An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (DLÍNSE), 1976)

14 1976

AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (DLÍNSE), 1976

AN SCEIDEAL

Alt 2.

Cionta faoin dlí coiteann

1. Dúnmharú.

2. Dúnorgain.

3. An cion faoin dlí coiteann is coirloscadh.

4. Fuadach.

5. Príosúnú neamhdhleathach.

Damáiste mailíseach

6. Aon chion faoi na forálacha seo a leanas den Malicious Damage Act, 1861—

(a) alt 1 (tine a chur le heaglais, etc.);

(b) alt 2 (tine a chur le teach cónaí agus duine istigh ann);

(c) alt 3 (tine a chur le teach, le fo-theach, le háitreabh gnó nó le háitreabh feirme le hintinn díobháil a dhéanamh d'aon duine nó calaois a dhéanamh air);

(d) alt 4 (tine a chur le stáisiún iarnróid, etc.);

(e) alt 5 (tine a chur le haon fhoirgneamh poiblí);

(f) alt 6 (tine a chur le foirgnimh eile);

(g) alt 7 (tine a chur le hearraí i bhfoirgnimh áirithe);

(h) alt 35 (cur isteach ar iarnród).

Cionta in aghaidh an duine

1861, c. 100.

7. Aon chion faoi na forálacha seo a leanas den Offences against the Person Act, 1861—

(a) alt 18 (créachtú le hintinn mórdhíobháil choirp a dhéanamh);

(b) alt 20 (mórdhíobháil choirp a dhéanamh).

Pléascáin

8. Aon chion faoi na forálacha seo a leanas den Explosive Substances Act, 1883—

(a) alt 2 (pléasc a dhéanamh ar dóigh dó beo duine a chur i mbaol nó damáiste a dhéanamh do mhaoin);

(b) alt 3 (ábhair phléascacha a shealbhú etc.);

(c) alt 4 (pléascáin a dhéanamh nó a shealbhú in imthosca amhrasacha).

Robáil agus buirgléireacht

9. Aon chion faoi na forálacha seo a leanas den Larceny Act, 1916—

(a) alt 23 (robáil);

(b) alt 23B (trombhuirgléireacht).

Airm tine

10. Aon chion faoi alt 15 d'Acht na nArm Teine, 1925 (arm tine nó lón lámhaigh a shealbhú le hintinn beo duine a chur i mbaol nó tromdhíobháil a dhéanamh do mhaoin).

11. Aon chion faoi na forálacha seo a leanas d'Acht na nArm Tine, 1964

(a) alt 26 (arm tine a bheith ag duine agus é ag tógáil feithicle gan údarás);

(b) alt 27 (airm tine a úsáid chun gabháil a chomhrac nó chun cabhrú le héalú);

(c) alt 27A (arm tine nó lón lámhaigh a shealbhú in imthosca amhrasacha);

(d) alt 27B (arm tine a iompar le hintinn choiriúil).

Aerárthaí agus feithiclí a urghabháil go neamhdhleathach

1973, Uimh. 29 .

12. Aon chion faoi alt 11 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1973 (aerárthaí a urghabháil go neamhdhleathach).

13. Aon chion faoi alt 10 den Acht seo (feithiclí a urghabháil go neamhdhleathach).