An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XIII Feidhmiú agus Oiriúnú Achtachán) Ar Aghaidh (CUID XV Léiriú agus Forlíontach)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

CUID XIV

Riarachán

Sonraí a bheidh le tabhairt ag cuideachtaí nua, etc.

141. —(1) Gach cuideachta a thosóidh, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, ag seoladh trádála, gairme nó gnó, seachadfaidh sí, laistigh de thríocha lá ó dháta an tosaithe sin, do na Coimisinéirí Ioncaim, ráiteas i scríbhinn ina mbeidh na sonraí seo a leanas—

(a) ainm na cuideachta;

(b) seoladh a hoifige cláraithe sa Stát nó, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, seoladh a príomh-áite gnó sa Stát;

(c) ainm an rúnaí nó, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, ainm agus seoladh gníomhaire, bainisteoir, fachtóir nó ionadaí eile na cuideachta;

(d) dáta tosaithe na trádála, na gairme nó an ghnó nó, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, dáta tosaithe a trádála nó a gairme sa Stát;

(e) cineál na trádála, na gairme nó an ghnó; agus

(f) an dáta chun a ndéanfar amach na chéad chuntais i dtaobh na trádála, na gairme nó an ghnó sin:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le cuideachta nach gcónaíonn ná nach bhfuil corpraithe sa Stát mura dtosóidh sí ag seoladh trádála nó gairme sa Stát.

(2) I gcás a mainneoidh cuideachta ráiteas a sheachadadh a bheidh de cheangal uirthi a sheachadadh faoin alt seo—

(a) dlífear pionós £500 agus, má leantar den mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, pionós breise £50 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain, a chur ar an gcuideachta, agus

(b) dlífear pionós ar leithligh £100 a chur ar rúnaí na cuideachta.

Fógra i dtaobh dliteanas i leith ránach corparáide.

142. —(1) Gach cuideachta is inmhuirearaithe i leith cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta agus nach mbeidh tuairisceán ar a brabúis don tréimhse chuntasaíochta sin tugtha aici, déanfaidh sí, tráth nach deánaí ná bliain tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, fógra a thabhairt don chigire go bhfuil sí inmhuirearaithe amhlaidh:

Ar choinníoll nach bhforchuirfidh an fo-alt seo dualgas aon fhógra a thabhairt roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976.

(2) I gcás a mainneoidh cuideachta fógra a thabhairt a bheidh de cheangal uirthi a thabhairt faoin alt seo—

(a) dlífear fíneáil £500 agus, má leantar den mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, pionós breise £50 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain, a chur ar an gcuideachta, agus

(b) dlífear pionós ar leithligh £100 a chur ar rúnaí na cuideachta.

Tuairisceán ar bhrabúis.

143. —(1) Féadfar a cheangal ar chuideachta trí fhógra a sheirbheálfaidh cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim uirthi tuairisceán ar bhrabúis na cuideachta arna ríomh de réir an Achta seo a sheachadadh don oifigeach laistigh den am a bheidh teorannaithe leis an bhfógra—

(a) ina sonrófar an t-ioncam a cuireadh i gcuntas le linn na brabúis sin a bheith á ríomh, agus an méid ó gach bunadh,

(b) ina dtabharfar sonraí na ndiúscairtí go léir as ar eascair gnóchain inmhuirearaithe nó caillteanais inlamhála faoi fhorálacha an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , agus an Achta seo agus sonraí na ngnóchan inmhuirearaithe sin nó na gcaillteanas inlamhála sin, agus

(c) ina dtabharfar sonraí na muirear go léir ar ioncam a bheidh le hasbhaint in aghaidh na mbrabús sin chun cáin chorparáide a mheasúnú.

(2) Féadfaidh fógra faoin alt seo a cheangal go dtabharfar tuairisceán ar bhrabúis a d'eascair in aon tréimhse a raibh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ar a feadh.

(3) Beidh i ngach tuairisceán faoin alt seo dearbhú go bhfuil an tuairisceán ceart iomlán.

(4) Tuairisceán faoin alt seo a mbeidh ar áireamh ann brabúis ar íocaíochtaí iad ar iompair an chuideachta cáin ioncaim orthu trí asbhaint sonrófar ann an méid cánach ioncaim a iompraíodh amhlaidh.

(5) Féadfaidh fógra faoin alt seo a cheangal go mbeidh sa tuairisceán sonraí caiteachais bhainistí, liúntais chaipitiúla agus muirir chothromaíochta a cuireadh i gcuntas le linn na brabúis sa tuairisceán a bheith á ríomh.

