocht ach sin faoi réir an mhodhnaithe gurb é an tAire Stáit sin nó an duine eile sin a chinnfidh amhlaidh na daoine a ndéanfar an tsuim a íoc leo nó a dháileadh orthu, in ionad an tAire á gcinneadh de réir an ailt sin.

Leasú ar alt 2 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1944.

5. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1944 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (1):

“; ar choinníoll nach mbeidh duine a shealbhaíonn oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i dteideal rogha a dhéanamh faoin bhfo-alt seo más duine é nach mbeidh feidhm maidir leis, de bhua scéim faoi alt 2 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976 , a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, ag fo-alt (1) den alt seo”

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

TABLA

2.—(1) I gcás duine ag fónamh i bhfeadhmannas bunaithe sa Stát-Sheirbhís do cheapadh ina Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, beidh an duine sin, má ghlacann de roghain é, i dteideal go gcuirfí i mbaint leis forála na nAcht Aoisliúntas, 1834 go 1942, mar bhí na hAchta san ionchurtha i mbaint leis agus é ag fónamh amhlaidh sa Stát-Sheirbhís, in ionad forál fó-ailt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht, agus is tuigthe chun críoch a mbainte leis amhlaidh a sheirbhís mar Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste do bheith ina seirbhís i bhfeadhmannas bunaithe sa Stát-Sheirbhís agus í bheith ionáirithe i dteanta a sheirbhíse iarbhír i bhfeadhmannas bunaithe sa Stát-Sheirbhís; ar choinníoll nach mbeidh duine a shealbhaíonn oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i dteideal rogha a dhéanamh faoin bhfo-alt seo más duine é nach mbeidh feidhm maidir leis, de bhua scéim faoi alt 2 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976 , a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, ag fo-alt (1) den alt seo.

Leasú ar alt 26 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963 .

1963, Uimh. 24 .

6. —Forléireofar an tagairt in alt 26 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963 , do na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, mar thagairt do na hAchtanna sin arna leasú le haon rialacháin faoi alt 3 den Acht seo.

Caiteachais.

7. —(1) Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire é, na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo.

(2) Aon ranníoc nó íocaíocht eile a bheidh le híoc ag an Aire de bhun scéim faoi alt 2 den Acht seo íocfaidh an tAire an céanna,

(a) i gcás inar íocaíocht le duine a shealbhaigh oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an íocaíocht, as an bPríomh-Chiste, nó

(b) in aon chás eile, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Déanfar aon ranníoc nó íocaíocht eile a ghlacfaidh an tAire de bhua an Achta seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste de réir treoracha ón Aire Airgeadais.

Rialacháin agus scéimeanna i gcoitinne.

8. —(1) Déanfar gach rialachán nó scéim a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, seachas rialachán faoi alt 3 (3), a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán nó an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó na scéime, beidh an rialachán nó an scéim, de réir mar a bheidh, ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán nó faoin scéim.

(2) Féadfaidh aon rialacháin nó scéim a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a fhoráil gurb é an tAire a chinnfidh ceisteanna a éireoidh faoi na rialacháin nó faoin scéim nó de bhua na rialacháin nó an scéim a dhéanamh agus féadfaidh siad a fhoráil gur cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire ar aon cheisteanna den sórt sin.

(3) Féadfaidh aon scéim a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a fhoráil go ndéanfar aon tagairt in aon reacht (seachas an tAcht seo), nó in aon reacht áirithe den sórt sin a bheidh sonraithe sa scéim, do na hAchtanna Aoisliúntas a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a fhorléiriú mar thagairt, nó mar thagairt a fholaíonn tagairt, de réir mar a bheidh, don scéim, agus i gcás aon fhoráil den sórt sin a bheith i scéim den sórt sin, forléireofar an t-achtachán lena mbaineann an fhoráil agus beidh éifeacht leis de réir na forála.

Cosaint.

1887, c. 67.

9. —(1) Ní dhéanfaidh aisghairm nó leasú aon achtacháin arna dhéanamh leis an Acht seo nó faoin Acht seo difear—

(a) d'aon phinsean, liúntas nó aisce a deonaíodh do dhuine nó i leith duine faoi aon reacht (seachas an tAcht seo),

(b) d'aon chomhaontú, cinneadh, géilleadh, roghnú nó ainmniú a rinneadh, d'aon fhógra nó ceadú a tugadh ná d'aon ranníoc a íocadh faoi aon achtachán den sórt sin,

(c) d'aon ní eile a deonaíodh, a rinneadh, a tugadh nó a íocadh faoi aon achtachán den sórt sin,

agus leanfar den phinsean nó den liúntas sin a íoc ionann is dá mba nár aisghaireadh nó nár leasaíodh an t-achtachán amhlaidh agus, i gcás ina gceadaíonn an comhthéacs é, measfar an pinsean, an liúntas nó an aisce, nó an ní a luaitear i mír (b) nó (c) den fho-alt seo, a bheith deonaithe, déanta, tugtha nó íoctha faoin bhforáil chomhréireach de scéim a rinneadh faoi alt 2 den Acht seo.

(2) Déanfar aon tagairt in aon reacht (seachas an tAcht seo), nó in aon doiciméad (mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt), do phinsean faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, nó do phinsean a deonaíodh faoi na hAchtanna sin, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do phinsean faoi scéim faoi alt 2 den Acht seo nó do phinsean a deonaíodh, nó a mheastar faoin Acht seo a deonaíodh, faoi scéim den sórt sin, de réir mar is iomchuí.

(3) Déanfar aon tagairt in aon reacht (seachas an tAcht seo) nó in aon doiciméad—

(a) d'aon achtachán a aisghairtear, go hiomlán nó go páirteach, leis an Acht seo,

(b) do chnuasach dhá achtachán den sórt sin nó níos mó ar achtacháin den sórt sin é nó a bhfuil aon achtachán den sórt sin ann,

(c) do chnuasach dhá fhoráil nó níos mó atá in dhá achtachán den sórt sin nó níos mó agus ar achtacháin den sórt sin é nó a bhfuil aon achtachán den sórt sin ann,

a fhorléiriú, i gcás ina gceadaíonn an comhthéacs é, mar thagairt, nó mar thagairt a fholaíonn tagairt, don scéim chomhréireach faoin Acht seo, nó don fhoráil chomhréireach de scéim den sórt sin, de réir mar is iomchuí.

(4) Ní bheidh feidhm ag alt 8 den Superannuation Act, 1887, maidir le haon phinsean, aisce nó liúntas arna dheonú faoi scéim faoi alt 2 den Acht seo.

Féadfar suim eile a chur in ionad na suime a shonraítear in alt 8 den Superannuation Act, 1887.

1956, Uimh. 22 .

10. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú suim eile a chur in ionad na suime a shonraítear in alt 8 den Superannuation Act, 1887, arna leasú le halt 35 den Acht Airgeadais, 1956 , agus le halt 9 den Acht seo, agus i gcás ina ndéanfar ordú faoin alt seo, ansin fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm forléireofar an t-alt sin 8, arna leasú amhlaidh, agus beidh éifeacht leis, ionann is dá mba thagairt don tsuim a shonraítear san ordú an tagairt san alt sin do chúig chéad punt.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

(3) I gcás ina mbeartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Aisghairm.

11. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

12. —(1) Féadfar an tAcht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976 , a ghairm den Acht seo.

(2) (a) Tiocfaidh ailt 9 (4) agus 10 den Acht seo i ngníomh cibe lá a shocrófar chuige sin le hordú ón Aire.

(b) Tiocfaidh alt 11 den Acht seo i ngníomh cibé lá a shocrófar amhlaidh.