18 1976


Uimhir 18 de 1976


AN tACHT UM RIALÚ BANC (LUACH SAOTHAIR AGUS COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA) (FORÁLACHA SEALADACHA), 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, CHUN LEASA AN NÁISIÚIN, CHUN RIALÚ A DHÉANAMH, GO CEANN TRÉIMHSE TEORANTA, AR LUACH SAOTHAIR AGUS TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA EILE FOSTAÍOCHTA FOSTAITHE BANC AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [25 Meitheamh, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Tosach feidhme agus dul in éag.

1. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

(2) Rachaidh an tAcht seo in éag cibé lá, nach déanaí ná an 30ú lá de Shamhain, 1976, a cheapfaidh an tAire le hordú.

Mínithe.

1971, Uimh. 24 .

1963, Uimh. 33 .

2. —San alt seo—

ciallaíonn “banc” sealbhóir ar cheadúnas a bhfuil feidhm aige de thuras na huaire faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , agus aon chuideachta (de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) atá, nó dá mba chuideachta (de réir na brí réamhráite sin) gach sealbhóir ar cheadúnas den sórt sin a bheadh, ina fochuideachta (de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 , a dúradh) de chuid aon sealbhóra den sórt sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair.

Cumhacht an Aire toirmeasc a chur le hardú ar luach saothair agus le leasuithe áirithe ar choinniollacha eile fostaíochta fostaithe banc.

3. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú—

(a) a thoirmeasc ar na bainc chomhlachaithe luach saothair ar rátaí is mó ná rátaí an luach saothair dá bhforáiltear leis an gComhaontú a íoc lena bhfostaithe tar éis tosach feidhme an ordaithe, agus

(b) a thoirmeasc ar na bainc chomhlachaithe aon leasú nó athrú ar théarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta a bhfostaithe a thabharfadh téarmaí nó coinníollacha fostaíochta níos fearr nó níos fabhraí dóibh a dhéanamh nó a fheidhmiú nó leanúint dá bhfeidhmiú, tar éis an tosach feidhme sin.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú—

(a) a thoirmeasc ar na bainc (seachas na bainc chomhlachaithe) luach saothair ar rátaí is mó ná rátaí an luach saothair ar ar chomhaontaigh na bainc sin agus a bhfostaithe, nó ar ar comhaontaíodh thar a gceann, an 23ú lá de Mheitheamh, 1976, nó roimhe sin, a íoc leis na fostaithe sin tar éis tosach feidhme an ordaithe, agus

(b) a thoirmeasc ar na bainc (seachas na bainc chomhlachaithe) aon leasú nó athrú ar théarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta a bhfostaithe a thabharfadh téarmaí nó coinníollacha fostaíochta níos fearr nó níos fabhraí dóibh a dhéanamh nó a fheidhmiú nó leanúint dá bhfeidhmiú, tar éis an tosach feidhme sin, lasmuigh d'aon leasú nó athrú ar ar chomhaontaigh na bainc sin agus na fostaithe sin, nó ar ar comhaontaíodh thar a gceann, an 23ú lá de Mheitheamh, 1976, nó roimhe sin.

(3) Féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmhartacha a mheasfaidh an tAire is gá chun críocha an ordaithe a bheith in ordú faoin alt seo.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(5) Aon bhanc a sháróidh, nó nach gcomhlíonfaidh, foráil in ordú faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

(6) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(7) (a) San alt seo ciallaíonn “an Comhaontú” an comhaontú dar teideal COMHAONTú IDIR COISTE CAIDRIMH FOIRNE NA mBANC, THAR CEANN A BHALL-BHANC AGUS COMHLACHAS BANC-OIFIGEACH éIREANN, THAR CEANN A CHOMHALTAí ATá AR FOSTú AG NA BAINC I bPOBLACHT NA héIREANN MAIDIR LE hATHBHREITHNIú TUARASTAL OIFIGEACH BAINC—

(i) a shínigh Cathaoirleach Chomhchomairle Thionscail na mBanc (Poblacht na hÉireann) an 4ú lá d'Iúil, 1975,

(ii) a síníodh thar ceann Chomhlachas Banc-Oifigeach Éireann an 20ú lá de Mheitheamh, 1975, agus

(iii) a síníodh thar ceann Choiste Caidrimh Foirne na mBanc an 7ú lá d'Iúil, 1975,

agus ar sonraíodh gurbh é ba ré feidhme dó tréimhse dhá mhí dhéag ón 1ú lá de Mheitheamh, 1975, arna mhodhnú leis an gcomhaontú dar teideal COMHAONTú IDIR COISTE CAIDRIMH FOIRNE NA mBANC AGUS COMHLACHAS BANC-OIFIGEACH é IR-EANN MAIDIR LE TUARASTAIL BHANC-OIFIGEACH ATá AR FOSTÚ AG NA BAINC CHOMHLACHAITHE I bPOBLACHT NA hé IR-EANN a shínigh an Cathaoirleach sin agus a síníodh thar ceann an Chomhlachais sin agus an Choiste sin an 9ú lá de Mheitheamh, 1976;

ciallaíonn “na bainc chomhlachaithe” na gnóthais seo a leanas:

(i) Bainc-Aontas Éireann Teoranta,

(ii) Banc an Tuaiscirt Teoranta,

(iii) Gobharnóir agus Cuideachta Bhanc na hÉireann,

(iv) Banc Uladh Teoranta,

agus aon chuideachta (de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) atá, nó dá mba chuideachta (de réir na brí réamhráite sin) gach gnóthas de na gnóthais réamhráite sin a bheadh, ina fochuideachta (de réir na brí réamhráite sin) d'aon cheann de na gnóthais réamhráite.