(6) Beidh feidhm ag mír 3 (3) (4) de Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (cumhacht chun faisnéis a éileamh i dtaobh sócmhainní a fuarthas), i ndáil le fógra faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le fógra faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim arna chur chun feidhme leis an mír sin 3 i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil.

(7) Beidh feidhm ag alt 174 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (cuntais agus leabhair a thabhairt ar aird), i gcás a gceanglófar ar chuideachta tuairisceán a thabhairt, nó a dtabharfaidh sí tuairisceán, faoin alt seo i ndáil le brabúis arb éard iad nó a bhfuil ar áireamh orthu brabúis ó thrádáil mar atá feidhm aige i gcás a gceanglaítear ar dhuine tuairisceán a thabhairt, nó a dtugann sé tuairisceán, chun críocha cánach ioncaim, ar na brabúis nó na gnóchain a d'eascair chuige ó aon trádáil.

(8) (a) I gcás ar ceanglaíodh ar aon chuideachta le fógra arna sheirbheáil faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo tuairisceán a sheachadadh agus go mainneoidh an chuideachta déanamh de réir an fhógra—

(i) dlífear pionós £500, ach amháin sa chás a luaitear i mír (b) agus, má leantar den mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, pionós breise £50 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain, a chur ar an gcuideachta, agus

(ii) dlífear pionós ar leithligh £100 a chur ar rúnaí na cuideachta ach amháin sa chás a luaitear i mír (b).

(b) I gcás a leanfar d'aon mhainneachtain den sórt a luaitear i mír (a) tar éis bliain dar tosach an dáta a seirbheáladh an fógra, £1,000 an chéad cheann de na pionóis a luaitear sa mhír sin a dhílfear a chur ar an gcuideachta, agus dlífear pionós ar leithligh £200 a chur ar rúnaí na cuideachta.

(9) I gcás a ndéanfaidh cuideachta go calaoiseach nó go faillíoch—

(a) tuairisceán mícheart a sheachadadh faoi fhorálacha an ailt seo, nó

(b) tuairisceán, ráiteas nó dearbhú mícheart a thabhairt i ndáil le haon éileamh ar aon liúntas, asbhaint nó faoiseamh i leith cánach corparáide, nó

(c) cuntais mhíchearta a chur faoi bhráid cigire, na gCoimisinéirí Ioncaim nó na gCoimisinéirí Achomhairc i ndáil le dliteanas na cuideachta maidir le cáin chorparáide a fhionnadh,

dlífear—

(i) pionós £500 nó, i gcás calaoise, £1,000, agus

(ii) méid na difríochta nó, i gcás calaoise, dhá oiread na difríochta, a shonraítear i bhfo-alt (10)

a chur ar an gcuideachta agus dlífear pionós ar leithligh £100 nó, i gcás calaoise, £200, a chur ar rúnaí na cuideachta.

(10) Is í an difríocht dá dtagraítear i bhfo-alt (9) an difríocht idir—

(a) an méid cánach corparáide is iníoctha ag an gcuideachta sin don tréimhse chuntasaíochta nó do na tréimhsí cuntasaíochta a chuimsíonn an tréimhse lena mbaineann an tuairisceán, an ráiteas, an dearbhú nó na cuntais, agus

(b) an méid arbh é an méid é ab iníoctha amhlaidh dá mba go raibh an tuairisceán, an ráiteas, an dearbhú nó na cuntais ceart.

(11) Beidh feidhm ag forálacha alt 501 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (mainneachtain earráid a cheartú nach ndearnadh go calaoiseach ná go faillíoch), chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin 501.

(12) (a) Beidh feidhm ag alt 191 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (earráid nó dearmad), i ndáil le cáin chorparáide mar atá feidhm aige i ndáil le cáin ioncaim faoi Sceideal D.

(b) Is i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a a bheidh aon tuairisceán faoin Acht seo.

(c) San alt seo folaíonn “tuairisceán” aon ráiteas, dearbhú nó liosta.

Cáin chorparáide a mheasúnú.

144. —(1) Cigire a dhéanfaidh measúnachtaí i leith cánach corparáide.

(2) I gcás ar sa Stát a chónaíonn cuideachta a bhfuil cáin le measúnú ar a brabúis, measúnófar an cháin ar an gcuideachta, agus mura sa Stát a chónaíonn cuideachta a bhfuil cáin le measúnú ar a brabúis, measúnófar an cháin ar an gcuideachta in ainm aon ghníomhaire, bainisteora, fachtóra nó ionadaí eile de chuid na cuideachta.

