|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III Tuilleamh a Astú) |
AN tACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COTHABHÁIL CÉILÍ AGUS LEANAÍ), 1976
[EN] | ||||||||
[EN] |
CUID II Céilí agus Leanaí Cleithiúnacha a Chothabháil | |||||||
[EN] |
Ordú cothabhála. |
5. —(1) (a) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, i gcás inar dealraitheach don Chúirt, ar chéile do dhéanamh iarratais chuici, go bhfuil mainnithe ag an gcéile eile an chothabháil sin is cuí sna himthosca a sholáthar don chéile iarrthach agus d'aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach, féadfaidh an Chúirt ordú (dá ngairtear ordú cothabhála san Acht seo) a dhéanamh go n-íocfaidh an céile eile leis an gcéile iarrthach íocaíochtaí tréimhsiúla, chun an céile iarrthach agus gach duine de leanaí cleithiúnacha an teaghlaigh a chothú, go ceann cibé tréimhse le linn don chéile iarrthach a bheith beo, a mbeidh cibé méid iontu agus cibé tráthanna, is cuí leis an gCúirt. | ||||||
[EN] | (b) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, i gcás céile— | |||||||
[EN] | (i) a bheith éagtha, | |||||||
[EN] | (ii) a bheith tar éis an céile eile a thréigean nó a bheith tréigthe ag an gcéile eile, nó | |||||||
[EN] | (iii) a bheith ina chónaí ar leithligh agus scartha ón gcéile eile, | |||||||
[EN] | agus go bhfuil leanaí cleithiúnacha sa teaghlach (nach leanaí atá á gcothabháil go hiomlán ag ceachtar céile), ansin, más dealraitheach don Chúirt, ar aon duine do dhéanamh iarratais chuici, go bhfuil mainnithe ag an gcéile marthanach nó, de réir mar a bheidh, ag ceachtar céile an chothabháil sin is cuí sna himthosca a sholáthar d'aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach, féadfaidh an Chúirt ordú (dá ngairtear ordú cothabhála san Acht seo) a dhéanamh go n-íocfaidh an céile sin leis an duine sin íocaíochtaí tréimhsiúla, chun gach duine de na leanaí cleithiúnacha sin a chothú, go ceann cibé tréimhse le linn don duine sin a bheith beo, a mbeidh cibé méid iontu agus cibé tráthanna, is cuí leis an gCúirt. | |||||||
[EN] | (c) Sonrófar in ordú cothabhála nó in ordú athrúcháin gach cuid d'íocaíocht faoin ordú ar le leanbh cleithiúnach a chothú í agus féadfar an tréimhse, le linn bheith beo don duine a d'iarr an t-ordú, a shonrú ann a ndéanfar an oiread sin d'íocaíocht faoin ordú, ar chun leanbh cleithiúnach a chothú é, a íoc ina haghaidh. | |||||||
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an Chúirt ordú cothabhála ag ordú céile a chothú i gcás inar thréig an céile an céile eile agus go leanann sé nó sí den tréigean. | |||||||
[EN] | (3) I gcás adhaltranas a bheith déanta ag an gcéile iarrthach, ansin— | |||||||
[EN] | (a) má lig an céile eile leis an adhaltranas nó má chúlcheadaigh sé nó sí é, nó má chabhraigh sé nó sí leis trí fhaillí nó mí-iompar toiliúil, ní foras an t-adhaltranas ar a faidh an Chúirt diúltú ordú cothabhála a dhéanamh chun an céile iarrthach a chothú, | |||||||
[EN] | (b) murar lig an céile eile leis an adhaltranas nó murar chúlcheadaigh sé nó sí é, nó murar chabhraigh sé nó sí léis trí fhaillí nó mí-iompar toiliúil, féadfaidh an Chúirt, d'ainneoin an adhaltranais, ordú cothabhála chun an céile iarrthach a chothú a dhéanamh in aon chás inar dóigh leis an gCúirt, ag féachaint do na himthosca uile (lena n-áirítear iompar an chéile eile), gur cuí sin a dhéanamh. | |||||||
[EN] | (4) Le linn don Chúirt bheith á chinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sí ordú cothabhála agus, má chinneann sí é a dhéanamh, le linn di bheith ag cinneadh méid aon íocaíochta, beidh aird aici ar imthosca uile an cháis agus, go háirithe, ar na hábhair seo a leanas— | |||||||
[EN] | (a) ioncam, cumas tuillimh (más ann), maoin agus acmhainn airgeadais eile na gcéilí agus aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach, lena n-áirítear ioncam nó sochair chun a bhfuil teideal le reacht nó faoi reacht ag ceachtar céile nó ag aon leanaí den sórt sin, agus | |||||||
