An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976) Ar Aghaidh (CUID II Cáin Chorparáide)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

CUID I

Córas Ginearálta Cánachais

Cáin chorparáide a fheidhmiú i gcás cuideachtaí mar mhalairt ar cháin ioncaim, cáin bhrabús corparáide agus cáin ghnóchan caipitiúil.

1. —(1) Don bhliain airgeadais 1974 agus do gach bliain airgeadais dá héis muireorófar cáin, ar a dtabharfar cáin chorparáide, ar bhrabúis chuideachtaí, de réir ráta 50 faoin gcéad.

(2) Do na blianta measúnachta tar éis na bliana 1975-76 ní bheidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin ioncaim a mhuirearú maidir le hioncam cuideachta (nach n-eascraíonn chuici i gcáil mhuiníneach ná i gcáil ionadaitheach)—

(a) má chónaíonn an chuideachta sa Stát; nó

(b) más ioncam é atá, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, ar áireamh bhrábúis inmhuirearaithe na cuideachta mar a mhínítear sin chun críocha cánach corparáide.

(3) Ní bheidh cuideachta inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil maidir le gnóchain a d'fhaibhrigh chuici ionas go mbeidh sí inchurtha faoi cháin chorparáide ina leith.

(4) Ní bheidh cáin bhrabús corparáide inmhuirearaithe in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta nó codanna de thréimhsí cuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976.

(5) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

(a) ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe ach ní fholaíonn sé—

(i) bord sláinte,

(ii) coiste gairmoideachais arna bhunú faoin Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 ,

(iii) coiste talmhaíochta arna bhunú faoin Acht Talmhaíochta, 1931 , ná

(iv) údarás áitiúil, agus chun na críche sin tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (2) den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , agus folaíonn sé comhlacht arna bhunú faoin Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 ;

(b) ciallaíonn “an bhliain airgeadais 1974” an tréimhse naoi mí dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1974;

(c) ciallaíonn “brabúis” ioncam agus gnóchain inmhuirearaithe, agus tá le “gnóchain inmhuirearaithe” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , ach ní fholaíonn sé gnóchain a d'fhaibhrigh as diúscairtí a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976;

(d) folaíonn “trádáil” gairm beatha agus folaíonn sé oifig nó fostaíocht freisin;

(e) tá le cibé focail agus abairtí eile a shonraítear in alt 155 (léiriú) na bríonna a thugtar dóibh leis an alt sin nó a luaitear ann.

Ní hinmhuirearaithe cáin chorparáide ar dháiltí cuideachta a chónaíonn in Éirinn.

2. —Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, ní bheidh cáin chorparáide inmhuirearaithe ar dhíbhinní ná ar dháiltí eile de chuid cuideachta a chónaíonn sa Stát, ná ní chuirfear aon díbhinní ná dáiltí den sórt sin i gcuntas le linn ioncam a bheith á ríomh le haghaidh cánach corparáide.

Cáin ioncaim ar íocaíochtaí a d'íoc nó a fuair cuideachta a chónaíonn sa Stát.

3. —(1) Aon íocaíocht arna déanamh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, ag cuideachta a chónaíonn sa Stát, ní dhéanfar, de bhua an ailt seo ná eile, í a áireamh chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim mar íocaíocht as brabúis nó gnóchain ar ar muirearaíodh cáin ioncaim; ná ní difear do cheart nó d'oibleagáid faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim cáin ioncaim a bhaint as aon íocaíocht gur cuideachta nach inchurtha cáin ioncaim uirthi i leith na híocaíochta an faighteoir.

(2) Faoi réir forálacha an Achta seo, má tharlaíonn, tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, go bhfaighidh cuideachta a chónaíonn sa Stát aon íocaíocht ar a mbeidh cáin ioncaim le híoc aici trí asbhaint, déanfar an cháin ioncaim ina leith a fhritháireamh in aghaidh aon cháin chorparáide is inmheasúnaithe ar an gcuideachta trí mheasúnacht arna déanamh don tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh an íocaíocht sin le cur i gcuntas le haghaidh cánach corparáide (nó ina mbeadh sí le cur i gcuntas murach aon díolúine ó cháin chorparáide); agus dá réir sin, maidir leis an íocaíocht sin, ní bheidh an chuideachta i dteideal, mura mbeidh sí díolmhaithe go hiomlán ó cháin chorparáide, go n-aisíocfaí cáin ioncaim léi sula ndéanfar an mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta sin a chinneadh go críochnaitheach agus gur dealraitheach go bhfuil aisíoc dlite.

(3) Na tagairtí san alt seo d'íocaíochtaí a fuair cuideachta bainfidh siad le haon íocaíochtaí a fuair duine eile thar ceann na cuideachta nó ar iontaobhas di, ach ní bhainfidh siad le haon íocaíochtaí a fuair an chuideachta thar ceann duine eile nó ar iontaobhas dó.

Eilimh go n-aisíocfaí cáin ioncaim a baineadh as fáltais.

4. —Tabharfar éifeacht—

(a) d'alt 1 (2), agus don alt sin arna mhodhnú le hailt 3 (2) agus 8 (3), agus

(b) a mhéid a éilíonn na díolúintí ó cháin ioncaim a thugtar leis na hAchtanna Cánach Corparáide aisíoc cánach, do na díolúintí sin,

trí éileamh.

Míniú ar chreidmheas cánach le cur i gceangal le barántais úis agus díbhinne.

5. —(1) Gach barántas nó seic nó ordú eile arna tharraingt nó arna dhéanamh, nó a airbheartaíonn a bheith arna tharraingt nó arna dhéanamh, mar íocaíocht ag aon chuideachta ar aon díbhinn, nó ar aon ús is dáileadh, beidh ráiteas i scríbhinn i gceangal nó ag gabháil leis a inseoidh—

(a) méid na díbhinne (agus díbhinn nó aon chuid di a íoctar as brabúis chaipitiúla na cuideachta a shonrú) nó an úis a íoctar,

(b) (cibé acu is duine atá i dteideal creidmheasa cánach ina leith nó nach ea an faighteoir) méid an chreidmheasa cánach a bhfuil faighteoir, ar duine den sórt sin é, i dteideal ina leith, agus

(c) an tréimhse ar ina haghaidh a íoctar an díbhinn nó an t-ús.

(2) Má fhágann cuideachta aon cheann d'fhorálacha an ailt seo gan chomhlíonadh tabhóidh an chuideachta pionós £10 i leith gach ciona ach ní mó ná £100 méid comhiomlán na bpionós a fhorchuirfear faoin alt seo ar aon chuideachta i leith cionta a bhaineann le haon dáileadh áirithe díbhinní nó úis.