(3) Tabharfaidh an cigire fógra don chuideachta mheasúnaithe, nó, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, do ghníomhaire, do bhainisteoir, d'fhachtóir nó d'ionadaí eile na cuideachta measúnaithe, i dtaobh gach measúnacht a bheidh déanta aige.

(4) I gcás—

(a) a mainneoidh cuideachta ráiteas i leith cánach corparáide a sheachadadh, nó

(b) nach mbeidh an cigire sásta le ráiteas a seachadadh, nó a mbeidh aon eolas faighte aige i dtaobh an ráiteas a bheith easnamhach,

measúnóidh an cigire cibé suim ar an gcuideachta áirithe ba chóir, chomh fada lena bhreithiúnas, a mhuirearú ar an gcuideachta.

(5) (a) Má fhaigheann cigire amach—

(i) nár measúnaíodh i leith cánach corparáide aon bhrabúis ba chóir a mheasúnú, nó

(ii) go bhfuil measúnacht i leith cánach corparáide neamhdhóthanach nó éirithe neamhdhóthanach, nó

(iii) go bhfuil aon fhaoiseamh a tugadh iomarcach nó éirithe iomarcach,

measúnóidh an cigire an méid, nó an méid breise, ba chóir, dar leis, a mhuirearú.

(b) Faoi réir aon fhoráil a cheadaíonn tréimhse níos faide in aon aicme cáis, ní dhéanfar aon mheasúnacht i leith cánach corparáide tráth is déanaí ná deich mbliana tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann sí:

Ar choinníoll, i gcás a ndearna cuideachta nó a ndearnadh thar a ceann aon sórt calaois nó faillí i ndáil le, nó maidir le, cáin chorparáide, go bhféadfar measúnacht a dhéanamh ar an gcuideachta sin aon tráth d'aon tréimhse chuntasaíochta a mbeadh cáin chorparáide caillte ag an Státchiste ina leith mar gheall ar an gcalaois nó ar an bhfaillí.

(c) Maidir le hagóid in aghaidh aon mheasúnacht a dhéanamh toisc an t-am chun í a dhéanamh a bheith caite, ní dhéanfar an agóid sin ach amháin ar achomharc in aghaidh na measúnachta.

(d) San fho-alt seo ciallaíonn “faillí” faillí nó mainneachtain aon fhógra nó aon tuairisceán a thabhairt, aon ráiteas nó dearbhú a dhéanamh, nó aon liosta, doiciméad nó eolas eile is gá de réir nó faoi réim na n-achtachán a bhaineann le cáin chorparáide a thabhairt ar aird nó a thabhairt:

Ar choinníoll go measfar nár mhainnigh cuideachta aon ní a dhéanamh ba ghá a dhéanamh laistigh d'am teoranta má rinne sí é laistigh de cibé am breise, má b'ann, a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim nó an t-oifigeach iomchuí; agus i gcás leithscéal réasúnach a bheith ag cuideachta gan aon ní a dhéanamh ba ghá a dhéanamh, go measfar nár mhainnigh sí an ní sin a dhéanamh má rinne sí é gan mhoill mhíréasúnach tar éis deireadh a bheith leis an leithscéal.

Cáin chorparáide a bhailiú.

145. —(1) Baileoidh agus toibheoidh an tArd-Bhailitheoir an cháin a mhuirearófar ó am go ham ar na measúnachtaí go léir i leith cánach corparáide a mbeidh a sonraí tugtha dó faoi alt 187 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna fheidhmiú chun críocha cánach corparáide le halt 147.

(2) Na cumhachtaí go léir is infheidhmithe maidir le suimeanna cánach ioncaim a bhailiú agus a thobhach faoi Sceideal D den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a mbeidh a sonraí tugtha faoi alt 187 (1) den Acht sin, bainfidh siad freisin le suimeanna cánach corparáide a mbeidh a sonraí tugtha faoin alt sin arna fheidhmiú le halt 147.

(3) Beidh feidhm ag alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ús ar cháin thar téarma), chun críocha cánach corparáide mar atá feidhm aige chun críocha cánach ioncaim ach tagairt a chur, i bhfo-alt (1) den alt sin, d'alt 6 (4) (scéim ghinearálta cánach corparáide) den Acht seo in ionad na tagartha d'alt 477 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (am le cáin a íoc), agus beidh feidhm ag alt 28 den Acht Airgeadais, 1975 (ús ar chánacha neamhíoctha), maidir le hús a bhfuil cáin chorparáide inmhuirearaithe ina leith faoin alt sin 550 arna fheidhmiú leis an alt seo.

