An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII Dáiltí as Brabúis Airithe ó Mhianadóireacht) Ar Aghaidh (CUID X Dlúthchuideachtaí)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

CUID IX

Sceideal F agus Dáiltí Cuideachtaí

Sceideal F.

83. —(1) Beidh cáin ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta tar éis na bliana 1975-76 inmhuirearaithe faoi Sceideal nua, dá ngairfear Sceideal F, i leith díbhinní agus dáiltí eile an bhliain sin ó chuideachta a chónaíonn sa Stát.

(2) Is mar seo a leanas don Sceideal dá ngairtear Sceideal F—

SCEIDEAL F

1. Beidh cáin ioncaim faoin Sceideal seo inmhuirearaithe d'aon bhliain mheasúnachta i leith na ndíbhinní agus na ndáiltí eile go léir ó chuideachta a chónaíonn sa Stát nach bhfuil eisiata go speisialta ó cháin ioncaim, agus chun críocha cánach ioncaim áireofar gach dáileadh den sórt sin mar ioncam is cuma cad é mar a dhéileálfar leis i lámha an fhaighteora.

2. Chun críocha an Sceidil seo agus chun críocha eile uile na nAchtanna Cánach déileálfar le haon dáileadh den sórt a dúradh a mbeidh duine i dteideal creidmheasa cánach ina leith mar ionannas d'ioncam ar cóimhéid le comhiomlán méid nó luach an dáilte sin agus méid an chreidmheasa sin, agus déanfar cáin ioncaim faoin Sceideal seo a mhuirearú dá réir sin ar an gcomhiomlán sin.

(3) Ní bheidh aon dáileadh is inmhuirearaithe faoi Sceideal F inmhuirearaithe faoi aon fhoráil eile de hAchtanna Cánach Ioncaim.

(4) I gcás a mbeidh, d'aon bhliain mheasúnachta, ar áireamh ioncaim duine nach bhfuil cónaí air sa Stát don bhliain sin méid i leith dáileadh a rinne cuideachta a chónaíonn sa Stát—

(a) déanfar dliteanas an duine sin faoi aon mheasúnacht cánach ioncaim i leith an dáilte a laghdú suim ar cóimhéid leis an gcáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain sin ar an méid sin, agus

(b) déileálfar, chun críocha ailt 433 (ús bliantúil, etc., is iníoctha go hiomlán as brabúis chánaithe) agus 434 (ús, etc., nach iníoctha as brabúis chánaithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le méid nó luach an dáilte mar mhéid nó luach nár cuireadh faoi mhuirear cánach ioncaim.

(5) Cuideachta a dhéanfaidh dáileadh (nach dáileadh dá dtagraíonn alt 5 (1)) tabharfaidh sí don fhaighteoir má iarrann an faighteoir é i scríbhinn ráiteas i scríbhinn ag taispeáint méid nó luach an dáilte agus (cibé acu is duine atá i dteideal creidmheasa cánach i leith an dáilte nó nach ea an faighteoir) méid an chreidmheasa cánach atá an faighteoir, is duine den sórt sin, i dteideal a fháil ina leith.

Beidh an dualgas a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo inchurtha i ngníomh ar agra nó ar thionscnamh an duine a iarrfaidh an ráiteas.

Abhair a ndéileálfar leo mar dháiltí.

84. —(1) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas den Chuid seo, mar aon le halt 96 (íocaíochtaí, etc., do rannpháirtithe agus do chomhlaigh) agus le halt 97 (ús a íoctar le stiúrthóirí agus le comhlaigh stiúrthóirí), faoi réir aon saineisceachtaí, maidir leis an mbrí atá le “dáileadh” san Acht seo agus chun na daoine a chinneadh a ndéileálfar le dáiltí áirithe mar dháiltí a tugadh dóibh; ach ní bhainfidh tagairtí san Acht seo do dháiltí ó chuideachta le dáiltí i leith scairchaipitil i bhfoirceannadh.

(2) I ndáil le haon chuideachta ciallaíonn “dáileadh”—

(a) aon díbhinn a d'íoc an chuideachta, lena n-áirítear díbhinn caipitil;

(b) aon dáileadh eile as sócmhainní na cuideachta (in airgead nó eile) i leith scaireanna sa chuideachta, ach amháin, faoi réir alt 86, an oiread sin den dáileadh, más ann, is ionannas d'aisíoc caipitil ar na scaireanna nó atá ar cóimhéid nó ar comhluach, tráth a dhéanta, le haon chomaoin nua a fuair an chuideachta ar an dáileadh;

(c) aon mhéid a íoctar as sócmhainní na cuideachta (in airgead nó eile) i leith fuascailt aon urrúis a d'eisigh an chuideachta i leith scaireanna sa chuideachta nó urrúis de chuid na cuideachta ar dhóigh seachas go hiomlán ar chomaoin nua, nó ag fuascailt na coda sin d'aon urrús den sórt sin a eisíodh amhlaidh nach inchurtha go cuí i leith comaoine nua;

