An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Céilí agus Leanaí Cleithiúnacha a Chothabháil) Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach)

11 1976

AN tACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COTHABHÁIL CÉILÍ AGUS LEANAÍ), 1976

CUID III

Tuilleamh a Astú

Ordú astaithe tuillimh.

10. —(1) (a) Ar iarratas a dhéanamh—

(i) chun na hArd-Chúirte ag duine a ndearna an Ard-Chúirt réamh-ordú ar iarratas uaidh,

(ii) chun na Cúirte Cuarda ag duine a ndearna an Chúirt Chuarda réamh-ordú ar iarratas uaidh,

(iii) chun na Cúirte Dúiche—

(I) ag duine a ndearna an Chúirt Dúiche réamhordú ar iarratas uaidh, nó

(II) ag cléireach Cúirte Dúiche a gceanglaítear íocaíochtaí faoi réamh-ordú a íoc leis,

ansin, chun íocaíochtaí faoin réamh-ordú a áirithiú, féadfaidh an Chúirt ar chuici a rinneadh an t-iarratas (dá ngairtear “an Chúirt” ina dhiaidh seo san alt seo), más deimhin léi gur duine an féichiúnaí cothabhála a mbeidh tuilleamh le híoc leis, ordú astaithe tuillimh a dhéanamh.

(b) Folaíonn tagairtí san fho-alt seo do réamh-ordú a rinne aon Chúirt tagairtí d'ordú den sórt sin a rinneadh, a athraíodh nó a daingníodh ar achomharc ón gCúirt sin.

(2) Is é a bheidh in ordú astaithe tuillimh ordú a bheidh dírithe chuig duine a mbeidh (tráth an ordaithe a dhéanamh nó aon tráth dá éis sin) an féichiúnaí cothabhála ar fostú aige agus oibreoidh sé mar threoir chuig an duine sin suimeanna a mbeidh iontu cibé méideanna (a shonrófar san ordú) is iomchuí, ag féachaint don ghnáth-ráta asbhainte agus don ráta tuillimh chosanta, a bhaint go tréimhsiúil, na tráthanna sin a bheidh sonraithe san ordú, as tuilleamh an fhéichiúnaí cothabhála agus na méideanna a asbhainfear a íoc, na tráthanna sin a ordóidh an Chúirt—

(a) i gcás inar ordú cothabhála infheidhmithe an réamh-ordú iomchuí, leis an gcléireach Cúirte Dúiche a bheidh sonraithe leis an ordú astaithe tuillimh lena dtarchur chuig an duine a bheidh i dteideal íocaíochtaí a rinneadh faoin réamh-ordú iomchuí a fháil,

(b) in aon chás eile, leis an duine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo nó, más cuí leis an gCúirt é, leis an gcléireach Cúirte Dúiche a bheidh sonraithe leis an ordú astaithe tuillimh lena dtarchur chuig an duine sin.

(3) Ní dhéanfar ordú astaithe tuillimh gan toiliú an fhéichiúnaí cothabhála mura deimhin leis an gCúirt go bhfuil mainnithe ag an bhféichiúnaí cothabhála, gan leithscéal réasúnach, aon íocaíocht a íoc faoin réamh-ordú iomchuí.

(4) Gach ordú astaithe tuillimh—

(a) sonrófar ann an gnáth-ráta asbhainte, is é sin le rá, an ráta a measfaidh an Chúirt gur réasúnach an tuilleamh lena mbaineann an t-ordú a fheidhmiú dá réir leis an réamhordú iomchuí a chomhlíonadh, nach mó ná an ráta is dealraitheach don Chúirt is gá—

(i) chun a áirithiú go n-íocfar na suimeanna a thiocfaidh chun bheith dlite ó am go ham faoin réamh-ordú iomchuí, agus

(ii) chun a áirithiú go n-íocfar laistigh de thréimhse réasúnach aon suimeanna a bheidh dlite cheana féin agus gan íoc faoin réamh-ordú iomchuí agus, freisin, aon chostais a tabhaíodh in imeachtaí i ndáil leis an réamh-ordú iomchuí agus is iníoctha ag an bhféichiúnaí cothabhála,

(b) sonrófar ann an ráta tuillimh chosanta, is é sin le rá, an ráta ar cuí i dtuairim na Cúirte, ag féachaint d'acmhainn agus do riachtanais an fhéichiúnaí cothabhála, nach ndéanfaí an tuilleamh iomchuí a laghdú thairis anuas trí íocaíocht de bhun ordaithe astaithe tuillimh,

(c) beidh ann, a mhéid is feasach don Chuirt iad, cibé sonraí is iomchuí léi le go bhféadfaidh an duine a mbeidh an t-ordú dírithe chuige aithne a thabhairt ar an bhféichiúnaí cothabhála.