(4) (a) San fho-alt seo tá le “faillí” an bhrí chéanna atá leis in alt 144 (5) (d).

(b) I gcás a ndéanfar, i ndáil le haon tréimhse chuntasaíochta. measúnacht le go ngnóthófar gearrmhuirear cánach corparáide is inchurtha i leith calaois nó faillí a rinne aon duine, iompróidh an méid cánach a gearrmhuirearaíodh ús de réir 1.5 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó coda de mhí ón dáta nó ó na dátaí a mb'iníoctha an cháin a gearrmhuirearaíodh in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta sin, dá mbeadh sí ar áireamh i measúnacht a rinneadh ar shé mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin a bheith caite, go dtí dáta na cánach gearrmhuirearaithe a íoc.

(c) Faoi réir mhír (e), ní bhainfidh alt 550 (1) (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le cáin ag iompar úis faoin bhfo-alt seo.

(d) Bainfidh fo-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le hús is inmhuirearaithe faoin bhfo-alt seo mar a bhaineann siad le hús is inmhuirearaithe faoin alt sin 550.

(e) I gcás a ndéanfar measúnacht den chineál dá dtagraítear i mír (b)—

(i) tabharfaidh an cigire lena mbainfidh fógra don duine a measúnaíodh go ngabhann ús faoin bhfo-alt seo leis an gcáin a bheidh muirearaithe leis an measúnacht,

(ii) féadfaidh an duine a measúnaíodh achomharc a dhéanamh in aghaidh na measúnachta ar an bhforas nár chóir ús a mhuirearú faoin bhfo-alt seo, agus beidh leis na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí feidhm agus éifeacht i ndáil leis an achomharc mar atá feidhm acu i ndáil leis na hachomhairc sin fara aon mhodhnuithe is gá, agus

(iii) má chinntear, ar an achomharc, nár chóir go ngabhfadh ús faoin bhfo-alt seo leis an gcáin a muirearaíodh leis an measúnacht, bainfidh alt 550 (1) (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , leis an gcáin sin mar a bhaineann sé le cáin arna muirearú le measúnacht cánach ioncaim.

(5) An tosaíocht a ghabhann le cánacha measúnaithe faoi ailt 98 agus 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , bainfidh sí freisin le cáin chorparáide.

Achomhairc.

146. —(1) Beidh feidhm ag forálacha Chuid XXVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Achomhairc), chun críocha cánach corparáide mar atá feidhm acu chun críocha cánach ioncaim agus dá réir sin glacfar go bhfolaíonn aon tagairt do cháin ioncaim sna forálacha sin tagairt do cháin chorparáide agus glacfar go bhfolaíonn aon tagairt don Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tagairt do na hAchtanna Cánach Corparáide.

(2) I gcás leas a bheith ag Coimisinéir Achomhairc ina cheart féin nó i gceart aon duine eile in aon ábhar faoi achomharc, ní ghlacfaidh sé páirt in éisteacht ná i gcinneadh an achomhairc ná ní bheidh sé i láthair le linn an t-achomharc a bheith á éisteacht nó á chinneadh.

Forálacha riaracháin cánach ioncaim do bhaint le cáin chorparáide.

147. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a shonraítear i bhfo-alt (2) i ndáil le cáin chorparáide mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim agus dá réir sin sna forálacha sin—

(a) glacfar go bhfolaíonn aon tagairt do cháin ioncaim tagairt do cháin chorparáide,

(b) glacfar go bhfolaíonn aon tagairt do na hAchtanna Cánach Ioncaim tagairt do na hAchtanna Cánach Corparáide, agus

(c) glacfar go bhfolaíonn aon tagairt do bhliain mheasúnachta tagairt do thréimhse chuntasaíochta.

(2) Is iad na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ailt 164, 165, 166 (2), 187 (1) (3), 188 (1), 190, 212, 339, 491, 498, 505, 506, 507, 514, 515, 516, 518, 519, 521, 536, 537, 538, 539, 541, 542, 543, 547, 549 agus 551 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , alt 6 den Acht Airgeadais, 1968 , alt 73 den Acht Airgeadais, 1974 , agus alt 21 den Acht Airgeadais, 1975 .