(d) aon ús (gan ús a íocadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a áireamh) nó dáileadh eile as sócmhainní na cuideachta i leith urrúis de chuid na cuideachta (ach amháin an oiread sin, más ann, d'aon dáileadh den sórt sin is ionannas don phríomhshuim atá urraithe leis an gcéanna, agus, gan dochar d'alt 87 (9), ní áireofar chun na críche sin aon mhéid a bheith in ionannas don phríomhshuim atá urraithe le hurrús a mhéid is mó é ná aon chomaoin nua a fuair an chuideachta i leith an t-urrús a eisiúint), i gcás arb é an sórt urrúis iad—

(i) urrúis a eisíodh mar a luaitear i mír (c), ach gan urrúis a áireamh a eisíodh roimh an 27ú lá de Shamhain, 1975; nó

(ii) urrúis is inchomhshóite, go díreach nó go neamhdhíreach, ina scaireanna sa chuideachta nó ina n-urrúis lena ngabhann aon cheart chun scaireanna sa chuideachta nó urrúis de chuid na cuideachta a fháil, nach urrúis iad (i gceachtar cás) a luaitear ar stocmhargadh aitheanta ná a eisíodh ar théarmaí atá réasúnta inchomórtais le téarmaí eisiúna urrúis a luaitear amhlaidh; nó

(iii) urrúis—

(I) faoina bhfuil an chomaoin a thug an chuideachta leith úsáid na príomhshuime atá urraithe ag brath, aon mhéid, ar thorthaí gnó na cuideachta nó ar aon choda den ghnó sin, nó

(II) faoinar ionannas an chomaoin a tugadh amhlaidh do chuid is mó ná brabach tráchtála réasúnach as úsáid na príomhshuime sin; ar choinníoll nach n-oibreoidh sé sin sa dóigh go ndéileálfar mar dháileadh leis an oiread sin den ús nó den dáileadh eile is ionannas do bhrabach tráchtála réasúnach as úsáid na príomhshuime sin; nó

(iv) urrúis a d'eisigh an chuideachta agus atá ar teachtadh ag cuideachta nach gcónaíonn sa Stát i gcás—

(I) ar fochuideachta 75 faoin gcéad don chuideachta eile an chuideachta a d'eisigh na hurrúis; nó

(II) ar fochuideachtaí 75 faoin gcéad iad araon do thríú cuideachta nach gcónaíonn sa Stát; nó

(III) ach amháin i gcás ina bhfuil 90 faoin gcéad nó níos mó de scairchaipiteal na cuideachta a d'eisigh na hurrúis ar úinéireacht go díreach ag cuideachta a chónaíonn sa Stát, arb éard iad an chuideachta a d'eisigh na hurrúis agus an chuideachta nach gcónaíonn sa Stát fochuideachtaí 75 faoin gcéad do thríú cuideachta a chónaíonn sa Stát; nó

(v) urrúis atá bainteach le scaireanna sa chuideachta, i gcás ina gciallaíonn “bainteach le”, de dhroim cineál na gceart a ghabhann leis na hurrúis nó na scaireanna, agus go háirithe de dhroim aon téarmaí nó coinníollacha a ghabhann leis an gceart chun na scaireanna nó na hurrúis a aistriú, go bhfuil sé riachtanach nó buntáisteach do dhuine ag a bhfuil aon cheann de na hurrúis, nó a dhiúscróidh nó a gheobhaidh aon cheann de na hurrúis, sealbhán cionúireach de na scaireanna a bheith aige nó a dhiúscairt nó a fháil freisin;

(e) aon mhéid den sórt sin a gceanglaíonn fo-alt (3) nó alt 85 déileáil leis mar dháileadh.

(3) I gcás, ar chuideachta d'aistriú sócmhainní nó dliteanais chun a comhaltaí nó ar chomhaltaí cuideachta d'aistriú sócmhainní nó dliteanais chun na cuideachta, gur mó méid nó luach an tsochair a bheidh faighte ag comhalta (arna ghlacadh de réir a mhargadhluacha) ná méid nó luach (arna ghlacadh amhlaidh) aon chomaoine nua a bheidh tugtha aige, áireofar cóimhéid na difríochta de dháileadh a bheith tugtha dó ag an gcuideachta:

Ar choinníoll, más sa Stát a chónaíonn an chuideachta agus an comhalta a fuair an sochar agus gur fochuideachta don chomhalta an chuideachta nó gur fochuideachtaí iad araon do thríú cuideachta a chónaíonn sa Stát, nach n-áireofar an méid sin mar dháileadh.

(4) Nuair a bheifear ag cinneadh na ceiste an fochuideachta do chuideachta eile chun críche fho-alt (3) cuideachta áirithe cinnfear í mar cheist an fochuideachta 51 faoin gcéad í don chuideachta eile sin, ach amháin go measfar nach í an chuideachta eile sin is úinéir—

(a) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go díreach i gcuideachta dá n-áireofaí brabús as díol na scaireanna mar fháltas trádála óna trádáil; nó

(b) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go neamhdhíreach agus atá ar úinéireacht go díreach ag cuideachta ar fháltas trádála di brabús as díol na scaireanna; nó

(c) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go díreach nó go neamhdhíreach i gcuideachta nach gcónaíonn sa Stát.