(5) Na híocaíochtaí a íocfar faoi ordú astaithe tuillimh is íocaíochtaí iad in ionad íocaíochtaí ar cóimhéid iomlán leo faoin réamh-ordú iomchuí nár íocadh agus a bheadh, mura mbeadh an t-ordú astaithe tuillimh, le híoc faoin réamh-ordú iomchuí.

Ordú astaithe tuillimh a chomhlíonadh.

11. —(1) I gcás ina ndéanfar ordú astaithe tuillimh nó ordú á athrú, déanfaidh an fostóir dá ndéanfaidh sé difear de thuras na huaire é a chomhlíonadh má bhíonn sé seirbheáilte air; ach ní bheidh aon dliteanas air mar gheall ar neamhchomhlíonadh sula mbeidh deich lá caite ó thráth a sheirbheála.

(2) I gcás ina seirbheálfar ordú astaithe tuillimh ar aon duine agus nach mbeidh an féichiúnaí cothabhála ar fostú aige nó go scoirfidh an féichiúnaí cothabhála dá éis sin de bheith ar fostú aige, déanfaidh an duine sin (i gceachtar cás), laistigh de dheich lá ó dháta na seirbheála nó, de réir mar a bheidh, an scoir, fógra faoin bhfíoras sin a thabhairt don Chúirt.

(3) Aon ócáid a dhéanfaidh duine, do chomhlíonadh ordaithe astaithe tuillimh, asbhaint as tuilleamh féichiúnaí cothabhála, tabhar faidh sé ráiteas i scríbhinn don fhéichiúnaí cothabhála ag insint méid iomlán na hasbhainte.

(4) Cuirfidh cibé cláraitheoir cúirte nó cibé cléireach cúirte a bheidh sonraithe le hordú astaithe tuillimh faoi deara an t-ordú a sheirbheáil ar an bhfostóir chun a mbeidh sé dírithe agus ar aon fhostóir ag a mbeidh an féichiúnaí cothabhála lena mbaineann ar fostú dá éis sin agus a bhfaighidh an cláraitheoir nó an cléireach a bheidh sonraithe amhlaidh fios faoi agus féadfar an tseirbheáil sin a dhéanamh tríd an ordú nó cóip den ordú a fhágáil ag an áit chónaí nó ag an áit ghnó atá sa Stát ag an duine a bheidh le seirbheáil nó a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha go dtí an áit chónaí nó an áit ghnó sin.

Suimeanna a gheobhaidh cléireach Cúirte Dúiche a chur chun feidhme.

12. —I ndáil le haon íocaíochtaí a íocfar le cléireach Cúirte Dúiche faoi ordú astaithe tuillimh, measfar, nuair a tharchuirfidh sé na híocaíochtaí sin chuig an duine a bheidh i dteideal iad a fháil, gur íocaíochtaí iad a d'íoc an féichiúnaí cothabhála chun go n-urscaoilfí—

(a) sa chéad ásc, aon suimeanna is iníoctha faoin réamh-ordú iomchuí, agus

(b) ansin, aon chostais in imeachtaí i ndáil leis an réamh-ordú iomchuí ab iníoctha ag an bhféichiúnaí cothabhála an uair a rinneadh, nó an uair dheiridh a athraíodh, an t-ordú astaithe tuillimh.

Ráiteas maidir le tuilleamh.