[EN] | (b) freagrachtaí airgeadais agus freagrachtaí eile na gcéilí i leith a chéile agus i leith aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach agus riachtanais aon leanaí cleithiúnacha den sórt sin, lena n-áirítear aire agus aireachas. | |||||||
[EN] |
Ordú cothabhála a urscaoileadh, a athrú agus a fhoirceannadh. |
6. —(1) Féadfaidh an Chúirt— | ||||||
[EN] | (a) ordú cothabhála a urscaoileadh aon tráth tar éis bliana ó thráth a dhéanta, ar iarratas ón bhféichiúnaí cothabhála, i gcás inar dealraitheach don Chúirt, ag féachaint do stair íocaíochtaí an fhéichiúnaí cothabhála de bhun an ordaithe agus d'imthosca eile an cháis, nach ndochróidh urscaoileadh an ordaithe cothabhála na daoine ar dá gcothú a dhéanann sé socrú, nó | |||||||
[EN] | (b) ordú cothabhála a urscaoileadh nó a athrú aon tráth, ar iarratas ó cheachtar páirtí, más cuí léi sin a dhéanamh ag féachaint d'aon imthosca nach raibh ann nuair a rinneadh an t-ordú nó, má athraíodh é, an uair dheireanach a athraíodh é, nó d'aon fhianaise nach raibh fáil uirthi ag an bpáirtí sin nuair a rinneadh an t-ordú cothabhála nó, má athraíodh é, an uair dheireanach a athraíodh é. | |||||||
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, urscaoilfidh an Chúirt, ar iarratas a dhéanamh chuici faoin bhfo-alt sin, an chuid sin d'ordú cothabhála a dhéanann socrú chun creidiúnaí cothabhála a chothú i gcás ina ndealraíonn sé di gur thréig an creidiúnaí cothabhála, is é sin, céile an fhéichiúnaí cothabhála, an féichiúnaí cothabhála agus go leanann sé nó sí den tréigean. | |||||||
[EN] | (3) Beidh an chuid sin d'ordú cothabhála a dhéanann socrú chun leanbh cleithiúnach a chothú arna hurscaoileadh nuair a scoirfidh an leanbh de bheith ina leanbh cleithiúnach den teaghlach mar gheall ar shé bliana déag d'aois nó bliain is fiche d'aois, de réir mar a bheidh, a shlánú dó, agus urscaoilfidh an Chúirt í, ar iarratas a dhéanamh chuici faoi fho-alt (1) den alt seo, más deimhin léi go bhfuil scortha ar chúis ar bith ag an leanbh de bheith ina leanbh cleithiúnach den teaghlach. | |||||||
[EN] | (4) I gcás adhaltranas a bheith déanta ag an gcéile iarrthach ó rinneadh ordú cothabhála chun an céile sin a chothabháil, ansin— | |||||||
[EN] | (a) má lig an céile eile leis an adhaltranas nó má chúlcheadaigh sé nó sí é, nó má chabhraigh sé nó sí leis trí fhaillí nó mí-iompar toiliúil, ní foras an t-adhaltranas ar a bhféadfaidh an Chúirt an t-ordú cothabhála a urscaoileadh nó a athrú; | |||||||
[EN] | (b) murar lig an céile eile leis an adhaltranas nó murar chúlcheadaigh sé nó sí é, nó murar chabhraigh sé nó sí leis trí fhaillí nó mí-iompar toiliúil, féadfaidh an Chúirt, d'ainneoin an adhaltranais, diúltú an t-ordú cothabhála chun an céile iarrthach a chothú a urscaoileadh nó a athrú in aon chás inar dóigh leis an gCúirt, ag féachaint do na himthosca uile (lena n-áirítear iompar an chéile eile sin), gur cuí diúltú sin a dhéanamh. | |||||||
[EN] | (5) Ní foras tréigean ná adhaltranas ag céile chun aon chuid d'ordú cothabhála a urscaoileadh nó a athrú is ordú a dhéanann socrú chun leanaí cleithiúnacha den teaghlach a chothú. | |||||||
[EN] |
Ordú eatramhach. |
7. —Ar iarratas ar ordú cothabhála a bheith déanta chun na Cúirte, ansin, sula gcinnfidh an Chúirt cé acu a dhéanfaidh sí an t-ordú nó a dhiúltóidh sí é a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, más dealraitheach di gur cuí sin a dhéanamh ag féachaint do riachtanais na ndaoine ar lena gcothú a bheifear ag iarraidh an ordaithe cothabhála agus d'imthosca eile an cháis, ordú (dá ngairtear ordú eatramhach san Acht seo) a dhéanamh ag ordú go n-íocfaidh an féichiúnaí cothabhála leis an iarratasóir, ar feadh tréimhse cinnte a shonrófar san ordú nó go dtí go ndéanfaidh an Chúirt breithniú ar an iarratas, cibé suim thréimhsiúil is cuí i dtuairim na Cúirte. | ||||||
[EN] |
Orduithe i leith comhaontuithe pósta áirithe. |
8. —I gcás— | ||||||