(3) Beidh feidhm ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a shonraítear i bhfo-alt (4) i ndáil le pionós a ghnóthú faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Corparáide mar atá feidhm acu i ndáil le pionós a ghnóthú faoi fhorálacha Chuid XXXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(4) Is iad na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim dá dtagraítear i bhfo-alt (3) ailt 172 (5), 504, 508, 510, 511, 512 agus 513 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(5) Beidh gach uile Choimisinéir agus gach duine eile a bheidh fostaithe chun aon chríche i ndáil le measúnú nó bailiú cánach corparáide faoi réir na n-oibleagáidí céanna i dtaobh rúndacht maidir le cáin chorparáide a bhfuil na daoine sin faoina réir maidir le cáin ioncaim, agus aon dearbhú a bheidh déanta ag aon duine den sórt sin i dtaobh rúndacht maidir le cáin ioncaim measfar go mbainfidh sé freisin le rúndacht maidir le cáin chorparáide.

An t-am d'imeachtaí achomaire áirithe.

148. —D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire faoi alt 516 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ráitis bhréagacha), arna fheidhmiú i ndáil le cáin chorparáide nó faoi alt 63 (doiciméid agus taifid a thabhairt ar aird: faoiseamh díolachán onnmhairí) a thionscnamh laistigh de thrí bliana ón dáta a rinneadh an cion nó a tabhaíodh an pionós (de réir mar a bheidh).

Pionóis mar gheall ar gan faisnéis a thabhairt agus mar gheall ar fhaisnéis mhícheart.

149. —(1) I gcás a mbeidh aon duine curtha faoi cheangal le fógra a tugadh faoi réim nó chun críocha alt 27 (athrú ar úinéireacht cuideachta: caillteanas trádála a dhícheadú), alt 73 (faoiseamh i gcás na Sionna: ráitis a sheachadadh), alt 123 (faisnéis i dtaobh comhshocraíochtai chun faoiseamh a aistriú) nó Chuid X (Dlúthchuideachtaí) aon fhaisnéis nó sonraí a thabhairt agus go mainneoidh sé déanamh de réir an fhógra, dlífear, faoi réir fho-alt (3), pionós £100 agus, má leantar den mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gCuirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, pionós breise £10 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain, a chur air.

(2) I gcás a dtabharfaidh duine go calaoiseach nó go faillíoch aon fhaisnéis nó sonraí de chineál a luaitear i gCuid X, alt 27, 73, 123 nó 151 atá mícheart dlífear, faoi réir fho-alt (4), pionós £100, nó i gcás calaoise, £250, a chur air.

(3) I gcás ar cuideachta an duine a luaitear i bhfo-alt (1), dlífear—

(a) pionós £500 agus, má leantar den mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gCúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, pionós breise £50 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain, a chur air, agus

(b) dlífear pionós ar leithligh £100 a chur ar rúnaí na cuideachta.

(4) I gcás ar cuideachta an duine a luaitear i bhfo-alt (2), dlífear—

(a) pionós £500 nó, i gcás calaoise, £1,000, a chur air, agus

(b) dlífear pionós ar leithligh £100 nó, i gcás calaoise, £200, a chur ar rúnaí na cuideachta.

(5) Beidh feidhm, chun críocha an ailt seo, ag forálacha alt 501 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin 501.

Ceadófar i gcásanna áirithe íoc cánach a chur siar.

150. —(1) I gcás—

(a) arb iad brabúis, nó a bhfuil ar áireamh brabús, cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta ioncam ó thrádáil ag déileáil i dtalamh, nó ag forbairt talún, a ndearna an chuideachta lena linn an leas iomlán a fuair sí in aon talamh a dhiúscairt, agus

(b) a mbeidh, i ndáil leis an diúscairt sin, na coinníollacha comhlíonta a shonraítear i míreanna (b) go (e) d'alt 23 (1) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 (é a cheadú i gcásanna áirithe íoc cánach a chur siar), agus

(c) an tráth a thiocfaidh aon mhéid cánach corparáide a muirearaíodh trí mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta sin chun bheith, mura mbeadh an t-alt seo, dlite agus iníoctha (ar dhóigh seachas de bhua alt 419 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (comhaontú maidir le méid cánach nach mbeidh faoi dhíospóid ar achomharc i gcoinne measúnachta), arna fheidhmiú chun críocha cánach corparáide)—

(i) a gcoinneoidh an chuideachta an leas léasachta a fuair sí ón duine a ndearnadh an diúscairt chuige, agus