13. —(1) I ndáil le hordú astaithe tuillimh nó le hiarratas ar ordú den sórt sin, féadfaidh an Chúirt a rinne an t-ordú nó a mbeidh an t-iarratas déanta chuici, roimh an éisteacht nó le linn na héisteachta nó le linn don ordú a bheith i bhfeidhm—

(a) a ordú don fhéichiúnaí cothabhála ráiteas i scríbhinn a bheidh sínithe aige a thabhairt don Chúirt laistigh de thréimhse shonraithe ina n-inseoidh sé—

(i) ainm agus seoladh aon duine a íocann tuilleamh leis,

(ii) mioninste sonraithe maidir lena thuilleamh agus lena thuilleamh ionchasach agus maidir lena acmhainn agus lena riachtanais, agus

(iii) mioninste sonraithe le go bhféadfaidh aon fhostóir a mbeidh an féichiúnaí cothabhála ar fostú aige aithne a thabhairt ar an bhféichiúnaí cothabhála sin,

(b) a ordú d'aon duine ar dealraitheach don Chúirt an féichiúnaí cothabhála a bheith ar fostú aige ráiteas a bheidh sínithe ag an duine sin, nó thar a cheann, ag insint mioninste sonraithe faoi thuilleamh agus faoi thuilleamh ionchasach an fhéichiúnaí cothabhála a thabhairt don Chúirt laistigh de thréimhse shonraithe.

(2) Féadfaidh ceanglas a bheith i bhfógra faoi iarratas ar ordú astaithe tuillimh a sheirbheálfar ar fhéichiúnaí cothabhála á cheangal go dtabharfaidh sé don Chúirt, laistigh den tréimhse agus sa tslí a shonrófar san fhógra, ráiteas i scríbhinn ag insint na n-ábhar dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) den alt seo agus aon ábhair eile a mbeidh baint acu, nó a bhféadfaidh baint a bheith acu, le cinneadh an ghnáthráta asbhainte agus an ráta tuillimh chosanta a shonrófar san ordú.

(3) In aon imeachtaí i ndáil le hordú astaithe tuillimh beidh ráiteas a thabharfar don Chúirt do chomhlíonadh ordaithe faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (1) den alt seo nó ceanglais faoi fho-alt (2) den alt seo inghlactha mar fhianaise ar na fíorais a bheidh luaite sa chéanna, agus measfar gur ráiteas a tugadh amhlaidh, mura suífear a mhalairt, doiciméad a airbheartóidh gur ráiteas den sórt sin é.

Fógra faoi athrú ar fhostaíocht agus ar thuilleamh.

14. —I gcás ina mbeidh ordú astaithe tuillimh i bhfeidhm:

(a) tabharfaidh an féichiúnaí cothabhála fógra i scríbhinn don Chúirt a rinne an t-ordú faoi gach ócáid ar a bhfágfaidh sé aon fhostaíocht, nó ar a rachaidh sé ar fostaíocht nó ar athfhostaíocht, tráth nach déanaí (i ngach cás) ná deich lá ón dáta a dhéanfaidh sé sin,

(b) déanfaidh an féichiúnaí cothabhála, ar aon ócáid ar a rachaidh sé ar fostaíocht nó ar athfhostaíocht, sonraí a thuillimh agus a thuillimh ionchasaigh ón bhfostaíocht iomchuí a chur san fhógra uaidh faoi mhír (a) den alt seo,

(c) aon duine a thiocfaidh chun bheith ina fhostóir ag an bhféichiúnaí cothabhála agus a fhios aige faoin ordú a bheith i bhfeidhm agus cén Chúirt a rinne é, tabharfaidh sé, laistigh de dheich lá ón tráth a thiocfaidh sé chun bheith ina fhostóir ag an bhféichiúnaí cothabhála nó ón tráth a gheobhaidh sé an t-eolas sin (cibé tráth acu is déanaí), fógra i scríbhinn don Chúirt sin gurb eisean fostóir an fhéichiúnaí, agus cuirfidh sé san fhógra sin uaidh ráiteas ag insint tuilleamh agus tuilleamh ionchasach an fhéichiúnaí.

Cumhacht a chinneadh an tuilleamh íocaíochtaí áirithe.

15. —(1) I gcás ina mbeidh ordú astaithe tuillimh i bhfeidhm, déanfaidh an Chúirt a rinne an t-ordú, ar iarratas ón bhfostóir iomchuí nó ón bhféichiúnaí cothabhála nó ón duine a n-íoctar íocaíochtaí leis faoin ordú, a chinneadh an tuilleamh chun críche an ordaithe íocaíochtaí (nó aon chodanna d'íocaíochtaí) a íoctar leis an bhféichiúnaí cothabhála d'aicme nó de thuairisc áirithe a shonraítear leis an iarratas, agus tabharfaidh an fostóir éifeacht d'aon chinneadh a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an fostóir iarratas faoin alt seo, ní thabhóidh sé aon dliteanas mar gheall ar an ordú a bheith gan chomhlíonadh aige maidir le haon íocaíochtaí (nó aon chodanna d'íocaíochtaí) den aicme nó den tuairisc a bheidh sonraithe san iarratas agus a íocfaidh sé leis an bhféichiúnaí cothabhála le linn an t-iarratas nó aon achomharc dá dhroim nó aon chinneadh i ndáil leis an iarratas nó leis an achomharc a bheith ar feitheamh, ach ní bheidh feidhm aige sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, maidir leis na híocaíochtaí sin (nó aon chodanna díobh) má tharraingíonn an fostóir an t-iarratas siar nó, de réir mar a bheidh, má thréigeann sé an t-achomharc, ina dhiaidh sin.