(5) (a) Ní dáileadh de bhua fho-alt (2) (b) nó (3) aon aistriú sócmhainní (seachas airgead) nó dliteanas idir cuideachta amháin agus cuideachta eile, ná ní mheasfar dáileadh a theacht as aistriú den sórt sin, más cuideachtaí iad—

(i) a bhfuil cónaí orthu araon sa Stát agus nach fochuideachta 51 faoin gcéad ceachtar acu do chuideachta nach gcónaíonn sa Stát; agus

(ii) nach bhfuil faoi chomhrialú tráth an aistrithe nó de thoradh an aistrithe.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, tá dhá chuideachta faoi chomhrialú más faoi rialú an duine chéanna nó na ndaoine céanna dóibh, agus chun na críche sin beidh le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 158.

(c) Ní dáileadh de bhua fho-alt (2) (b) aon mhéid ar dháileadh é de bhua fho-alt (3) ar leith ón gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin (grúpaí cuideachtaí a chónaíonn sa Stát).

Eisiúintí bónais tar éis scairchaipiteal éis a aisíoc.

85. —(1) I gcás cuideachta—

(a) d'aisíoc aon scairchaipitil, nó aon scairchaipiteal a bheith aisíoctha aici aon tráth an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis: agus

(b) d'eisiúint, tráth an aisíoca sin nó dá éis, mar scairchaipiteal íoctha, aon scairchaipiteal ar dhóigh seachas trí chomaoin nua a fháil;

déileálfar leis an méid a bheidh íoctha amhlaidh mar dháileadh i leith na scaireanna ar ar íocadh é, ach amháin a mhéid is mó an méid sin ná an méid nó an méid comhiomlán scairchaipitil a aisíocadh amhlaidh lúide aon mhéideanna a íocadh roimhe sin agus ar déileáladh leo de bhua an fho-ailt seo mar dháiltí.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás ar scaireanna tosaíochta láníochta an scairchaipiteal a aisíocadh—

(a) má bhí na scaireanna sin ann mar scaireanna tosaíochta eisithe láníoctha an 27ú lá de Shamhain, 1975, agus gur scaireanna tosaíochta láníoctha na scaireanna sin ar feadh na tréimhse ón dáta sin go dtí dáta an aisíoca, nó

(b) más tar éis an 27ú lá de Shamhain, 1975, a eisíodh na scaireanna sin mar scaireanna tosaíochta láníoctha go huile ar chomaoin nua nár dhíorthaigh as gnáthscaireanna agus gur scaireanna tosaíochta láníoctha na scaireanna sin ar feadh na tréimhse ó eisíodh iad go dtí gur aisíocadh iad.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “gnáthscaireanna” scaireanna seachas scaireanna tosaíochta;

ciallaíonn “scaireanna tosaíochta” scaireanna—

(a) nach ngabhann aon cheart chun díbhinní leo seachas díbhinní de réir ráta faoin gcéad de luach ainmniúil na scaireanna atá socraithe, agus

(b) a ngabhann cearta leo i leith díbhinní agus caipitil atá inchomórtais leis na cearta is gnách i gcás scaireanna dochtdíbhinne a luaitear ar stocmhargadh sa Stát;

ciallaíonn “comaoin nua nár dhíorthaigh as gnáthscaireanna” comaoin nua seachas comaoin arb éard é gnáthscaireanna de chuid na cuideachta nó de chuid aon chuideachta eile a ghéilleadh, a aistriú nó a chealú nó arb éard é cearta i ngnáthscaireanna de chuid na cuideachta nó de chuid aon chuideachta eile a athrú, agus nach comaoin a dhíorthaigh as scairchaipiteal a aisíoc a íocadh i leith gnáthscaireanna de chuid na cuideachta nó de chuid aon chuideachta eile.

(4) Ach amháin i gcás dlúthchuideachta de réir brí alt 94 (míniú ar dhlúthchuideachta) ní bheidh feidhm ag an alt seo más é a bheidh in eisiúnt scairchaipitil a luaitear i mír (b) d'fho-alt (1)—

(a) eisiúint scairchaipitil seachas scairchaipiteal infhuascailte; agus

(b) eisiúint arna dhéanamh breis agus deich mbliana tar éis an scairchaipiteal a luaitear i mír (a) den fho-alt sin a aisíoc.

Abhair a ndéileálfar leo nó nach ndéileálfar leo mar aisíocaíochtaí scairchaipitil.

86. —(1) I gcás—

(a) a n-eiseoidh cuideachta aon scairchaipiteal mar scairchaipiteal íoctha ar dhóigh seachas trí chomaoin nua a fháil, nó go ndearna sí sin an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis; agus

(b) nach ndéileálfar mar dháileadh le haon mhéid a íocadh amhlaidh;

ansin, chun críocha ailt 84 agus 85, ní dhéileálfar mar aisíocaíochtaí scairchaipitil le dáiltí arna ndéanamh ag an gcuideachta dá éis sin i leith scaireanna is ionannas don scairchaipiteal sin, ach amháin a mhéid is mó na dáiltí sin, mar aon le haon dáiltí iomchuí a rinneadh amhlaidh roimhe sin, ná na méideanna a íocadh amhlaidh (an tráth sin nó roimhe sin) ar na scaireanna sin tar éis an dáta sin agus nach ndéileálfar leo mar dháiltí.