(ii) nach mbeidh, maidir leis an talamh go léir nó le haon cuid de, leas a dhíorthaigh ón leas léasachta sin diúscartha aici,

beidh cuid den méid sin cánach corparáide is ionann agus naoi ndeichiú den oiread di nárbh inmhuirearaithe dá mba nach raibh aon suim le cur i gcuntas mar a luaitear in alt 23 (1) (d) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , iníoctha i naoi dtráthchuid chomhionanna i gceann gach bliana agus an chéad tráthchuid díobh a bheith iníoctha i gceann dá mhí dhéag ón dáta ar a mbeadh, mura mbeadh an t-alt seo, an méid sin cánach corparáide iníoctha.

(2) Más rud é, i gcás a mbeidh údarás tugtha le fo-alt (1) íoc aon mhéid cánach corparáide a chur siar—

(a) go scoirfidh an chuideachta den leas léasachta a fuair sí a choinneáil.

(b) go ndiúscróidh an chuideachta maidir leis an talamh go léir nó le haon chuid de leas a dhíorthaigh ón leas léasachta sin, nó

(c) go dtosófar ag foirceannadh na cuideachta,

beidh an méid sin cánach corparáide, nó, de réir mar a bheidh, an oiread di nach mbeidh dlite agus iníoctha cheana féin, dlite agus iníoctha láithreach.

Cáin ioncaim ar íocaíochtaí.

151. —(1) San alt seo ciallaíonn “íocaíocht iomchuí”—

(a) aon íocaíocht a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, a mbeidh cáin ioncaim inbhainte aisti agus lena mbaineann forálacha fho-ailt (2) go (5) d'alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (íocaíochtaí nach iníoctha as brabúis chánaithe), agus

(b) aon mhéid a meastar faoi alt 98 (iasachtaí do rannpháirtithe. etc.) gur íocaíocht bhliantúil é.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo chun an t-am agus an modh a rialú—

(a) a mbeidh ar chuideachtaí a chónaíonn sa Stát cuntas a thabhairt in íocaíochtaí iomchuí agus cáin ioncaim a íoc ina leith, agus

(b) a mbeidh cáin ioncaim le haisíoc le cuideachtaí a chónaíonn sa Stát i leith íocaíochtaí a fuair siad an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis.

(3) Tabharfaidh cuideachta, de réir an ailt seo, in aghaidh gach tréimhse cuntasaíochta dá cuid, tuairisceán don Ard-Bhailitheoir ar na híocaíochtaí iomchuí a d'íoc sí sa tréimhse sin agus ar an gcáin ioncaim a bhfuil an chuideachta cuntasach inti i leith na n-íocaíochtaí sin.

(4) Ní foláir tuairisceán d'aon tréimhse a gceanglaítear tuairisceán a thabhairt ina leith faoin alt seo a thabhairt laistigh de shé mhí ó dheireadh na tréimhse sin.

(5) Beidh cáin ioncaim i leith aon íocaíocht nach foláir a áireamh i dtuairisceán faoin alt seo dlite an tráth a bheidh an tuairisceán le tabhairt, agus beidh cáin ioncaim a bheidh dlite amhlaidh iníoctha ag an gcuideachta gan aon mheasúnacht a bheith déanta; ach féadfar cáin ioncaim a bheidh dlite mar a dúradh a mheasúnú ar an gcuideachta (bíodh nó ná bíodh sí íoctha tráth na measúnachta a dhéanamh) má bhíonn an cháin sin, nó aon chuid di, gan íoc ar an dáta dlite nó roimhe.

(6) Más dealraitheach don chigire go bhfuil íocaíocht iomchuí ann ba chóir a áireamh, agus nár áiríodh, i dtuairisceán, nó má bhíonn an cigire mí-shásta faoi aon tuairisceán, féadfaidh sé measúnacht a dhéanamh ar an gcuideachta chomh fada lena bhreithiúnas; agus aon cháin ioncaim a bheidh dlite faoi mheasúnacht a rinneadh de bhua an fho-ailt seo déileálfar léi chun críocha úis ar cháin neamhíoctha mar cháin ioncaim ab iníoctha an tráth arbh iníoctha í dá mba gur tugadh tuairisceán ceart.

