1 1976


Uimhir 1 de 1976


AN tACHT UM CHOINBHINSIÚN ACC-CEE I LOME (CONARTHAÍ RÁTHAÍOCHTA IDIR AN STÁT AGUS AN BANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA), 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT Á CHUMHACHTÚ DON AIRE AIRGEADAIS NA hOIBLEAGÁIDÍ A CHOMHLÍONADH A GHLAC AN STÁT I bhFEIDHMIÚ CHOINBHINSIÚN ACC-CEE I LOME FAOI AIRTEAGAL 9 DEN CHOMHAONTÚ INMHEÁNACH AR MHAOINIÚ AGUS RIARADH CABHRACH ÓN gCOMHPHOBAL A RINNEADH SA BHRUISÉIL AN 11ú LÁ D'IÚIL, 1975, THAR CEANN RIALTAIS BHALLSTÁIT CHOMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA hEORPA. [27 Eanáir, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Comhaontú” an Comhaontú Inmheánach ar Mhaoiniú agus Riaradh Cabhrach ón gComhphobal a rinneadh sa Bhruiséil an 11ú lá d'Iúil, 1975, thar ceann rialtais Bhallstáit Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa;

ciallaíonn “an Banc” an Banc Eorpach Infheistíochta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Cumhacht ag an Aire conarthaí ráthaíochta a dhéanamh leis an mBanc Eorpach Infheistíochta.

2. —Beidh cumhacht ag an Aire na hoibleagáidí a chomhlíonadh a ghlac an Stát faoi Airteagal 9 den Chomhaontú gníomhú mar ráthóir don Bhanc, ar comhréir le ranníocaí an Stáit isteach i gcaipiteal an Bhainc, i leith freagrachtaí airgeadais uile iasachtaithe an Bhainc de bharr na gconarthaí iasachta a bheidh déanta ag an mBanc i leith a acmhainne féin agus é ag feidhmiú Choinbhinsiún ACC-CEE Lomé a rinneadh i Lomé an 28ú lá d'Fheabhra, 1975, agus an Chinneadh dá dtagraítear i mír 1 d'Airteagal 9 den Chomhaontú agus, dá réir sin, féadfaidh an tAire conarthaí ráthaíochta a dhéanamh, thar ceann an Stáit, leis an mBanc.

Íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste.

3. —Íocfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus muirearófar ar an gcéanna an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin Acht seo.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht um Choinbhinsiún ACC-CEE i Lomé (Conarthaí Ráthaíochta idir an Stát agus an Banc Eorpach Infheistíochta), 1976 , a ghairm den Acht seo.