(2) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “dáileadh iomchuí” an oiread sin d'aon dáileadh a rinneadh i leith scaireanna is ionannas don scairchaipiteal iomchuí a ndéileálfaí leis, ar leith ón bhfo-alt sin, mar aisíocaíocht scairchaipitil, ach nach féidir, de bhua an fho-ailt sin, déileáil leis amhlaidh.

(3) Chun críocha fho-alt (1), déileálfar leis na scaireanna go léir den aicme chéanna mar scaireanna in ionannas don scairchaipiteal céanna, agus i gcás a n-eiseofar scaireanna i leith scaireanna eile, nó a ndéanfar go díreach nó go neamh-dhíreach iad a chomhshó ina scaireanna eile nó a mhalartú ar scaireanna eile, déileálfar leis na scaireanna sin go léir mar scaireanna is ionannas don scairchaipiteal céanna.

(4) I gcás scairchaipiteal a eisiúint ar phréimh is ionannas do chomaoin nua, áireofar gur cuid den scairchaipiteal sin méid na préimhe chun a chinneadh faoin gCuid seo cibé acu atá nó nach bhfuil aon dáileadh i leith scaireanna is ionannas don scairchaipiteal le háireamh mar aisíoc scairchaipitil:

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo i ndáil le haon chuid den phréimh tar éis an chuid sin a úsáid ag íoc scairchaipitil.

(5) Faoi réir fho-alt (4), ní áireofar mar aisíocaí caipitil préimheanna a íocadh ag fuascailt scairchaipitil.

(6) Ach amháin i ndáil le dlúthchuideachta de réir brí alt 94, ní choiscfidh fo-alt (1) dáileadh a áireamh mar aisíoc scairchaipitil i gcás é a dhéanamh—

(a) tráth níos déanaí ná deich mbliana tar éis scairchaipiteal a luaitear i mír (a) den fho-alt sin a eisiúint; agus

(b) i leith scairchaipitil seachas scairchaipiteal infhuascailte.

Dáiltí: forlíontach.

87. —(1) Sa chuid seo ciallaíonn “comaoin nua” comaoin nár soláthraíodh go díreach ná go neamhdhíreach as sócmhainní na cuideachta, agus go háirithe ní fholaíonn sé méideanna a choimeádann an chuideachta ar mhodh dáileadh a chaipitliú.

Ar choinníoll i gcás scairchaipiteal a bheith eisithe ar phréimh is ionannas do chomaoin nua, go ndéanfar aon chuid den phréimh sin a úsáideadh dá éis sin ag íoc scairchaipitil a áireamh mar chomaoin nua freisin i leith an scairchaipitil sin, ach amháin a mhéid a cuireadh an phréimh i gcuntas faoi alt 86 (4) ionas go bhféadfaí dáileadh a áireamh mar aisíoc scairchaipitil.

(2) (a) Ní mheasfar chun críocha na Coda seo gur comaoin nua a fuair cuideachta aon chomaoin a dhíorthaigh as luach aon scairchaipitil nó urrúis de chuid na cuideachta nó as cearta vótála nó cearta eile sa chuideachta murab éard í an chomaoin—

(i) airgead nó luach a fuarthas ón gcuideachta mar dháileadh;

(ii) airgead a fuarthas ón gcuideachta mar íocaíocht arb éard í chun na gcríocha sin aisíoc an scairchaipitil sin nó na príomhshuime a bhí urraithe leis an urrús sin; nó

(iii) an ceart chun an scairchaipitil nó an urrúis sin a thabhairt suas ar an gcuideachta á chealú, á mhúchadh nó á fháil.

(b) Ní mheasfar gur comaoin nua aon mhéid áirithe de bhua mhír (a) (ii) nó (iii) a mhéid is mó é ná aon chomaoin nua a fuair an chuideachta as an scairchaipiteal nó an t-urrús áirithe sin a eisiúint nó, i gcás scairchaipiteal arbh éard é dáileadh arna eisiúnt, a mhéid is mó é ná luach ainmniúil an scairchaipitil sin.

(3) I gcás a ndéanfaidh dhá chuideachta nó níos mó comhshocraíochtaí chun dáiltí a thabhairt do chomhaltaí a chéile, féadfar, chun críocha na Coda seo, déileáil leis na páirtithe go léir lena mbaineann ionann is dá mba aon cheann de na cuideachtaí sin a rinne aon ní a rinne cuideachta eile díobh, agus beidh feidhm ag an bhfo-alt seo cibé líon cuideachtaí a bheidh páirteach sna comhshocraíochtaí.