Daoine i seirbhís an Stáit, údaráis áitiúil etc.

1941, Uimh. 23 .

1946, Uimh. 9 .

1930, Uimh. 29 .

1931, Uimh. 8 .

16. —(1) Má bhíonn féichiúnaí cothabhála i seirbhís an Stáit, i seirbhís údaráis áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , i seirbhís údaráis chuain de réir brí an Achta Cuanta, 1946 , i seirbhís boird sláinte, i seirbhís coiste gairmoideachais a bunaíodh leis an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , nó i seirbhís coiste talmhaíochta a bunaíodh leis an Acht Talmhaíochta, 1931 , nó más comhalta é de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) i gcás féichiúnaí cothabhála i seirbhís an Stáit a bheith ar fostú i roinn, in oifig, in eagras, i seirbhís, i ngnóthas nó i gcomhlacht eile, measfar, chun críocha an Achta seo, an féichiúnaí cothabhála a bheith ar fostú ag príomhoifigeach an chéanna (nó ag cibé oifigeach eile a dhéanfaidh an tAire Stáit a riarann an roinn, an oifig, an t-eagras, an tseirbhís, an gnóthas nó an comhlacht eile a ainmniú ó am go ham), agus

(b) i gcás féichiúnaí cothabhála a bheith i seirbhís údaráis, boird nó coiste den sórt sin, measfar, chun críocha an Achta seo, an féichiúnaí cothabhála a bheith ar fostú ag príomh-oifigeach an chéanna,

(c) in aon chás eile, mar a n-íoctar féichiúnaí cothabhála as an bPríomh-Chiste nó as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, measfar, chun críocha an Achta seo, an féichiúnaí cothabhála a bheith ar fostú ag Rúnaí na Roinne Airgeadais (nó ag cibé oifigeach eile don Aire Airgeadais a ainmneoidh an tAire sin ó am go ham), agus

(d)measfar, maidir le aon tuilleamh de chuid féichiúnaí cothabhála a íoctar as an bPríomh-Chiste nó as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, gurb é an príomhoifigeach dá dtagraítear i mír (a) nó (b), de réir mar a bheidh, den fho-alt seo, nó Rúnaí na Roinne Airgeadais nó cibé oifigeach eile a bheidh ainmnithe faoi mhír (a) nó (c), de réir mar a bheidh, den fho-alt seo, de réir mar is iomchuí, a íocann é.

(2) Má éiríonn aon cheist in imeachtaí le haghaidh nó de bharr ordaithe astaithe tuillimh i dtaobh cén roinn, oifig, eagras, seirbhís, gnóthas nó comhlacht eile ina bhfuil féichiúnaí cothabhála i seirbhís an Stáit ar fostú chun críocha an ailt seo, féadfar an cheist a tharchur chuig Aire na Seirbhíse Poiblí agus féadfaidh seisean í a chinneadh, ach ní bheidh aon oibleagáid ar an Aire sin tarchur faoin bhfo-alt seo a bhreithniú murab í an Chúirt a dhéanfaidh an tarchur sin.

(3) Doiciméad a airbheartóidh cinneadh a bheith ann ó Aire na Seirbhíse Poiblí faoi fho-alt (2) den alt seo agus a bheith sínithe ag oifigeach de chuid Aire na Seirbhíse Poiblí beidh sé, in aon imeachtaí den sórt a luaitear san fho-alt sin, inghlactha i bhfianaise agus measfar, mura suífear a mhalairt, ráiteas cruinn ar an gcinneadh sin a bheith ann.

(4) San alt seo folaíonn tagairtí d'fhéichiúnaí cothabhála i seirbhís an Stáit tagairtí d'fhéichiúnaí cothabhála lena n-íoctar tuilleamh díreach amach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas.