(7) I gcás a bhfaighidh cuideachta, in aon tréimhse chuntasaíochta, aon íocaíocht ar a n-iompróidh sí cáin ioncaim trí asbhaint, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an cháin ioncaim ar an íocaíocht sin a fhritháireamh in aghaidh aon cháin ioncaim a dhlífidh sí a íoc faoin alt seo i leith íocaíochtaí a d'íoc sí sa tréimhse sin, agus cuirfear aon éileamh den sórt sin sa tuairisceán faoi fho-alt (4) in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta áirithe agus (i gcás inar gá sin) déanfar cáin ioncaim a bheidh íoctha ag an gcuideachta faoin alt seo don tréimhse chuntasaíochta sin agus sula mbeidh an t-éileamh ceadaithe a aisíoc dá réir sin.

(8) (a) I gcás éileamh a bheith déanta faoi fho-alt (7), ní dhéanfar aon imeachtaí chun cáin a bhailiú a bheadh le hurscaoileadh dá ngéillfí don éileamh a thionscnamh go dtí go gcinnfear an t-éileamh go críochnaitheach, ach ní dhéanfaidh an fo-alt seo difear don dáta a bheidh an cháin dlite agus nuair a chinnfear an t-éileamh go críochnaitheach íocfar aon cháin a bheidh gearríoctha de dhroim an fho-ailt seo.

(b) I gcás a dtionscnófar imeachtaí chun cáin a measúnaíodh nó ús ar cháin a measúnaíodh, faoi aon fhoráil d'fho-alt (5) nó (6), a bhailiú, ní thabharfar éifeacht d'aon éileamh a dhéanfar tar éis na himeachtaí a thionscnamh ar mhodh a dhéanfadh difear, nó a tharraingeodh moill, maidir le bailiú nó gnóthú na cánach a muirearaíodh leis an measúnacht nó an úis ar an gcéanna.

(c) Folaíonn tagairtí san fho-alt seo d'imeachtaí chun cáin a bhailiú tagairtí d'imeachtaí ar mhodh tochsail le haghaidh cánach.

(9) Déileálfar le cáin ioncaim a bheidh fritháirithe in aghaidh cánach eile faoi fho-alt (7) mar cháin atá íoctha nó aisíoctha, de réir mar a bheidh, agus ní chuirfear an cháin chéanna i gcuntas faoin bhfo-alt seo agus faoi alt 3 (2) (cáin ioncaim ar íocaíochtaí a d'íoc nó a fuair cuideachta a chónaíonn sa Stát).

(10) I gcás a ndéanfaidh cuideachta íocaíocht iomchuí ar dháta nach dáta i dtréimhse chuntasaíochta, tabharfaidh an chuideachta tuairisceán ar an íocaíocht sin laistigh de shé mhí ón dáta sin, agus beidh an cháin ioncaim a mbeidh an chuideachta cuntasach inti i leith na híocaíochta sin dlite an tráth a bheidh an tuairisceán le tabhairt.

(11) (a) Na forálacha go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim maidir leis an am ar laistigh de a fhéadfar measúnacht a dhéanamh, beidh acu, a mhéid a thagraíonn siad don bhliain mheasúnachta nó a bhaineann siad leis an mbliain mheasúnachta a mbeidh measúnacht déanta ina haghaidh nó don bhliain nó leis an mbliain lena mbaineann measúnacht, feidhm i ndáil le haon mheasúnacht faoin alt seo d'ainneoin gur féidir, faoin alt seo, a rá gur le tréimhse nach bliain mheasúnachta a bhaineann an mheasúnacht, agus na forálacha d'alt 186 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (measúnachtaí breise), maidir leis na himthosca inar féidir measúnacht a dhéanamh tráth ar bith, beidh feidhm acu dá réir sin ar an mbonn gur leis an mbliain mheasúnachta ina gcríochnaíonn an tréimhse a bhaineann aon mheasúnacht den sórt sin.

(b) D'ainneoin forálacha alt 477 den Acht Cánach Iomcaim, 1967, beidh cáin ioncaim a measúnaíodh ar chuideachta faoin alt seo dlite laistigh de mhí tar éis fógra measúnachta a eisiúint (mura mbeidh sí dlite níos luaithe faoi fho-alt (5) nó (10)) faoi réir aon achomhairc in aghaidh na measúnachta, ach ní dhéanfaidh aon achomharc den sórt sin difear don dáta a bheidh cáin dlite faoi fho-alt (5) nó (10).

(c) Tar éis achomharc in aghaidh measúnachta faoin alt seo a chinneadh aisíocfar aon cháin a ró-íocadh.

(d) Féadfar aon cháin is inmheasúnaithe faoi aon fhoráil nó forálacha den alt seo a áireamh in aon mheasúnacht amháin má bhíonn an cháin go léir atá ar áireamh amhlaidh dlite ar an dáta céanna.