(4) (a) Sa Chuid seo ciallaíonn “i leith scaireanna sa chuideachta” agus “i leith urrús de chuid na cuideachta” i ndáil le cuideachta is comhalta de ghrúpa 90 faoin gcéad faoi seach i leith scaireanna sa chuideachta sin nó in aon chuideachta eile sa ghrúpa agus i leith urrúis de chuid na cuideachta sin nó de chuid aon chuideachta eile sa ghrúpa.

(b) Gan dochar d'alt 84 (2) (b) arna leathnú leis an mír sin díreach roimhe seo, i ndáil le cuideachta is comhalta de ghrúpa 90 faoin gcéad, folaíonn “dáileadh” aon dáileadh as sócmhainní na cuideachta (in airgead nó eile) i leith scaireanna i gcuideachta eile sa ghrúpa nó i leith urrúis de chuid cuideachta den sórt sin.

(c) Ní cheanglóidh aon ní san fho-alt seo go ndéileálfar le cuideachta mar chuideachta a thug dáileadh d'aon chuideachta eile atá in aon ghrúpa léi agus a chónaíonn sa Stát.

(d) Chun críocha an fho-ailt seo is “grúpa 90 faoin gcéad” príomh-chuideachta agus gach uile fhochuideachta 90 faoin gcéad dá cuid agus ciallaíonn “príomh-chuideachta” cuideachta ar fochuideachta di cuideachta eile.

(5) Déileálfar faoin gCuid seo le dáileadh mar dháileadh a rinneadh nó mar chomaoin a soláthraíodh as sócmhainni cuideachta más ar an gcuideachta a thitfidh an costas.

(6) Sa Chuid seo folaíonn “scair” stoc, agus aon leas eile le comhalta i gcuideachta.

(7) Na tagairtí atá sa Chuid seo do scairchaipiteal a eisiúint mar scairchaipiteal íoctha bainfidh siad freisin le haon scairchaipiteal eisithe a íoc.

(8) Chun críocha na Coda seo folaíonn “urrús” urrúis nach mbunaíonn ná nach bhfianaíonn muirear ar shócmhainní, agus ús a d'íoc cuideachta ar airgead a airleacadh gan urrús a eisiúint i leith an airleacain, nó comaoin eile a thug cuideachta i leith úsáid an airgid a airleacadh amhlaidh déileálfar leis mar ús a íocadh nó mar chomaoin a tugadh i ndáil leis an urrús a d'eisigh an chuideachta i leith an airleacain.

(9) I gcás urrúis a eisiúint ar phraghas is lú ná an méid is inaisíoctha orthu, agus nach luaitear iad ar stocmhargadh aitheanta, ní mheasfar chun críocha na Coda seo an phríomshuim a urraíodh a bheith níos mó ná an praghas eisiúna, mura rud é go n-eisítear na hurrúis ar théarmaí atá réasúnta inchomórtais le téarmaí eisiúna urrúis a luaitear amhlaidh.

(10) Chun críocha na Coda seo measfar ní a bheith déanta maidir le scair má rinneadh é le duine mar shealbhóir na scaire nó mar dhuine arbh é an sealbhóir é tráth áirithe, nó má rinneadh é de bhun ceart a tugadh nó tairiscint a rinneadh i leith scaire, agus measfar maidir le haon ní a rinneadh i leith scaireanna faoi threoir sealbhán scaireanna tráth áirithe gur ní é a rinneadh leis an duine arbh é, an tráth sin, sealbhóir na scaireanna é nó ionadaí pearsanta aon scairshealbhóir a bhí éagtha an tráth sin.

Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le hurrúis mar atá feidhm aige i ndáil le scaireanna.

Creidmheas cánach d'fhaighteoirí áirithe dáiltí.

88. —(1) I gcás a ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, agus gur cuideachta den sórt céanna nó duine a chónaíonn sa Stát, ach nach cuideachta, an duine a gheobhaidh an dáileadh, beidh faighteoir an dáilte i dteideal, faoi réir forálacha an Achta seo, creidmheas cánach a fháil faoin alt seo (dá ngairtear “creidmheas cánach” san Acht seo).

(2) Beidh an creidmheas cánach i leith dáilte inchomhairimh chun na gcríocha a shonraítear sna hAchtanna Cánach agus, faoi réir aon sainfhoráil dá malairt, is é a bheidh ann méid a chinnfear de réir na foirmle

D ×

 A

______

100 - A

i gcás—

arb é A an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta a rinneadh an dáileadh, agus

arb é D méid nó luach an dáilte.

(3) Féadfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát agus atá i dteideal creidmheasa cánach i leith dáileadh a éileamh go n-íocfar méid an chreidmheasa cánach léi i gcás—

(a) an chuideachta a bheith díolmhaithe go hiomlán ó cháin chorparáide nó gan a bheith díolmhaithe ach amháin i leith ioncaim thrádála; nó

(b) ar dáileadh é a dtugtar saindíolúine (seachas le halt 2 (ní hinmhuirearaithe cáin chorparáide ar dháiltí cuideachta cónaithí)) i ndáil leis, cibé acu go sonrach nó de bhua díolúine níos ginearálta ó cháin, faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach.