[EN] | (a) ina ndéanfaidh na páirtithe i bpósadh comhaontú i scríbhinn (lena n-áirítear comhaontú idirscartha) tar éis tosach feidhme an Achta seo ina mbeidh an dá fhoráil seo a leanas nó ceachtar acu, is é sin le rá— | |||||||
[EN] | (i) foráil trína ngeallfaidh céile amháin íocaíochtaí tréimhsiúla a íoc i leith an chéile eile nó aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach nó i leith an chéile eile sin agus aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach a chothabháil, | |||||||
[EN] | (ii) foráil do rialú cearta agus dliteanais na gcéilí i leith a chéile i ndáil le híocaíochtaí (seachas íocaíochtaí a shonraítear i mír (a) (i) den alt seo) a íoc nó a urrú, nó do rialú diúscairt nó úsáid aon mhaoine, agus | |||||||
[EN] | (b) ina ndéanfaidh céile amháin nó an dá chéile iarratas chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Cuarda ar ordú a dhéanfaidh riail chúirte den chomhaontú, | |||||||
[EN] | féadfaidh an Chúirt ordú den sórt sin a dhéanamh más deimhin léi gur comhaontú cóir réasúnach é a leor-chosnaíonn, sna himthosca go léir, leasanna an dá chéile agus na leanaí cleithiúnacha (más ann) den teaghlach, agus, a mhéid a bhainfidh an t-ordú sin le foráil a shonraítear i mír (a) (i) den alt seo, measfar, chun críche alt 9 agus Chuid III den Acht seo, gur ordú cothabhála é. | |||||||
[EN] |
Iocaíochtaí a tharchur trí chléireach Cúirte Dúiche. |
9. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú cothabhála, ordú athrúcháin nó ordú eatramhach faoin Acht seo, déanfaidh an Chúirt— | ||||||
[EN] | (a) treoir a thabhairt air sin go n-íocfar íocaíochtaí faoin ordú leis an gcléireach Cúirte Dúiche, mura n-iarrfaidh an creidiúnaí cothabhála uirthi gan sin a dhéanamh agus go measfaidh an Chúirt gur cuí nach ndéanfaí sin, agus | |||||||
[EN] | (b) i gcás nach mbeidh treoir tugtha ag an gCúirt faoi mhír (a) den fho-alt seo, treoir a thabhairt, aon tráth dá éis sin ar iarratas ón gcreidiúnaí cothabhála, go ndéanfar na híocaíochtaí réamhráite a íoc leis an gcléireach Cúirte Dúiche. | |||||||
[EN] | (2) I gcás ina mbeidh íocaíochtaí leis an gcléireach Cúirte Dúiche faoin alt seo i riaráiste, déanfaidh an cléireach Cúirte Dúiche, má iarrann an creidiúnaí cothabhála é i scríbhinn, cibé bearta a mheasfaidh sé a bheith réasúnach sna himthosca chun na suimeanna i riaráiste a ghnóthú cibé acu trí imeachtaí ina ainm féin ag iarraidh ordú astaithe tuillimh nó ar shlí eile é. | |||||||
[EN] | (3) I gcás ina mbeidh treoir tugtha faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón bhféichiúnaí cothabhála agus tar éis deis a thabhairt don chreidiúnaí cothabhála cur in aghaidh an iarratais, an treoir a urscaoileadh más deimhin léi, ag féachaint do stair na n-íocaíochtaí a íocadh leis an gcléireach Cúirte Dúiche agus do na himthosca eile go léir, gur chuí sin a dhéanamh. | |||||||
[EN] | (4) Déanfaidh an cléireach Cúirte Dúiche aon íocaíochtaí a íocfar leis de bhua an ailt seo a tharchur chuig an gcreidiúnaí cothabhála. | |||||||
[EN] | (5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'aon cheart de chuid duine imeachtaí a thionscnamh ina ainm féin chun aon suim a ghnóthú is iníoctha, ach nár íocadh, leis an gcléireach Cúirte Dúiche de bhua an ailt seo. | |||||||
[EN] | (6) Na tagairtí san alt seo, i ndáil le haon imeachtaí, don chléireach Cúirte Dúiche is tagairtí iad do cibé cléireach Cúirte Dúiche i cibé dúiche Cúirte Dúiche a chinnfidh an Chúirt lena mbainfidh ó am go ham. | |||||||
[EN] | (7) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) nó (2) den alt seo difear do mhír (a) nó (b) d'alt 14 (8) den Acht um Orduithe Cothabhála, 1974 . | |||||||
[EN] | (8) Déantar leis seo alt 14 (8) den Acht um Orduithe Cothabhála, 1974 , a leasú trí “alt 10 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , nó faoi” a chur isteach i ndiaidh “iarratas faoi” agus trí “8” a chur isteach i ndiaidh “san alt sin” i mír (b) agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||
|