Ordú astaithe tuillimh a urscaoileadh, a athrú agus dul as feidhm.

17. —(1) Féadfaidh an Chúirt a rinne ordú astaithe tuillimh, más cuí léi, ar iarratas ón gcreidiúnaí cothabhála, ón bhféichiúnaí cothabhála nó ón gcléireach Cúirte Dúiche ar ar iarratas uaidh a rinneadh an t-ordú, ordú a dhéanamh ag urscaoileadh nó ag athrú an ordaithe sin.

(2) I gcás ina ndéanfar ordú faoin alt seo ag athrú ordaithe astaithe tuillimh, comhlíonfaidh an fostóir é má bhíonn sé seirbheáilte air, ach ní bheidh aon dliteanas air mar gheall ar neamhchomhlíonadh sula mbeidh deich lá caite ó thráth na seirbheála.

(3) I gcás fostóir dá ndéanann ordú astaithe tuillimh difear do scor den fhéichiúnaí cothabhála a bheith ar fostú aige, rachaidh an t-ordú, a mhéid a bhaineann leis an bhfostóir sin, as feidhm (ach amháin maidir le hasbhaintí as tuillimh a íocfaidh an fostóir sin tar éis an scoir agus suimeanna a bhain an fostóir sin aon tráth as tuillimh a íoc leis an duine ar ina fhabhar a rinneadh an t-ordú).

(4) Ní choiscfidh ordú dul as feidhm faoi fho-alt (3) den alt seo é leanúint i bhfeidhm chun críocha eile.

Ordú astaithe tuillimh do scor d'éifeacht a bheith aige.

18. —(1) Scoirfidh ordú astaithe tuillimh d'éifeacht a bheith aige ar an réamh-ordú iomchuí a urscaoileadh, ach amháin maidir le híocaíochtaí faoin ordú astaithe tuillimh i leith aon ama roimh dháta an urscaoilte.

(2) I gcás ina scoirfidh ordú astaithe tuillimh d'éifeacht a bheith aige, tabharfaidh cléireach nó cláraitheoir na Cúirte a rinne an t-ordú fógra faoin scor don fhostóir.

Forálacha maidir le malairt leigheasanna.

1940, Uimh. 23 .

19. —(1) I gcás ordú astaithe tuillimh a bheith déanta, rachaidh aon imeachtaí as feidhm a tionscnaíodh faoi alt 8 (1) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , chun an réamh-ordú iomchuí a fheidhmiú agus aon ordú nó barántas a eisíodh nó a rinneadh faoin alt sin in aon imeachtaí den sórt sin scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige.

(2) Scoirfidh ordú astaithe tuillimh d'éifeacht a bheith aige ar ordú a dhéanamh faoi alt 8 (1) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , chun an réamh-ordú iomchuí a fheidhmiú.

Feidhmiú.

20. —(1) I gcás duine, gan leithscéal réasúnach—

(a) do mhainniú déanamh de réir fho-alt (1) nó (2) d'alt 11 nó alt 14 nó de réir ordú faoi alt 13 nó 17 (2) den Acht seo, nó

(b) do thabhairt do Chúirt ráiteas de bhun alt 13 (1) den Acht seo, nó fógra faoi alt 14 den Acht seo, a bheidh bréagach nó míthreorach,

agus nach bhfaighidh creidiúnaí cothabhála, dá dheasca sin, suim airgid a bheidh dlite faoi ordú astaithe tuillimh, féadfaidh an creidiúnaí cothabhála nó an cléireach Cúirte Dúiche a mbeidh an tsuim sin le híoc leis agairt i leith na suime mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, agus féadfaidh an chúirt sin a ordú don duine cibé suim (nach mó ná an tsuim réamhráite) a measfaidh an chúirt gur suim chuí í sna himthosca uile a íoc leis an agróir le dáileadh, i cibé slí agus i cibé méideanna a shonróidh an chúirt, idir na daoine ar ar mhaithe leo a rinneadh an t-ordú astaithe tuillimh.

(2) I gcás ina dtabharfaidh duine do Chúirt—

(a) ráiteas de bhun alt 13 den Acht seo, nó

(b) fógra faoi alt 14 den Acht seo,

is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £200 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó iad araon, a chur air.

(3) Beidh duine a sháróidh alt 11 (3) den Acht seo ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.