(12) Ní mheasfar go ndéanann aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo dochar d'aon chumhachtaí a thugtar leis na hAchtanna Cánach Ioncaim chun cáin ioncaim a ghnóthú trí mheasúnacht nó eile; agus aon mheasúnacht i leith cáin is iníoctha faoi fho-alt (10) déileálfar léi chun críocha na bhforálacha a luaitear i bhfo-alt (11) (a) mar mheasúnacht a bhaineann leis an mbliain mheasúnachta ina ndéanfar an íocaíocht.

(13) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le rialacháin arna ndéanamh chun na gcríocha a luaitear i bhfo-alt (2), aon cheann d'fhorálacha an ailt seo a mhodhnú, a fhorlíonadh nó forálacha a chur ina n-ionad; agus déanfar tagairtí san Acht seo agus in aon achtachán eile don alt seo a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon rialacháin den sórt sin; agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh na rialacháin, i ndáil le cáin ioncaim arna muirearú leis an alt seo, aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le tuairisceáin, measúnachtaí, éilimh nó achomhairc a mhodhnú nó féadfaidh siad aon fhoráil den sórt sin a fheidhmiú, modhnaithe nó gan mhodhnú.

(b) Féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo—

(i) foráil éagsúil a dhéanamh do chineálacha éagsúla cuideachtaí, agus d'imthosca éagsúla, agus féadfaidh siad a údarú do na Coimisinéirí Ioncaim, i gcás arb é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil imthosca speisialta ann le gur cóir é, comhshocraíochtaí speisialta a dhéanamh maidir le cáin ioncaim a ndlíonn cuideachta cuntas a thabhairt ina leith nó maidir le cáin ioncaim a d'iompair cuideachta a aisíoc;

(ii) cibé forálacha eatramhacha agus forálacha forlíontacha eile a bheith iontu is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith fóirsteanach nó riachtanach.

(c) Gach rialachán a dhéanfar faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(14) Leasaítear leis seo alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5)—

“(5A) Beidh éifeacht le fo-ailt (2), (3) agus (5) faoi réir forálacha alt 151 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis an tráth agus an modh a mbeidh ar chuideachtaí a chónaíonn sa Stát cuntas a thabhairt i gcáin ioncaim agus cáin ioncaim a íoc

(i) i leith íocaíochtaí as ar inbhainte cáin, agus

(ii) i leith aon mhéid a meastar gur íocaíocht bhliantúil í.”.

Forálacha maidir le cáin faoi alt 151.

152. —(1) Na forálacha go léir de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann—

(a) le daoine a mbeidh cáin ioncaim le muirearú orthu;

(b) le measúnachtaí cánach ioncaim;

(c) le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí den sórt sin (lena n-áirítear achomhairc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil); agus

(d) le cáin ioncaim a bhailiú agus a ghnóthú,

beidh feidhm acu, a mhéid is infheidhmithe iad, maidir le cáin ioncaim a mhuirearú, a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú faoi alt 151.

(2) (a) Aon cháin is iníoctha de réir alt 151 gan measúnacht a bheith déanta béarfaidh sí ús de réir 1.5 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó coda de mhí ón dáta a bheidh an cháin dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar í.

(b) Beidh feidhm ag forálacha alt 550 (3) (4) (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le hús is iníoctha faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le hús is iníoctha faoin alt sin 550.

(3) Le linn alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheith a fheidhmiú ar aon cháin a muirearaíodh le haon mheasúnacht cánach ioncaim de réir alt 151, beidh éifeacht leis ach an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus fo-ailt (2) agus (2A) a fhágáil ar lár.

Faisnéis.

153. —Féadfaidh an cigire aon tuairisceáin, comhfhreagras, sceidil, cuntais, ráitis nó doiciméid eile nó faisnéis ar a raibh nó ar a bhfuil fáil dleathach aige féin, nó ag na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha na nAchtanna a bhaineann le haon cháin nó dleacht faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim, a úsáid nó a thabhairt ar aird i bhfianaise chun aon chríche a bhaineann le measúnú agus bailiú cánach corparáide.

Brí “rúnaí”.

154. —Sa Chuid seo folaíonn “rúnaí” cibé daoine a luaitear in alt 207 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, folaíonn sé gníomhaire, bainisteoir, fachtóir nó ionadaí eile de chuid na cuideachta.