(4) Féadfaidh duine, nach cuideachta a chónaíonn sa Stát, atá i dteideal creidmheasa cánach i leith dáilte, a éileamh go ndéanfaí an creidmheas a fhritháireamh in aghaidh na cánach ioncaim is inmhuirearaithe ar a ioncam don bhliain mheasúnachta a rinneadh an dáileadh agus, i gcás ar mó an creidmheas ná an cháin ioncaim sin, go n-íocfaí an bhreis leis.

(5) (a) I gcás ar ioncam de chuid duine seachas an faighteoir dáileadh a luaitear i bhfo-alt (1) nó a mbeidh an dáileadh sin le háireamh mar ioncam dá chuid nó a measfar faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach gur ioncam dá chuid é, déileálfar chun críocha an ailt seo leis an duine sin mar dhuine a fuair an dáileadh (agus dá réir sin déanfar an cheist i dtaobh é a bheith i dteideal creidmheasa cánach ina leith a chinneadh faoi threoir na háite a gcónaíonn seisean agus ní faoi threoir na háite a gcónaíonn an faighteoir iarbhír); agus i gcás ar ioncam de chuid iontaobhas a chónaíonn sa Stát aon dáileadh den sórt sin beidh na hiontaobhaithe i dteideal creidmheasa cánach ina leith mura mbeidh aon duine eile le háireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a fuair an dáileadh.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “iontaobhas a chónaíonn sa Stát” iontaobhas a riartar faoi dhlí an Stáit, nach iontaobhas ar lasmuigh den Stát a dhéantar gnáthriaradh air i gcoitinne agus ar lasmuigh den Stát atá cónaí nó gnáthchónaí ar a iontaobhaithe nó ar thromlach a iontaobhaithe.

Faoiseamh a dhícheadú i leith eisiúintí bónais.

89. —(1) Tá éifeacht leis an alt seo i gcás a bhfaigheann aon duine (dá ngairtear “an faighteoir” san alt seo) méid a ndéileáiltear leis mar dháileadh de bhua—

(a) alt 84 (2) (c) (d),

(b) alt 85, nó

(c) alt 86 (1),

agus sna forálacha seo a leanas den alt seo gairtear “bónas-eisiúint” de dháileadh faoi mhír (a), (b) nó (c) agus ciallaíonn “creidmheas cánach iomchuí”, i ndáil le bónas-eisiúint, an creidmheas cánach a dtagann faighteoir na bónas-eisiúna chun bheith ina theideal faoi alt 88 i leith na bónas-eisiúna.

(2) Faoi réir fho-alt (5), má bhíonn an faighteoir i dteideal mar gheall ar—

(a) aon díolúine ó cháin, nó

(b) caillteanais a fhritháireamh in aghaidh brabús nó ioncaim, nó

(c) ús a íoc,

cáin a ghnóthú i leith aon dáileadh a fuair sé, ní chuirfear i gcuntas, chun críocha aon díolúine no fritháireamh nó íocaíocht úis den sórt sin, aon bhónas-eisiúint ná creidmheas cánach iomchuí a fuair sé.

(3) Faoi réir fho-alt (5), áireofar nach ioncam infheistíochta frainceáilte de réir brí alt 24 (ioncam infheistíochta frainceáilte agus íocaíocht fhrainceáilte) bónas-eisiúint agus an creidmheas cánach iomchuí.

(4) Faoi réir fho-alt (5), ní bheidh an creidmheas cánach iomchuí a bhaineann le bónas-eisiúint inchomhairimh le fritháireamh in aghaidh aon cháin ioncaim atá an faighteoir i dteideal a asbhaint faoi alt 433, nó is inmhuirearaithe air de bhua alt 434, den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(5) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-ailt (2) go (4) difear don chionúireacht (más ann) d'aon bhónas-eisiúint a rinneadh i leith aon scaireanna nó urrúis arbh ionann í, dá ndearbhofaí í mar dhíbhinn, agus gnáth-bhrabach don fhaighteoir ar an gcomaoin a sholáthraigh sé i leith na scaireanna nó na n-urrús iomchuí, is é sin le rá, iad sin a ndearnadh an bhónas-eisiúint ina leith agus, más as scaireanna nó urrúis a fuair an faighteoir roimhe sin a dhíorthaigh na hurrúis sin, na scaireanna nó na hurrúis a fuarthas roimhe sin; ná ní dhéanfaidh aon ní sna fo-ailt sin difear do chionúireacht dá shamhail den chreidmheas cánach iomchuí a bhaineann leis an mbónas-eisiúint sin.

(6) Chun críocha fho-alt (5)—

(a) má ba mhó an chomaoin a sholáthraigh an faighteoir i leith aon chuid de na scaireanna nó na hurrúis iomchuí ná a margadhluach an tráth a fuair sé iad, nó murar sholáthraigh sé aon chomaoin i leith aon chuid de na scaireanna nó de na hurrúis iomchuí, measfar gur sholáthraigh an faighteoir i leith na scaireanna nó na n-urrús sin comaoin ar cóimhéid lena margadhluach an tráth a fuair sé iad; agus

(b) le linn a bheith á chinneadh an mó ná gnáth-bhrabach méid a fuarthas mar dhíbhinn, cuirfear san áireamh an fad ama sula bhfuarthas an méid sin ó fuair an faighteoir i gcéaduair aon chuid de na scaireanna nó de na hurrúis iomchuí agus cuirfear san áireamh freisin aon díbhinní agus dáiltí eile a rinneadh ina leith i rith an ama sin.