(b) An tagairt atá i bhfo-alt (1) (b) den alt seo do théarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta fostaithe na mbanc comhlachaithe, is tagairt í do na téarmaí nó na coinníollacha sin arna leasú nó arna n-athrú leis an gComhaontú.

4. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £400 a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 a chur air agus ina theannta sin, i gcás cion faoi alt 3 den Acht seo ar cion leanúnach é, fíneáil bhreise nach mó ná £10,000 in aghaidh gach lá a leanfar den chion.

(2) (a) Duine a gcuirfear fíneáil air ar é a chiontú i gcion faoin Acht seo, ní dhlífear príosúnacht a chur air má mhainníonn sé an fhíneáil a íoc, ach féadfaidh an chúirt a chiontaigh an duine ordú a thabhairt íoc na fíneála sin a áirithiú tríd an sirriam nó an cláraitheoir contae iomchuí d'urghabháil mhaoin an duine sin, do ghlacadh seilbhe uirthi agus, más gá, dá díol agus féadfaidh sí, le hordú, socrú a dhéanamh maidir le haon ábhair fhoghabhálacha agus choimhdeacha is gá chun an t-íoc sin a áirithiú.

(b) San fho-alt seo—

folaíonn “maoin” scaireanna, bintiúir agus cearta nó leasanna i scaireanna nó i mbintiúir, urrúis de chuid an Rialtais, urrúis de chuid aon údaráis áitiúil agus cearta i leith airgead a tugadh ar iasacht d'aon chumann tionscail agus coigiltis, d'aon chara-chumann nó d'aon chumann foirgníochta, nó a taisceadh le haon chumann den sórt sin, ach, i gcás fíneála ar chiontú achomair, ní fholaíonn “maoin” talamh;

ciallaíonn “scaireanna” scaireanna i scairchaipiteal comhlachta chorpraithe nó stoc de chuid comhlachta chorpraithe.

Feidhm alt 382 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 .

5. —Beidh feidhm ag alt 382 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , maidir le bainc nach cuideachtaí iad de réir brí an Achta sin amhail mar atá feidhm aige maidir le bainc ar cuideachtaí den sórt sin iad.

Cionta ag stiúrthóirí agus ag oifigigh áirithe banc.

6. —I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag banc agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú, nó gur éascaíodh a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir ar an mbanc sin, nó is comhalta de choiste bainistíochta nó d'údarás rialaithe eile an bhainc sin, nó is bainisteoir nó rúnaí nó oifigeach eile de chuid an bhainc sin, measfar an cion a bheith déanta ag an duine sin freisin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina aghaidh agus é a phionósú dá réir sin.

Oifigigh údaraithe.

7. —(1) Féadfaidh an tAire cibé oifigigh agus cibé líon oifigeach is cuí leis de chuid Roinne Stáit a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.

(2) Tabharfar d'oifigeach údaraithe barántas ar a cheapadh mar oifigeach údaraithe agus nuair a bheidh aon chumhacht dá dtugtar d'oifigeach údaraithe leis an Acht seo á feidhmiú aige tabharfaidh sé an barántas ar aird d'aon duine lena mbaineann, má iarrann an duine sin é.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

8. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe, chun aon eolas a fháil a theastóidh ón Aire lena fheidhmeanna faoin Acht seo a fheidhmiú. aon ní nó nithe díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) dul isteach in áitreabh bainc gach tráth réasúnach,

(b) a cheangal ar aon duine, is stiúrthóir ar an mbanc nó is comhalta de choiste bainistíochta nó d'údarás rialaithe eile an bhainc nó is fostaí de chuid an bhainc, aon taifid, leabhair nó doiciméid a thabhairt ar aird dó atá faoi chumhacht nó faoi urláimh an duine sin agus a bhfuil cúis réasúnach ag an oifigeach chun a chreidiúint gur taifid, leabhair nó doiciméid iad ina bhfuil eolas den sórt sin a dúradh agus cibé eolas a thabhairt dó a theastóidh uaidh de réir réasúin i dtaobh aon iontrálacha in aon taifid, leabhair nó doiciméid den sórt sin.

(c) aon taifid, leabhair nó doiciméid den sórt sin a iniúchadh agus cóip a dhéanamh díobh nó sleachta a bhaint astu.

(2) Má chuireann aon duine cosc nó bac ar oifigeach údaraithe ag feidhmiú a chumhachtaí dó faoi fho-alt (1) den alt seo nó mura gcomhlíonfaidh sé ceanglas ó oifigeach údaraithe faoin bhfo-alt sin (1), beidh an duine sin ciontach i gcion.

Dliteanas sibhialta banc a eisiamh i gcásanna áirithe.

9. —Ní bheidh aon ábhar caingne in aon chúirt i leith banc do loiceadh nó do mhainniú méadú luach saothair a íoc le fostaí nó leasú nó athrú a dhéanamh ar aon téarma nó coinníoll eile fostaíochta fostaí más as comhlíonadh forálacha an Achta seo, nó ordaithe faoin Acht seo, a d'éirigh an loiceadh nó an mhainneachtain.

Caiteachais.

10. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

11. —Féadfar an tAcht um Rialú Banc (Luach Saothair agus Coinníollacha Fostaíochta) (Forálacha Sealadacha), 1976 , a ghairm den Acht seo.