Dáiltí as brabúis chaipitiúla cuideachtaí.

90. —(1) I gcás a ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, go páirteach as brabúis chaipitiúla de chuid na cuideachta agus go páirteach as brabúis eile, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as brabúis chaipitiúla agus as brabúis eile.

(2) D'ainneoin alt 1 (2) (cáin chorparáide a fheidhmiú i gcás cuideachtaí), i gcás a ndéanfaidh cuideachta, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, dáileadh (lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (1) mar dháileadh) agus go ndéanfar, nó go measfar faoi fho-alt (5) go ndearnadh, an dáileadh as brabúis chaipitiúla de chuid na cuideachta, measúnófar cáin ioncaim ar an gcuideachta, don bhliain mheasúnachta a rinneadh an dáileadh, de réir an ráta chaighdeánaigh faoi Chás IV de Sceideal D ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta caighdeánaigh don bhliain sin agus méid an chreidmheasa cánach ag a mbeadh feidhm i leith an dáilte dá mba phearsa aonair ina chónaí sa Stát an duine a fuair é.

(3) I gcás a ndéanfar dáileadh (lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (1) mar dháileadh) lena mbaineann fo-alt (2) go páirteach as brabúis chaipitiúla ar ar muirearaíodh cáin ghnóchan caipitiúil nó, tar éis an laghdaithe dá bhforáiltear le halt 13 (gnóchain inmhuirearaithe a ríomh), cáin chorparáide agus go páirteach as brabúis chaipitiúla eile, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as brabúis chaipitiúla a cuireadh faoi mhuirear amhlaidh agus as brabúis chaipitiúla eile.

(4) I gcás a ndéanfaidh cuideachta, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, dáileadh as brabúis chaipitiúla ar ar muirearaíodh cáin ghnóchan caipitiúil nó, tar éis an laghdaithe dá bhforáiltear le halt 13, cáin chorparáide, déanfar an cháin a mhuirearófar faoi fho-alt (2) a laghdú cóimhéid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe faoi alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , don bhliain mheasúnachta a rinneadh an dáileadh ar chóimhéid chomhiomlán an dáilte agus an chreidmheasa cánach ag a mbeadh feidhm i leith an dáilte dá mba phearsa aonair a bhí ina chónaí sa Stát an duine a fuair é.

(5) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh (is dáileadh de bhua alt 96 (íocaíochtaí le rannpháirtithe nó le comhlaigh) nó alt 97 (ús a íoctar le stiúrthóirí agus lena gcomhlaigh)), measfar an dáileadh a bheith déanta as brabúis na cuideachta go feadh méid na mbrabús sin, agus i gcás ar mó an dáileadh ná brabúis na cuideachta measfar méid na breise a bheith déanta as brabúis chaipitiúla na cuideachta nár cuireadh faoi mhuirear cánach gnóchan caipitiúil ná faoi mhuirear cánach corparáide.

(6) Ní mheasfar gur ioncam de chuid cuideachta chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach aon mhéid ar a ndéanfar, de bhua an ailt seo, cáin ioncaim a mhuirearú ina leith ar an gcuideachta trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D.

Dáiltí ó chuideachtaí nuachónaitheacha as brabúis a d'eascair roimh thosach an chónaí.

91. —(1) I gcás a ndearna cuideachta, ar an dáta nó tar éis an dáta a thosaigh sí ar bheith ina cónaí sa Stát ach tráth nár luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1976, dáileadh go páirteach as brabúis a d'eascair chuici roimh an dáta a thosaigh sí ar bheith ina cónaí amhlaidh agus go páirteach as brabúis eile, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as brabúis a d'eascair chuig an gcuideachta roimh an dáta a thosaigh sí ar bheith ina cónaí sa Stát agus as brabúis eile.

(2) D'ainneoin alt 1 (2), cuideachta a rinne, ar an dáta nó tar éis an dáta a thosaigh sí ar bheith ina cónaí sa Stát ach tráth nár luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1976, dáileadh, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (1) mar dháileadh, as brabúis a d'eascair chuici roimh an dáta a thosaigh sí ar bheith ina cónaí amhlaidh, measúnófar cáin ioncaim uirthi, don bhliain mheasúnachta a rinneadh an dáileadh, de réir an ráta chaighdeánaigh faoi Chás IV de Sceideal D ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta sin agus méid an chreidmheasa cánach ag a mbeadh feidhm i leith an dáilte dá mba phearsa aonair ina chónaí sa Stát an duine a fuair é.

(3) Aon duine a éileoidh de bhua aon díolúine nó faoiseamh ó cháin go n-íocfaí creidmheas cánach leis i leith dáileadh dá dtagraíonn fo-alt (2) ní bheidh sé i dteideal go n-íocfaí an creidmheas sin leis más dlúthchuideachta (mar a shainítear in alt 94) nár íoc méid iomlán na cánach ioncaim a measúnaíodh uirthi faoi fho-alt (2) an chuideachta a rinne an dáileadh.

(4) Ní dhéanfar aon mhéid ar muirearaíodh cáin ioncaim ina leith, de bhua an ailt seo, ar chuideachta trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D a áireamh mar ioncam de chuid na cuideachta chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach.

Dáiltí a rinneadh roimh 6 Aibreán, 1976.

92. —(1) I gcás a ndearna cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, measfar, chun críocha ailt 83, 88 agus 90, gur ar an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a rinneadh an dáileadh sin:

Ar choinníoll go measfar nach bhfolaíonn “dáileadh” san alt seo díbhinn as ar baineadh cáin ioncaim ná díbhinn nár baineadh cáin ioncaim aisti de bhua alt 387 nó 410 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le dáileadh a rinneadh an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis, agus roimh an 6ú lá de d'Aibreán, 1976—

(a) má dhearbhaigh an chuideachta é i gcruinniú ginearálta roimh an dáta chéadluaite; nó

(b) má dearbhaíodh é i gcruinniú ginearálta tar éis an dáta chéadluaite ach, de réir moladh ó na stiúrthóirí agus cinneadh na stiúrthóirí an moladh sin a dhéanamh, gur fógraíodh é go poiblí, ar údarás ó na stiúrthóirí, roimh an dáta sin; nó

(c) más de réir cinneadh ó na stiúrthóirí a rinneadh é agus go ndearnadh, ar údarás uathu, an cinneadh sin a fhógairt go poiblí roimh an dáta chéadluaite.

Dáiltí as brabúis dhíolmhaithe áirithe.

93. —(1) San alt seo ciallaíonn “brabúis dhíolmhaithe” brabúis nó gnóchain nach ndearnadh de bhua—

(a) alt 18 den Acht Airgeadais, 1969 (brabúis ó áitiú tailte áirithe), nó

(b) an ailt sin arna chur chun feidhme le halt 11 (6) (buanú díolúintí)

cáin a mhuirearú orthu.

(2) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh do thréimhse chuntasaíochta go páirteach as brabúis dhíolmhaithe agus go páirteach as brabúis eile, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as brabúis dhíolmhaithe agus as brabúis eile.

(3) (a) Maidir leis an oiread sin d'aon dáileadh a rinneadh as brabúis dhíolmhaithe—

(i) measfar chun críocha an Achta seo, i gcás ar cuideachta faighteoir an dáilte sin, gur brabúis dhíolmhaithe de chuid na cuideachta é, agus

(ii) ní mheasfar gur ioncam é chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(b) D'ainneoin forálacha alt 88, ní bheidh faighteoir aon dáilte, dena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (2) mar dháileadh, a rinneadh as brabúis dhíolmhaithe i dteideal creidmheasa cánach i leith an dáilte sin.

(4) (a) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (2) mar dháileadh, maidir le haon cheart nó oibleagáid lena mbaineann alt 178 (díbhinní de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán) agus gur as brabúis dhíolmhaithe a dhéanfar an dáileadh, déanfaidh an chuideachta dáileadh forlíontach ar cóimhéid leis an gcreidmheas cánach ag a mbeadh feidhm maidir leis an dáileadh dá mba nár achtaíodh fo-alt (3) (b).

(b) Beidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le dáileadh forlíontach faoin bhfo-alt seo ionann is dá mba dháileadh a rinneadh go hiomlán as brabúis dhíolmhaithe an dáileadh forlíontach sin.

(5) I ndáil le haon dáileadh (nach dáileadh forlíontach faoin alt seo), lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (2) mar dháileadh, a rinne cuideachta as brabúis dhíolmhaithe, bainfidh alt 5 (barántais díbhinne) agus alt 83 (5) leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfar sna ráitis dá ndéantar socrú leis na hailt sin, i leith gach dáileadh den sórt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, gur as brabúis dhíolmhaithe a rinneadh an dáileadh.

(6) I ndáil le haon dáileadh forlíontach faoi fho-alt (4), bainfidh alt 5 leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfar sa ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, méid an dáilte fhorlíontaigh sin ar leithligh.

(7) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh do thréimhse chuntasaíochta, measfar chun críocha an ailt seo gur as ioncam indáilte (mar a shainítear in alt 64 (4)) na tréimhse sin go feadh méid an ioncaim sin, agus, i ndáil le breis an dáilte ar an ioncam sin, gur as an ioncam is deireanaí a tiomsaíodh, a rinneadh é.

(8) Beidh feidhm ag fo-ailt (5) agus (6) d'alt 64 chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.

(9) San alt seo folaíonn “brabúis eile” díbhinn nó dáileadh eile de chuid cuideachta a chónaíonn sa Stát ach ní fholaíonn sé dáileadh lena mbaineann fo-alt (3) (a) (i).